Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag teacht aniar uirthi repeating on her
" Ionnach go raibh an cider ag teacht aniar uirthi anois cé nach raibh cuma air gur chuir sé amach ná isteach ar aon duine eile.
ag teacht aniar uirthi repeating on her
" Ionnach go raibh an cider ag teacht aniar uirthi anois cé nach raibh cuma air gur chuir sé amach ná isteach ar aon duine eile.
teacht aniar comeback
" Ach is é an fhírinne gur beag teacht aniar atá ag amhrasán ar bith a chreideann go ndearna na Gardaí éagóir air agus é á cheistiú laistigh den stáisiún.
teacht aniar recuperative power
" Chaithfeá iontas a dhéanamh den teacht aniar atá sa bhfear seo, a rinne obair fhíorthábhachtach i léann na Gaeilge in ainneoin na ndeacrachtaí seo agus a bhain amach a aidhmeanna pearsanta gan mórán tacaíochta ó údaráis na hEaglaise Caitlicí tar éis dó cliseadh néarach a bheith aige agus é fós ina fhochéimí.
ag teacht aniar an t-ard coming over the high ground
" “Sin Síle agat,” arsa an mháthair agus í ag amharc ar an iníon ag teacht aniar an t-ard agus céim anois agus céim arís léi.
teacht aniar stamina
" Ach tá teacht aniar i bhfoireann Chorcaí, rud a léirigh siad anuraidh in aghaidh an Chláir, agus ina gcuid cluichí eile i mbliana, agus toisc go raibh Seán Óg ina mháistir ar Dhónal Ó Seanacháin bhí sé deacair ar Phort Láirge na scóranna a aimsiú.
teacht aniar agus diongbháilteacht. resilience and determination.
" Ó bheith i mo ghníomhaí polaitiúil, d’fhorbair mé teacht aniar agus diongbháilteacht.
teacht aniar áirithe a certain resilience
" Ach táthar ann a deir go mbeidh nuachtáin linn i gcónaí go dtí go gceapfar scáileán a thig a chrapadh faoi d’ascaill, sceallóga a bhurláil ann agus tine a lasadh leis! Bíodh sin mar atá, tá fianaise ann lena léiriú go bhfuil teacht aniar áirithe sna meáin fhadbhunaithe.
nach bhfuil aon teacht aniar ann don té atá thíos leis. that there is no recovery for the person who is suffering from it
" Ní hé gurb é an cineál galair é ailse magarlach nach bhfuil aon teacht aniar ann don té atá thíos leis.
ag teacht aniar aduaidh orainn catching us by surprise
" “An stair ag teacht ar ais, ag teacht aniar aduaidh orainn – sin an rud atá ar siúl,” dar le Tamati Kruger, staraí agus léachtóir, sa *New Zealand Herald*, “ach is dócha nach ritheann sé sin le lucht polaitíochta.
teacht aniar ar bith any chance of recovery
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an phraiseach ar fud na mias faoi láthair agus ní léir go bhfuil teacht aniar ar bith i gConradh Liospóin.
teacht aniar recover
" Ligfeadh sé do dhuine fanacht sa leaba dá mbeadh galar tromchúiseach air, nó fanacht ar saoire dá mbeadh spriocdháta foilsithe an ailt ann agus an scríbhneoir bocht ag iarraidh teacht aniar as cúpla lá scíthe agus é fós ar phócaí folmha agus ar chloigeann tinn.
ag teacht aniar aduaidh orm taking me by surprise
" ‘Thosaigh na mothúcháin seo ar fad ag teacht aniar aduaidh orm .
Teacht Aniar rejuvenation
" org/wiki/War_of_the_Triple_Alliance) Teacht Aniar, Dul ar gCúl In ainneoin an bhuille a bhuail Cogadh an Chomhaontais Triaraigh ar Phobal Chambacuá, théarnaigh siad slán agus cuireadh siúl faoi chúrsaí talmhaíochta arís, rud a bhí ciallmhar agus margadh mór Asunción chomh gar sin.
teacht aniar come back
" Tagann ardú dá réir ar Fhianna Fáil sna pobalbhreitheanna agus tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil teacht aniar iontu.
theacht aniar aduaidh ar creep up on
" Dhíol gach éinne ar bord loinge sinn, polaiteoirí, lucht bainc, lucht eacnamaíochta na n-ollscoileanna agus lucht na meán, óir lig siad thar dhream ar bith eile, don tubaiste theacht aniar aduaidh ar an phobal.
an teacht aniar resilience
" Thar rud ar bith eile éiríonn leis an scannán seo an teacht aniar agus an greann atá sa bheirt charachtar seo, Pat O Donnell agus Willie Corduff, a léiriú.
teacht aniar aduaidh to come unexpectedly
" * (1965) An Gheit gan Choinne ============ Deir saoithe, nuair is eachtra spioradálta a shantaíonn duine, gur fearr go mór dó ligint don ‘ngeit gan choinne’ teacht aniar aduaidh air.
an teacht aniar resilience
" Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín.
i dteacht aniar in the resurgance
" San am a raibh cruth nua á leagan ar ár n-oidhreacht cheolmhar ag Seán Ó Riada, bhí brí agus fuinneamh úr i dteacht aniar an cheoil traidisiúnta i gcoitinne (cuimhnítear ar an athbheochan i Meiriceá, agus ar lean de i Sasana).
a bhfuil teacht aniar iontu who have good constitution
" Is minic roimhe seo a mhair muintir Thoraí fríd an anró agus an streachailt agus táim cinnte gur pobal iad a bhfuil teacht aniar iontu agus a thiocfaidh slán.
ar an teacht aniar sin that come back
" Agus an bhliain nua buailte linn, tá mé sásta go dtarraingeoidh muintir na hÉireann ar an gcarachtar agus ar an teacht aniar sin atá léirithe chomh minic sin acu cheana chun léargas nua ar an gcomhghaelachas sin againne a mhúnlú, a shaineofar trí luachanna an chúraim, na dlúthpháirtíochta, na hiontaoibhe agus na freagrachta.
mórán teacht aniar fágtha much capacity for recovery
" Ní bheidh mórán teacht aniar fágtha i ndaoine má leanann an ghaoth aduaidh gan staonadh.