Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gréasán teaghlach a network
" *Tacaíocht* (a) Is mian liom an eagraíocht a láidriú, a leathnú agus a bhuanú, agus gréasán teaghlach a bheith ar fáil i gcónaí ag tacú lena chéile.
scartaí teaghlaigh families used to be separated
" Go dtí seo, scartaí teaghlaigh i gcónaí nuair a thugtaí dídean dóibh - chuirtí an t-athair go háit amháin, an mháthair go háit eile agus na páistí go háit eile arís.
níl teaghlach forleathnaithe extended family
" Bhog mo theaghlach ó áit go háit nuair a bhí mé óg, agus níl teaghlach forleathnaithe ar bith agam sna Stáit Aontaithe.
i gcás teaghlach áirithe in the case of certain families
" Go deimhin, tá deacrachtaí ag daoine de gach aois PC a úsáid agus i gcás teaghlach áirithe baintear úsáid i bhfad níos mó as ríomhairí atá dírithe go hiomlán ar an margadh baile ar nós an Sony PlayStation nó Microsoft Xbox.
teaghlach ríoga royal family
" Déanta na fírinne, chuirfeadh sé scanradh ort an chaoi go bhfuil náisiúnachas na Sasanach chomh dlúite leis an teaghlach ríoga agus le seónna le blas míleata.
theaghlaigh na n-íospartach the victims' families
" Agus na laethanta saoire ag teannadh linn, ní raibh scéalta ar bith le cloisteáil faoin 11 Meán Fómhair ach amháin cinn faoi chúiteamh do theaghlaigh na n-íospartach nó faoi thógáil foirgnimh ar láthair an Ionaid Trádála Domhanda i Manhattan.
an teaghlach ar fad the whole family
" D'íoc sé as a bpasáiste go Meiriceá ar an choinníoll go rachadh an teaghlach ar fad agus nach dtiocfadh siad ar ais a choíche.
ar díbríodh a teaghlach whose family was driven from
" B'amhlaidh a rinne an Bavárach cáiliúil darbh ainm Karl Valentin, agus is amhlaidh a rinne mo mháthairse ar díbríodh a teaghlach as an tSeic tar éis an chogaidh.
baill eile den teaghlach other members of the family
" Tháinig sise as an Cholóim chomh maith agus d'oibrigh sí go dian le hairgead a shaothrú sa dóigh is go bhféadfadh sí baill eile den teaghlach a thabhairt go Nua-Eabhrac.
i ngeall ar cheangal teaghlaigh because of family ties
" Deir sí: "Tá líon na n-iarratasóirí nach labhraíonn Gaeilge réasúnta ard ag 22, cé go gcaithfear a rá má tá tionchar á imirt acu, go bhfuil sé seo á dhéanamh acu ar feadh roinnt ama de bhrí gur mhair a bhformhór sa cheantar le blianta fada, go mór mór i ngeall ar cheangal teaghlaigh.
Chúnamh Sealadach do Theaghlaigh Bhochta Temporary Assistance for Needy Families
" Ní bheidh aon ardú i gceist do chláracha tar éis scoile ná sa Chúnamh Sealadach do Theaghlaigh Bhochta.
cuireadh an ruaig ar ocht dteaghlach Moslamach as a gcuid tithe eight Muslim families were forced out of their homes
" An bhliain seo caite, cuireadh an ruaig ar ocht dteaghlach Moslamach as a gcuid tithe.
dá theaghlach for his family
" In 1833, cheannaigh John Lecky an teach mar áit chónaithe dá theaghlach agus tógadh an staraí cáiliúil William Edward Hartpole Lecky (1838 - 1903) ann.
mo theaghlach bruachbhailteach Meiriceánach my suburban American family
" Ní raibh aon teagmháil agam leo ag an am sin, agus mé ag fás aníos i mo theaghlach bruachbhailteach Meiriceánach.
luachanna teaghlaigh family values
cur ina luí ar an teaghlach to convince the family
" Ach éiríonn leis an Athair Seán as Éirinn (guth an aisteora Éireannaigh Liam Neeson, réalta mór de chuid Hollywood) cur ina luí ar an teaghlach gurb é an bealach Caitliceach an ceann ceart.
gur theith an teaghlach ar fad that the whole family fled
" D’éirigh cúrsaí chomh holc sin gur theith an teaghlach ar fad go dtí an Bhreatain i 1966.
teaghlach fáinleog a family of swallows
" In ainneoin na toite, tá teaghlach fáinleog ag seadachan sna rachtaí.
gnólacht an teaghlaigh the family business
" In ainneoin go bhfuil clann agus post lánaimseartha ag beirt dá pháistí, John agus Margaret, caitheann siad seal gach lá ag cuidiú lena n-athair gnólacht an teaghlaigh a reáchtáil.
leis an ruaig a chur ar theaghlaigh to drive out families
" Chuaigh na scórtha paraimíleatach de chuid an UVF isteach sa cheantar – atá in aice le coláiste traenála an PSNI! – leis an ruaig a chur ar theaghlaigh a bhain leis an LVF.
adhradh teaghlaigh family worship
" “Bíonn adhradh teaghlaigh againn gach maidin agus oíche,” arsa Isobel Ann.
go leasófaí an sainmhíniú atá sa Bhunreacht ar an teaghlach that the definition of the family in the Constitution be amended
" Seo go díreach an rud atá go leor tuairisceoirí tar éis a chur i leith Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht, mar gheall air nár mhol siad – sa tuarascáil is déanaí uathu, “An Teaghlach” – go leasófaí an sainmhíniú atá sa Bhunreacht ar an teaghlach.
bhog an teaghlach the family moved
" Tógadh í i bhfad ó dhorchlaí na cumhachta, áfach, i Maínis i gConamara, áit ar bhog an teaghlach ag deireadh na seascaidí.
roinnt dá theaghlach some of his family
" Ach anocht tá mac Oki, a iníon, a bhean chéile agus roinnt dá theaghlach anseo chun éisteacht leis ag canadh i láthair spiorad a athar – é dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar ach níos dílse fós dá theaghlach.
ní ar bhonn shaibhreas an teaghlaigh not on the basis of the wealth of their family
" Cuid mhór de na múinteoirí a bhí ann – níl mé ag rá go raibh sé mar chuid de pholasaí na scoile – bhí siad amhrasach faoi lucht scoláireachtaí, daoine a bhí ag teacht isteach sa scoil ar bhonn scoláireachta, ní ar bhonn shaibhreas an teaghlaigh lenar bhain siad.
de theaghlach inteacht! of some family!
" Tá teaghlach ag gach duine, nach bhfuil? Tá gach uile dhuine mar bhall de theaghlach inteacht! Tuigfidh tusa agus do chuid léitheoirí an meafar seo, gan dabht: “Nuair a bheidh an toghchán seo thart, agus nuair a bheidh Bertie álainn aoibhinn fearúil fortúil arís ina Thaoiseach, agus mise i mo Thánaiste lena thaobh, beidh an tír seo ina cheart den chéad uair riamh.
armas teaghlaigh family coat of arms
" Aon tsráid amháin de thithe seanda cloiche a bhfuil armas teaghlaigh ar chuid acu.
ag ciapadh a teaghlaigh. harrassing her family.
" Bhí sí ábalta an fód a sheasamh nuair a bhíodh na póilíní ag ciapadh a teaghlaigh.
ar an dá thaobh den teaghlach. on both sides of the family.
" ” D’fhás an grúpa Skara Brae as an chairdeas a bhí idir muintir Dhomhnaill agus Sproule ach bhí suim ag Maighread san amhránaíocht thraidisiúnta ó bhí sí ina cailín óg de bhrí go raibh amhránaithe ar an dá thaobh den teaghlach.
comharsa de chuid an teaghlaigh a neighbour of the family's
" Bhí cluiche tábhachtach ar siúl idir Doire Fhlainn agus an Tigh Mór agus rinne comharsa de chuid an teaghlaigh gearán leis an athair de bhrí nach bhfaca sé ceachtar acu – Seán nó Peter – ag imirt riamh.
Ba theaghlach bocht, It was a poor family,
" Ba theaghlach bocht, na Smiths, a bhunaigh an láthair turasóireachta.
le bualadh lena dteaghlach to meet with their families
" Tá siadsan ag iarraidh rud iontach simplí a dhéanamh – daoine a chuaigh ar imirce a thabhairt ó Londain le bualadh lena dteaghlach ar ais in Éirinn.
meath an teaghlaigh. the decline of the family.
" Ba mhinic a cuireadh i leith an bhosca sa chúinne san am a chuaigh thart gurb é ba chúis le meath an teaghlaigh.
Tá cuid de mo cheol teaghlaigh caillte agam I have lost some of my family music
" Tá cuid de mo cheol teaghlaigh caillte agam agus tá mo chuid Gaeilge caillte agam fosta.
atmaisféar teaghlaigh family atmosphere
" Tá na húdaráis chruicéid ag iarraidh atmaisféar teaghlaigh a chothú sna staideanna, agus bíonn páistí le feiceáil ag na cluichí – iad in éineacht lena dtuismitheoirí nó lena seantuismitheoirí.
teaghlaigh na n-íospartach families of the victims
" “An rud nach féidir liom a réiteach i m’intinn go fóill ná an dóigh a ndeachaigh teaghlaigh na n-íospartach as radharc.
gur le hoidhreacht a fuair an teaghlach seilbh orthu. that the family came into possession of them through inheritance
" Nuair a chuirtí ceist orthu faoin áit ar tháinig siad ar na hearraí, deireadh siad i gcónaí gur le hoidhreacht a fuair an teaghlach seilbh orthu.
a thairg an teaghlach the family offered
" Thit an tóin as a ngnó luachmhar nuair a d'éirigh saineolaithe ó Mhúsaem na Breataine amhrasach faoi thrí rilíf Aisiriacha a bhí déanta as cloch ghreanta a thairg an teaghlach dóibh in 2005.
ar mian leo bheith a bheith lena dteaghlach arís. who want to be with their families again
" Ba é aidhm na comhdhála seo ná aird an phobail a tharraingt ar an drochshlí a gcaitear le dídeanaithe ar mian leo bheith a bheith lena dteaghlach arís.
baill dá theaghlach members of his family
" Agus stádas bainte amach ag dídeanaí, is féidir leis iarratas a chur faoi bhráid na roinne céanna arís fá choinne baill dá theaghlach – ar sa tír dhúchais go fóill iad – a thabhairt le chéile san athuair in Éirinn.
ceart chun a dteaghlaigh a thabhairt go hÉirinn the right to bring their families to Ireland
" Ós rud é nach mbíonn ceart chun a dteaghlaigh a thabhairt go hÉirinn bainte amach go fóill ag an lucht iarrtha tearmainn, imíonn ceithre bliana san iomlán i roinnt mhaith cásanna sula ndéantar dídeanaithe in Éirinn agus a dteaghlaigh a thabhairt le chéile arís.
don bhéim a chuirtear ar an teaghlach i mBunreacht na hÉireann to the emphasis which is put on family in the Irish Constitution
" Rinneadh tagairtí rialta le linn na comhdhála don bhéim a chuirtear ar an teaghlach i mBunreacht na hÉireann agus i gconarthaí éagsúla idirnáisiúnta.
a teaghlach her family
" D’fhág a hathair an baile agus cheap Barbara agus a teaghlach go raibh sé i ndiaidh an bád a thógáil chun na Breataine.
baill teaghlaigh family members
" Bhí sé mar aidhm ag Barbara, agus an leabhar seo á scríobh aici, aird a tharraingt ar an bhfulaingt nimhneach a dtéann roinnt páistí trithi mar gheall ar ionsaithe gnéis, ionsaithe a mbíonn baill teaghlaigh ciontach astu go minic.
cionn is go raibh feirm ag a teaghlach because her family had a farm
" Bhí stór amhrán den scoth aici cionn is go raibh feirm ag a teaghlach agus bhíodh daoine as achan cearn den tír agus as Albain i gcónaí ag teacht agus ag imeacht le bheith ag obair uirthi.
mar theanga theaghlaigh as a family language
" Baineann an anailís a rinneadh sa tuarascáil seo le croí na faidhbe – nuair a thagann an crú ar an tairne, is léir nach bhfuil mórán dóchais i ndán don Ghaeilge mar theanga phobail más rud é nach bhfuil an teanga á húsáid mar theanga theaghlaigh ar bhonn laethúil.
Cé is moite den teaghlach, aside from, except for, the family
" Cé is moite den teaghlach, is é an t-oideachas an crann taca is tábhachtaí ó thaobh inmharthanacht na teanga de.
áit ar mhian le teaghlaigh a place where families want
" Luaitear i lár na tuarascála moladh a bhfuil bunús réitithe ann d'fhadhb Phobalscoil Chorca Dhuibhne: “D’fhonn oideachas trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a chaomhnú chomh fada agus is féidir, ba chóir machnamh a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas i gceantair Ghaeltachta áit ar mhian le teaghlaigh oideachas trí Bhéarla a bheith acu: aonad a bhunú chun soláthar a dhéanamh dóibh siúd ar mian leo oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla cóir iompair saor in aisce a sholáthar don scoil dara leibhéal is gaire a mhúineann trí Bhéarla.
aonad teaghlaigh family unit
" Ar an drochuair, i ndiaidh gur imigh nós na siamsaíochta neamhfhoirmiúla san aonad teaghlaigh i léig, níor cuireadh aon struchtúr ar fáil ina áit.
áit teaghlaigh family place
" Níorbh fhada muid ar an *Boardwalk* go dtí go mba léir dúinn nár áit teaghlaigh í Atlantic City.
dteaghlach láidir Poblachtach strong Republican family
" Tógadh Roche i dteaghlach láidir Poblachtach; is de bhunadh Fíníneach í.
Ba é bá thábhachtaí lena teaghlach the most important thing to her family
" Ceart sóisialtaBa é bá thábhachtaí lena teaghlach, áfach, ná ceart sóisialta, cé nach n-úsáididís an téarma sin.
teaghlach rathúil prosperous family
" Teach suaithinseach is ea Raheem Residency, a bhfuil stair choilíneach ag baint leis: bhí teaghlach rathúil Indiach – a bhí ag gabháil do thrádáil teicstílí – ina chónaí ansin ar feadh na mblianta.
theaghlaigh bhochta poor families
" Deirtear go minic go gcuireann táillí bac ar pháistí ó theaghlaigh bhochta.
dochtúirí teaghlaigh family doctors
" Reilly ina Uachtarán ar Chumann Leighis na hÉireann nuair a rinne siad socrú sa bhliain 2001 go bhfaighfeadh dochtúirí teaghlaigh ceithre oiread táillí as na seanóirí leis na cártaí leighis úrnua is a bhfaighfidís as an ghnáthothar.
todhchaí a dteaghlach their families future
" Tá an scéal mórán mar a gcéanna in achan tír agus daoine in isle brí faoi todhchaí a dteaghlach agus a ngaolta.
teaghlaigh households
" Luann sé An Clár, Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí, Maigh Eo agus Sligeach go háirithe, mar a raibh teaghlaigh, idir fhír, mhná agus pháistí ag siúl trasna na tíre chun an turas báid ba shaoire a fháil as Baile Átha Cliath nó as Droichead Átha go Learpholl.
le hais tubaiste an teaghlaigh as against the family tragedy
" nó nach bhfuil? An t-oibrí ar thug taobh an trinse uaidh sa mhullach air, an tiománaí bus a maraíodh faoi bhealach, an t-oibrí sa stáisiún cumhachta a maraíodh le linn oibre is a mhúch tithe dhá chontae thart air; – chuala mé siopadóirí ag casaoid ar an ‘terrible blackout is a disgrace’ gan chuimhne go mb’fhéidir gur chaill clann a n-athair ná bean a fear céile – níor thuigeadar comh-mheá tábhacht na míre nuachta dá saol féin ‘sa terrible blackout’, le hais tubaiste an teaghlaigh eile.
teaghlach the family/house(hold)
" “Níl mórán deiseanna acu an teanga a úsáid taobh amuigh don teaghlach” a dúirt John.
teaghlaigh families
" De réir an nuachtáin tuaisceartaigh, the Irish News, fuair teaghlaigh 27 mball de ghrúpaí paraimíleatacha, daoine a maraíodh ó dheas, €15,000 mar ‘acknowledgement payments’ ó rialtas Bhaile Átha Cliath i 2003.
teaghlach líonmhar large household
" Ní hionadh liom na tagairtí minice seo do dheirfiúracha is dheartháireacha nuair a fhaighim amach faoin teaghlach líonmhar inar tógadh é.
am teaghlaigh family time
" ” An Dithneas Ní hionadh, áfach, nach minic a bhíodh ‘am teaghlaigh’ ag muintir Creedon.
theaghlaigh families
" Chaithfeadh an tír airgead an cháiníocóra ar bhonneagar, fuinneamh gaoithe agus gréine, scoileanna, agus ar thacaíocht dífhostaíochta maille le giorrúcháin cánach $800 do theaghlaigh.
foréigean teaghlaigh family violence
" Cuirfidh mé cruth orm féin ar nós ‘An Smaointeoir’ (le Auguste Rodin) agus ainneoin nach bhfuil mo chorp mar a bheadh lúthchleasaí Gréagach ann, is féidir liom a bheidh gléasta cosúil lena leithéid!’ Féachaint na Feachtasaíochta Chomh maith leis na daoine atá ag lorg clú sna meáin dóibh féin, tá iarrataisí ann fosta ó lucht agóidí frithchogaidh, daoine i mbun feachtaisí athraithe aeráide agus foréigean teaghlaigh.
Teaghlaigh family
" Grád: C - Mary Hanafin (An tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh): Titim mhór tagtha ar a seasamh laistigh agus lasmuigh den Rialtas.
teaghlaigh families
" Cuimsíonn mo liosta beag féin teaghlaigh i gCorcaigh, i Luimneach agus san ardchathair a bhí i mbéal an phobail as an choiriúlacht go minic.
teaghlach households
" De réir a staidrimh seisean, as 1580 teaghlach Caitliceach sa ceantar St Stephens, labhair 869 acu Gaeilge agus 711 Béarla.
déithe teaghlaigh household gods
" Chailleas beirt de na déithe teaghlaigh seo’gamsa toisc nach rabhas ar an mór-roinn cheart san am tráthúil.
teaghlach family
" ) Cé gur rugadh i Londain é (mac Edgar Griffin, comhairleoir Coiméadach), tá sé ina chónaí sa Trallwng (Y Trallwng - Welshpool), Powys, sa Bhreatain Bheag lena teaghlach le blianta.
shaol an teaghlaigh household life
" B’fhéidir gur cuntas áibhéalach é seo ar shaol an teaghlaigh in Éirinn i mblianta deiridh an Tíogair Cheiltigh, ach is fíor a rá go raibh aithne againn uile ar dhaoine a bhí gafa go hiomlán leis an gnóthú saibhris agus leis an saothrú stádais le linn an ama sin.
theaghlaigh households
" Ní thig a shéanadh go dtitfeadh an tóin as an tionscal seo d’uireasa na scéime, tionscal a raibh buntáiste dúbailte leis - teacht isteach maith a thabhairt do na glúnta de theaghlaigh Ghaeltachta mar aon le tuiscint a thabhairt do dhaltaí na Galltachta ar an Ghaeilge i ngnáthláthair a labhartha.
teaghlaigh family
" Le mo phócaí folmha, ar ndóigh, ní bheidh mé ann róluath is dócha! OED Digiteach I ngeall ar chúrsaí teaghlaigh i mbliana, shocraíomar fanacht in Éirinn agus thug mé mo ríomhaire glúine ar saoire liom don chéad uair riamh.
teaghlach family
" D'eagraíodh sé siúl éasca don teaghlach gach Nollaig.
teaghlach the family
" Ba mhór an faoiseamh a bheadh ag teaghlach an fhir mhairbh dá bhfoilseofaí, chomh maith le sin, an tuairisc a rinne Leas-Choimisinear an Gharda Síochána ag an am, Eugene Crowley, ar bhás Mc Anespie, ach tá An Garda Síochána ag diúltú sin a dhéanamh "le finnéithe a chosaint.
teaghlaigh family
" Nach bhfuil sé deacair saol teaghlaigh a chur in oiriúint don iliomad cúraim eile atá uirthi? “Bhuel,” a deir sí agus gáire ard croíúil á dhéanamh aici, “is amhlaidh go raibh an bhliain seo a d’imigh thart i bhfad róbhroidiúil agus ag deireadh Mheán Fómhair beidh mé ag éirí as an bpost i gColáiste na Tríonóide.
theaghlach family
" Tá spéis ar leith aige in Oileáin Árann agus téann sé ann ar saoire chuile bhliain lena theaghlach.
teaghlach family
" Mar sin, codlaíonn an teaghlach uilig san aon leaba ollmhór amháin.
teaghlaigh families
" Moladh sa tuarascáil sin ar ndóigh go gcuirfí deireadh leis an scéim ina dtugtar €260 in aghaidh an teaghlaigh Ghaeltachta, ach líofacht Ghaeilge na clainne a chruthú do chigire scoile.
ceann teaghlaigh head of family
" Feicfidh tú, don chéad uair, b’fhéidir, an tslí ar shínigh duine amháin, an ceann teaghlaigh, fear nó bean do shinsir, a h/ainm.
teaghlach family/families
" Tá scrios déanta ar an dtimpeallacht, ar shaol go leor leor teaghlach agus ar an gcóras polaitíochta, as an easpa smachta a cuireadh ar shaint na racmasóirí seo.
shaol teaghlaigh family life
" Osclaíodh An Clachán, iarsmalann dúiche a léiríonn trí chéad bliain de shaol teaghlaigh in iardheisceart Thír Chonaill sa bhliain 1987.
saol teaghlaigh family life
" Leagann na Mandaean an-bhéim ar an saol teaghlaigh agus tá an méid sin tábhachta ag baint le pósadh is le tuismeadh nach gcleachtar aontumhacht.
teaghlach family
" i mí Lúnasa, mhaígh teaghlach Caitliceach go ndearna an PSNI mórshiúl mídhleathach dílseachta "a chomóradh" a fhad lena dteach; An té a bhfuil súil ina cheann, tuigfidh sé.
teaghlach ríoga royal family
" Is cinnte nach bhfuil sé de chleachtas ag teaghlach ríoga Shasana a leithéid a dhéanamh!
theaghlaigh families
" Ní annamh a chloistear faoi theaghlaigh a chaill teach is taisce chun íoc as dochtúirí agus otharlann.
teaghlach family
" Nuair a bhí mé óg, is i dtreo Chorca Dhuibhne a théadh an teaghlach ar saoire an tSamhraidh.
teaghlach family, household
" Má tugadh aghaidh ar an fhadhb ar chor ar bith, déileáladh leis go hinmheánach, go minic, taobh istigh den teaghlach.
teaghlach family
" ---------- Léirmheas na Míosa ‘*The Lovely Bones*’ le Peter Jackson In ainneoin sárthaispeántas Saoirse Ronan, i bpáirt Susie Salmon, agus carachtracht láidir, scanrúil inchreidte Stanley Tucci, an péidearastach comharsan a dhúnmharaigh í, agus tá an bheirt acu sainiúil sa dá pháirt sin, in ainneoin chomh maith crógacht an ábhair – an slad doleigheasta a imrítear ar shaol chuile dhuine i dteaghlach óna sciobtar páiste i gcúinsí mar iad, fiú ag cur san áireamh leis grásta agus soineantacht chumasach an bhanaisteora óg is foirfe ina raon aoise dá bhfaca mé le tamall, is teip chruthaitheach san iomlán é ‘*The Lovely Bones*’.
theaghlach family(ies)
" Tá aithne agam ar dhá theaghlach ar a laghad atá ag labhairt na teanga sa bhaile lena bpáistí beaga agus tá go leor cláracha eile á reáchtáil acu chomh maith.
teaghlach ná téagar family or loved one
" Níl cara, teaghlach ná téagar aige, istigh ná amuigh.
teaghlaigh homes
" Scéimeanna nár Cealaíodh Ní léir ach an oiread go mbeidh deireadh curtha le Scéim Labhairt na Gaeilge (nó Scéim na Deich bPuntaí mar a thugtaí air tráth) ina n-íoctar €260 in aghaidh an teaghlaigh Ghaeltachta, ach líofacht Ghaeilge na clainne a chruthú do chigire scoile.
teaghlach family
" Ach is comhartha é an teaghlach gorm seo sa Teach Bán go bhfuil Meiriceá ag athrú.
Tacaíochta Teaghlaigh family assistance
" Thug mé cuairt le déanaí, cuirim i gcás, ar an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabháin i gConamara agus tógáil croí a bhí ann an obair iontach atá ar bun ansin a fheiscint.
teaghlaigh family
" Chomh maith leis sin, is fear mór teaghlaigh é.
Tacaíochta Teaghlaigh home support
" I measc na scéimeanna atá molta tá: * Scéim Raidió Áitiúil * Scéim na nEalaíon * Scéim Oideachais * Scéim Tacaíochta Teaghlaigh * Scéim Cumasaithe Pobal * Scéim Óige * Scéim Abhcóideachta agus Taighde Beidh an Foras ag lorg léiriú spéise ó eagrais éagsúla chun na scéimeanna seo a chur i bhfeidhm.
theaghlaigh families
" Le imtheorannú gan trial 1971, tosaíodh *‘The Innocent Dependents Fund’* san Ionad agus bailíodh na mílte punt do theaghlaigh sna Sé Chontae.
theaghlaigh families
" Bhíodh sé de nós ag bean Ben Yehuda cístí milse a dhéanamh do theaghlaigh a bhí tar éis tiontú ar an Eabhrais.
theaghlach family
" Taipéis an tSaoil ====== Rugadh i bPáras í, Lá Nollag 1911, do theaghlach meánaicmeach a dhéanadh athchóiriú ar thaipéisí ón mheánaois agus ón Athbheochan.
hachrainn teaghlaigh family troubles
" Tá an scannán beo agus ar barr creatha, go deimhin, le hachrainn teaghlaigh, le héad agus le cumhachtaí dorcha an tsaoil.
theaghlach family
" Dúirt sé gur shuigh sé síos lena theaghlach féin ar na mallaibh le féachaint ar *The Commitments* agus bhain siad an-sult as, go mór mór nuair a shíl siad go raibh cead acu a rá *‘that was fucking great dad’* leis nuair a bhí sé thart.