Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teagmhas annamh unusual occurrence
" Sa chéad dul síos, teagmhas annamh go maith a bhíonn ann má thagann athrú ar rialtas náisiúnta san Astráil.
teagmhais fhoircneacha extreme incidents
" Tugann samhlacha na gclíomeolaithe dóchúlacht dúinn in ionad na cinnteachta, agus ní féidir ach a rá go mbeadh teagmhais fhoircneacha níos coitianta as seo amach ná mar a bhíodh.
teagmhas occurrence
" Is dóigh gurb é an t-ionradh ar Mheiriceá, Thuaidh, Theas agus Lár, an sampla is fearr den teagmhas sin agus is é a thug inspreagadh do theideal leabhar Diamond ‘Guns Germs & Steel’.
ba mhó an teagmhas there’d be a greater chance
" Ní hamháin sin, ach dá mbeadh an conradh i bhfeidhm ba mhó an teagmhas a bheadh ag an rialtas airgead a fháil ar iasacht in uair na géarchéime ar phraghas measartha mar bheadh sé éigeantach na cuntais a chothromú le linn borrtha nó tréimhse nuair a bheadh rudaí ag gabháil go maith.
Teagmhas Stairiúil an historic occasion
" Teagmhas Stairiúil ========= Dé Céadaoin, chroith Eilís II lámh le Martin McGuinness, LeasChéad Aire ó thuaidh agus iarcheannaire an IRA, in Amharclann an Lyric i mBéal Feirste.
na céadta teagmhas ar aon dul leis seo hundreds of accidents just like this
" Mar Gheall ar Fhadhb Theicniúil ========= Tharla na céadta teagmhas ar aon dul leis seo ó tháinig ann do na hairm eithneacha.