Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana European Bureau for Lesser Used Languages
" Luigh an chathaoirleacht ar Choiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, mar sin, leis an obair eile a bhí ar siúl ag Neasa leis an bhFéile Scannán agus le RTÉ.
teangacha agus cultúir a chur chun cinn to promote languages and cultures
" D'fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.
an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana European Bureau for Lesser Used Languages
" Bhí mé ar thuras taighde leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, in éindí le mo chomhghleacaithe ó réigiúin eile san Aontas Eorpach ina bhfuil mionteangacha á labhairt agus ba mhisniúil é treallús daoine eile a fheiceáil agus iad ag obair leo ar son a dteangacha féin.
teangacha neamhfhorleathana lesser-used languages
" I mo thuairimse, is brontannas Dé do na teangacha neamhfhorleathana é an t-idirlíon.
teangacha mionlaigh minority languages
" San Eoraip nua, caithfear aitheantas ceart a thabhairt do na teangacha mionlaigh mar go mbeidh níos mó ná céad milliún duine ag labhairt teangacha seachas an Béarla, an Ghearmáinis, an Fhraincis, an Spáinnis nó an Iodáilis.
Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla 2002 The Official Languages (Equality) Bill 2002
" Go ndéanfaí acht den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla 2002.
a chanann san iliomad teangacha who sing in many languages
" Is maith leis ceoltóirí ar nós Manu Chao agus Orchestra Baobab, a chanann san iliomad teangacha: Spáinnis, Fraincis, Mandinka, Kriol, Béarla, Franglais féin.
teangacha eile na mór-roinne the big languages of the continent
" "Is éard ba mhian liomsa ná go mbeadh an Ghaeilge ar aonchéim ó thaobh aitheantais agus measa le teangacha eile na mór-roinne.
ag sealbhú teangacha acquiring languages
" " A hóige ======= Is léir nach raibh na fadhbanna céanna ag Anna ag sealbhú teangacha agus í ag éirí aníos.
theangacha mionlaigh minority languages
" Agus tá a lán saineolaithe bainteach léi anois; is riarthóir é Michael Everson, mar shampla, comhbhunaitheoir an Chaighdeáin *Unicode *agus duine a bhí fostaithe ag na Náisiúin Aontaithe chun clónna ríomhaire a chruthú do theangacha mionlaigh.
teangacha neamhfhorleathna lesser-used languages
" Beidh sé sásta gach seachtú Nuacht a bheith i Laidin ar mhaithe leo siúd atá tugtha do na teangacha neamhfhorleathna, agus gach tríú ceann déag a bheith i nGaeilge ar mhaithe leo siúd atá fós ceanúil ar na teangacha marbha.
ar theangacha eachtrannacha of foreign languages
" Tá mé ag caint faoin chineál taithí a bhíonn acu cheana féin ar theangacha eachtrannacha sula bhfreastalaíonn siad ar mo rangsa.
teangacha i gcoitinne languages in general
" Ach is amhlaidh gur spéis leis teangacha i gcoitinne.
léaráid de theangacha na hEorpa a diagram of the languages of Europe
" Nuair a bhí mé thart fá chúig bliana déag d’aois thaispeáin múinteoir Laidine léaráid de theangacha na hEorpa don rang agus is cuimhin liom gur chuir mé suim sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha.
sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha. in the branch on the left, the Celtic languages.
" Nuair a bhí mé thart fá chúig bliana déag d’aois thaispeáin múinteoir Laidine léaráid de theangacha na hEorpa don rang agus is cuimhin liom gur chuir mé suim sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha.
ag plé le teangacha mionlaigh atá i mbaol báis. dealing with minority languages that are in danger of dying.
" Nuair a labhair mé le Kruass le gairid ar an ghuthán, mhínigh sé dom gur chaith sé suas le bliain in Inis Meáin ag deireadh na gcaogaidí ag déanamh staidéir ar chóras fuaime na Gaeilge agus ag foghlaim na teanga, agus gur spreag an tréimhse sin é lena shaol a chaitheamh ag plé le teangacha mionlaigh atá i mbaol báis.
teangacha a bhí faoi mhíbhuntáiste underdog languages
" “Dealraíonn sé go raibh suim agam i gcónaí i bpobail imeallacha mhionlaigh inar labhraíodh teangacha a bhí faoi mhíbhuntáiste agus tá mé cinnte gur sin an rud a mheall mé i dtreo na Gaeilge.
thosaigh na teangacha dúchasacha ag síothlú, the native languages started melting away,
" Cé gur tharla sé míle bliain níos moille, thosaigh na teangacha dúchasacha ag síothlú, arís mar gheall ar ruathar sotalach agus brúidiúil an Bhéarla.
ní rabhthas ag cur suim dá laghad sna teangacha dúchasacha. there wasn't the least interest in native languages.
" ” Fiú ag tús na seascaidí, nuair a bhain Krauss Alasca amach, ní rabhthas ag cur suim dá laghad sna teangacha dúchasacha.
ag iarraidh fáil réidh leis na teangacha dúchasacha trying to get rid of the native languages
" Ach bhí an Roinn Oideachais san ollscoil ar a dícheall ag an am ag iarraidh fáil réidh leis na teangacha dúchasacha agus ag iarraidh an daonra dúchasach a ghalldú.
nach bhféadfaí na teangacha a bhí ar an dé deiridh a athbheochan that the languages that were moribund could not be revived
" ”Bhí Krauss ar dhuine de na daoine a bhunaigh an tIonad Teangacha Dúchasacha agus chuir sé féin agus a chomhghleacaithe rompu teangacha Alasca a dhoiciméadú mar gur mheas siad nach bhféadfaí na teangacha a bhí ar an dé deiridh a athbheochan gan taifead maith a bheith ar fáil díobh.
go mairfidh teangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt faoi láthair, that languages with at least a million speakers at the moment will survive,
" ” Deir Krauss go bhfuil gach seans ann go mairfidh teangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt faoi láthair, cé go ndeir sé go dtiocfadh le brúidiúlacht stáit deireadh a chur le teanga a mbeadh fiú an méid sin cainteoirí aici.
oiread airde ar chruachás theangacha an domhain. so much attention of the predicament of the languages of the world.
" “Bhainfinn pléisiúr as an turas agus tá go leor daoine anseo (san ionad) a bheadh an-sásta mé a fheiceáil ag imeacht ón áit!” Is léir gur duine righin é Michael Krauss, a deir an méid atá ar a intinn agus nach bhfuil scileanna taidhleoireachta rómhaith aige, ach murach an righne sin bheadh go leor de shaibhreas theangacha mionlaigh Alasca caillte faoin am seo agus ní bheadh oiread airde ar chruachás theangacha an domhain.
teangacha Ceilteacha, Celtic languages
" Tá an chaibidil an-ghearr, ach tá go leor eolais inti le tuiscint ghinearálta a thabhairt don léitheoir maidir leis na teangacha as ar eascair na teangacha Ceilteacha, an difríocht idir P-Ceilteach agus Q-Ceilteach (coincheap a raibh deacracht riamh agam leis) agus na tréimhsí stairiúla éagsúla a ndéantar tagairt dóibh agus an teanga á plé i gcomhthéacs acadúil.
teangacha i gcoitinne languages in general
" Is léir, áfach, go bhfuil a leithéid i bhfeidhm cheana féin, don té atá toilteanach, agus in acmhainn, díol as! Cad is féidir a dhéanamh faoin chamscéim seo? Níor mhiste, i mo thuairimse, don Aire Hanafin an ciorclán cuí (uimhir m10/94) a leasú agus a atheisiúint sa dóigh is gur díolúine ó fhoghlaim teangacha i gcoitinne a bheadh i gceist seachas an Ghaeilge amháin.
bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha the basic principle of language equality
" Dyane Adam, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada: “Tá sé ríthábhachtach oiliúint a sholáthar d’oibrithe san earnáil phoiblí ar riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha.
theangacha languages
" 2 míle milliún duine) agus tá meascán mór de chultúir is de theangacha inti.
teangacha mionlaithe minoritized languages
" Tá líon na mbuntáistí seo le sonrú nuair a chuirtear staid na Gaeilge i gcomórtas le teangacha mionlaithe eile agus leis na cinn Cheilteacha ach go háirithe.
teangacha languages
" Muintir Nua na hÉireann =========== **SMM: Thug na hÉireannaigh Nua ana-chuid teangacha isteach sa tír leo.
teangacha ceantair regional languages
" Sa Fhrainc, áit a raibh neart ‘teangacha ceantair’, cuireadh béim ar an bhFraincis mar theanga oifigiúil náisiúnta, agus feiceadh ar an Occitanais, an Bhascais agus ar an mBriotáinis mar chanúintí gan mhaith nach n-oirfeadh don saol nua-aimseartha.
thrasnaíonn teangacha languages traverse
" Mar mhaidhm a thrasnaíonn teangacha an tír.
Múineadh Teangacha Iasachta foreign language teaching
" Tá mé ag teagasc na Gaeilge i gColáiste Elms in Iarthar Massachussets mar chuid den chlár Fulbright, Cúntóirí Múineadh Teangacha Iasachta.
teangacha languages
" Agus mé ag spaisteoireacht timpeall, cloisim teangacha difriúla an t-am ar fad.
teangacha mionlaithe minoritized languages
" An bhfuil aon athrú sa scéal sin?** LÓD: Níorbh shin é ba mhó a bhí ag déanamh tinnis dom ach na teangacha mionlaithe, abair an Bhreatnais, an Bhriotáinis, Gaeilge na hAlban agus iad sin ar fad.
teangacha languages
" Is féile idirnáísiúnta Cheilteach í Féile na nDathanna Ceilteacha a mheallann daoine ó cheann ceann na cruinne chuici, leis an traidisiún agus leis na teangacha Ceilteacha a chomóradh.
ar grá leo teangacha who love languages
" Tá lucht teangacha – idir mhúinteoirí, léachtóirí, agus dhaoine ar grá leo teangacha – ag cur in aghaidh an chinnidh seo.
teangacha tine agus fola tongues of fire and blood
" Dúirt sé gur mhothaigh sé lionn dubh marbhánta ag teacht air agus é ag amharc ar an spéir, a bhí cosúil le teangacha tine agus fola, os cionn fjord dubhghorm agus an chathair taobh leis.
cheantar aon teangach a monolingual district
" Is beag nach bhféadfá a rá gur cheantar aon teangach a bhí ann.
theangacha languages
" Tá fírinne áirithe ag baint leis mar sin, sa chaoi go léiríonn sé an drochmheas a bhí ag údaráis náisiúnta na Fraince ar theangacha réigiúnda – agus an chaoi a chuaigh sé sin i bhfeidhm ar fhéiníomhá na gcainteoirí.
teangacha bundúchasacha native languages
" Meastar go dtagann a ainm as focail éagsúla sna teangacha bundúchasacha a labhraítí sa dúiche ina bhfuil *Sydney* anois.
theangacha eile sin a mná agus a bhfear céile those other languages which belong to their wives and husbands
" Má thuigeann siad faoi dheireadh a thábhachtaí is atá teanga álainn a dtíre gona iompar sách aisteach uasal féin, tuigfidh siad gur cheart meas a bheith acu ar theangacha eile sin a mná agus a bhfear céile agus cothóidh siad ina ngasúir iad.
tá spéis agam sna teangacha I’ve an interest in languages
" Thagainn go hAlban minic go leor nuair a bhí mé thart ar cheithre bliana déag d’aois agus tá spéis agam sna teangacha ar aon chuma.
comharthaí bóthair dá theangach bilingual road signs
" Tá an-chuid ag titim amach, tá an BBC againn agus tá comharthaí bóthair dá theangach againn - ní hionann an Ghaidhealtachd inniu agus ceantar teanga – ach tá comharthaí dá theangach fairsing.
cé na teangacha what languages
" (gáire) **SMM: Tuigim, tuigim duit, ach cé na teangacha atá agat faoin am seo a Bhen?** BL: Tá deich gcinn de theangacha agam.
an-fhoghlaim agus an-chothú teangacha great learning and great language maintenance
" Is féidir leat an-fhoghlaim agus an-chothú teangacha a dhéanamh trí shráideogadh fosta.
go múinfí na teangacha áitiúla Dúchasacha san ollscoil that local Native languages be taught in the university
" Tá cúig éileamh acu, ina measc go múinfí na teangacha áitiúla Dúchasacha san ollscoil agus go gcuirfí níos mó scolaireachtaí ar fáil do mhic léinn Dúchasacha.
nach bhfuil ag baint le teangacha eile in ways that other languages aren’t
" Ach tá zeitgeist ann i saol an ghnó – agus i saol na margaíochta ach go háirithe – a dhearbhaíonn go bhfuil fiúntas ag baint leis an mBéarla nach bhfuil ag baint le teangacha eile.
nach dtiocfaidh ceann ar bith de na teangacha Ceilteacha not one of the C. languages shall
" Ba dhóigh leis an bpainéal go bhfuil dhá leagan ann feasta ar na teangacha Ceilteacha éagsúla, an leagan traidisiúnta agus an leagan nua; ba dhóigh leo nach dtiocfaidh ceann ar bith de na teangacha Ceilteacha i réim ina dtír dhúchais féin arís; ba dhóigh leo gur teangachaí mionphobail – micrea-phobail go deimhin – a bheas iontu amach anseo, seachas teangacha mionlaigh.
seachas teangacha mionlaigh rather than minority languages
" Ba dhóigh leis an bpainéal go bhfuil dhá leagan ann feasta ar na teangacha Ceilteacha éagsúla, an leagan traidisiúnta agus an leagan nua; ba dhóigh leo nach dtiocfaidh ceann ar bith de na teangacha Ceilteacha i réim ina dtír dhúchais féin arís; ba dhóigh leo gur teangachaí mionphobail – micrea-phobail go deimhin – a bheas iontu amach anseo, seachas teangacha mionlaigh.
oiread teangacha á labhairt so many languages been spoken
" Ar ndóigh, tá an Spáinnis i nDeisceart Mheiriceá agus an Fhraincis i dtuaisceart na hAifrice le fada, ach ní móide go raibh oiread teangacha á labhairt san iasacht riamh sa saol 's atá anois.
Is de theangacha na cruinne an Ghaeilge Irish is one of the world’s languages
theangacha ceantair regional languages
" De dheasca claonadh lárnú rialtas na Fraince, is fada a bhí drochamhras ag an stáit ar theangacha ceantair, amhail an Bhriotáinis.
an-éagsúlacht teangacha a great variety of languages
" Na hinimircigh a bhain Éire amach, tá an-éagsúlacht teangacha acu agus cuid acu, is dream an-oilte iad.
réimse leathan teangacha a broad range of languages
" Tá an tseirbhís ghalánta cruthaithe ag comhlacht atá lonnaithe sa Spidéal inar féidir leat réimse leathan teangacha a fhoghlaim, an Ghaeilge san áireamh.
Teangacha Baile na Ríochta Aontaithe the UK home languages
"Teangacha Baile na Ríochta Aontaithe ============ Ach an bhfuil aon ní gur féidir a dhéanamh chun an deis a thabhairt in athuair do scoláirí i Sasana atá ag iarraidh tabhairt faoin scrúdú? Is léir nach bhfuil an cinneadh stop a chur leis na scrúdaithe greannta i gcloich.
teangacha languages
" Theagasc sé áireamh agus teangacha seal blianta i meánscoil in Éirinn ach ní raibh sé in ann rang a smachtú, agus nuair nach bhfuil, scaoileadh chun bealaigh é.
ní fios cé na teangacha eile no one knows what other languages
" Is iontach go bhfuil an tionscal ar an bhfód agus ní fios cé na teangacha eile a ndíolfar cláir is seirbhísí eile leo amach anseo.
theangacha neamhfhorleathana lesser used languages
" Ba bheag iris ar líne a bhí le fáil i mórtheangacha féin an domhain nuair a tháinig Beo! ar an saol -- gan trácht ar theangacha neamhfhorleathana -- ach d'imigh sin agus tháinig seo.
teangacha bundúchasacha Alasca Alaska's native languages
" Tá beagnach caoga bliain caite ag an scoláire Michael Krauss ag plé le teangacha bundúchasacha Alasca agus ba é a bhunaigh an Alaska Native Language Center ag tús na seachtóidí.
faoi bhfuil i ndán do theangacha an domhain about what lies in store for the languages of the world
" Labhair Éamonn Ó Dónaill leis an mhí seo caite faoi bhfuil i ndán do theangacha an domhain san aois seo, dar leis.
Tionscnamh um Theangacha Nua-aoiseacha modern languages project
" Ní maith le Ciarán Mac Aonghusa an druidim siar ón ilteangachas a bheas ar bun feasta, is cosúil, más leid ar bith an cúbadh atá ar na bacáin don Tionscnamh um Theangacha Nua-aoiseacha sa Bhunscoil.