Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos teirce scarcer
" Ní an leon aonraic atá sí ag cuartú ná an *rhino* geal, nó fiú an t-aonbheannach breac, ach dúil níos teirce fós atá á cuartú aici: an Misinéir Éireannach.
is teirce the rarest
" Is as Haváí ó thús é an *Nene*, agus is é an gé is teirce ar domhan.
tearc treallach sparse and sporadic
" Insíonn sé an scéal trí íomhánna - níl ach comhrá tearc treallach ann.
na ndúl is teirce the most rare creatures
" Seo a mhaíonn Fear na Súile Nimhe: "Dar le mo sheanchara, Daithí Atinburó, go bhfuil an Turasóir Meiriceánach anois áirithe go hoifigiúil i measc na ndúl is teirce in Éirinn, chóir a bheith chomh gann leis an siopadóir bocht agus an ceardchumannaí sásta.
tearc few
" Cé gur tearc logainmneacha a bhíonn le fáil iontu, is iad na foinsí dúchais i nGaeilge agus i Laidin is luachmhaire; gach rud ón 7ú céad anuas go dtí an 19ú - annála, ginealaigh, féilirí agus beathaí na naomh, prós agus filíocht de gach uile chineál.
tearc scarce
" Glacaim leis go mbíonn scéalta maithe tearc go leor le linn “mhí na marbh”, ach tá an chontúirt ann go mbrisfidh scéalta den chineál seo snaidhm na muiníne idir an léitheoir agus an t-iriseoir.
thángthas ar sheilide tearc, a rare snail was discovered,
" Seo sampla amháin den fhaillí: thángthas ar sheilide tearc, *Vertigo Angustior*, sna dumhcha i mBá Ghlinne sa bhliain 2000.
tearc sparse
" Ar an gcéad spléachadh, ní fheictear mórán difríochta idir *An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín *agus an ghnáthlitríocht do dhaoine óga sa Ghaeilge: cló mór (tearc go leor) chomh maith le pictiúir ar chuile leathanach.
Thángthas ar sheilide tearc a rare snail was found
" Thángthas ar sheilide tearc, *Vertigo Angustior*, sna dumhcha anseo i mBá Ghlinne sa bhliain 2000.
is tearc iad they're very seldom
" “Is lóchrann dóchais sibh don saol mór mar caitheann muid samplaí coincréiteacha a bheith againn mar tá na teoiricí uilig againn ach is tearc iad na heiseamláir ar éirigh leo sa saol réadúil,” arsa Ging agus é ar a shuaimhneas i gculaith dhorcha ghorm.
Is tearc an duine fásta few adults
" Is tearc an duine fásta abhus, dá bhíthin sin, nach bhfuil in inmhe na ceithre líne thuas a aithris de ghlanmheabhair.
is tearc iad they’re few
" Leagadh béim san treoirphlean ar an ngá a bhí le páirceanna den scoth le haghaidh na hiomána (faoi mar atá sna contaetha láidre iomána) ach, cé gur fíor go bhfuil roinnt clubanna tar éis cur go mór lena gcuid áiseanna féin, idir pháirceanna maithe, pháirceanna uile-aimsire agus áiseanna taobh istigh, is tearc iad na páirceanna atá oiriúnach don iomáint agus níl lárionad ná acadamh tógtha fós.
tearc few on the ground
" Ciúnas na Reilige ========= Ach tá na blaganna Gaeilge ar fiú iad a léamh tearc go maith, anois.
go tearc seldom
" Má fhéachaimid ar scéal na hiomána a imrítear don chuid is mó (a) in Éirinn nó i measc Éireannach lasmuigh den tír agus (b) go fairsing i gceantair áirithe agus go tearc i gceantair eile, de réir teoiric na dtosca aiceanta a tháinig an iománaíocht chun cinn i réigiún ina raibh (i) neart den ábhar cuí, fuinseog, ar fáil (ii) aeráid thais, mheasartha agus ithir dhomhain, thorthúil a chuidigh le fás na fuinseoige agus le fás féir ó cheann ceann na bliana geall leis agus (iii) dálaí aimsire a chuidigh le himirt an chluiche ar feadh formhór na bliana.
I lomchodarsnacht le teirce an scaifte sin in complete contrast to the small that crowd
" I lomchodarsnacht le teirce an scaifte sin, d’fhreastail suas le deich míle duine ar na himeachtaí éagsúla ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne anuraidh – agus bhí an tOireachtas sin iontach pléisiúrtha chomh maith.
tá a leithéid chomh tearc sin such is so seldom
" Ba léir go raibh caoinfhulaingt ag Copeland leis na daoine bochta seo a bhí i gcruachás agus tá a leithéid chomh tearc sin i measc pholaiteoirí ó thuaidh gur chorraigh sé mé.
tearc-rochtain fuinnimh energy poverty
" Le blianta beaga anuas, tá cúrsaí imithe chun donais do theaghlaigh nach bhfuil ioncaim a ndóthain acu chun íoc as a bhfiacha pearsanta agus mar thoradh, tá 54% dá gcliaint céasta ag tearc-rochtain fuinnimh.
Thángthas ar sheilide tearc a rare snail was found
" Thángthas ar sheilide tearc, an Vertigo Angustior sna dumhcha anseo i gCuan Ghlinne sa bhliain 2000.
is tearc there are few
" Is iomaí cineál mionlaigh ar an saol, ach is tearc mionlach chomh líonmhar leis na Dalit in oirthear domhain.