Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teastas báis death certificate
" Nuair a bhain Siddons Páras amach ar an 6ú lá, bhí séala ar an gcónra agus bhí an teastas báis sínithe.
an Teastais Shóisearaigh The Junior Cert
" Ní fadhb rómhór é sin i gcás bogearraí simplí a chabhraíonn le páistí an aibítir nó matamaitic bhunúsach a fhoghlaim, ach nuair a bhíonn bogearraí á lorg atá oiriúnach do scrúduithe ar nós an Teastais Shóisearaigh, is beag ábhar comónta atá ag na curaclaim éagsúla.
cúrsaí teastais certificate classes
" Tá nasc déanta ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad le Ráth Cairn agus cuireann siad cúrsaí teastais oíche ar siúl i rith an gheimhridh do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu atá ina gcónaí i bhfoisceacht fiche míle den cheantar.
theastas báis death certificate
" Dúirt Angela Woodruff leis an Bhreitheamh Dame Janet Smith gur scríobh an Dr Shipman "old age" mar chúis báis ar theastas báis a máthar, cé go raibh sí breá fuinniúil agus folláin.
teastais bheireatais birth-certificate
" De réir an teastais bheireatais a eisíodh anseo i Learpholl, áfach, rugadh é i gCombermere Street sa chathair seo ar an 4 Feabhra, 1874.
teastas certificate
" " Tar éis céim a bhaint amach i gCúil Raithin rinne Áine teastas san oideachas in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.
teastas breithe birth certificate
" "Ní miste do dhaoine atá faoi bhun bliain is fiche d'aois teastas breithe nó cárta aitheantais a iompar thart leo feasta mar chruthú ar a n-aois.
an tArd-Teastas san Oideachas the Higher Diploma in Education
" Rinne sé an tArd-Teastas san Oideachas i ndiaidh dó an chéim a bhaint amach agus, ina dhiaidh sin arís, MA sa Ghaeilge.
an tArd-Teastas san Oideachas the Higher Diploma in Education
" " Tar éis di an tArd-Teastas san Oideachas a dhéanamh, thug Anna cúig mhí ag múineadh i meánscoil ar an Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath.
an Teastais Shóisearaigh the Junior Certificate
" Nach ionann carachtair “Ros na Rún” agus leagan iltoiseach de na seandeilbhíní a bhíodh á n-úsáid i m*Buntús Cainte *fadó – ach go bhfuil siad ábalta labhairt agus siúl! Ceann de na torthaí is mó atá ar an díospóireacht phoiblí a chothaigh moltaí conspóideacha Enda Kenny i leith na Gaeilge a bheith ina ábhar staidéir roghnach i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh ná go bhfuil sé admhaithe faoi dheireadh ag an Aire Oideachais go bhfuil locht ar theagasc na teanga.
tar éis an Teastais Shóisearaigh after the Juniour Certificate
" Bhí baint lárnach acu leis an fheachtas chun stádas oifigiúil a fháil don Ghaeilge san Eoraip agus tá sé léirithe acu do cheannaire Fhine Gael le tamall anuas nach maith an smaoineamh é deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach tar éis an Teastais Shóisearaigh.
theastas testimony
" Tá an grianghraf íocónach - Donaldson gualainn má ghualainn le Bobby Sands - mar theastas ar a dhílseacht dhiongbháilte.
teastais agus sonraisc bhréagacha false certificates and invoices
" Dhéanadh Drewe teastais agus sonraisc bhréagacha le cur le gach saothar chun iad a "fhíorú".
ag déanamh réidh le haghaidh an Teastais Shóisearaigh, getting ready for the Junior Certificate,
" Saoirse faoi dheireadh! Bhí cúpla mí d’obair chrua déanta agam agus mé ag déanamh réidh le haghaidh an Teastais Shóisearaigh, agus creid uaim é, bhí sos tuillte agam.
teastas garchabhrach first-aid certificate
"teastas garchabhrach de dhíth orm mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe agus déanaim athnuachan air gach trí bliana.
teastas certificate
" Is córas scrúdaithe é teastas Eorpach na Gaeilge (teg) atá bunaithe ar an bh*Fráma Tagartha Comónta do Mheasúnú Teangacha* (Comhairle na hEorpa, 2001).
i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh. after the Junior Certificate.
" Is fada ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, ag maíomh gur cheart gur ábhar roghnach a bheadh sa Ghaeilge i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh.
Teastas certificate
" Bíonn deis ag mic léinn Teastas nó Dioplóma do Chéimithe a ghnóthú i ndiaidh bliain nó dhá bhliain den chúrsa seo, nó tráchtas a scríobh agus MA a ghnóthú.
tá sé i dteideal teastas a fháil he is entitled to get a certificate
" Má shiúlann oilithreach 100 ciliméadar de bhealach Camino de Santiago, tá sé i dteideal teastas a fháil ar a dtugtar an *Compostela*.
Teastais Shóisearaigh Junior Certificate
" Ní bheidh torthaí na hArdteistiméireachta in Éirinn ar fáil go dtí an dara lá déag Lúnasa gan trácht ar thorthaí an Teastais Shóisearaigh nach mbeidh ar fáil go dtí Meán Fómhair.
teastas certificate
" Nó b’fhéidir gurb í seo an cheist – an ealaíon phornagrafach é an scannán ‘Antichrist’, nó pornagrafaíocht ealaíonta? De réir mar a thuigim, taispeánfar in Éirinn é le teastas os cionn an ocht déag.
Teastais Shoiséaraigh junior cert
" 100 dalta, atá ar tí teanga a roghnú don GCSE (macasamhail an Teastais Shoiséaraigh) a ghlac páirt sa staidéar.
teastas certificate
" I bhfocail eile, tá beagnach 60% de na daoine a fuair teastas aigneolaí ag cur in iúl go raibh fadhb sealúchas teanga acu, ábalta staidéar a dhéanamh ar theanga eile.
teastais certificates
" Ba ar an 11 Samhain, 2005 - an oíche roimh thús chomhdháil bhliantúil Fhine Gael i Sráid an Mhuilinn i gCorcaigh - a bheachtaigh Enda Kenny an beartas i leith ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge i ndiaidh an teastais shóisirigh i dtús ama.
Teastais Sóisirigh junior cert
" Go deimhin, bhain urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael, Frank Feighan, leas as an ócáid sheolta le cur in iúl go mbeidís ag déanamh athbhreithniú ar mholadh a rinne ceannaire an pháirtí go ndéanfaí ábhar roghnach don Ghaeilge i ndiaidh an Teastais Sóisirigh.
Teastais Shóisearaigh Junior Cert
" Sin é an fáth go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach nach nglacfar le polasaí Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre nach mbeidh an Ghaeilge mar bhunábhar tar éis an Teastais Shóisearaigh.
Teastais Shóisearaigh Junior Cert
" A bhuíochas sin do cheannaire Fhine Gael Enda Kenny, a d’fhógair gan dul i gcomhairle le duine ar bith go mbeadh an Ghaeilge ina ábhar roghnach do dhaltaí meánscoile th’éis an Teastais Shóisearaigh.
dteastais bhreithe birth certs
" Tá cóip dár dteastais bhreithe againn go léir i dtarraiceán éigin, ar eagla go mbeadh orainn clóichead a fháil nó cuntas bainc a oscailt.
Theastas a certificate
" Faoi Chopóig nó Faoi Theastas? ================== Bhí an cheist ina mhórachrann arís le déanaí mar gheall ar an Uachtarán Barack Obama, a rugadh in Hawai'i in 1964.
teastas úd that certificate
" Chomh tobann céanna, tháinig deireadh leis an scéal, ámh, nuair a thogair an t-uachtarán an teastas úd a chur suas ar an idirlíon agus deireadh a chur leis na scéalta.
teastas breithe birth cert
" Chaith siad an samhradh anuraidh ag ceistiú teastas breithe an Uachtaráin Obama go callóideach (agus de cheal aon scéal eile, thug na meáin raidhse poiblíochta dóibh).
teastas acmhainn farraige sea certificate
" Beidh inneall ann fosta, mar gan é ní bhfaigheadh sé teastas acmhainn farraige, a mhínigh Paul Mercier dúinn.
teastas sábháilteacht safety certificate
" “Agus nuair a d’éalaigh muid as an chaighean, sa deireadh, ba léir nach raibh plean éigeandála ag na póilíní - ní raibh teastas sábháilteacht ag an staid, fiú.
i ndiaidh an teastais shóisirigh after the Junior Cert
" Chorcaí, gur cheart gur ábhar roghnach a bheadh sa Ghaeilge i ndiaidh an teastais shóisirigh.
Tugadh teastas dúinn we were presented with certificates
" Tugadh teastas dúinn sa Líonán mar éiric ar ár gcuid iarrachtaí ach fán am a rinne muid an turas deich slat trasna an bhóthair go dtí an t-óstán bhí sé loite ag an bháisteach.
Teastais Sóisirigh Junior Certificate
" An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d'fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh.
teastas a certificate
" An té atá as obair abhus agus ar mhaith leis taithí saoil is oibre a fháil i dtír gheal eachtrach, tá comhairle ag Alex Hijmans dó: foghlaim blaiseadh den Phortaingéilis, faigh teastas TFL anois agus gabh chun na Brasaíle.