Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rian a bhfiacla their teeth marks
" Tá laithreáin tógála, fuarchúiseacha le feiceáil ann, tochaltóirí móra ag fágáil rian a bhfiacla ar an talamh nocht.
déad neamhlonrach unshining teeth
" A déad neamhlonrach ina scáthán ar a hanam.
a fhiacla druidte his teeth clenched
" Strapaire fir, a mhatáin teannta, a shúile ag stánadh roimhe, a fhiacla druidte, bata i lámh amháin, an lámh eile ar nós sealgaire ag tarraingt a chreiche.
trína shéanas through the gap in his upper front teeth
" "Ní raibh an tAire mí-aireach ach leath ag éisteacht liom, é i suan na muice bradaí agus é ag diúl blonag gé trína shéanas.
fiacla sáibh the teeth of a saw
" Bhí an Triúr Deirfiúr le feiceáil ón fhuinneog - trí spuaic ghéara atá iontu atá cosúil le fiacla sáibh, ag éirí ón fharraige ar an taobh eile de Chuan Ard na Caithne.
a chaill a cuid fiacla ar fad who lost all her teeth
" I measc an naonúir, bhí bean ann a chaill a cuid fiacla ar fad i ndiaidh di dul faoi scian chun a bolg a dhéanamh níos lú sa chlár “Brand New You”, agus fear óg a bhí trína chéile i ndiaidh dó a bheith ar chlár cleamhnais agus gan fhios aige gur fear a bhí sa mhainicín dathúil a raibh sé sa tóir air/uirthi.
fiacla bréige, false teeth
" I measc na n-earraí a raibh spéis aige iontu bhí fiacla bréige, troscán *Art Deco* agus táirgí an-choitianta mar phrócaí brioscaí in ollmhargaí a raibh rian na comóntachta ag baint leo.
scuabadh na bhfiacla brushing teeth
" Dála nósanna na maidine – scuabadh na bhfiacla; cóiriú na leapa – ba chuid normálta dár lá é cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí ar bheagán airgid nó dóibh siúd a bhí scoite amach ón bpobal ar bhealach éigin.
gíoscán fiacla grinding of teeth
" Fad is a bhí gíoscán fiacla ar siúl ag leithéidí an Údarás Comhionannais agus Údarás na Gaeltachta faoin €2.
fiacla teeth
" Bhí blas fola i mo bhéal agus ceann de na fiacla tosaigh in easnamh.
fiacla teeth
" Shhhh! Don iarthaoiseach iarghaoiseach Garret Mac Gearailt thabharfainn fiacla úra – foireann iomlán acu – sa dóigh go mbeadh daoine in ann corrfhocal eile a thuigbheáil ag teacht amach as a bhéal seachas ‘duairceas agus doineann agus gruamacht’ agus ‘deich mbliana eile ar a laghad’.
dhrad teeth
" Is iomaí oíche a sciúr mé mo dhrad le huisce nuair nach raibh 'Fiacla' le fáil i siopa ar na gaobhair, óir ní cheannóinn aon chineál taos fiacaile eile.
Íocfaidh siad as éadan they’ll pay through the teeth
" Íocfaidh siad as éadan feasta air ar feadh a saoil oibre.
fiacla teeth
" Níl go leor fiacla ag an Ombudsman Preasa ná ag an Chomhairle Preasa chun srian a chur ar an iriseoir a dhéanann treascairt ar shaol príobháideach daoine iomráiteacha.
fiacla á nochtadh baring of teeth
" Tháinig deireadh faoi dheireadh le fiacla á nochtadh agus cloigne dá gcroitheadh, le doirne san aer, le cos ar bolg, le béiceacha agus screadanna agus scréacha.
Is beag gol nó gioscán fiacla little crying and grinding of teeth
" Is beag gol nó gioscán fiacla a chluinfear ó ranna áirithe stáit faoin chinneadh thubaisteach seo mar sin.
béalbhearnach with gapped teeth
" Ansin seolann an ‘lománaí’ Sualannach - cosoibrí as radharc de ghnáth in íochtar an chomhluchta - fear tuatach, maol, béalbhearnach; léine páircíneach, geansaí bídeach agus treabhsair éagcruthacha á chaitheamh aige - casann an fear mórchroíoch, íogair, tuisceanach, éisteacht seo isteach in oifig Natalie lá amháin, agus - voila! Anois, tá sé beagáinín níos casta ná sin, ach tá breis agus dóthain ansan le bheith ag dul ar aghaidh leis.
ina dhraid aige in his teeth
" Chuala Lindy a hiníon ag caoineadh sa phuball oíche amháin agus nuair a bhí sí ag teannadh leis an bpuball chonaic sí diongó ag rith amach as an láithreán agus an ghineog ina dhraid aige.
drad an Iarthair nochta western teeth are bared
" Tá ionradh na Mór-Roinne ar a bhonnaí cearta anois, tá drad an Iarthair nochta agus tá na mílte curtha i mbun slad ar a chéile mar is toil leo, ó Libia go Máilí.
Oibriú na Draide using the teeth
" Oibriú na Draide ======= Sílim go n-aontódh go leor daoine gur measa go mór plaic a bhaint as imreoir eile ná é a bhualadh le dorn nó le ball eile den chorp.
fiacail a shá in ainmhí eile stabbing of teeth into another animal
" Iompar ainmhithe é fiacail a shá in ainmhí eile, plaic a bhaint as ainmhí eile agus go deimhin béilí a dhéanamh d’ainmhí eile.
a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic sinking his teeth into his opponent’s skin
" Tar éis do Luiz Suárez, imreoir sacair de chuid Learphoill, a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic Branislav Ivanovic (ag imirt le Chelsea) i gcluiche i bPríomh-Roinn Shasana, bhí alltacht agus déistin ar dhaoine a chonaic an eachtra go háirithe nuair a taispeánadh athchraoladh físe ó cheithre cheamara éagsúla arís is arís ar an teilifís.
abairt a chuireann roinnt Éireannach ag dioscán fiacla is dócha a sentence which puts some Irish to grinding their teeth
" Tá ardghradam ag an mBéarla sa domhan idirnáisiúnta agus má bhíonn Gearmánaigh óga ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa saol, is i dtreo an Bhéarla a rachaidh siad (abairt a chuireann roinnt Éireannach ag dioscán fiacla is dócha).
ná na fiacla céanna nor the same powers / teeth
" Ní bheifeá ag súil go mbeadh an réimse iniúchtha ná na fiacla céanna ag athbhreithniú is a bheadh ag fiosrúchán iomlán.
na déada bréige the false teeth
" Rud eile atá coitianta uaireanta ná ‘flippers’- is éard atá i gceist leo na déada bréige a chuirtear os cionn d’fhiacla féin ionas go mbeadh cuma fhoirfe ar do dhraid.
cuma fhoirfe ar do dhraid your teeth have a perfect appearance
" Rud eile atá coitianta uaireanta ná ‘flippers’- is éard atá i gceist leo na déada bréige a chuirtear os cionn d’fhiacla féin ionas go mbeadh cuma fhoirfe ar do dhraid.
de mhaoil a mhainge by the skin of their teeth
" Comhrialtas faoin Lucht Oibre a bhain cumhacht de mhaoil a mhainge amach san Astráil.
idir cleith is ursain by the skin of his teeth
" Éalaíonn Robert McMillen idir cleith is ursain ón ghiolcaireacht anois is arís le halt a scríobh fúthu siúd nach n-éalaíonn, daoine ar nós ‘Cúige Uladh' sa PUP.