Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tacaíochta teicniúla technical support
" Tá sé tábhachtach, freisin, conradh maith tacaíochta teicniúla a fháil.
scríbhneoireacht theicniúil technical writing
" Dhírigh sí isteach ar scríbhneoireacht theicniúil agus ar obair ghrafach le Bechtel's ansin ar feadh roinnt blianta ach chinn sí féin agus comhoibrí dá cuid, Sandy Neal, ar a gcomhlacht féin, One Source Graphics, a bhunú i 1993 nuair a tharla "downsizing" a d'fhág díomhaoin iad.
scríbhneoireacht theicniúil technical writing
" Is scríbhneoireacht theicniúil príomhobair Bhard, ach tá litriocht.
caighdeán teicniúil technical standard
" Tá an caighdeán teicniúil an-ard anois ach uaireanta an rud nach mbíonn ann ná an croí.
fadhbanna teicniúla technical problems
" org )) chun na fadhbanna teicniúla a bhaineann le litreacha as an ngnách a shárú, agus is féidir iad a chlárú anois i seoltaí ".
rudaí teicniúla technical things
" Níl mé ach ag tosnú air agus níl mórán taithí agam ar rudaí teicniúla! AÓF: Ar mhaith leat ceann a dhéanamh? SJW: Faoi láthair, níl mé ag iarraidh aon albam a dhéanamh le díol nó aon rud.
théarmaí teicniúla technical terms
" Rinne Foras na Gaeilge an ghluais seo de théarmaí teicniúla a aistriú roimh ré, bunaithe ar a bhfoclóir nua *Foclóir Ríomhaireachta is Teicneolaíocht Faisnéise*.
théarmaíocht theicniúil technical terminology
" Dúirt urlabhraí Microsoft go bhfeidhmíonn an tionscadal Gluaise Pobail mar mheán d'aistriúchán comhluadair ar théarmaíocht theicniúil do theangacha áitiúla éagsúla.
cúntóir teicniúil technical assistant
" Cén ról atá agat féin in Port Láirge le Gaoluinn (PLleG) agus cén fhad atá tú ina bhun? Is mise an cúntóir teicniúil agus "fear na láimhe deise" (an dioscaire, más maith leat) aige Traolach Ó Braoin, an príomhfheidhmeannach.
cúrsaí teicniúla technical matters
" Lean sé ar aghaidh: "Bímis soiléir faoi - cúrsaí teicniúla, polaitíocht, cuntasacht - tabhair do rogha ainm air, is sofhriotail iad uilig ar an réaltacht úr a bhfuil ar an DUP dul i ngleic léi, is é sin go gcaithfidh siad an chumhacht a roinnt ar bhonn cothrom le poblachtánaigh nó nach mbeidh cumhacht ar bith acu.
chúrsaí teicniúla technical matters
" Ní hamháin go bhfuil tuiscint ar chúrsaí teicniúla de dhíth (agus is léir gur bean theicniúil í - b'éigean di cuidiú leis an scríbhneoir seo nuair a bhí deacracht aici le deachtafón nua digiteach!), ach tá saineolas gnó agus dlí riachtanach de bhrí go bhfuil páirc dheacair le treabhadh ag an gcoimisiún ó thaobh dlí de.
duine teicniúil technician
" ’ Fuair Bob duine teicniúil a dúirt go mbeadh sé in ann tarchuradóir a thógáil ar £4,000.
scileanna teicniúla na ceirde the technical skills of the trade
" Tá cuid acu le cloisteáil beo ar an aer, agus daoine eile ag obair leo sa stiúideo, ag meascadh na fuaime nó i mbun eagarthóireachta, agus iad ag foghlaim scileanna teicniúla na ceirde.
sárú theicniúil technical breech
" Thug an tAire Dempsey fógra oifigiúil do Shell go bhfuil siad ag sárú rialacha an cheada atá faighte acu ach maíonn siadsan nach raibh i gceist ach “sárú theicniúil” de bharr obair tháthaithe a rinneadh ar an phíblíne.
fadhbanna teicniúla technical problems
" Bainim úsáid as na háiseanna atá ar fáil ar an idirlíon freisin, ach uaireanta bíonn fadhbanna teicniúla ann a chuireann isteach orm toisc nach saineolaí ríomhaireachta mé.
dúshlán teicniúil technical challenge
" Is maith liom dúshlán teicniúil, ó thaobh ríme agus meadarachta de, agus uaireanta deinim an rud deacair d'aonghnó, mar is mian liom go bhfaigheadh an t-éisteoir rud éigin úr san amhrán ar an tríú nó an ceathrú héisteacht.
fadhbanna teicniúla technical problems
" Bíonn fadhbanna teicniúla leis an tarchuradóir, rud a chiallaíonn go mbíonncomhartha lag i gceantair áirithe sa chathair.
deacrachtaí teicniúla technical difficulties
" Bhí go leor deacrachtaí teicniúla ag an stáisiún chomh maith, go háirithe sa chéad bhliain go leith, agus buiséad an-bheag go deo.
i réimse na cabhrach teicniúla, in the technical support area,
" Ní raibh mórán iontais orm nuair a rinne mé anailís thapa ar mo shuirbhé neamhfhoirmeálta agus neamheolaíoch féin – cé go raibh roinnt post ag leibhéal ard ar fáil, bhí a lán post ar fáil ag leibhéal sóisearach i réimse na cabhrach teicniúla, agus araile.
neart dúshlán teicniúil plenty of technical challenges
"neart dúshlán teicniúil ann fós, áfach: breosla a dhéanamh is féidir a úsáid in eitleán ag airde mhór, slite a aimsiú chun na halgaí a shaothrú, an fómhar a bhaint agus an breosla a bhaint amach gan an iomarca fuinnimh a úsáid.
taobh teicniúil technical side
" Ar dtús, ní raibh taobh teicniúil ag baint leis an gcomhlacht, agus chuaigh Irial i mbun smaointe a ghiniúint agus iarratais a chur faoi bhráid eagarthóirí coimisiúnaithe.
fadhb bheag theicniúil a little technical problem
" Mar shampla, má tharlaíonn sé go bhfuil eitleán i ndiaidh fadhb bheag theicniúil a bheith aige, is í an tuairisciú a dhéanfar ar an scéal sin sna nuachtáin ná paisinéir éigin ag rá, “Bhí me cinnte go raibh mo phort seinnte.
treoir theicniúil technical guidance
" Céim amháin chun tosaigh is ea treoir theicniúil a fháil maidir le conas péint a chur ar bhalla.
shamhlaíocht an lucht teicniúil imagination of technical people
" De réir dealraimh, níl aon teorainn ar shamhlaíocht an lucht teicniúil ó thaobh na bhféidearthachtaí a bhaineann le léarscáileanna agus GPS ar fhóin phóca.
draoithe teicniúla techno druids
" Ní ga dom ach seinnt nó fuaimeanna nó frásaí ceoil a thaifeadadh agus fágaim an draíocht teicniúil faoi na draoithe teicniúla! Sé an chaoi go n-oibríonn sé ná go roinntear an scáileán i mboscaí ina gcuirtear ruainní beaga ceoil atá réamhthaifeadta agus trí bhreathnú ar na boscaí ‘seinntear’ an ruainnín ceoil.
teicniúil technical
" net) Bhí sé crua le mo linn, ach thugadar an-oideachas teicniúil do dhuine, ach lena chois sin, bhí meas ar luach an duine.
obair theicniúil technical work
" com), Seiceach, mar rinne sé sin an obair theicniúil ar fad taobh istigh de thréimhse ghairid, gan chostas ar bith.
theicniúil technical
" Stiúrthóir: **Risteard Ó Domhnaill** Léiritheoir: **Rachel Lysaght** Eagarthóirí: **Nigel O’Regan agus Stephen O’Connell** Cliar: **Pat (The Chief) O’Donnell, iascaire agus Willie Corduff, feirmeoir** Fad: 60 nóiméad Mar iareagarthóir físe, deirimse leat nach in éad le Nigel O Regan a bhí mé nuair a chuala mé an líon uaireanta an chloig de bhuntéip a leagadh os a chomhair; 400 céad! Tá ardmheas tuillte aige as an tsúil ghéar agus as an máistreacht theicniúil atá léirithe aige sa scannán An Píopa.
buíon theicniúil technical group
" Anuas ar sin, thiocfadh leo nascanna láidre a chruthú le cuid de na Neamhspleácha ainneoin go bhfuil rún ag Mick Wallace “buíon theicniúil” a bhunú le cead cainte a fháil sa Dáil.
bhfáiltím roimh na hardáin teicniúla uilig I welcome all of the technical platforms
" Is fíor go bhfáiltím roimh na hardáin teicniúla uilig a thugann an deis dúinn breathnú ar scannáin ná facamar le linn seal a gcéad eisiúna, nó, b’fhéidir, gur mhaith linn ligint dóibh dul i gcionn arís orainn.
na castachtaí teicniúla seo these technical intricacies
" Bhí coinne agam go míneodh an Taoiseach na castachtaí teicniúla seo dom mar ní mór dom a admháil nach dtuigimse an cheist ghabhlánach seo mar ba chóir.
toirtiúla teicniúla bulky technical
" Is stádas bréagach é agus dá bharr, tá os cionn 30 duine fostaithe ag an Aontas Eorpach ag cur áiseanna aistriúcháin ar fáil sa bParlaimint agus ag aistriú doiciméidí toirtiúla teicniúla go Gaeilge.
cháipéisí teicniúla technical documents
" Mar thoradh ar an gcaiteachas seo, tá muid in ann leaganacha Gaeilge de cháipéisí teicniúla ón Aontas Eorpach a fháil, nach léitear.
Mar Gheall ar Fhadhb Theicniúil because of a technical fault
" Mar Gheall ar Fhadhb Theicniúil ========= Tharla na céadta teagmhas ar aon dul leis seo ó tháinig ann do na hairm eithneacha.
faoi fhadhbanna teicniúla about technical problems
" Ceachtanna Gaeilge ar an Idirlíon ============ Tá an uirlis nua seo ó Google pléite agam le cúpla duine a bhaineadh leas as agus an rud a dúirt roinnt díobh ná céard faoi fhadhbanna teicniúla? Más ea, tá rathaíocht ann go bhfaightear táillí ar ais muna bhfuil an dalta sásta.
na féidearthachtaí teicniúla agus ealaíne the technical and artistic possibilities
" Thuig Walgensten ní hamháin na féidearthachtaí teicniúla agus ealaíne a bhain leis na laindéir nó na lóchrainn draíochta ach na féidearthachtaí geilleagair a ghabh leo chomh maith.
stiúrthóir teicniúil an chomhlachta the company's technical director
" Tá cur síos anseo ag Mary Attenborough, stiúrthóir teicniúil an chomhlachta, ar cheann de na príomhsheirbhísí atá acu, forbairt suíomh ríomhthráchtála gréasáin.
Is mithid do lucht teicniúil na hÉireann It is high time for the technical people of Ireland
" Is mithid do lucht teicniúil na hÉireann teacht i dtír ar theicneolaíocht satailíte sa chaoi is nach mbeimid ag brath ar chórais na Stát Aontaithe, dar le Diarmuid Mac Mathúna.
na bréagáin teicniúla is úire the newest techy toys
" Tá gach míniú agus treoir faoi na bréagáin teicniúla is úire in alt seo Roseanne Smith.