Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan beann agam ar an teilifís paying no heed to the television
" Bhí mé ag úthairt liom sa bhaile tráthnóna Dé Sathairn amháin agus gan beann agam ar an teilifís a bhí ar siúl sa chúlra.
srutháin teilifíse television streams
" Is léir nach mbeidh leathanbhanda in úsáid go forleathan sa ghearrthéarma, agus b'fhiú do chomhlachtaí smaoineamh ar chleasanna eile chun na srutháin teilifíse ar an idirlíon a dhéanamh níos soiléire.
ghréasán tráchtála náisiúnta teilifíse national commercial television network
" I 1980, bhunaigh sé Canale 5, an chéad ghréasán tráchtála náisiúnta teilifíse, mar aon le Italia 1 i 1982 agus Rete 4 i 1984.
réalt teilifíse television star
" An carachtar Ruairí a bheith ina réalt teilifíse, tionscadal atá idir lámha againn.
lionsaí teilifíse TV lenses
" Feachtas na lionsaí teilifíse atá ann, chuile thaobh ag sáraíocht ar a chéile faoi chostas na ngealltanas éagsúil.
cheadúnas teilifíse tv licence
" Breathnaíonn sé ar an stáisiún mar Titanic a rachaidh go tóin poill mura dtagann deireadh leis an chiorrú agus leis an choilleadh leanúnach atá ar bun de bharr go bhfuil gach rialtas le scór bliain tar éis diúltú ardú ceart a thabhairt sa cheadúnas teilifíse.
dhá shraith teilifíse two television series
" Go hiondúil bíonn dhá shraith teilifíse in aghaidh na bliana againn agus thar am tá muid i ndiaidh réimse maith cláracha a dhéanamh - cláracha faisnéise, drámaí, beochan, cláracha do pháistí, cláracha d'fhoghlaimeoirí, irischláracha, sobalfhaisnéisí, cláracha ceoil, srl.
scáileáin teilifíse TV screens
" Níl sa tseicteachas ach cuid den fhadhb agus tá na mílte eile ann nach bhfeictear ar na scáileáin teilifíse.
scáileán teilifíse television screens
" I gcúrsaí sacair déanaimid ceiliúradh má fhaighimid comhscór fiú amháin agus is ionann comhscór go minic agus bua, go speisialta más i gcoinne na Sasanach a bhímid ag imirt! Tuigimid go léir cén bhrí atá leis sin ach an léiríonn sin agus torthaí leathchuibheasacha eile easpa féinmhuiníne ionainn féin? Céard a chiallaíonn Corn an Domhain dúinn ar aon nós? An comórtas spóirt é? An ócáid é chun cóisir náisiúnta a chur ar bun? An leithscéal é chun uaireanta fada a chaitheamh i dtithe tábhairne ag caitheamh siar beorach agus ag canadh amhrán amaideach, ag screadach agus ag liúireach os comhair scáileán teilifíse.
caighdeán teilifíse television standard
" Nuair a d'fhill mé ar ais abhaile, cheannaigh mé fístaifeadán ar leith a bhí ábalta an caighdeán teilifíse PAL a aistriú go dtí NTSC, an córas atá i bhfeidhm i Meiriceá.
caighdeán teilifíse television standard
" Nuair a d'fhill mé ar ais abhaile, cheannaigh mé fístaifeadán ar leith a bhí ábalta an caighdeán teilifíse PAL a aistriú go dtí NTSC, an córas atá i bhfeidhm i Meiriceá.
cianrialaitheoir teilifíse television remote control
" Is féidir leis an lucht féachana cianrialaitheoir teilifíse a úsáid chun geall a chur mar chuid den chluiche - geall a chosnaíonn thart ar 40 cent.
bealach teilifíse Gaeilge Irish language television channel
" Tá muid faoi chomaoin acu sin a throid ar son Raidió na Gaeltachta, ansin Gaeilge ar an teilifís agus, ina dhiaidh sin, bealach teilifíse Gaeilge.
teilifíse réadúla reality TV
" Ach níor ghin briseadh ar bith acu an oiread poiblíochta domhanda agus a ghin briseadh na míosa seo caite … Cé nó cad é a bhí taobh thiar de bhá long cháiliúil na teilifíse réadúla "Cabin Fever" amach ó chósta Thoraí, oileán dúchais Bhalor, áit a raibh dún agus mún a mhuintire ó thús ama? Sin ceist chrua na míosa seo, ceist nach furasta freagra a fháil uirthi nó ní lia cloch ar dhuirlingí Thoraí ná barúil i dtaca leis an cheist chasta chiapach chéanna.
Tá an-rath ar an stáisiún teilifíse seo this television station has been very successful
" Tá an-rath ar an stáisiún teilifíse seo ó bunaíodh é i 1996 agus is cinnte go bhfuil na ghníomhaígh teanga a raibh an fhís acu an chéad lá riamh, agus a throid ar feadh na mblianta fada go dtí gur fíoraíodh an fhís, breá sásta leis an toradh atá ar a saothar.
an gnáthchlár teilifíse the usual televison programme
" "Níorbh é an gnáthchlár teilifíse faoin cheol dúchais a bhí ann; ní raibh an bhéim ar dhaoine a bheith ag seinm, ach ar an cheangal idir daoine agus an ceol.
stiúideoanna teilifíse television studios
" Tá siad sásta an bealach chun tosaigh a phlé le Sinn Féin i stiúideoanna teilifíse.
ag cnádán fán teilifís complaining about the television
" Bheadh Aindí ag cnádán fán teilifís agus ní bheadh clár ar bith á shásamh.
aonach teilifíse television fair
" Tá ceithre mhí caite agam féin agus muintir Telegael air agus táimid ag súil le margadh idirnáisiúnta a fháil dó ag an aonach teilifíse in Cannes.
gceadúnas teilifíse television licence
" Tagann maoiniú na seirbhíse ón airgead a fhaigheann RTÉ ón gceadúnas teilifíse.
sraith teilifíse television series
" Is sraith teilifíse an-mhaith é "Laochra Gael" a chraoltar ar TG4.
réalta teilifíse television stars
" Tá cuma mhaith orthu; gléasann siad go néata agus go faiseanta; tá líofacht chainte agus scileanna cumarsáide ar ardchaighdeán acu agus tá sé éasca réalta teilifíse a dhéanamh astu.
comhlachtaí teilifíse television companies
" "Nuair a bhain mé mo chéim amach, agus tar éis dom samhradh a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, chuir mé isteach ar obair le comhlachtaí teilifíse in Éirinn agus i Sasana.
fógraí teilifíse television ads
" Tá a ndícheall déanta ag na Poblachtánaigh an eagla a chothú, le fógraí teilifíse, cuir i gcás, a thaispeánann mic thíre ag teacht níos cóngaraí agus níos cóngaraí don cheamara.
Fhéile Cheilteach Scannán agus Teilifíse CelticFilm and Television Festival
" Ach, an tseachtain seo chugainn, beidh mé thiar i nGaillimh agus mé i mbun an ghiúiré don Fhéile Cheilteach Scannán agus Teilifíse.
ar ár scáileáin teilifíse on our TV screens
" Straitéisí ======= Is iomaí tionchar a bhí ag an IRA taobh amuigh de na himeachtaí uafásacha a chonaic muid ar ár scáileáin teilifíse gach oíche.
láithreoir teilifíse TV anchorman
" Ag pointe amháin, deir láithreoir teilifíse gur lá é Lá Fhéile Pádraig “nuair a bhíonn gach duine rud beag Éireannach.
mo chonradh teilifíse my television contract
" Bhuel, thiocfadh liom neart scéalta eile a insint – ach sílim go gcoinneoidh mé iad go dtí go bhfaighidh mé mo chonradh teilifíse! Idir an dá linn, rachaidh mé ar ais i gceann oibre an tseachtain seo chugainn.
Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann Northern Ireland Film and Television Commission
" Tá Killoran i gceannas ar Chiste Craoltóireachta Gaeilge Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann (CSTTÉ) agus tá breis is dhá mhilliún déag punt sa chiste sin le caitheamh ar chláracha Gaeilge idir 2005 agus 2009.
dá múchfainn an teilifís if I turned off the TV
" D’ordaigh mé cúpla deoch agus d’fhiafraigh mé den chomhluadar ar mhiste leo dá múchfainn an teilifís.
fógra teilifíse television advertisement
" Tá muid á dhéanamh seo le bileoga eolais, suíomh gréasáin cuimsitheach, agus fógra teilifíse atá le craoladh ó oíche Shamhna ar aghaidh.
léiritheoir teilifíse television producer
" Mar léiritheoir teilifíse, bíonn orm féin déanamh cinnte de go mbím in ann smaoineamh go cruthaitheach agus teacht ar chur chuigí nua go rialta - fiú amháin agus mé ag druidim le spriocdháta tábhachtach.
léiritheoir teilifíse television producer
" Mar léiritheoir teilifíse, bíonn orm féin déanamh cinnte de go mbím in ann smaoineamh go cruthaitheach agus teacht ar chur chuigí nua go rialta - fiú amháin agus mé ag druidim le spriocdháta tábhachtach.
láithreoir teilifíse television presenter
" I measc na n-aoichainteoirí ag an gceardlann beidh an láithreoir teilifíse Aoife Ní Thuairisc, Joe Connolly (iar-chaptaen iománaíochta na Gaillimhe) agus Conn Ó Muineacháin, podchraoltóir agus iriseoir.
gcomhlacht léiriúchán teilifíse television production company
" Beidh fiontraithe éagsúla ag déanamh cur síos agus plé ar na deiseanna a thug an Ghaeilge dóibh: Irial Mac Murchú, ón gcomhlacht léiriúchán teilifíse Nemeton, Úna Nic Gabhann ón mbialann Ghaelach Caife Úna, Ciarán Mac Fhearghusa ó Na Gaeil Óga (a labharfaidh faoin bhfiontraíocht shóisialta) agus Rónán Mac Murchaidh ó Gaelfest (a dhíreoidh ar an bhfiontraíocht chultúrtha).
teacht chun cinn na teilifíse digití the arrival of digital television
" Le teacht chun cinn na teilifíse digití, agus le TG4 10 mbliana ar an bhfód, beidh ábhar spleodrach san agallamh seo.
nach n-oibreoinn sa teilifís that I wouldn't work in television
" “Dúradh liom nach n-oibreoinn sa teilifís agus nach raibh aon mhaith liom, agus dearmad a dhéanamh air!” Is cuimhin léi trail amháin a bhí go dona ar fad.
i dtionscal na teilifíse in the television industry
" ” Is léir go bhfuil go leor daoine ag obair i dtionscal na teilifíse nach bhfuil Aoife róthógtha leo.
láithreoir teilifíse television presenter
" I measc na n-aoichainteoirí ag an gceardlann beidh an láithreoir teilifíse Aoife Ní Thuairisc, Joe Connolly (iar-chaptaen iománaíochta na Gaillimhe) agus Conn Ó Muineacháin, podchraoltóir agus iriseoir.
gcomhlacht léiriúchán teilifíse television production company
" Beidh fiontraithe éagsúla ag déanamh cur síos agus plé ar na deiseanna a thug an Ghaeilge dóibh: Irial Mac Murchú, ón gcomhlacht léiriúchán teilifíse Nemeton, Úna Nic Gabhann ón mbialann Ghaelach Caife Úna, Ciarán Mac Fhearghusa ó Na Gaeil Óga (a labharfaidh faoin bhfiontraíocht shóisialta) agus Rónán Mac Murchaidh ó Gaelfest (a dhíreoidh ar an bhfiontraíocht chultúrtha).
teacht chun cinn na teilifíse digití the arrival of digital television
" Le teacht chun cinn na teilifíse digití, agus le TG4 10 mbliana ar an bhfód, beidh ábhar spleodrach san agallamh seo.
scáileáin teilifíse television screens
" Le linn na racán i gceantar na Carraige Báine anuraidh, shéan gach ball sinsearach den Ord go raibh páirt ag baill de chuid an Oird san fhoréigean, in ainneoin é bheith le feiceáil ar na scáileáin teilifíse.
láithreoir teilifíse television presenter
" I measc na n-aoichainteoirí ag an gceardlann beidh an láithreoir teilifíse Aoife Ní Thuairisc, Joe Connolly (iar-chaptaen iománaíochta na Gaillimhe) agus Conn Ó Muineacháin, podchraoltóir agus iriseoir.
gcomhlacht léiriúchán teilifíse television production company
" Beidh fiontraithe éagsúla ag déanamh cur síos agus plé ar na deiseanna a thug an Ghaeilge dóibh: Irial Mac Murchú, ón gcomhlacht léiriúchán teilifíse Nemeton, Úna Nic Gabhann ón mbialann Ghaelach Caife Úna, Ciarán Mac Fhearghusa ó Na Gaeil Óga (a labharfaidh faoin bhfiontraíocht shóisialta) agus Rónán Mac Murchaidh ó Gaelfest (a dhíreoidh ar an bhfiontraíocht chultúrtha).
teacht chun cinn na teilifíse digití the arrival of digital television
" Le teacht chun cinn na teilifíse digití, agus le TG4 10 mbliana ar an bhfód, beidh ábhar spleodrach san agallamh seo.
díbríodh criú teilifíse de chuid RTÉ amach as an Vatacáin an RTE film crew was driven out of the Vatican
" Thart ar an am céanna, díbríodh criú teilifíse de chuid RTÉ amach as an Vatacáin toisc gur ghléasadar bean mar easpag agus iad i mbun scannánaíochta.
réimse na teilifíse the television area
" Tá fostaíocht shuntasach curtha ar fáil i réimse na teilifíse agus san earnáil chlosamhairc.
gus an cúram a leagan ar mhórphearsa teilifíse and giving the responsibility to a big television personality
" Níl aon samhlaíocht léirithe aige le dul i ngleic leis an slad atá á dhéanamh ar bhóithre na tíre, seachas pointí úra pionóis a thabhairt isteach agus an cúram a leagan ar mhórphearsa teilifíse.
léiritheoir teilifíse television producer
" Thug mé a lán eolais faoin Derry Club don léiritheoir teilifíse Lynn Keane nuair a bhí sí ag déanamh clár faisnéise do Channel 4 i 1995 agus cé go ndearna siad *exposé* faoin áit agus an ceangal a bhí ann leis an UVF, arís ní dhearna na póilíní faic faoi.
tonn throm na teilifíse the heavy wave of television
" Aisphreabadh atá ann, b’fhéidir, i ndiaidh tonn throm na teilifíse, a thit ar an spórt áitiúil i Meiriceá ó na caogaidí i leith.
teacht na teilifíse cábla agus satailíte the coming of cable and satellite TV
" Agus le teacht na teilifíse cábla agus satailíte, táthar in ann táillí féachana a ghearradh go díreach orthu siúd atá ag féachaint sa mbaile.
á dtraenáil le haghaidh na teilifíse training them for television
" Ansin, chomh maith céanna, bíonn sé ag obair leis na láithreoirí in RTÉ, á dtraenáil le haghaidh na teilifíse.
stiúrthóir teilifíse television director
" ” Bhog roinnt mhaith daoine siar i dtrátha an ama chéanna sin, an stiúrthóir teilifíse Bob Quinn, cuir i gcás, mar gur theastaigh uathu éalú ó shaol na cathrach.
teicneolaíocht nua na teilifíse ardghléine the new technology of high definition television
" Agus bhí an t-ádh dearg freisin leo siúd a bhí ag féachaint ar an gcomórtas ar an teilifís – bhí na liathróidí gailf ar fad níos soiléire ar an scáileán ná riamh i mbliana toisc go raibh teicneolaíocht nua na teilifíse ardghléine (nó HD) in úsáid.
gnáthcheamaraí teilifíse ordinary television cameras
" Cé gur féidir le gnáthcheamaraí teilifíse liathróidí beaga gailf a thaispeáint freisin, déanann teicneolaíocht HD an t-éacht sin i bhfad níos éasca.
gnáthphictiúir theilifíse ordinary television images
" Ach cad go díreach atá i gceist le teilifís ardghléine agus na greamáin “HD Ready” atá ar theilifíseáin i siopaí? Go bunúsach, tá íomhánna HD i bhfad níos soiléire ná gnáthphictiúir theilifíse toisc go bhfuil níos mó spotaí beaga nó picteilíní sa phictiúr.
i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe sa tionscal teilifíse. in light of the changes in the television industry.
" Ní dóigh leis, áfach, go bhfuil sé sin chomh réadúil céanna mar sprioc anois, i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe sa tionscal teilifíse.
ardchaighdeán teilifíse a high standard of television
" “Measann muide go bhfaigheann an pobal féachana ar an oileán, thuaidh agus theas, ardchaighdeán teilifíse ar an airgead sin.
ní bhídís le feiceáil ar an teilifís they used not be seen on television
" Imreoirí agus laochra, peileadóirí agus iománaithe, daoine mar Chriostóir Ó Rinn, Nicky Rickard, Mícheál Ó Conaill agus Deasún Ó Foghlú, ba chúis cuid mhaith leis sin mar ní bhídís le feiceáil ar an teilifís faoi mar a bhíonn laochra an lae inniu.
sáite sna tuairiscí teilifíse engrossed in the television reports
" Bhí sí sáite sna tuairiscí teilifíse an oíche sin.
gur scrios an taithí a bhí acu ar an teilifís a saol. that the experience they had on television ruined their lives.
" Creideann an dream seo gur scrios an taithí a bhí acu ar an teilifís a saol.
ceadúnas teilifíse television licence
" Tá taisteal saor in aisce ag pinsinéirí, cuir i gcás, méid áirithe dá leictreachas saor in aisce, ní gá dóibh cíos a íoc ar a líne theileafóin nó ceadúnas teilifíse a bheith acu.
beo ar stáisiúin teilifíse Arabacha live on Arab television stations
" Tá a fhios againn le fada go bhfuil an-suim ag na hArabaigh in LFC; bíonn gach cluiche beo ar stáisiúin teilifíse Arabacha agus sin an t-aon dóigh amháin a mbíonn roinnt mhaith de chosmhuintir na háite ábalta na *Reds* a fheiceáil gach seachtain – éiríonn le go leor tithe tábhairne sa chathair an comhartha a ghlacadh, ag úsáid cártaí satailíte “neamhoifigiúla”.
teacht na teilifíse sna caogaidí the coming of television in the Fifties
" Ba é teacht na teilifíse sna caogaidí a d’athraigh gach rud.
láithreoir teilifíse TV presenter
" Déanann Ihimaera go leor tagairtí do dhaoine atá i mbéal an phobail sa Nua-Shéalainn ina chuid scríbhneoireachta, agus cuireann sé mar charachtair iad ina leabhair – John Campbell, láithreoir teilifíse TV3 mar shampla.
stáisiún teilifíse Arabach an Arab television station
" Bhí dea-mhéin ann don Dubai Investment Corporation nuair a bhí siad ag iarraidh an club a cheannach mar go mbíonn muid ag amharc ar Liverpool FC ar stáisiún teilifíse Arabach gach seachtain sna tithe tábhairne anseo agus thuig muid go raibh suim acu sa chlub le fada.
ar thuairisceoirí teilifíse on television reporters
" Thug mé faoi deara ar thuairisceoirí teilifíse iad i dtús báire, iad ag labhairt taobh amuigh d’áit éigin, micreafón ina lámh acu agus lipéad The North Face ar a gcóta, os comhair an tsaoil.
sa tsraith teilifíse in the television series
" Tá roinnt de na ceisteanna a ardaíodh sa tsraith teilifíse “Níos Gaelaí”, a bhí le feiceáil ar RTÉ le linn Sheachtain na Gaeilge, fíorspéisiúil, agus ceapaim go bhfuil sé tábhachtach dúinn ar fad tuiscint a fháil ar céard is Éireannachas ann.
de bhord Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éirinn of the board of the Northern Ireland Film and Television Commission
" Tá sé ina bhall de bhord Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éirinn leis na blianta agus bhí baint lárnach aige le bunú agus forbairt an Chiste Craoltóireachta Gaeilge fosta.
Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann, the Northern Ireland Film and Television Commission,
" Mar aon leis an obair a dhéanann sé le Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann, tá sé thar a bheith bródúil as an obair ar fad atá déanta aige leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge ón am a bunaíodh é in 2005.
na sraitheanna teilifíse the television series
" D’éirigh leis na scriptscríbhneoirí Ian Clement agus Dick La Frenais, fir a bhfuil na sraitheanna teilifíse Lovejoy agus *Porridge *scríofa* *acu, an conradh a fháil.
teicneolaíocht teilifíse television technology
" Caithfidh sé go bhfuil dúil ag Dia sna cluichí Gaelacha! An té a bhí ag breathnú ar chraoladh beo na gcluichí ar an teilifís cheapfadh sé go raibh an aimsir go breá fiú agus an bháisteach throm ag titim, a bhuíochas sin don teicneolaíocht teilifíse agus do dhea-chuma Pháirc an Chrócaigh i mbliana.
ón tsraith teilifíse from the television series
" An Seanadóir Fred Thompson, fear a bhfuil aithne air mar aisteoir ón tsraith teilifíse "Law and Order"*,* mar shampla.
cur i láthair cláracha teilifíse presenting television programmes
" Mar a fuair mé amach, áfach, ní hé cur i láthair cláracha teilifíse an t-aon phost amháin atá ag an bPolannach óg seo.
stáisiún nua teilifíse a new television station
" “Fuair mé glao ó chara ag rá gur léigh sí san *Evening Herald* go raibh fear darb ainm David Harvey ag cur stáisiún nua teilifíse ar bun, City Channel, a bheadh ag craoladh i mBaile Átha Cliath ar NTL Digital.
na laochra teilifíse the television heroes
" Is iad na laochra teilifíse atá agam ná Gráinne Seoighe agus David McWilliams agus teastaíonn uaim a bheith sa tír ina bhfuil siad ag obair.
sáite os comhair scáileán teilifíse nó ríomhairí stuck in front of a television screen or computers
" Is breá liomsa iad a fheiceáil taobh amuigh, in ionad iad a bheith sáite os comhair scáileán teilifíse nó ríomhairí ar thóineanna ramhra, go háirithe agus muid i ré ina bhfuil fadhb an mhurtaill ag méadú de shíor i measc na hóige.
a gcuid tuairiscí teilifíse their television broadcasts
" Mar thoradh ar dhul chun cinn i gcumarsáid na satailíte agus i gcórais eagarthóireachta dhigiteacha thig le hiriseoirí a gcuid tuairiscí teilifíse a tharchur go gasta ó achan chearn den domhan.
le soghluaisteacht an tuairisceora teilifíse. with the mobility of the television reporter.
" Cuidíonn ceamaraí níos lú agus trealamh níos éadroime le soghluaisteacht an tuairisceora teilifíse.
léiritheoirí Maoracha teilifíse Maori television producers
" Cúpla mí ó shin, chuaigh mé go Rotorua le freastal ar chomhdháil de chuid léiritheoirí Maoracha teilifíse.
Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann The Northern Ireland Film and Television Commission
" “Chuaigh mé a fhad le Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann agus bhí dúil ag gach dream sa scannán ar an toirt agus chuir siad go léir tacaíocht ar fáil go measartha gasta.
an tarchuradóireacht analógach teilifíse analogue television broadcasting
" Tá raidió digiteach ann cheana féin agus meastar go mbeidh deireadh go huile is go hiomlán leis an tarchuradóireacht analógach teilifíse faoin bhliain 2012.
earnáil teilifíse television sector
" Tá an tuairim ann go forleathan go bhfuil Nemeton ar cheann de na comhlachtaí Gaeilge is mó a bhfuil rath air san earnáil teilifíse Éireannach, agus moltar go minic an obair cheannródaíoch atá déanta ag Mac Murchú sa tionscal.
taithí theilifíse television experience
" ”**Blianta tosaigh Nemeton** Cé nach raibh taithí theilifíse ag Irial ag an am, chuir sé tús leis an gcomhlacht sa bhliain 1993 i “gcoire-theach”.
taithí theilifíse television experience
" ”**Blianta tosaigh Nemeton** Cé nach raibh taithí theilifíse ag Irial ag an am, chuir sé tús leis an gcomhlacht sa bhliain 1993 i “gcoire-theach”.
ón gceadúnas teilifíse. from the television licence fee.
" Bunaíodh an ciste faoin Acht Craolacháin (Maoiniú) 2003, agus tagann an t-airgead atá sa chiste ón gceadúnas teilifíse.
ní hamháin don teilifís, not only for television,
" Beidh an t-ábhar seo á léiriú acu, ní hamháin don teilifís, ach don idirlíon, don iPod agus do gach rud eile.
cláracha teilifíse television programmes
" Ar an raidió den chuid ba mhó a bhíodh siad le cloisteáil ag an tús, ach de réir a chéile – agus faoi thionchar Kieran – chuaigh BBC TÉ i mbun cláracha teilifíse as Gaeilge a léiriú.
seacht scáileán teilifíse seven television screens
" Bhí slua mór Éireannach i láthair agus sé nó seacht scáileán teilifíse timpeall an tí sa chaoi is go raibh radharc breá ag gach duine ar an gcluiche.
sraith teilifíse television series
" Nuair a thosaigh Fred Thompson – a bhfuil cáil air mar aisteoir ón tsraith teilifíse "Law and Order” – a fheachtas, bhíothas ag súil go dtaitneodh a íomhá "crua" le daoine, ach ní léir go bhfuil ag éirí rómhaith leis.
Iarléiritheoir teilifíse ex-television producer
" Iarléiritheoir teilifíse le RTÉ atá inti agus tá sí anois ag iarraidh a slí bheatha a thabhairt i dtír trí scríbhneoireacht.
an t-iarláithreoir teilifíse the former television presenter
" Níorbh fhéidir le Ian Paisley agus Martin McGuinness duine amháin a ainmniú a mbeadh an bheirt acu sásta leis/léi, mar sin roghnaigh siad ceathrar – bainisteoir Iontaobhas Dhomhnach na Fola, Patricia McBride; Bertha McDougal a bhíodh ina Coimisinéir d’Íospartaigh go dtí seo agus ar mharaigh an INLA a fear céile a bhí ina phóilín san RUC; Brendan McAllister ó Mediation Northern Ireland agus an t-iarláithreoir teilifíse Mike Nesbitt.
láithreoir teilifíse television presenter
" Ba é sin an fáth ar roghnaigh mé Neelo (Niall MacDonagh, láithreoir teilifíse a bhíonn le feiceáil ar TG4) leis an tsraith a chur i láthair, mar go bhfuil Gaeilge Bhaile Átha Cliath aige.
sa tsraith teilifíse in the television series
" I ndiaidh an chúrsa, roghnaíodh triúr againn le tabhairt faoin bpuipéadóireacht sa tsraith teilifíse “The Hoobs”, a craoladh ar TG4, mise ina measc.
sraitheanna teilifíse television series
" Léiríonn sraitheanna teilifíse mar “The X-Factor” agus “You're a Star” cé chomh dona agus atá cúrsaí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe ó thaobh an oideachais ceoil de sa lá atá inniu ann.
ó thaobh chórais dhigiteacha teilifíse de. in terms of digital television systems
" Agus ar ndóigh, tá satailítí fós lárnach i gcúrsaí teileachumarsáide – tá siad ag éirí níos tábhachtaí mar go bhfuil leathanbhanda á sholáthar tríothu go forleathan anois agus tá siad ag éirí níos lárnaí i rith an ama ó thaobh chórais dhigiteacha teilifíse de.
teilifís ardghléine HD TV
" Go deimhin, is gá béim a chur ar an bpointe seo: a fhad is a bhí na Meiriceánaigh i mbun pléascadh rudaí, bhí muintir na Seapáine ag cur satailít nua sa spás a chuirfidh seirbhís iontach tapa idirlín ar fáil do mhuintir na hÁise, mar aon le teilifís ardghléine ar bhonn trialach freisin.
tionscadail teilifíse television projects
" Léiríonn na tionscadail teilifíse atá roghnaithe aige go gcuireann sé roimhe ceisteanna agus fadhbanna móra sóisialta agus cultúrtha a phlé.
beidh mír Des le feiceáil ar an teilifís Des's bit will be shown on TV
" Mura féidir leat freastal ar an seó beo, beidh mír Des le feiceáil ar an teilifís nuair a chraolfar clár deireanach na sraithe ar an 24 Aibreán.
ní bheinn sásta é a phlé ar an teilifís. I wouldn't like to talk about it on TV
" Mar sin, ní bheinn sásta é a phlé ar an teilifís.