Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a dheichiú leabhar his tenth book
" Tá sé díreach i ndiaidh a dheichiú leabhar a fhoilsiú agus é - creid é nó ná creid - 97 mbliana d'aois.
deichiú comhdháil bhliantúil tenth annual conference
" Bhí deis agam dul chuig deichiú comhdháil bhliantúil an *North American Association for Celtic Language Teachers* in Ollscoil Concordia i Montreal, Ceanada, i mí na Bealtaine.
an deichiú cuid one-tenth
" I bhfocail eile, tá líomhaintí maidir le hionsaithe gnéis curtha i leith an deichiú cuid de na sagairt a oirníodh sa deoise bheag tuaithe seo ón bhliain 1932 ar aghaidh.
an deichiú ceann the tenth one
" Is í an tuarascáil “An Teaghlach” an deichiú ceann atá eisithe ag Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht.
deichiú haois tenth century
" Rinne foireann ó Mhúsaem na Breataine agus English Heritage tástáil ar an déantán airgid agus dhearbhaigh siad nach ndearnadh é sa deichiú haois, ach dúirt siad go raibh seans ann go raibh an píosa adhmaid féin barántúil.
aon deichiú cuid Éireannach, one tenth Irish
" Tá sé aon cheathrú Síneach, aon leath Afracach, aon deichiú cuid Éireannach, trí fhichiú cuid Rúiseach, Spáinneach, Francach, Sasanach agus Gearmánach.
chun an deichiú bonn sin a bhaint amach to get that tenth medal
" Cuimhnímis freisin nach gá do Henry Ó Seibhleáin ach teacht slán as craobh na gclub agus é féin a fháil faoi réir le haghaidh dhá nó trí chluiche mhóra ar a mhéid a imirt chun an deichiú bonn sin a bhaint amach.
deichiú bonn uile Éireann tenth All Ireland medal
" Cá bhfios, mar sin, nuair a dhúisíonn Henry Ó Seibhleáin maidin Lá Nollag, nach camán saorga ‘Cúltec’ a bheas sa stoca nó faoin gcrann giúise agus nach é an camán ‘plaisteach’ céanna a bheas ina ghlaic aige nuair a bhuann sé an deichiú bonn uile Éireann!?