Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Thairis sin moreover
le háireamh thairis sin to be included as well
" Sa bhliain 1970, bhí milliún acu a rugadh i nÉirinn abhus anseo, agus bhí i bhfad níos mó den dara glúin le háireamh thairis sin.
thairis sin more, beyond
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
dul thairis sin to overcome that
" Ach de réir Roddy, is é an dúshlán atá roimhe ná dul thairis sin: *“It is the wobbles in the routine that make life interesting and worth living,"*a dúirt sé.
Thairis sin as well as that
" Thairis sin, saothraíodh liosta le háireamh lámhscríbhinní móra i lár na tíre nach ndeachaigh 'taobh re tuinn' riamh ó scríobhadh iad míle bliain ó shin.
thairis sin apart from that
" Rinne mo mháthair rud éigin dóibh na blianta ó shin, ach thairis sin, ní raibh tuairim chruinn agam ina dtaobh.
thairis sin apart from that
" Nó, le bheith blaisín níos cruinne, cá bhfuil an ceathrar déag seanadóirí den Pháirtí Daonlathach, atá ar iarraidh ón 17ú Feabhra amach? Dar le ball sinsearach den pháirtí sa stát, is féidir a bheith cinnte go bhfuilid ‘áit éigin sa leathsféar thiar’, ach thairis sin, níl sé sásta níos mó eolas a thabhairt.
thairis sin apart from that
" A bhformhór is den tuairim gur cabhair í maidir lena ndeiseanna fostaíochta a fheabhsú, cé nach léir dóibh i ndáiríre cén mhaith dóibh an Béarla thairis sin.
sin scéal thairis that’s another story
níl mórán thairis sin ann there’s not much else there
" Tá foras tábhachtach poiblí amháin caillte san áit, an teach leanna, agus níl mórán thairis sin ann.
Thairis sin also
" Thairis sin, mhaígh sé nach bhféadfaí iarratas nua a dhéanamh go héifeachtach gan eolas na gcúiseanna.
Thairis sin also
" Thairis sin, is í an tsainghné chéanna sin is féidir a mhaíomh siar i sinsear mhórchuid de mhuintir na hÉireann breis is dhá mhíle bliain agus míle go leith bliain in Albain.
Thairis sin as well as that
" Thairis sin is capaill folaíochta iad an triúr príomhaisteoir.
Thairis sin apart from that
" Thairis sin, mothaíonn seandaoine Gearmánacha gan Bhéarla go bhfuil an ‘teanga nua’ seo á mbrú amach as an tsochaí.
Thairis sin, glactar leis it’s also accepted
" Thairis sin, glactar leis nach ar na tíortha athbhaile amháin a dtéann an ghluaiseacht seo daoine i bhfeidhm.
Thairis sin apart from that
" Thairis sin, Béarla uilig a bhí ann.
thairis sin furthermore
" Níl fuíoll molta fágtha ag PJ Mac Gabhann ar Brides-les-Bains mar bhaile saoire in Alpa na Fraince agus thairis sin tugann sé leid san alt seo chun tranglam tráchta deireadh seachtaine na Fraince a sheachaint.