Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
amharc thall udaí look over there
" "A Nuala, amharc thall udaí.
faoi dheireadh thiar thall at last
" (Nílim ach ag magadh!) Níor chailleas dóchas, áfach, agus faoi dheireadh thiar thall, tá cara le Gaeilge agam ar féidir liom an teanga a labhairt leis go rialta.
an diúlach seo thall the boyo/buck over there
" Ní fheicim mórán le rá agat nuair atá an diúlach seo thall ag caitheamh na dtoitín a spíonann sé féin.
Sa deireadh thiar thall eventually
" Sa deireadh thiar thall ghlac an grúpa le téama bunaithe ar na heilimintí - aer, uisce, talamh agus tine - agus thosaigh an obair láithreach ansin.
sa deireadh thiar thall at long last
" Chuala mé gur áit speisialta a bhí ann le cuairt a thabhairt air agus nuair a bhain mé an t-ionad amach sa deireadh thiar thall ní raibh díomá orm.
ar deireadh thiar thall at long last
" Tá creidiúint mhór ag dul do na gardaí - ar deireadh thiar thall, a deir tú, agus an ceart ar fad agat - as fiosrúchán mall a dhéanmah chomh foighdeach sin.
thall agus abhus here and there
" Rinne Eibhlín mar a iarradh uirthi agus chaith sí tuairim is leathuair ag cuidiú léi maisiúcháin a chur suas thall agus abhus sa halla.
go n-éirí leat thall i Nua-Eabhrac good luck over in New York
" AÓF: Bhuel, go raibh maith agat, a Thaidhg, as ucht labhairt liom agus go n-éirí leat thall i Nua-Eabhrac.
sa deireadh thiar thall eventually
" Roghnaigh muid an t-ainm Líadan sa deireadh thiar thall agus ní raibh níos mó cainte ann faoi! AÓF: ***An mbíonn sibh ag seinm le chéile go minic? Cén chaoi a mbíonn sibh in ann a bheith ag cleachtadh má tá sibh ar fad in bhur gcónaí in áiteacha éagsúla sa tír?***SD: Déanann muid iarracht castáil le chéile chomh minic agus is féidir.
corralt thall is abhus the odd article here and there
" Bhailigh sé béaloideas agus scéalta, chuir sé fios logainmneacha (agus ní cruinn i gcónaí a bhí sé ina chuid tuairimí) agus scríobh corralt thall is abhus faoi cheisteanna teanga.
thall nó abhus. over there or over here.
" Ach mar aon leis an spreagadh sin, is breá le Bob cuidiú le cúiseanna maithe, bíodh siad thall nó abhus.
thall over there
" Deir Mind fosta go bhfuil saol na nÉireannach thall chomh deacair is atá sé do na mionlaigh shofheicthe, is é sin, na daoine gorma agus daoine ón Áis.
le linn chamchuairt na nAstrálach thall during an Australian tour over there
" Dhá bhliain ó shin, chaill na hAstrálaigh sraith de chomórtais thrialacha a d’imir siad i gcoinne fhoireann Shasana le linn chamchuairt na nAstrálach thall.
ag tuairisciú ar an gcogadh thall reporting on the war over there
" Ba bheag nach bhfuair mé bás agus mé sa Bhoisnia ag tuairisciú ar an gcogadh thall ar a son.
thall over there
" Chaith mé ceithre lá i ndeisceart na Spáinne le gairid; bhí mé thall mar go raibh mé ag iarraidh teach samhraidh a cheannach.
sa deireadh thiar thall, at long last
" Tá aitheantas tugtha, sa deireadh thiar thall, ag Rialtas na hÉireann don obair ar fad atá curtha i gcrích – agus don obair atá fós ar siúl – acu siúd a bhfuil baint acu leis an Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh.
sa deireadh thiar thall. at long last
" Faoin am a léifidh tú seo, seans maith go mbeidh sé thart; thart sa deireadh thiar thall.
fós thall still over there
" Cé go raibh mo cholainn ar ais san Eoraip, bhí mo chroí fós thall faoi spéir ghorm na hAfraice.
sínte thall is abhus ar an urlár laid out here and there on the floor
" Bhí Dónal Ó Liatháin agus na Sínigh istigh faoin chuntar ina sámhchodladh, lucht Ionad Buail Isteach sínte thall is abhus ar an urlár, agus an Tóirse Oilimpeach athbhreoslaithe le trí bhuidéal de 12 Year Old Jameson ag soilsiú go geal agus é ag gobadh aníos as fualán i leithreas na bhfear.
faoi dheireadh thiar thall at long last
" “Tá an oiread sin machnaimh agus oibre i ndiaidh a bheith déanta ar an gclár seo gur ait liom go mbeidh sé le feiceáil, faoi dheireadh thiar thall, i gceann cúpla lá.
thall is abhus here and there
" Ba léir an méid sin ar an duilleog páipéir a bhí marcáilte buí ina glaic aici, an bhéim leagtha ar phointe thall is abhus.
sa deireadh thiar thall finally
" Caithfidh mé a admháil liom féin ag an phointe seo i mo shaol, sa deireadh thiar thall, nach bhfuil suim ar bith agam sa siopadóireacht.
sa deireadh thiar thall finally and eventually
" Tá an dóchas agus an t-ionchas ann go mbeidh toradh agus réiteach dearfach na bhfadhbanna ann sa deireadh thiar thall.
thall is abhus here and there
" Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort in d’óige? Múinteoir thall is abhus, déarfainn.
meáin thall media over there
" Fearadh fáilte is fiche roimh an dochtúir nuair a bhain sé a fhód dúchais amach, agus cáineadh go géar an drochdhóigh a caitheadh leis san Astráil sna meáin thall.
deireadh thiar thall at the end of the day
" Ach ar deireadh thiar thall, shocraigh mé dul sa seans.
thall is abhus here and there
" Ar bhonn fánach a bhí mé ag obair, thall is abhus.
ar deireadh thiar thall eventually
" Ní éileodh duine nár fhág Boca Canasta riamh a leithéid de chúnamh ar na húdaráis, ach de bharr na taithí a fuarthas i mBostún, iarradh cabhair ar an rialtas agus géilleadh ar deireadh thiar thall, don éileamh.
thall is abhus odd, here and there
" Agus an braon deireanach ag sileadh de bhéal an dara buidéil *Jameson 15 Year Old Reserve*, dúirt Balor go dtosódh sé le roinnt ceisteanna boga, chun Dermo a chur ar a shuaimhneas: **Balor: Ar mhiste leat a rá liom, a Ardeaspaig, an raibh bean agat riamh?** Dermo: Bhuel, a Bhaloir, seachas mo mhamaí agus mo chuid deirfiúracha, bhí cúpla aintín agam agus bean tí thall is abhus nuair a bhí mé i mo shagart cúnta.
thall is abhus here and there
" Caithfear díriú ar an bhall lag thall is abhus agus cuidiú leis nó léi ón chéad lá a chraolfaidh sé/sí.
ag an deireadh thiar thall eventually
" Tá dreamanna éagsúla, ar nós foireann an Plastiki, ag iarraidh an scéal a scaipeadh, ach ní mór dúinn a thuiscint ag an deireadh thiar thall go dtéann tionchar ár ngníomhartha i bhfad níos faide uainn ná an saol lasmuigh de fhuinneog an tí s’againn féin.
thall over there
" thall i Silicon Valley an t-am sin, ní raibh ann ach úlloird agus fíonghoirt ó San Jose féin go San Francisco beagnach.
thall over there
" Tá an páirtí úd ins an Tuaisceart sásta ciorruithe uafásacha a chur i bhfeidhm anois ar ordú Londain, ar ordú an rialtais thall.
sa deireadh thiar thall when all's said and done
" Bíonn ar an Teachta Dála a shlí bheatha féin a chur chun cinn, sa deireadh thiar thall agus fágann córas dian na n-aoirí mar sin, nach dtig leis vóta a chaitheamh de réir a choinsiasa.
i ndeireadh thiar thall finally
" An Leas-Cheann Comairle: Dinny McGinley =================== Sa chás go seasfaidh sé babhta amháin eile (agus ó tharla Pádraig Mc Cormack a bheith dulta ar féarach) beidh aitheantas le fáil ag an seanfhondúir agus Gaeilgeoir líofa i ndeireadh thiar thall.
thall nó abhus here and there
" Dimple beag thall nó abhus – sin an méid a bhíonn de dhíth chun milliún Euro de dhuaischiste a chaitheamh i dtraipisí.
tíortha thall countries over there
" Bíonn ionsaithe ar léirsitheoirí ar son daonlathas sa Libia agus sa tSiria go mór sa nuacht sa lá atá inniu ann, ach ní dhearna meáin chumarsáide na tíre seo, Sasain, aon chomórtas idir iompar na bpóilíní i Londain agus iompar na bhfórsaí slándála sna tíortha thall.
Sa deireadh thiar thall eventually
" Sa deireadh thiar thall, thiocfadh na pobail tuaithe slán.
thall agus abhus here and there
" Bhí bairillí folmha thall agus abhus.
Ag deireadh thiar thall finally
" Ag deireadh thiar thall, tá dualgas bunreachtúil fíorthabhachtach amháin ag Uachtarán na hÉireann: gach Bille ón Oireachtas a mheas le cinnte a dhéanamh dhó go bhfuil sé ag teacht leis an mbunreacht agus, má tá amhras ann faoi, é a chur os comhair na Cúirte Uachtaraí, lena scrúdú.
sa deireadh thiar thall finally
" ” Ní raibh sé íoróineach ar chor ar bith, áfach, má chuirtear san áireamh an cogadh fada Iosraelach i gcoinne a sean-namhad Libiaigh agus an ról lárnach a bhí acu i dtonnbhriseadh an tseanghnáthaimh sa deireadh thiar thall.
an bhruach thall the opposite bank
" Le hádh agus le faoiseamh d’éirigh liom agus bhaineamar an bhruach thall amach.
I ndeireadh thiar thall finally
" ) I ndeireadh thiar thall b’é Micheál Ó Máille a ceapadh le bheith ar an chéad Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta.
thall agus abhus here and there
" Bhí urlár an tí clúdaithe le brat geal, agus brait bheaga bhána thall agus abhus leis na soithí a leagan orthu.
Faoi dheireadh thiar thall finally
" Faoi dheireadh thiar thall, tar éis dhá bhliain déag de thaighde agus de chomharliúchán, bhí beartas an rialtais i leith na Gaeltachta le cur inár láthair.
Bíonn gliomach thall is abhus there’s an odd jewel (to be picked up)
is nach mbíonn á labhairt ach seanduine thall is abhus and only old people are speaking it here and there
" Síleann siad gur teanga mharbh í is nach mbíonn á labhairt ach seanduine thall is abhus.
faoi dheireadh thiar thall finaly
" Thug Eoghan Ó Néill laoch spóirt agus laoch an chine dhaonna ar Norman san alt thuasluaite agus más mall is mithid go bhfuil sé aitheanta ina thír féin faoi dheireadh thiar thall.
thall is abhus here and there
" , nach bhfuil an duine in ann éirí aniar leis na deacrachtaí a eascraíonn as míreachtú nó forlámhas phobail an domhain ar a chéile? Ar cheart do na hÉireannaigh a gcuid féin a dhéanamh de thaighde agus de staidéar na síochána agus torthaí a n-iarrachtaí a roinnt le muintir eile an domhain ar dhóigh a dhéanfadh leas na comhdhaonnachta? Bíonn *‘Centre for Peace Studies’* thall is abhus sna forais tríú leibhéal in Éirinn agus i dtíortha i bhfad is i ngar.
ina measc duine thall is abhus a person here there in their midst
" Seanchairde ====== **SMM: Meas tú ón aithne atá agat ar bhallraíocht Pháirtí an Lucht Oibre, an bhfuil ina measc duine thall is abhus a bhrisfeas amach in aghaidh an dúnghaois déine seo i mbliana?** TÓC: Sílim go bhfeicfimid cuid mhaith.
ag an ndeireadh thiar thall finally
" Ach ag an ndeireadh thiar thall, is féidir linn an ceol glórach sotalach de chuid New Orleans a aithint mar phearsantacht eile ann féin sa chlár, pearsantacht ar leith a labhraíonn linn leis an muinín chéanna a chloistear ón ollamh radacach feargach a chaitheann anuas ar bhotúin President Bush gach oíche ar *Youtube* (John Goodman) agus a labhraíonn ón gcócaire oilte a dhéanann iarracht éalú óna chathair thnáite (Kim Dickens ó *Deadwood*).
buailte linn faoi dheireadh thiar thall arrived at long last
" Tá an samhradh buailte linn faoi dheireadh thiar thall agus tá múinteoirí na hÉireann ag ullmhú dá gcuid laethanta saoire.
bheas mé thall ann I’ll be over there
" Shíl sí go mbeadh sí ag ‘siúl ar bheilbhit’ thall ann – cheap mé gur álainn an leagan cainte é sin… Meiriceá Ag siúl ar bheilbhit a bheas mé thall ann Beidh clú agus cáil ormsa ar ball ann Meiriceá.
thall is abhus here and there
" Ba eisceacht an Gearmánach a bhí pósta isteach sa chomharsain, nó an tIodálach thall is abhus.
an oiread sin páistí thall so many children over there
" Nach bhfuil feachtas ar siúl agat sna Stáit Aontaithe mar go bhfuil an oiread sin páistí thall ag titim i bhfeoil? Caidé a thugtar ar an fheachtas sin?** Michelle: Bhuel tá feachtas ag Barack a bhfuil No Child Left Behind air, a Bhaloir.
an tsiocair is mó atá leis an bhorradh thall the biggest reason for the growth over there
" Seansreanga Gutháin ========== De réir na tuarascála ‘*The Whole Picture: Where America’s Broadband Networks Really Stand*’ leis an ghrúpa *Information Technology and Innovation Foundation*, is é an polasaí iomaíochta an tsiocair is mó atá leis an bhorradh thall.
líon na gcoireanna thall the number of crimes over there
" De réir an Guardian (24 Ean 2013) tháinig laghdú de 8% ar líon na gcoireanna thall le bliain anuas.
gur ceart droichead in oirthear na cathrach a bhaistiú as an leanbh úr ríoga thall that it’s right to call a new bridge in East Belfast after the new royal child over beyond
" Mhol sé ráiteas ó Naomi Long, Pháirtí an Alliance, gur ceart droichead in oirthear na cathrach a bhaistiú as an leanbh úr ríoga thall cionn is go gcuirfeadh sé isteach ar phoblachtaigh.
thall is abhus here and there
" Sea, ar feadh an tsamhraidh bhrothallaigh, thoir agus thiar, ó thuaidh is ó dheas, thall is abhus, bhí siad ar na cosáin agus ar na bóithre, sna páirceanna agus sna goirt, ag rith is ag sodar leo, idir óg agus shean agus mheánaosta, mór agus beag, ramhar agus tanaí, gach cruth agus déanamh coirp, cosa gearra nó na spreangaidí fada, na bóracháin, tóin le talamh, tóin le gaoth, tóin in airde, boilg mhóra is bheaga, saibhir agus daibhir, gruagach agus maol, craiceann bán, buí agus daite.
thall over there
" “Is i Londain a casadh m'athair ar mo mháthair agus bhíodh siad i gcónaí ag inseacht dúinn a dheacra is a bhí sé orthu thall, an fáth go raibh orthu imeacht le dul ag obair i dtír eile, chuaigh sé sin i gcion orainn go léir,” ar sí.
mar atá thall as they are in Britain
" 
Tá Éire an-tugtha go fóill don talk show agus cé nach bhfuil siad chomh trom is a bhíodh siad, níl siad tugtha suas don tsiamsaíocht ar fad mar atá thall le cláracha Graham Norton agus Jonathan Ross.
sa deireadh thiar thall eventually
" Is i ‘Corrigan’s Kitchen’, Baile na Lorgan, Contae Mhuineacháin a bhí an comórtas ar siúl sa deireadh thiar thall.
i ndeireadh thiar thall eventually
" Nuair a tháinig feabhas ar ghéilleagar na Breataine i ndeireadh thiar thall, ba iad na cathracha ba ghaire do Londain a ba thúisce a dtáinig an borradh fúthu.
ar deireadh thiar thall finally
" Agus ar deireadh thiar thall an mbainfeadh an riail seo amach an aidhm atá léi, mar atá, líon na n-inimirceach atá ag cur fúthu sa Bhreatain go neamhdhleathach a laghdú? Beartais Imirce a Scarann Teaghlaigh ================= Tá riail eile i bhfeidhm sa Bhreatain, ó mhí Iúil na bliana seo caite, nach ligeann do shaoránach Briotanach páirtí ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach a thabhairt chun cónaí sa Bhreatain, mura bhfuil tuarastal bliantúil £18,600 ar a laghad ag an saoránach sin.
Toibreacha Dúchais Thall is Abhus native sources here and there
" Toibreacha Dúchais Thall is Abhus ================ An gcastar an mazurka go forleathan sa bPolainn? 'Mhair cultúr na ndaoine san áit ar leis an rí na tailte fós sa seachtú haois déag,' arsa Janusz.
sa deireadh thiar thall after all
" Is Éireannach mé sa deireadh thiar thall agus muna n-airím ar mo shuaimhneas i measc mo mhuintire féin, cén mhaith é sin? An Buaile agus an Seanbhaile ============ Bíonn ar dhaoine dul i ngleic leis an suaitheadh cultúir contrártha níos minicí ná mar a cheapfá.
sa deireadh thiar thall when all is said and done
" Ar an ábhar nach bhfuil bealach ar bith le bheith go hiomlán cinnte cé acu iarsmaí Naomh Peadar atá ann b’fhéidir sa deireadh thiar thall gur ceist chreidimh é seo.
thall sa mBrúiséil ar pá ard over in Brussels on big salary/ies
" (An bhfuil aon seans ann gurb é is cúis leis an easpa dlí-aistritheoirí oilte sa tír seo, go bhfuil siad thall sa mBrúiséil ar pá ard agus ar cáin íseal?) Is anseo sa mbaile a theastaíonn na aistritheoirí maithe le scoth na Gaeilge, ní sa mBruiséil ag cur a gcuid cumais agus a gcuid scileanna amú.
Sa deireadh thiar thall when all was said and done
" Sa deireadh thiar thall ní raibh ach briathra ag an iarthar fad is a bhí bearta ag an Rúis.
Thall over beyond
" Thall sa Bhreatain an scéal céanna – díomá agus míshásamh.
sa deireadh thiar thall finally
" D’fhreagair Clarke an seic agus d’ardaigh sé é le €800,000 agus mar thoradh chaith Pollack chuile rud isteach agus casadh thart na cártaí sa deireadh thiar thall.
cuntaisí thall ann accounts over there
" Ar feadh roinnt blianta más ea, bhí cuid d'fhoireann an AIB lonnaithe sa bPolainn le slacht a chur ar na cuntaisí thall ann.
sa deireadh thiar thall when all is said and done
" Dá mbeinn in Albain ar an 18ú lá den mhí seo chugainn cén chaoi a gcaithfinn mo vóta sa reifreann? Leis an fhírinne a rá níl a fhios agam, agus ag amharc ar na hargóintí ar son agus in aghaidh na cúise, is léir go bhfuil an scéal fíorchasta agus is dóiche, sa deireadh thiar thall, gur mó an tionchar a imreoidh cúrsaí staire ná cúrsaí geilleagair, agus gur i gcroí na ndaoine a bheidh an freagra in áit ina gcloigne.
an dream thall the people over there
" Thug na damhsóirí óga thart timpeall anseo, an-lear éadaí, bréagán agus ní fios a leath eile a bhronn siad ar an dream thall.
agus é thall. while he was over there
" Insíonn Balor dúinn faoin dóigh ar éirigh leis agus é thall.
meán thall media over there
" An mbeidh páiste eile ag Carla Bruni nó nach mbeidh? Ba leamh le PJ Mac Gabhann roinnt de scéalta gan téagar na meán thall.
thall is abhus here and there
" Tá Ruth Nic Giolla Iasachta ag obair i measc na mBriotánach, ár ngaolta P-Cheiltise, rud a chiallóidh plaiceadh pancóg go háirithe, smailcín sligéisc thall is abhus agus, b'fhéidir, Fest Noz go maidin anois is arís.
ag deireadh thiar thall when all’s said and done
" Deir sé nach n-athróidh mórán ag deireadh thiar thall, má shocraíonn An Lucht Oibre dul i gComhrialtas le Fine Gael.
ag deireadh thiar thall when all’s said and done
" Deir Donncha Ó hÉallaithe nach n-athróidh mórán de thoradh an olltoghcháin ag deireadh thiar thall agus go n-íocfaidh An Lucht Oibre as dul i gComhrialtas le Fine Gael.
shuíomh idirlín thall is abhus odd internet site
" Níl Roseanne Smith ag iarraidh ort aon ní a phléascadh nuair a bheas tú amuigh ar sodar tráthnóna, ach coimhéad d’intinn nuair a amharcfas tú ar shuíomh idirlín thall is abhus.
faoi dheireadh thiar thall once and for all
" Beidh orthu a bpunt feola féin a ghéilleadh faoi dheireadh thiar thall ar ordú ó dhream níos santaí ná iad féin, an CAI.
Cuidíonn duine thall is abhus a person here and there helps
" Cuidíonn duine thall is abhus le gné éigin de chultúr daoine, cromann agus imíonn ar lár.
tá an ghramadach ceart thall is abhus the grammar’s correct here and there
" Más ag tabhairt faoin Ardteist a bheas tú i mbliana, coimhéad thú féin ar Ghaeilge an ailt seo, óir ní Balor a chum ná a cheap agus má tá an ghramadach ceart thall is abhus ann is sách scáinte é.
thall ina measc over there in their midst
" Tá fíbín vótála ag teacht ar mhuintir Québec faoi reifreann tábhachtach atá ar na bacáin agus tá Eoin Ó Catháin thall ina measc.