Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur thar maoil overflowing
" Dúirt sé go magúil cúpla uair go raibh sé chun na hamhráin chiúine a chasadh ag tús na ceolchoirme mar go raibh sé cinnte de go mbeadh an áit ag cur thar maoil le daoine roimh dheireadh na hoíche.
ag cur thar maoil overflowing
" Bhí an bus ag cur thar maoil le daoine mar go raibh sé tar éis a sé tráthnona.
ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán overflowing with thousands of apartment blocks
" Tá PuDong ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán anois: suanliosanna do mheitheal oibre an gheilleagair nua ocraigh.
ag cur thar maoil overflowing
" Ar ndóigh, níl an scéal baileach chomh simplí sin, mar fiú amháin dá mbeadh Ospidéal Thuama faoi lánseol tá gach seans ann go mbeadh an t-ospidéal i nGaillimh fós ag cur thar maoil, mar gheall go bhfuil an t-éileamh chomh mór sin ann agus an freastal ar riachtanais chomh heasnamhach i láthair na huaire.
na bairillí ag cur thar maoil the barrels overflowing
" An leor sin daoibh?” “Is leor sin dúinne!” arsa an boc mór rúnda, agus as go brách leo le Leamh ina measc chuig puball na haíochta, áit a raibh an gabhar á róstadh agus na bairillí ag cur thar maoil.
ag cur thar maoil overflowing
" I litir a seoladh chuig an Tánaiste ar an 26 Bealtaine, 2005, dúirt an tOllamh Martin Cormican, Uachtarán Chumann Micreabitheolaithe Clinicúla na hÉireann, go mbeadh an baol ann go gcuirfí go mór le tolgadh MRSA dá gcuirfí tuilleadh othar sna bardaí, atá dar leis ag cur thar maoil cheana féin.
ag cur thar maoil overflowing
" “Tá sé iomlán éagsúil anois; má fhógraíonn tú anois go bhfuil tú ag iarraidh láithreoir a fháil, tagann málaí móra isteach an doras, ag cur thar maoil le CVs ó dhaoine atá ag iarraidh a theacht isteach anseo.
ag cur thar maoil overflowing
" Bhí an chathair ag cur thar maoil le diúgairí, hataí plaisteacha glasa ar a gcloigne, iad ag canadh, ag scréachaíl, agus, ar ndóigh, ag tógáil gach aon tacsaí a thiomáin thart.
ag cur thar maoil le overflowing with
" Foireann a bhí ann a bhí ag cur thar maoil le hiománaithe den scoth: Whelehan, Troy, Pilkington, Hanamy, Dooley, Duignan agus araile.
ag cur thar maoil le físeáin full of videos
" Nuair a mharaigh Cho Seung-Hui 32 dá chomhscoláirí in Virginia Tech in Aibreán 2007, ba ar bhlaganna a bhí an cur síos ab uafásaí den slad agus iad ag cur thar maoil le físeáin agus grianghraif fón póca.
ag cur thar maoil le hoibrithe gorma. overflowing with black workers.
" Níorbh fhada go raibh cathracha déantúsaíochta mar Detroit, Michigan, Paterson agus Nua-Gheirsí ag cur thar maoil le hoibrithe gorma.
ag cur thar maoil overflowing
" Mar gheall ar stocaireacht na gcomhlachtaí airm, tá an tír ag cur thar maoil le gunnaí de gach saghas, agus tá sé chomh héasca céanna gunnaí a cheannach i stáit áirithe agus atá sé arán a cheannach.
ag cur thar maoil overflowing
" Agus bóithre Mheiriceá ag cur thar maoil anois le carranna atá á dtiomáint ag dream atá róghnóthach, róthuirseach, rófheargach agus ró-líonmhar, braitheann daoine go bhfuil sé ródhainséarach dul amach i gcarr nach bhfuil cosúil le tanc – agus sin an fáth gurb ann don Hummer, ar ndóigh.
ag cur thar maoil le smaointe overflowing with thoughts
" Is amhlaidh go ndéarfainn go bhfuil sí ag feidhmiú *thar* lánacmhainneacht; bhí sí ag cur thar maoil le smaointe, focail, daonnacht agus taisce agus í ag caint liomsa.
cur thar maoil bursting at the seams
" Bhí Amharclann an Stáit ag cur thar maoil, agus murab ionann agus dhá bhliain ó shin, fearadh fáilte chroíúil an dul seo roimh ‘Kino’.
cur thar maoil brimming over
" Bíonn sliogiasc de gach cineál i séasúr ag an tráth seo bliana, muiríní agus oisrí go speisialta, ach bíonn na stallaí sna siopaí éisc ag cur thar maoil le gliomaigh agus le portáin freisin.
bhí teach an phobail ag cur thar maoil the chapel was teeming
" Reáchtáladh Aifreann éagnairce i bparóiste Naomh Pádraig in Wangaratta, an baile is mó i ndúiche Uí Cheallaigh, i mí Eanáir agus bhí teach an phobail ag cur thar maoil le daoine.
na tionóntáin ag cur thar maoil the tenements flowing over
" Bhí na tionóntáin ag cur thar maoil le daoine agus ba ghnách leis na fir óga, dífhostaithe teacht le chéile ag cúinní sráide.
ag cur thar maoil jam-packed
" Bhí an seomra ag cur thar maoil le lánúineacha comhghnéis, a gcairde agus a ngaolta faoi bhratach mhór den bhogha ceatha.
ag cur thar maoil filled to capacity
" Bhí Staid Pirtek i Parramatta ag cur thar maoil.
ag cur thar maoil flowing over
" ======================== Ina cholún seisean ar an nuachtán *The Sunday Independent*, áitíonn Colm Ó Ruairc, tráchtaire de chuid RTÉ ar chúrsaí peile agus iarlaoch peile de chuid contae na Mí, go bhfuil a anam díolta ag an CLG le *Sky TV* agus pócaí Rubert Murdock gur leis an gcomhlacht Sky líonta acu dá réir (amhail is nach raibh na pócaí céanna ag cur thar maoil mar atá).