Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a tharrtháil to rescue
" Ach cén chaoi a mbeadh sí ar fáil nuair a bheidh sí ag teastáil le haghaidh cluichí craoibhe iomána agus peile ag an am céanna? Ach in ainneoin sin is éard atá á rá ag lucht na meán cumarsáide ná go mbeidh an milleán ar an CLG má theipeann ar iarratas an FAI Craobhchomórtas na hEorpa a chomheagrú! Tá sé deacair a leithéid de raiméis a thuiscint - á rá go bhfuil dualgas ar bhealach éigin ar an CLG Páirc an Chrócaigh a "oscailt" do Chorn Sacair na hEorpa! Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuiltear ag rá freisin go bhfuil dualgas ar an CLG an FAI agus an Taoiseach é féin a tharrtháil ón bpraiseach ina bhfuil siad.
a tharrtháil to rescue
" Má bhí Enda Kenny ag súil le tús maith spleodrach a chur lena fheachtas chun Fine Gael a tharrtháil, agus an Dáil ina suí arís i ndiaidh laethanta saoire na Nollag, theip go dona air.
agus a rinne iad a tharrtháil and who rescued them
" " Is ráiteas rud beag sotalach é seo nuair a chuireann tú san áireamh gurbh é Charles Saatchi a cheannaigh suiteáil de chuid na ndeartháireacha ar £500,000 darbh ainm *Hell*, agus a rinne iad a tharrtháil ón bhochtanas agus ón easpa aitheantais nuair a bhí siad ag dul i mbun oibre ar dtús.
agus an vóta a tharrtháil and to save the vote
" Thug sé an-sásamh dó an míreanna mearaí sin a chríochnú agus an vóta a tharrtháil.
ag baint deireadh dúile do tharrtháil de chineál ar bith giving up all hope of any sort of rescue
" Nuair a bhí Fionntán ag baint deireadh dúile do tharrtháil de chineál ar bith, dúirt Ruán: "Sílim go n-aithním an focal ar fheoil ansin - feoil rósta.
le é a tharrtháil ar naimhde to rescue him from enemies
" Tógann sé tamall ar an triúr eile a thuigbheáil go bhfuil a gcara slogtha agus go mbeidh orthu dul isteach sa chluiche le é a tharrtháil ar naimhde istigh sa ‘chluiche’ nach cluiche a thuilleadh é ach saol contúirteach eile faoin scáileán.
a tharrtháil ó dhrugaí to save from drugs
" Baintear leas as spórt chun daoine óga atá i dtrioblóid a tharrtháil ó dhrugaí agus mar sin de.
chun iad a tharrtháil in am a ngátair! to save them in their time of need
" Dar le lucht iomána Bhaile Átha Cliath, áfach, ní bhíodh sé ach “ar iasacht” ag na peileadóirí sna blianta sin chun iad a tharrtháil in am a ngátair! Is cuimhin liom go maith an chéad teagmháil a bhí agam le Mick.
chun páistí strainséara a tharrtháil. to save a stranger's children
" Tá sé áiféiseach go mbíonn daoine ag súil go mbrisfidh bean isteach i dteach atá ar thine chun páistí strainséara a tharrtháil.
gur tharrtháil sé that he saved
" D'éirigh le George cur in luí ar shaineolaithe na hollscoile gur tharrtháil sé an píosa ón abhainn in aice le Preston, ag maíomh gurbh é sin ba chúis le hé a bheith fliuch.
tharrtháil na scairshealbhóirí an nuachtán the shareholders saved the newspaper
" An uair seo, tharrtháil na scairshealbhóirí an nuachtán agus leanfar den fhoilsiú páipéir agus leictreonach araon go deireadh na bliana ar aon chuma.
tharrtháil to save
" D’fhógair Rúnaí Státchiste Henry Paulson i Meán Fómhair, 2008, go dtabharfadh Státchiste na Stát Aontaithe $85 billiún leis an gcomhlacht árachais is mó ar domhan, AIG, a tharrtháil, lá ina dhiaidh dó gan teacht i gcabhair ar Bhanc Lehman Brothers.
tharrtháil to rescue
" D’fhógair Rúnaí Státchiste Henry Paulson i Meán Fómhair, 2008, go dtabharfadh Státchiste na Stát Aontaithe $85 billiún leis an gcomhlacht árachais is mó ar domhan, AIG, a tharrtháil, lá ina dhiaidh dó gan teacht i gcabhair ar Bhanc Lehman Brothers.
tharrtháil ón tubaiste save from disaster
" Aisteach, a Uachtaráin! An-aisteach! Ach cén moladh eile atá agat chun muintir na hÉireann a tharrtháil ón tubaiste, seachas éisteacht leis an Taoiseach agus an Tánaiste? Beairic: An Ghaeilge! Ní miste airgead a chaitheamh ar an Ghaeilge, go háirithe ar na coláistí atá ag freastal ar dhaoine fásta, coláistí i gCúige Uladh go háirithe, iad siúd atá in aice na farraige agus a dtagann lear mór daoine ón iasacht chucu.
tharrtháil to save
" Chuaigh an bád go tóin poill agus b’éigean do long an Chabhlaigh na paisinéirí a tharrtháil as an bhfarraige.
tharrtháil to save
" com/watch?v=EEIGSBpZURc) Tá sé riachtanach an fócas sin a thabhairt ar ais do Roinn na Gaeltachta, le go mbeidh sé in ann an méidín beag den Ghaeltacht, ina n-úsáidtear an Ghaeilge go fóill ann mar ghnáth-theanga chumarsáide, a tharrtháil ón díothú teanga atá i ndán di, má ligtear do chúrsaí dul ar aghaidh mar atá.
tharrtháil to save
" In ionad tréaniarracht a dhéanamh na daoine a tharrtháil trí ghníomhaíocht stáit, chuireadar a muinín i laissez faire.
tharrtháil save
" Agus chun an geilleagar ‘a tharrtháil,’ bronnadh na trilliúin ar na daoine atá ciontach as an ngeilleagar a scrios.
tharrtháil saved
" Tá éagóir mhór á déanamh ar Pat O Donnell, éagóir a théann siar go dtí an t-am nuair a tharrtháil Pat, in éineacht lena dheartháir agus a mhac, beirt gharda, ón bhfoireann tumadóireachta sin atá acu, agus daoine eile, ón mbás i mBéal Deirg, ar an lá ar theip ar an mbád tarrthála a bhí faoi stiúir phríomh-cheannfort an Gharda i Maigh Eo, nuair nach raibh siadsan in ann a dhéanamh! Tá olc acu do Pat ó shin agus níl ceist ar bith gurb shin é atá ann.
tharrtháil save
" D’fhéadfaí na síolta is áille agus is luachmhaire den traidisiúin a tharrtháil sa Ghaeltacht agus a chur sa Ghalltacht.
sinn a tharrtháil to save us
" Cé go bhfuil corrdhream mar Greenpeace ag iarraidh stop a chur leis an druileáil taiscéalaíochta, agus cé go dtuigeann gach duine againn go bhfuil cosán aontreo á shiúl againn, ar an drochuair tá sé soiléir nach bhfuil an tsamhail gheilleagrach á húsáid againn ábalta sinn a tharrtháil.
tharrtháil to save
" Tá sé ráite ag cuid mhór daoine go mb’fhéidir gurb é seo an seans deiridh a bheas againn gníomh suntasach a dhéanamh leis an Ghaeltacht a tharrtháil mar phobal ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha in uachtar.
chun í a tharrtháil to rescue her
" Fiche lá a chaith sí ag baint ceoil as na feadáin uisce chéanna go dtí gur tháinig na fir dhóiteáin chun í a tharrtháil.
a tharrtháil to save
" Le linn na 40í, thosaigh gluaiseacht litríochta faoi stiúir Roparz Hemon ag iarraidh litriú agus cultúr na teanga a tharrtháil.
tharrtháil to save
" Chreid mé ag an am nach bhféadfaí duine ní b’fhearr a fháil leis an nGaeltachta a tharrtháil: polaiteoir a thuig cás na Gaeltachta, a chreid in úsáid na Gaeilge ina shaol pearsanta agus ina shaol poiblí agus duine cumasach a fáisceadh as saol na Gaeilge, a bheadh in ann a chúinne a throid ag bord an Rialtais.
tharrtháil saved
" Tá aithne agam ar fhear nó dhó a tharrtháil rón san fharraige a bhí in aice lena bhád, le plaisteach nó a leithéid i bhfastó ar a mhuineál srl.
tharrtháil to save
" Léim John amach sa Life láithreach chun an ainmhí beag a tharrtháil gan an dara cuimhneamh a dhéanamh air féin.
an tír a tharrtháil saving the country
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
an tír a tharrtháil saving the country
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
d’fhonn a chuid daonnachta a tharrtháil in order to save his humanity
" Do thagair an tUachtarán do James Joyce in aitheasc amháin, ach níor thagair sé don iomarbhá idir *Leopold Bloom* agus an *Cyclops* anróiteach in *Ulysses*, nuair a thugann Bloom droim láimhe don stair d’fhonn a chuid daonnachta a tharrtháil.
tharrtháil to save
" Ach an oiread le Daniel O Connell, níor chreid sé go mb’fhiú aon iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a tharrtháil mar theanga bheo.
tharrtháil save
" D’fhéadfaí 41 duine a tharrtháil ach ní bhfuair siad deis leighis, agus d’athraigh na póilíní 116 ráiteas a rinneadh faoin ár.
tharrtháil to save
" Bhí oiread imreoirí á ngortú go raibh ceisteanna á gcur: an é seo an cluiche páirce is brúidiúla ar domhan agus an bhfuil an rugbaí ag éirí níos brúidiúla agus níos fíochmhaire in aghaidh na bliana? Ceist í sin le haghaidh lae eile is dóigh ach de bharr gortaithe a bhain d’imreoirí éagsúla agus roghanna a rinne an bainisteoir, d’fhéadfaí a rá gur thit sé ar ghuaillí Bhriain Uí Dhrisceoil foireann na hÉireann a tharrtháil.
tharrtháil saving
" Dúirt Fennell le lucht na Gaeilge, ’sé sin má bhíodar i ndáiríre ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, go mba cheart dóibh Bleá Cliath a fhágaint agus dul siar Conamara.
An Fiú í a Tharrtháil is it worth saving
" An Fiú í a Tharrtháil? ======== Sin taobh amháin den scéal.
ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás trying to save a language from death
" Smaoiním ar an saibhreas cainte a bhuail sna cluasa mé nuair a chuir mé fúm anseo dhá scór bliain ó shin agus nuair a cuirtear sin í i gcomórtas leis an dteanga bhocht tanaí atá anois á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide, tagann lagmhisneach orm agus cuirim an cheist orm féin, céard is fiú a bheith ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás, atá chomh truaillithe i mbéal na gcainteoirí dúchais deireannacha is gur deacair a rá gur Gaeilge í a thuilleadh!
in ann é féin a tharrtháil able to save itself
" com/tracks/132007247&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Ní léir fós an mbeidh an BBC in ann é féin a tharrtháil tar éis na dtubaistí ilghnéitheacha a bhuail leis le blianta beaga anuas.
daoine a tharrtháil as glas binne to save people from vertigo/trapped on a cliff
" Bealaí Eile? ===== Más duine sách scafánta agus aclaí thú, thiocfadh leat cuidiú le buíon tarrtháil sléibhe? Caillfidh tú cuid den am saor a bhí agat roimhe seo, agus caillfidh tú blaisín airgid leis sa mhéid go gcaithfidh tú tiomáint amach faoin tír in amannaí le teacht ar an ionad tionóil le haghaidh oiliúna, nó b’fhéidir le duine nó daoine a tharrtháil as glas binne nó as dorchadas agus fuacht sléibhe.
iad a tharrtháil ón bhás to rescue them from death
" Tá mé in ann 35 crann éagsúla a chomhaireamh nuair a shiúlaim an bóthar anois, crainn nach mbeadh ann ach ab é gur ghlac mé orm féin iad a tharrtháil ón bhás.
leis an fhoilseachán a tharrtháil. to save the newspaper
" Sa chéad alt seo, pléann Máirtín Ó Muilleoir, foilsitheoir an nuachtáin, an plean ar thángthas air leis an fhoilseachán a tharrtháil.
tharrtháil to save
" San alt seo caitheann sé súil siar ar na hathruithe a tharla sa cheantar Ghaeltachta is mó agus is láidre sa tír agus ceistíonn sé an fiú a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, mar a labhartar anois í sa Ghaeltacht.