Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sonc ar aghaidh forward thrust
" Thug an Cogadh sonc ar aghaidh do dhreamanna éagsúla easaontais, ina measc Ailtirí na hAiséirí de chuid Ghearóid Uí Chuinneagáin.
sáite i mála thrust in a bag
" Céard a bhí cearr leis an bpictiúr? Is éard a bhí le feiceáil air ná lámha duine dhuibh agus iad sáite i mála a bhí lán de mhillíní adhmaid.
príomhcheachtanna the main thrust
" Ní foláir nó gur éirigh le Mac Amhlaigh príomhcheachtanna Gharvin agus Hubert Butler fiú a mhúineadh i líne ghonta amháin.
Príomhábhar an leabhair seo the main thrust of this book
" Príomhábhar an leabhair seo ná conas a léiríonn an dornán beag scannánóirí sin, an tOstarach Michael Haneke ach go háirithe, téama an oilc ina gcuid scannán, go mór mór iompar nó gníomhartha daonna a meastar iad a bheith an-olc go deo.
chun éalú ó lár na ceiste to escape from the central thrust
" Ach ní maith liom an chaoi ar thapaigh an rialtas an deis, agus botún an mhionlaigh a úsáid chun éalú ó lár na ceiste agus míchlú a chaitheamh ar lucht an fheachtais ar son na mbeo.
theilgean isteach thrust into
" Is fada an staid reatha ó ré órga na meán Gaeilge ag tús an chéid seo nuair a bhí nuachtáin laethúla agus seachtainiúla againn, bealach raidió fadbhunaithe a bhí ina chuid lárnach de shaol an chainteora Gaeilge, neart irisí bríomhara agus stáisiún teilfíse nuálach a bhí chun seanteanga na nGael a theilgean isteach san fhiche haonú haois.