Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh The North Atlantic Drift
" Tagann Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh aniar aneas timpeall ar an oileán, rud a fhágann an aimsir gan bheith róthe ná rófhuar, agus rud a fhágann caipín ceo ar chnocaibh Chléire go minic.
Bhá Thuaidh The North Bay
" Má fhéachtar fós aduaidh ar an oileán, tá dealramh dáimh air, a cheann is a dhroim in airde, ag snámh siar i dtreo Charraig Aonair, agus na trí Laotha ina theannta sa Bhá Thuaidh.
Garbhchríocha Thiar Thuaidh The Northwest Highlands
" Fuair beirt Albanach bás ar an 9 Márta, mar shampla, ar Bheinn Dearg sna Garbhchríocha Thiar Thuaidh.
ó thuaidh in the north
" Tá moltaí déanta acu gur féidir le hiarbhaill de chuid an IRA a bheith páirteach sna Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta; go dtiocfadh le baill den Gharda Síochána bheith ag obair ó thuaidh; go dtiocfadh leis an Bhord Póilíneachta tuarascáileacha agus fiosrúcháin a thiomsú; agus go mbeadh ní ba mhó cumhachtaí ag an Ombudsman cleachtais agus polasaithe na bpéas a scrúdú.
ar an chósta thiar thuaidh on the north-west coast
" Is ar an chósta thiar thuaidh de Chontae Dhún na nGall, thart ar 10 míle farraige amach ó chéidh Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Chloich Cheann Fhaola, atá Toraigh suite.
páirtí na todhchaí ó thuaidh the party of the future in the north
" Ag breathnú ar thorthaí toghchán, is léir gurb é Sinn Féin páirtí na todhchaí ó thuaidh.
chomh fada céanna ó thuaidh leis An Iorua as far north as Norway
" Seo iad na sléibhte is airde ar na hoileáin seo, atá chomh fada céanna ó thuaidh leis An Iorua.
ar an chladach ó thuaidh on the north shore
" Bhí roinnt mhaith tiomána le déanamh againn ag an am seo, trasna bhuirg Staten Island ar fad, go hOspidéal Naomh Uinsionn ar an chladach ó thuaidh, ónár n-áit chónaithe ar an chladach ó dheas.
éilimh phobal na Gaeilge ó thuaidh the demands of the Irish language community in the north
" Iarradh ar Aled Eirug tuarascáil a scríobh ar an dóigh ab fhearr a dtiocfadh leis "an chraoltóir náisiúnta" dul chun cinn a dhéanamh maidir le freastal ar éilimh phobal na Gaeilge ó thuaidh.
an áit is faide ó thuaidh the furthest point north
" " Lean muid ar aghaidh go Cionn Mhálanna, an áit is faide ó thuaidh in Éirinn, ansin go Cúil Dabhcha, a bhfuil teach tábhairne agus bia maith ann in aice leis an trá.
an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh the biggest nationalist party in the north
" Anois, 23 bliain ar aghaidh, agus Sinn Féin mar an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh, tá siad ag caint ar an chóras toghchánaíochta sa Tionól a athrú.
cheantar cósta na Críche ó Thuaidh the coastal region of the Northern Territory
" Tá siad sa leath thoir de cheantar cósta na Críche ó Thuaidh agus i gcúinne thoir thuaidh New South Wales.
Ché an Phoirt Thuaidh North Wall Quay
" Bád farantóireachta atá ann, a sheolann gach lá ó mhí an Mhárta go Deireadh Fómhair ó Ché an Phoirt Thuaidh ar an Life go dtí an Pier Head i lár Learphoill.
theas agus thuaidh south and north
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis AnBL? Is iad cumas, saineolas, agus breithiúnas na foirne na nirt is tábhachtaí atá ag an Bhrainse; tá beagnach ochtó bliain de thaithí taighde ar logainmneacha ann agus cartlann luachmhar ina bhfuil na mílte foirmeacha stairiúla de logainmneacha as gach contae sa tír, theas agus thuaidh.
seicteachas ó thuaidh sectarianism in the north
" In Éirinn na linne seo, áfach, is cosúil gur ceadmhach don Uachtarán an t-uileloscadh a thabhairt i gcuimhne ach nach ceadmhach di an seicteachas ó thuaidh a thabhairt i gcuimhne.
sa tsochaí ó thuaidh in the northern society
" " B'ansin a thuig m'athair an áit a bhí ceaptha dó sa tsochaí ó thuaidh.
diongbháilteacht na n-aontachtaithe ó thuaidh the resolve of the unionists in the north
" Shíl siad go mbeadh siad ábalta an Bhreatain a ghortú níos mó ná mar a bhí siad; níor thuig siad diongbháilteacht na n-aontachtaithe ó thuaidh agus ní bhfuair siad a sáith tacaíochta ón taobh eile den teorainn d’fheachtas ionsaitheach in áit feachtais chosanta.
mhol thuaidh north pole
" “Má bhí na Sé Chontae ina theach fuar duitse roimhe seo, bheadh Gleann Cholm Cille ina mhol thuaidh.
an córas póilínteachta ó thuaidh the policing system in the north
" Ag na cainteanna anuraidh, is cosúil gur aontaigh Rialtas na Breataine go ndéanfaidís a ndícheall reachtaíocht a chur faoi bhráid Westminster, reachtaíocht a dhéanfadh an córas dlí agus cirt agus an córas póilínteachta ó thuaidh freagrach do Rialtas Stormont.
ó thuaidh agus ó dheas in the north and in the south
" Níl a fhios agam an meallann na cluichí sin mórán lucht tacaíochta breise don chluiche i ngeall ar mhinicíocht na gcalaoiseanna gránna, na himeartha ciniciúla agus an easpa sportúlachta a bhíonn le feiceáil, ach dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa pheil Ghaelach, tá an-seirbhís á tabhairt dóibh ag na cainéil teilifíse ó thuaidh agus ó dheas.
ó thuaidh in the north
" Níl aon amhras ach gur mhéadaigh feachtas an IRA an nimh idir an dá phobal ó thuaidh agus, dá réir, rinne ní ba dheacra é teacht ar chomhréiteach.
meon na ndílseoirí ó thuaidh the mentality of the loyalists in the north
" Alt ar leith atá ag Balor an Bhéil Bhinn daoibh an mhí seo, a léitheoirí, go háirithe daoibhse ón iasacht, nó i gConamara, nó i gCorca Dhuibhne, nach dtuigeann cúrsaí círéibe in Éirinn, nó nach dtuigeann meon na ndílseoirí ó thuaidh.
sa Mhol Thuaidh in the North Pole
" Ach cárb as don fhear cháiliúil seo? Tá an béaloideas a bhaineann leis beo beathach go fóill gan amhras: taistealaíonn sé i gcarr sleamháin, á tharraingt ag ocht réinfhia; déanann sé féin agus a chuid sióg bréagáin ina gceardlann sa Mhol Thuaidh; téann sé síos simléir le bronntanais a fhágáil do mhaidin Lá Nollag.
An Comhaontas Polannach/Laitviach/Eastónach Thuaidh-Theas the North-South Polish/Latvian/Estonian Alliance
" Beidh Bertie Ó Hernia agus a dhrong muiníneach go leor as toradh a gclis, ach ní bheidh siad ag súil leis an pháirtí úr a bhunófar i bPoblacht na hÉireann agus sna Sé Chontae ag an aon am amháin: An Comhaontas Polannach/Laitviach/Eastónach Thuaidh-Theas, a rachaidh i gcomhrialtas leis an Chomhaontas Bándearg, agus a chruthóidh rialtas úr le Séamus Walesa mar Thaoiseach.
an teorainn ab fhaide ó thuaidh the most northerly border
" Ba é seo an teorainn ab fhaide ó thuaidh a bhí ag na Rómhánaigh – bhí na Ceiltigh i gceannas ar an taobh eile.
an teorainn ab fhaide ó thuaidh the most northerly border
" Ba é seo an teorainn ab fhaide ó thuaidh a bhí ag na Rómhánaigh – bhí na Ceiltigh i gceannas ar an taobh eile.
ó thuaidh agus ó dheas north and south
" Léiríonn an taispeántas na hathraithe stairiúla, sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha atá i ndiaidh a theacht ar an tír, ó thuaidh agus ó dheas, agus tugann sé léargas géarchúiseach dúinn ar an saol a bhí ag muintir na cathrach agus ag bunadh na tuaithe trí na daoine atá faoi scrúdú ag an lionsa.
siar ó thuaidh to the northwest
" Thosaigh an cath cúpla céad méadar siar ó thuaidh ó bhaile Gettysburg ar an 1 Iúil 1863, agus faoi dheireadh an chatha bhí na Frithchónaidhmithe tar éis arm na hAontachta a bhrú soir ó dheas an bealach ar fad tríd an mbaile agus amach an taobh eile.
an Chóiré Thuaidh North Korea
" Agus ní gá trácht a dhéanamh ar an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh, atá ag forbairt arm chomh tapaidh agus is féidir, iad suite de go bhfuilid sa chéad áit eile ar liosta spriocanna Mheiriceá.
an dul chun cinn náisiúnach ó thuaidh the nationalist progress in the north
" Mar sin, tá smacht ag Sinn Féin ar an dul chun cinn náisiúnach ó thuaidh.
ar son na síochána ó thuaidh for peace in the north
" Cuimhneofar, áfach, ar an obair mhór a rinne sé ar son na síochána ó thuaidh agus ar an bhorradh a tháinig faoin gheilleagar le linn a sheala mar Thaoiseach.
sna páirtithe polaitíochta ó thuaidh in the political parties of the north
" Beidh le feiceáil cé acu a bhfuil an bua sin sna páirtithe polaitíochta ó thuaidh ach tá go leor le foghlaim againn ónar gcairde in Albain.
taistealaíonn muid níos faide ó thuaidh we travel further north
" Ashikawa Ar maidin, taistealaíonn muid níos faide ó thuaidh le seinnt in iarsmalann Ainu agus chun lá a chaitheamh i measc mhuintir Oki.
ó thuaidh to the north
" Cé go bhfuil líne dhíreach traenach ó Learpholl go Torino, trí thollán Mhuir nIocht, is le haghaidh lasta ó na dugaí amháin é, seachas paisinéirí, agus mar sin b’éigean dom féin, mo dheartháir is sine John agus a mhac Ciaran eitleán de chuid Ryanair a fháil go Treviso, atá ó thuaidh ón Veinéis.
de na comhlachtaí ó thuaidh. of the companies in the north.
" Tá sé scanrúil go bhfuil níos lú ná deichniúr fostaithe ag 89% de na comhlachtaí ó thuaidh.
a chuid gaolta ó thuaidh his relations in the north
" Ar a laghad bhí a fhios ag Charlie cé mhéad contae a bhí in Éirinn, agus atá go fóill; agus go bhfuil a chuid gaolta ó thuaidh fós ina nÉireannaigh.
thuaidh agus theas. north and south.
" I mbliana, fuair an Taisce corradh le leathmhilliún euro, ón dá Chomhairle Ealaíon, thuaidh agus theas.
ón Mhuir Thuaidh. from the North Sea.
" Caithfidh go raibh siad urrúnta go maith, mar bhí gaoth fhuar láidir ag séideadh ón Mhuir Thuaidh.
ó thuaidh, to the north,
" Níl Washington ach 150 míle ó thuaidh, tá an "tríbhaile" Newport News/Norfolk/Virginia Beach ceathracha míle soir ó dheas, agus ardchathair Virginia, Richmond, caoga míle siar.
ag taisteal soir ó thuaidh, travelling north-east
" com/)) agus bíonn na céadta ag taisteal soir ó thuaidh, ó Nollaig go Márta, agus cóip ina lámh acu.
círéibeacha ó thuaidh riots in the north
" Tá an ruathar inar scaoileadh Seán Ó Treasaigh le feiceáil ann; círéibeacha ó thuaidh agus radharcanna den phróiseas síochána.
soir ó thuaidh to the south-east
" An ghaoth is an bháisteach is an fuacht chomh cam, casta, ciotach leis na drochbhóithre seo idir Caisleán an Bharraigh agus an Ros Thiar – baile beag tuaithe cúpla míle soir ó thuaidh ón gCaisleán.
níos faide ó thuaidh ná further north than
" Ní shílfeá go mbeadh a leithéid i nGarbhchríocha na hAlban, níos faide ó thuaidh ná Inbhir Nis! Sa ré Victeoiriach bhí neart spánna mar seo le fáil ar fud na hEorpa, ina raibh uisce mianrach agus folcadáin chlábair le fáil.
an choimhlint ó thuaidh the conflict in the north
" Tugadh a luach saothair d’Adams as an obair a bhí déanta aige féin agus ag gluaiseacht na poblachta le deireadh a chur leis an choimhlint ó thuaidh ach is coimhthigh iad na tuaisceartaigh diamhra, scanraitheacha seo agus beidh Michael McDowell bródúil as an bhuille a thug sé do Gerry Adams le linn na díospóireachta ar RTÉ seachtain an toghcháin.
soir ó thuaidh to the northeast
" Beidh ábhar léitheoireachta agam agus é ag éirí fuar taobh amuigh! Níos faide soir ó thuaidh (gar go leor do Christchurch), tá ionad locha the, Fuaráin Hanmer.
an ceantar ab fhaide ó thuaidh the most northernly area
" Nuair a chuaigh an traein faoi thalamh chomh fada leis an áit sin, an ceantar ab fhaide ó thuaidh ar oileán Manhattan, bhog cuid mhaith Éireannach a bhí ag obair sa chóras traenach ansin.
leathsféar thuaidh northern hemisphere
" Ní raibh orm streachailt le hathrú aeráide, mar bhí an aimsir sa leathsféar thuaidh ar aon dul leis an aeráid sa leathsféar theas – báisteach ghruama - ach thaitin na tráthnónta geala in Éirinn go mór liom.
ar dheighilt thuaidh/theas Shasana, on the north/south divide in England,
" ) Dá mbeifeá ag cuartú cur síos gonta ar dheighilt thuaidh/theas Shasana, tá ceannlíne an *Telegraph* foirfe: “South is funding North’s dole pay” ar sé! Ar ndóigh, tá lucht an tuaiscirt á gcosaint féin agus ag caitheamh amhrais ar *bona fides* na tuarascála.
ó thuaidh in the north
" Mar atá ráite ag Sir Reg Empey, an tAire Fostaíochta agus Foghlama ó thuaidh, tá go leor fadhbanna ag baint le daoine atá ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh a mhealladh i dtreo na hoibre gan a bheith ag baint airgid uathu le tabhairt do mhuintir Londan agus na gContaetha Baile.
ó thuaidh north of
" Is sráidbhaile an-tarraingteach é Cromba, atá ar an phointe is faide soir d'Eilean Dubh, ó thuaidh ó Inbhir Nis in Albain.
ola ón Mhuir Thuaidh. oil from the North Sea.
" Ansin sna seachtóidí, tháinig tionscal nua: ola ón Mhuir Thuaidh.
ag taisteal ó thuaidh. travelling north.
" Isteach sa bhus idirchathrach go Kerikeri liom, agus bhí tiománaí deisbhéalach scéalach againn, a d’inis dúinn faoi thorthaí agus ghlasraí na háite agus muid ag taisteal ó thuaidh.
níos faide ó thuaidh further north
" Cape Reinga Ní féidir dul níos faide ó thuaidh in Aotearoa ná Cape Reinga, nó Te Rerenga Wairua.
tuairim is dhá uair ó thuaidh around two hours north
" “Nuair a bhí an *matura* déanta agam, nó an Ardteist mar a thugaimid air in Éirinn, fuair mé post sa bhanc in Zabkowice agus rinne mé staidéar ar an dlí go páirtaimseartha in Wroclaw, cathair mhór tuairim is dhá uair ó thuaidh ó Zabkowice ar an traein.
i lár an Oileáin Thuaidh in the middle of the North Island
" Tá an baile i lár an Oileáin Thuaidh agus ciallaíonn an logainm "dhá loch".
ó thuaidh, to the north,
" Ar aghaidh le Putauaki ó thuaidh, agus stad sé ag Kaiangaroa.
timpeall 750 ciliméadar ó thuaidh ó Sydney around 750 kilometres north of Sydney
" "The Shire" a thugann muintir na háite ar an gceantar, atá suite timpeall 750 ciliméadar ó thuaidh ó Sydney agus cóngarach don teorainn le Queensland.
ar an taobh thuaidh on the northern side
" Bhíodh Lìte ar an taobh thuaidh den abhainn, ag an áit a dtéadh sí isteach san fharraige.
i saol laethúil an stáitín ó thuaidh in the daily life of the northern statelet
" Duine ar bith a d’fhillfeadh ar na Sé Chontae i ndiaidh 30 bliain a chaitheamh thar lear, b’ábhar iontais dó chomh láidir is atá an tÉireannachas le mothú i saol laethúil an stáitín ó thuaidh i gcomparáid le 30 bliain ó shin.
ó thuaidh in the North
" ” Ach cad chuige go bhfuil sé sin amhlaidh? Shamhlófá go mbeadh borradh faoi chúrsaí airgid mar thoradh ar an gciste Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún Craolacháin na hÉireann sa Phoblacht agus an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh – cistí ar cuireadh tús leo le maoiniú a chur ar fáil do chláracha oidhreachta agus Gaeilge.
mórchuid an phobail ó thuaidh most of the people in the North
" Beidh mórchuid an phobail ó thuaidh sásta leis an rogha agus leis an cheapachán.
ó thuaidh north
" Gach bliain, taistilím féin 1,200 ciliméadar ó thuaidh le bheith i láthair ag tús na sraithe.
ó thuaidh, in the north,
" Níor réitigh an Tíogar Ceilteach gach fadhb agus ó thuaidh, ainneoin gur chuir an socrú nua deireadh leis an fhoréigean pholaitiúil – a bheag nó a mhór – tá fadhbanna eile a gcruthú, go háirithe do Shinn Féin.
as an Mhuir Thuaidh from the North Sea
" Agus ardú tagtha ar phraghas na hola ar bhonn idirnáisiúnta, áfach, b’fhéidir go gclúdódh an t-ioncam a bheadh ag teacht as an Mhuir Thuaidh an t-easnamh seo.
don lucht féachana ó thuaidh. to the audience in Northern Ireland
" Ba chraoltóir ceannródaíoch é Kieran, a chaith beagnach ceithre bliana is fiche ag soláthar scoth na gcláracha don lucht féachana ó thuaidh.
as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge. because of the negative attitude of the northern authorities with regard to the language
" ***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
thuaidh agus theas, north and south
" 8 milliún a mhaíonn go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, thuaidh agus theas, an 450,000 a deir go labhraíonn siad go laethúil í (sa Phoblacht amháin) agus an sciar beag den phobal a cheannaíonn nuachtán Gaeilge.
soir ó thuaidh ó Melbourne. Northeast of Melbourne
" Céad bliain ó shin, i Márta na bliana 1908, fógraíodh go dtógfaí an phríomhchathair ar an láthair a bhfuil Canberra anois – beagnach 300 ciliméadar siar ó dheas ó Sydney, agus 650 ciliméadar soir ó thuaidh ó Melbourne.
ón phróiseas síochána ó thuaidh. from the peace process in the north.
" Deirtear go minic go bhfuil ceachtanna tábhachtacha foghlamtha ag daoine ar fud an domhain ón phróiseas síochána ó thuaidh.
de thairbhe síocháin a bheith i réim ó thuaidh. because of the peace in the north.
" Tá an aireacht seo imeallaithe le tamall anuas de thairbhe síocháin a bheith i réim ó thuaidh.
Bhóthar na Trá Thuaidh North Strand Road
" Deir sé liom gurbh é athair Joe a chuir tús le siopaí ceirníní san ardchathair ag deireadh na seascaidí agus borradh ag teacht faoi rac is roll in Éirinn – Murray’s Discs ar Bhóthar na Trá Thuaidh ba ainm don siopa a bhí aige.
chaidreamh Thuaidh Theas North South relations
" Níor tugadh an 57 ceann eile dom ar chúpla cúis, ach go príomha, de bharr an tionchar a bheadh ag a leithéid ar an chaidreamh Thuaidh Theas! Bhain an 72 doiciméid le dhá eagras státurraithe – Bord na Leabhar Gaeilge agus Colmcille.
ó thuaidh north
" Má thosaíonn tú amach ag an phointe is faide ó dheas ar an oileán agus gluaiseacht ó thuaidh fríd an cheantar airgeadais, tiocfaidh tú chuig *Tribeca, Chinatown, Soho*, an Iodáil Bheag, ansin an *Lower East Side*.
san aird ó thuaidh to the north
" Níl aon amhras ach go raibh an dúnghaois chiníoch seo dírithe ar dhaoine as an Áis, ar bhunadh na Síne go háirithe, de bharr gur chuir na daonraí ollmhóra ‘daite’ sna tíortha san aird ó thuaidh imní mhór ar an daonra beag geal abhus.
ó thuaidh in the north
" Tá tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa lá inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar dhúnghaois Margaret Thatcher.
thuaidh north
" Tugadh isteach ó Mheiriceá Theas d’aon turas sa bhliain 1935 é, le srian a choimeád ar chiaróga sna plandálacha chána siúcra ar chósta thuaidh Queensland.
mhol thuaidh north pole
" Níl sé a dhath ach cúig chéad ciliméadar ar shiúl ón mhol thuaidh, ach cosúil linn féin, coinníonn Sruth na Murascaille an áit breá sócúlach ó thaobh teochta.
ó thuaidh in the north
" Más minic a bhris béal duine a ghaosán, is minice a bhris bratach gaosán duine ó thuaidh.
ó thuaidh north
" Muid ag taisteal chuig Manchain agus uaidh sin, ó thuaidh, go Sedbergh, baile beag i gCeantair Locha Chumbria.
ó thuaidh in the north
" Agus anois an coup de grace - ainmniúchán Nelson McCausland mar Aire Saíochta (an t-oscsamórón is déanaí i nGaeilg nó i mBéarla) sa Tionól ó thuaidh.
ó thuaidh as to the north from
" Tá an loch in oirthuaisceart na hAstráile Theas, tuairim is 700 ciliméadar ó thuaidh as Adelaide, príomhchathair an stáit, agus ní bhíonn ann ach réileán salainn de ghnáth.
Mhainistir Thuaidh the North 'Mon'
" D’fhreastail mé ar an meánscoil lán-Ghaelach sa Mhainistir Thuaidh ina dhiaidh sin.
Cóiré Thuaidh of North Korea
" Ní fhéadfadh aon bhaint a bheith ag “bagairt” na Cóiré Thuaidh le hIosrael, nó an bhféadfadh? Ar an 29 Eanair, 2002, thagair George W.
ó thuaidh in the north
" Le linn na 1970í, bhíodh ionaid seiceála míleata mar bhalla cosanta thart ar lár Bhéal Feirste agus ar bhailte eile ó thuaidh.
Chríoch Thuaidh Northern Territory
" html) Thug Noel Pearson agus Galarrwuy Yunipingu, duine de na ceannairí bundúchasacha is tábhachtaí sa Chríoch Thuaidh, tacú don tionscadal, áfach.
éadan thuaidh north face
" Bhí sé ar an gcéad Éireannach a rinne sé éadan thuaidh na nAlp a dhreapadh.
thuaidh-theas north-south
" , a d’oscail an t-ionad ilfheidhmeach seo atá i gcroílár chathair Dhoire agus d’aithin sé, agus é ag caint faoin togra, gur céim shuntasach a bhí ann ó thaobh thodchaí na Gaeilge sa tuaisceart agus cúrsaí comhfhiontair thuaidh-theas.
ó thuaidh north
" pdf) Lonnú Cambacuá Nuair a treascraíodh José Artigas, ceannaire Uragua, i 1820 chuaigh sé ar deoraíocht ó thuaidh go Paragua in éineacht le 250 saighdiúr gorm, idir fhir is mhná.
thoir-thuaidh north-east
" Níl an Sunset cóngarach do lár na cathrach, atá ar chúinne thoir-thuaidh na leithinse, ach tá ceannstáisiún líne tram ann, Zú San Francisco, agus, ar ndóigh, Lárionad Cultúrtha na hÉireann, ina raibh mé ag teagasc Gaeilge don Deireadh Seachtaine.
leath thuaidh northern half
" Samhain (Sam+fuin) Is mar fhuineadh, nó mar ‘dheireadh’ an tsamhraidh, mar ‘thráth báis’ na bliana a braitheadh an tSamhain riamh anall, agus bítear ag cuimhneamh ar ghnóthaí báis i leath thuaidh an domhain trí chéile, an t-am seo den bhliain.
ó thuaidh in the North
" Nuair a chuimhníonn tú ar an obair a dhein an fear san ó thaobh thuaisceart na tíre, sin an fear a chuir an síol agus sin fear a raibh meas ag an ndá thraidisiún ó thuaidh air.
ó thuaidh in the north
" org/wiki/The_Troubles_in_Portadown) Bogadh Éigin *Ar an taobh eile den scéal, de réir pobalbhreith a rinne an Belfast Telegraph, nuachtán meánaicmeach Protastúnach Aontachtach, is é Martin McGuinness an polaiteoir is mó meas ó thuaidh.
Chríoch Thuaidh Northern Territories
" Tá an pheil Astrálach ar an gcluiche caide is coitianta sa Tasmáin, san Astráil Theas, san Astráil Thiar agus sa Chríoch Thuaidh.
ó thuaidh in the north
" Chaith siad beirt tréimhsí ag plé leis na trioblóidí ó thuaidh.
Mol Thuaidh North Pole
" Ní beag iad na hacmhainní céanna seo atá faoin Mol Thuaidh, ach tá sé fós le dearbhú cé leis an taisce luachmhar seo.
Críche Thuaidh Northern Territory
" Bhí beirt pháistí i measc an triúir, cailín óg in aice le Darwin, príomhchathair na Críche Thuaidh, agus buachaill an-óg san Abhainn Daintree i dtuaisceart Queensland.
teorainn thuaidh northern border
" Tá sí buailte leis an gCéinia ar an teorainn thuaidh agus tá an Mhósaimbíc léi aneas.
Thuaidh northern
" Urlabhra na Cosmhuintire ============= D’ainneoin an mhéid sin, an easpa stádais sin, labhraíodh an Bhriotáinis go forleathan i 90% de theaghlaigh na Briotáine ‘Ísle’, nó Thuaidh, go dtí 1914.
soir ó thuaidh north eastwards
" Tá achar 73 míle sa chosán seo ó bhéal abhann Ribble ar chósta Muir Éireann soir ó thuaidh go dtí a foinse ag Cam Fell, sna Penwynion i bPáirc Náisiúnta na *Yorkshire Dales*.
soir ó thuaidh north east
" Mí go leith tar éis na dtuilte agus an sciorradh tailte a mharaigh gar do 900 duine sna sléibhte soir ó thuaidh as cathair Rio de Janeiro, tá anord fós i réim sa réigiún.