Pota Focal Intergaelic
tuar | thar | tar | trua | Arthur | hart
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a thuar predict
" Bhí cáil nach beag ar The Doors mar gheall ar an nós a bhí acu a bheith spontáineach; níorbh fhéidir a thuar riamh cad go díreach a dhéanfadh an grúpa, agus Morrison go háirithe, le linn ceolchoirme.
a thuar to predict
" Dár ndóigh, ní fhéadfaí gach uile ní a shocrú toisc nach bhféadfaí a thuar cé mhéid suíochán a bheadh ag na páirtithe i ndiaidh an olltoghcáin.
a thuar predicted
" "Laetha deireanacha na síochána " a thuar an *Belfast Newsletter* an mhí seo caite, ach le faoiseamh ollmhór, tá mé sásta a rá nach dtáinig an *Armageddon* a raibh an *Newsletter* ag súil leis.
is deacair a thuar it is difficult to predict
" Ach is deacair a thuar céard atá i ndán don chanúint sna blianta atá romhainn, go mór mór mura bhfuil na gasúir sásta í a úsáid - óir is iad na páistí todhchaí gach teanga.
a bhíothas a thuar which was being predicted
" Cuir i gcás go ndeachaigh Trimble chun tosaigh agus cur i bhfeidhm iomlán an Chomhaontaithe, a bhíothas a thuar ar an Mháirt, 21 Deireadh Fómhair, a chur os comhair an phobail aontachtaigh, cad é a bhí le cailleadh aige? Aithním na fadhbanna inmheánacha agus seachtracha a bhí ag David Trimble, ach dá ndéanfadh sé a leithéid, bheadh cruth eile ar fad ar an toghchán atá le theacht.
ní féidir a thuar it can't be predicted
" Tá leagan amach úr ag teacht don pholaitíocht aontachtach ach ní féidir a thuar cad é an crut a bheas air Ach sin an pholaitíocht.
a thuar to predict
" Bhí an ceart agam dar ndóigh ach níor theastaigh saineolaí chun an méid sin a thuar.
é a thuar to predict it
" Ní dhéanfadh duine ar bith é a thuar ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil Duais Turner níos fásta suas i mbliana.
a thuar to predict
" " Ach gan spreagadh ar bith a bheith ag Eircom infheistíocht a dhéanamh; gan fonn a bheith ar na rialtóirí iachall a chur ar Eircom páirc imeartha chothrom a chruthú agus gan é bheith ar chumas an Rialtais dul i ngleic leis an bhfadhb seo go héifeachtach, is féidir dhá rud a thuar: beidh post deacair ag Noel Dempsey idir seo agus an chéad toghchán eile agus beidh go leor de mhuintir na tuaithe fós ag feitheamh ar an leathanbhanda.
a thuar to predict
" D'fhéadfadh an troscán dul amach an fhuinneog - ní féidir leat aon rud a thuar.
rinneadh a thuar in was predicted
" Anuraidh rinneadh a thuar in eagrán mhí Eanáir de *Beo! *go mbuailfí buille tubaisteach ar an Uasal Ahern in 2004 agus go raibh gach seans ann ar deireadh thiar go dtitfeadh fear Dhroim Conrach ar a chlaíomh.
a thuar to predict
" Ach níl dóigh ar bith go bhféadfaí é sin a thuar ag an am sin.
mar atá á thuar ag go leor eacnamaithe as a lot of economists are predicting
" Fadhb ollmhór a bheas ann amach anseo má chuireann an ECB leis an mhéadú seo agus má ardaíonn rátaí úis na tíre seo go 3%, fé mar atá á thuar ag go leor eacnamaithe.
a thuar to predict
" Ní féidir a thuar cad é mar a bheidh an gréasán iompair Éireannach i gceann deich mbliana eile, i 2025, ach tá mórán suime faoi láthair sa scéim chun droichead agus tollán a thógáil chun Baile Átha Cliath a cheangal leis an líne thapa iarnróid nua “Maglev” atá beagnach i bhfeidhm agus a cheanglóidh Albain, Manchain, Learpholl agus Londain le traenacha a bheidh ag taisteal ag 500 cileaméadar san uair.
inar thuar sí in which she predicted
" Go deimhin, scríobh sí tuarascáil i mí na Nollag 2004 inar thuar sí go dtarlódh rud éigin uafásach sa cheantar roimh i bhfad muna rachfaí i ngleic leis an chiapadh ciníoch ansin.
a thuar predicting
" Maidir le tuarastal an stiúrthóra nua, deir Pádraig Ó Dálaigh ó Pháirc an Chrócaigh nach mbeidh sé leath chomh hard is atá na ráflaí a thuar.
a thuar to predict
" Agus déanfaidh mé an méid seo a thuar: beidh an líne ar fad as Inis go Cúil Mhuine i gContae Shligigh ar oscailt taobh istigh de chúig bliana.
a thuar to predict
" Ach is deacair a thuar cé chomh fada is a mhairfidh an eagraíocht muna ndéanann sí an saghas dul chun cinn atá ar intinn aici.
á thuar being predicted
" A bás a bheas á thuar agus a díothú a bheas á thairngreacht.
a bhí á thuar which was being predicted
" Ba é an cosc ar chaitheamh tobac in áiteanna poiblí an chéad bhuille, cé nach raibh an tionchar diúltach aige is a bhí á thuar ag na tábhairneoirí ag an am.
go bhféadfaí a thuar that it could have been foreseen
" ” Sárú na ndúshlánMás fíor go mbíonn sé deacair a thomhas céard iad na comhlachtaí a bhfuil an *X factor* acu san earnáil theilifíse, b’fhéidir go bhféadfaí a thuar go mbeadh rath ar Nemeton.
a thuar. to celebrate
" **Na buaiteoirí á dtuar**Is é an rud a chuir mé ag smaoineamh faoin eachtra seo ná gur nós é ag tús na bliana buaiteoirí na gcraobhchomórtas a thuar.
a thuar to predict
" Ach tá sé deacair a thuar cé acu an bhfuil an fhoireann imithe thar an a spriocdháta díola, nó an bhfuil speach fós inti.
níor thuar éinne no one foretold
" “Ar aon chaoi” a dúirt sé, “níor thuar éinne go mbeadh briseadh ann faoi mar a tharla, tá sé fíoréasca agus muid ag breathnú siar”.
thuar to prophesize
" D’fhéadfaí é a thuar, áfach, dá mbeadh a fhios ag daoine an cineál córais airgeadais a bhí ann, agus cén chaoi ar bunaíodh é.
deacair a thuar difficult to foretell
" Más deacair a thuar ar go maith nó go dona a d'éirigh le Obama go fóill, ámh, níl amhras ar bith ach gur thosaigh sé an rás go breá scafánta.
thuar forecast
" Tá an bás is an scrios á thuar ón tús.
thuar gan stró easily predict
" Cé gur bhain na himeachtaí ar Wall Street ó Mheán Fómhair 2008 i leith stangadh as cuid mhaith daoine -- na mílte Éireannach a chaill a gcuid postanna ó shin ina measc -- d’fhéadfadh ‘lucht sofaisticiúil an airgeadais’ é sin a thuar gan stró, a áitíonn Gates.
thuar forecast
" Beidh orthu a bheith straitéiseach agus réadúil faoin mhéid atáthar ag iarrraidh a chosaint ó mholtaí thuarascáil McCarthy.
thuar prophesized
" Gríosóirí Iúil, Rebiya Kadeer? D’fhéadfaí a thuar, mar sin, go maífeadh an tSín gurbh iad na scarúnaithe-sceimhlitheoirí a bhí ciontach leis na círéibeacha ag tús Iúil.
thuar forecast, pre-empt
" Ar a laghad, d’fhéadfaí rabhaidh lucht Iosrael a thuar.
Ní thig a thuar one can't foretell
" Ní thig a thuar cad é mar a éireoidh le Foinse sna míonna amach romhainn siocair nár tugadh faoina leithéid de fhiontar ariamh cheana.
á thuar showing promise
" Braithim Henri-Georges Clouzot agus Jean-Pierre Melville ina n-ionsparáidí ar ghuailne Jacques Audiard nuair a bhí ‘Un Prophete’, an cúigiú fadscannán óna lionsa siúd, á thuar is á dhéanamh aige.
thuar foretold
" Mar a thuar an ‘Ciúin Mac Ádhaimh’, fuíoll an áir amháin a bhí fágtha de chultúr béil na Gaeilge nuair a shocraigh rialtas an tSaorstáit i 1926 go raibh idir ríthábhacht agus róphráinn ag baint le samplaí den teanga bheo i ngach ceantar inar mhair sí a chur ar an taifead go buan.
thuar foretold
" Thuairiscigh Haaretz go bhfuair beirt fhostaí de chuid Odigo, an freastalaí teachtaireachtaí meandracha Iosraelach, teachtaireachtaí a thuar na hionsaithe ar an Lárionad Domhanda Trádála dhá uair sular tharla siad.
thuar sé he foretold
" 
“Ní athróidh próiseacht s'againne,” arsa Sinn Féineach amháin liom agus é ar nós cuma liom, ach beidh cath fíochmhar le troid acu féin agus ag an SDLP faoi leasa sóisialaigh, faoi fhostaíocht, faoi aire a chinntiú do sheandaoine agus do pháistí, a thuar sé.
thuar foretell
" Bhí muid ag súil le greadadh ach ní thiocfadh leis an té ba dhuairce a thuar go gcaillfeadh muid a oiread sin suíochán.
á thuar being forcast
" Léiríonn sé an easpa intleachta atá i gcroí an rialtais anseo nuair atá bearna billiún punt idir luach na ciorruithe atá á thuar ag an Aire Airgeadais, Sammy Wilson (£4bn) agus ag an Chéad-Aire, Peter Robinson (£5bn).
thuar foretold
" Níor lochtaíodh é san am áfach, go mb'fhéidir an ceart a bheith ag mionlach an amhrais a thuar an tuairt gheilleagair, tuairt a bhí ag tórmach gan stad ag an am.
bás na litríochta á thuar the death of literature being foretold
" An focal – Bhí bás na litríochta á thuar ag daoine áirithe ceart go leor agus cúngú ar úsáid focal.
cos ar bolg atá á thuar do imperialism is being forecast for
" Géarleanúint chreidimh agus cos ar bolg atá á thuar do mhionlaigh na Siria má chuirtear Al-Assad as oifig.
is minic bás na Gaeilge á thuar the death of Irish is often foretold
" Is iomaí barúil dhiúltach a nochtar faoi thodhchaí na Gaeilge ar na saolta seo, agus is minic bás na Gaeilge á thuar.
Thuar foretold
" Thuar Cheiro go bhfillfeadh na Giúdaigh ar an bPalaistín agus go mbeadh Iosrael mar ainm ar na críocha céanna feasta.
Bhí siad ann a thuar there were those who foretold
" Bhí siad ann a thuar go gcríochnódh an Afraic Theas amhlaidh, ach buíochas le Dia d’éirigh leo an chinniúint sin a sheachaint.
sioc á thuar frost being forecast
" Dá mbeadh sioc á thuar chuirimis uisce ar na casáin a raibh fánaí géara leo agus bheadh sleamhnán iontach sciorrach againn an lá dár gcionn.
a thuar to predict
" Ní i gcónaí a éiríonn le lucht margaíochta a thuar cad iad na táirgí a n-éireoidh go maith leo, mar a mhíníonn Emer Ní Bhrádaigh.
a thuar to predict
" Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill leis na buaiteoirí in olltoghchán an 17 Bealtaine a thuar.
a thuar to predict
" Amharcann Dónall Ó Maolfabhail ar mhórscéalta nuachta 2002 agus déanann iarracht a thuar a bhfuil i ndán dúinn in 2003.
buaiteoirí na bliana seo a thuar to predict this year's winners
" Féachann Colm Mac Séalaigh chun tosaigh go dtí craobhchomórtas na hiománaíochta agus déanann iarracht buaiteoirí na bliana seo a thuar.
a thuar. to celebrate
" Tá an bhliain úr ag teannadh linn, am a dhéantar buaiteoirí na gcraobhchomórtas peile agus iomána a thuar.