Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le fáil thíos ná thuas not to be found anywhere
" Ní raibh Úna le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.
le fáil thíos ná thuas not to be found anywhere
" Ní raibh Úna le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.
an rilleán thuas the above riddle
" Má bhí an rilleán thuas riamh ag déanamh tinnis duit, nó má bhí tú riamh fiosrach faoi fhir na léinte dubha (nó dearga nó buí) tá deis iontach anois agat freagra agus tuiscint níos fearr a fháil ar mar scéal mar tá leabhar nua ar an margadh atá tiomnaithe go hiomlán do réiteoirí an Chumainn Lúthchleas Gael.
mar a léiríodh thuas as was shown above
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá an-chuid acu mar a léiríodh thuas.
thuas sna scamaill up in the clouds
" Tá an-suim agam féin in eitleáin, agus bím breá sásta a bheith thuas sna scamaill ag dul áit éigin.
a luadh thuas mentioned above
" Bhuaigh Uíbh Fhailí an cluiche áirithe sin agus bhí cuid mhaith de na deartháireacha a luadh thuas ag imirt.
na cinntí atá luaite thuas the decisions mentioned above
" Anois d'fhéadfadh sé go bhfuil cúiseanna praiticiúla agus cúiseanna a bhaineann le hairgead agus araile ag baint leis na cinntí atá luaite thuas ach ardaíonn siad dhá cheist bhunúsacha: an é go bhfuil an pheil níos tábhachtaí ná an iománaíocht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael agus an bhfuil RTÉ i gceannas maidir le roghnú na gcluichí a thaispeántar beo? Mar shampla, bhí an cluiche peile idir Áth Cliath agus An Lú beo ar an teilifís - cluiche thar a bheith aontaobhach, gan dealramh.
an obair ag éirí thuas orainn work piling up on us
" "Éirigh amach as sin leat! Ná bí do shuí ansin ag amharc uait agus an obair ag éirí thuas orainn.
Amharc thuas udaí look up there
Ní bhíonn a dhath thuas ar a dhroim ach dubh he wears absolutely nothing else but black
" Ní bhíonn a dhath thuas ar a dhroim ach dubh.
Bhí cuma an mhairnéalaigh thuas air he looked like a real/right sailor
" Bhí cuma an mhairnéalaigh thuas air, idir an ghruaig sceadach fhionn-rua agus an imir rua a bhí ag siúl ar a leiceann nuair a bhuail an ghrian é.
Ligfeadh sí don tsaol mhór éirí thuas uirthi she'd let people walk all over her
" "Ligfeadh sí don tsaol mhór éirí thuas uirthi.
ní maith liom bheith thuas ard I don't like heights
" ) Chuaigh mé isteach i bhfoirgnimh an Campo uilig, seachas an túr, mar ní maith liom bheith thuas ard.
an stúr a bhí ag éirí thuas uirthi the dust that was everywhere
" Bhí samhnas ag teacht ar Shíle leis an tsalachar agus leis an stúr a bhí ag éirí thuas uirthi.
ag éirí thuas orainn getting on top of us
" Choinnigh an bheirt ghruagairí ag caint leo agus iad ar an iúl chéanna agus níor mhothaigh Màiri an t-am ag dul isteach go dtí gur chuala sí an gruagaire ag rá, “ A Mhàiri, tá mé iontach buartha tú a choinneáil, ach mar a tchí tú tá rudaí ag cineál ag éirí thuas orainn anseo.
a luaitear thuas which is mentioned above
" Beidh 3,000 múinteoir ar fad de dhíth sa chóras oideachais Ghaeilge, mar sin, mar a tharlaíonn an fás a luaitear thuas.
a luadh thuas mentioned above
" Cheana féin i mbliana is léir gur ceann de na trí fhoireann a luadh thuas a bhuafaidh an Chraobh agus an t-aon rud atá suimiúil faoin bPríomhroinn ná cé acu a bhuafaidh í.
ní maith liom bheith thuas ard! I don't like heights!
" Ní dheachaigh mise ann, áfach, mar ní maith liom bheith thuas ard! Is cinnte go raibh séipéal nó mainistir níos luaithe fiú ann, sa Ré Luath-Chríostaí.
a luadh thuas, mentioned above,
" ” Ní chuireann sé isteach ná amach ar Dhaire nach bhfuil éirithe ach le cúpla grúpa go dtí seo (na cinn a luadh thuas, mar shampla) slí bheatha a bhaint amach mar cheoltóirí lánaimseartha traidisiúnta.
thuas ar ardán staid na hollscoile up on the platform of the university stadium
" Cá bhfios nach mbeidh mé féin thuas ar ardán staid na hollscoile an tseachtain seo chugainn ag tabhairt uchtaigh dár bhfoireann.
a luaítear thuas. who is mentioned above
" ”* Is comhairleoir dlí ar fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta é an fear Dalton Tatton a luaítear thuas.
Thuas-seal-thíos-seal an tsaoil the ups and downs of life
" Thuas-seal-thíos-seal an tsaoil a bhí faoi chaibidil againn agus muid sa Barge, an teach tábhairne ar Shráid Charlemont.
mar a léiríonn na staitisticí sa pharagraf thuas, as the statistics in the above paraghraf show
" Ach, mar a léiríonn na staitisticí sa pharagraf thuas, d’fhéadfaí a rá nach bhfuil i gceist ach tuile agus trá na taoide – nó na bpáirtithe – mar a tharlaíonn go rialta i bpolaitíocht na tíre seo.
go mbíonn an corp díreach taobh thuas den choim the body is straight from the waist up
" Is iad na difríochtaí is mó idir an dá chineál damhsa ná go mbíonn an corp díreach taobh thuas den choim sa damhsa céime agus bíonn na géaga le taobh an damhsóra.
thuas sa chábán. above in the cabin
" Chomh maith leis sin, má shiúlann duine – duine beag ach go háirithe – amach díreach roimh thiománaí leoraí agus é ag tiomáint go mall tríd an trácht, tá seans ann nach mbeidh sé ábalta an duine a fheiceáil mar go bhfuil sé thuas sa chábán.
mar a luadh thuas, as was mentioned above,
" Beidh an t-amhránaí Mairéad Déiseach le cloisteáil i gcuid de na cláracha agus, mar a luadh thuas, beidh cuid de na rannpháirtithe i mbun an cheoil iad féin.
níl aon dabht ach go mbeidh an Ghaeilge thuas lena chinneadh there is no doubt that Irish will benefit from his decision
" Is “fear cúise agus feachtas” é, agus níl aon dabht ach go mbeidh an Ghaeilge thuas lena chinneadh a aird agus a chuid fuinnimh a dhíriú ar an teanga.
thuas above
" ' Le seo, bheadh 'nevé' (sneachta crua) thuas agus bheadh oigheareasanna ann.
thuas above
" ” Tá daoine ann a léighfidh an mhír thuas a cheapfaidh nach bhfuil ann ach tagairt chiníoch: “Seo frith-Sheimiteach eile ag rá go bhfuil na Stáit Aontaithe faoi smacht na nGiúdach!” Ach má ghlacann muid leis nach bhfuil na Giúdaigh go léir i gceist ag an duine seo ach mionlach beag díobh, ar antoiscigh iad, an bhfuil pointe aige? Maidir leis an gcéad mhaíomh, léirigh mé anseo, in alt dar teideal ‘Ar mhaithe le Síón,’ nach raibh difear ar bith idir Obama agus McCain ó thaobh a ndílseachta diongbháilte do Iosrael.
Ghlúin atá Thuas present generation
" ” (*Stillwater*) An Ghlúin atá Thuas Tréaslaímid le foireann Ghaelscéal an chéad eagrán a bheith amuigh inár measc agus guímid gach rath ar a saothar san am atá amach romhainn.
thuas above
" Is léir go raibh bord conspóideach stiúrtha NIW as láthair nuair a bhí an ceacht sin thuas á thabhairt mar a bhí siad as láthair ag na ranganna áirimh, staidéir ghnó, cumarsáide agus dá mbeadh rang soláthar uisce ar fáil, is cinnte go gcaillfeadh siad an rang sin fosta.
thuas an bealach up the road
" Maidhm ==== Fuair mé scéala ó mo dheartháir John go raibh sé féin agus cairde ag fanacht i mbrú ag Stáisiún Tulloch i nGleann Spean, cúpla míle thuas an bealach uainn.
thuas ar an chlár up on the board
" Bhí muid cromtha thar an leathanach ag scríobh go faichilleach ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an mhéid a bhí scríofa thuas ar an chlár.
thuas above
" In ainneoin na lochtanna thuas, thug an scéim aitheantas don ghasúr a raibh Gaeilge mhaith acu agus thug sé deis do mo leithéidse, monatóireacht bhliantúil a dhéanamh ar staid na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta éagsúla.
tuairimíocht thuas that guesswork
" Ní raibh sa tuairimíocht thuas ach tráchtairí ag déanamh dóighe dá mbarúil, áfach, agus thug an Bhanríon cuairt eile ar an Astráil i mí Deireadh Fómhair i mbliana, le hoscailt oifigiúil a dhéanamh ar an gcomhdháil dhébhliantúil den *Commonwealth Heads of Government Meeting in Perth*.
thuas ar an ndomhan clár back up in the real world
" Braitheann sé an bás ina theannta agus tosnaíonn sé ag caint go macánta le Stephen, an lieutenant a bhíodh i bhfeighil air thuas ar an ndomhan clár.
chaolchúis thuas above mentioned subtlety
" Bhí an searmanas féin, gabháil an leithscéil, stiúrtha go mion (an chaolchúis thuas) ag a lucht bolscaireachta.
scread an mhallacht thuas shouted the curse above
" ”* Bean mheánaosta ar chosúil nár chaith an saol go cineálta léi a scread an mhallacht thuas agus í ag siúl thart liom taobh amuigh de Theach Pobail Caitliceach Naomh Pádraig i Sráid Dhún na nGall i mBéal Feirste Dé Satharn seo caite, na mílte ball den Ord Dubh ag siúl ar an tsráid taobh léi.
Luaigh mé thuas I mentioned above
" Luaigh mé thuas an t-athrú as cuimse atá tagtha ar chúrsaí inimirce lenár linn abhus.
thuas luaite mentioned above
" Sprioc an Dá Dheich ========= An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu! D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
córas mar atá luaite agam thuas a system like I mentioned above
" Cén fáth go gcuireann aon iris, idirlíon nó eile, scríbhneoir (le bean agus clann) faoi bhrú mar sin? Caithfear córas mar atá luaite agam thuas a thabhairt isteach.
rabhadh an údair thuas the above author’s warning
" Is é seo rabhadh an údair thuas, Nicholas Carr, rabhadh atá bunaithe ar an taighde is úire sna heolaíochtaí cognaíocha.
Cara sa Chúirt Thuas money spent in obtaining influence (in Heaven)
" Cara sa Chúirt Thuas ======== Is mór an imní a chuireadh an éagsúlacht dearcaidh seo i measc an phobail ar bhaincéirí agus mar leorghníomh aithreachais, dhéanadh siad infheistíochtaí móra sna heaglaísí.
luadh thuas mentioned above
" Cé gur sa Bhreatain a tharla na samplaí go léir a luadh thuas, úsáidtear an sórt seo fornirt chun díbirtí a chur i bhfeidhm timpeall an domhain.
atá thuas sa saol anois who are now running the show
" Is é an feall nach dtugann an dream óg atá thuas sa saol anois cuairt ar na daoine eisceachtúla sin.
tuairim mo charad ilteangaigh thuas my polyglot friend’s opinion above(mentioned)
" Braithim go bhfuil an Pholainnis go háirithe chomh coitianta is go nglacaim anois le tuairim mo charad ilteangaigh thuas a mhaígh go bhféadfadh sé maireachtáil d’uireasa Béarla in Éirinn inniu.
luaite thuas mentioned above
" Mar atá luaite thuas níl ár gcumas buan ach an oiread agus uaireanta is í an aois is mó a athraíonn an scéal orainn.
Míshásamh Thuas Staighre dissatisfaction upstairs
" Nuair a mhaslaíonn Captain Jackson iarrachtaí an Chigire Reid “seomra báis” nua-aimseartha cosúil le seomraí John Hopkins i mBaltimore a mhaisiú dó i Whitechapel, cuireann an cigire ceist ar an máinlia amhrasach: “*Should we not aspire so high you and I?*” Míshásamh Thuas Staighre ========== Dúnmharaítear póilín óg le linn dó dul i ngleic le bithiúnach brúidiúil a rinne iarracht pictiúirí d’inneall loingseoireachta nua a ghoid ón innealtóir.
An Té atá Thuas, Óltar Deoch Air when successful, one is celebrate
" An Té atá Thuas, Óltar Deoch Air =============== Idir an dá linn chuaigh gnóthaí in olcas.
i gcoinne na tuairime nochtaithe thuas in opposition to the opinion given above
" Táim cinnte go mbeadh go leor le rá ag daoine i gcoinne na tuairime nochtaithe thuas.
thuas an bealach up the road
" Scríobh Des Guckian thuas an bealach roinnt faoi chomh maith.
thuas an domhain ó dheas up south
" Ag bun thuas an domhain ó dheas a bhí Pat Butler ag scagadh na scannán an iarraidh seo! D’fhreastail sé ar Fhéile Scannáin Sydney, mura mhiste leat.
thuas above(mentioned)
" Comharthaí ‘dátheangacha’ a chrochadh sa Ghaeltacht, loiceadh ar na bannaí/ titim na hÉireann as an €uro agus díluacháil roimh an olltoghchán, an ceardchumainn chearta iad na *‘white collar unions’*? Bhuail Seosamh Mac Muirí chun cainte le Seosamh Ó hUiginn, FPE, i ndeireadh na Nollag chun a cheistiú faoi na hábhair thuas agus faoi ábhair nach iad.
thíos seal thuas seal of fortune and misfortune
" Ríomhann Colm Mac Séalaigh scéal thíos seal thuas seal foirne peile Átha Cliath i gCraobh na hÉireann le breis is céad bliain anuas.
thuas seal thíos seal (saw) the ups and downs
" Bhí Julia Gillard thuas seal thíos seal mar Phríomh-Aire na hAstráile agus bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an scéal.