Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag léimneach timpeall jumping around
" Maidir leis na flaithis, a smaoinigh sé, nár dheas an feic í, cos a fheiceáil léi féin ag léimneach timpeall i measc na naomh uasal is na n-aingeal, is b'fhéidir á mbascadh.
Bheifeá ag rith timpeall you'd be running around
" Bheifeá ag rith timpeall ó áit go háit ag seinm.
cruinnithe timpeall ar gathered around
" Ba deas a fheiceáil ag Oireachtas na bliana seo caite go raibh an grúpa céanna cruinnithe timpeall ar Mháire, mar a bheadh sicíní, ag ceann de sheisiúin amhránaíochta an Oireachtais.
timpeall ar an slua around the crowd
" * Gluais • Glossary sliochtexcerpt úrscéalnovel scéal bleachtaireachtadetective story fuadach páistethe kidnapping of a child eachtraincident a bhaineann preab uafásach as gach duinewhich deeply shocks everyone bleachtairedetective ag breathnúlooking soncnudge gleonoise buarthaworried ag béicíl isteachyelling into timpeall ar an sluaaround the crowd Threoraigh sé an Sáirsint sa treo eile.
shínfidís timpeall an domhain they would extend around the world
" Dá ndéanfaí iad seo a pháirceáil le chéile, shínfidís timpeall an domhain – 125 uair! Chun méadú mór ar an truailliú a sheachaint, ní foláir go n-éireofaí as peitreal a dhó sna féithiclí seo.
ag sú isteach na radharcanna thart timpeall ort taking in the sights around you
" Cruthaíonn an lucht siamsaíochta sráide spiorad carnabháil agus tú ag siúl thart ag sú isteach na radharcanna thart timpeall ort, mná na hoíche i mbun a ngnó i gceantar na soilse dearga, cuir i gcás, agus iad gualainn ar ghualainn le siopaí ceirde agus caifí beaga teolaí.
timpeall na Céinia agus na Tansáine around Kenya and Tanzania
" Turas timpeall na Céinia agus na Tansáine; sé mhí ag obair go deonach le hainmhithe; trí mhí ag obair le páistí sa Mhaláiv; turas timpeall na Botsuáine agus na Namaibe – tá na céadta féidearthacht tar éis teacht isteach i m’intinn! Sa deireadh, shocraigh mé ar thrí seachtaine a chaitheamh i nGána ag tabhairt cuairte ar an teach cónaithe ina raibh mé lonnaithe anuraidh agus ansin dul ó dheas agus coicís a chaitheamh ar an trá i Mósaimbíc.
timpeall na cruinne around the globe
" Táim ag súil le taithí den scoth, le cuimhní iontacha, agus le neart ceachtanna agus cairdis, ach tá drogall orm bheith ag súil leis an iomarca! Caithfidh tú muinín bheith agat ionat féin, i ndaoine eile agus i rotha mór an tsaoil! Is iomaí rud atá ag cur imní orm anois, agus trí seachtaine fágtha agam sula n-imím: An mbeidh dóthain airgid agam? An mbeidh aon deacrachtaí sláinte agam féin nó ag Sophia? An mbeidh deacrachtaí sa bhaile agus mé ar an taobh eile den domhan? An ndéanfaidh gach duine sa bhaile dearmad orm?! Tar éis gach rud, beidh an cheist a bhíonn de shíor i m’intinn fós ansin i mí na Nollag: “Céard a dhéanfaidh mé anois?!” Den dara huair le hocht mí dhéag, táim ag fágáil poist chun dul ar seachrán timpeall na cruinne.
timpeall a mhuiníl around his neck
" Agus é ag cur an ghiotáir timpeall a mhuiníl, chuimhnigh sé ar fhocail Jó agus é ag tabhairt cuiridh dó dul amach don samhradh.
ag léim timpeall agus ag rince jumping around and dancing
" Bhí muintir na háite ar fad ag iarraidh mé a tharraingt isteach ón mbáisteach, ach bhí mé chomh fliuch sin gur chuma liom! Faoin am a shroich mé an teach, bhí mé fliuch go craiceann, agus ba bheag nach raibh flip flop caillte agam san abhainn a bhí in áit an bhóthair! Chuala mé screadanna agus gáire, agus ansin os mo chomhair bhí na páistí ar fad amuigh sa bháisteach ag léim timpeall agus ag rince! Bíonn orthu uisce a bhailiú gach lá agus, mar sin, bhí siad chun leas a bhaint as an deis seo agus chuir siad buicéid amach chun an t-uisce a bhailiú.
tiomáint timpeall i gciorcal drive around in a circle
" Ní gá dóibh an bua a bheith acu i rás carranna – is féidir leo tiomáint timpeall i gciorcal má tá siad ag baint taitnimh as! Fuair daoine blaiseadh ar an saghas seo cur chuige leis an gcluiche Grand Theft Auto, agus tá rudaí tar éis fás agus forbairt ó shin i leith.
á gcaitheamh timpeall being thrown around
" Má tá na cláraitheoirí ríomhaireachta in ann rudaí bunúsacha mar dhomhantarraingt a athchruthú laistigh do dhomhan saorga, is féidir leo déileáil leis an gcaoi a bhfuil rudaí á gcaitheamh timpeall, mar shampla.
dá mbeidís in ann fál cosanta a thógáil timpeall air if they could build a protective barrier around it
" Ach bhí dream eile a dúirt go raibh seans acu an baile a shábháil dá mbeidís in ann fál cosanta a thógáil timpeall air a bheadh sách ard.
le sracfhéachaint a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú i mo thimpeall to glance at what's happening around me
" Anois is arís, osclaím iad le sracfhéachaint a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú i mo thimpeall.
ar lasadh timpeall na n-uaigheanna lit around the graves
" Bhí an méid sin coinnle ar lasadh timpeall na n-uaigheanna gur gheall le tine leathan íseal í talamh na reilige.
ag taisteal timpeall na tíre, travelling around the country,
" Bhuaileamar leis na daoine eile nuair a bhíomar ag taisteal timpeall na tíre, ag dul go dtí na Fleánna agus na féilte ar fad.
ag taisteal timpeall na tíre. travelling around the country.
" Sna seachtóidí, nuair a bhí m’athair ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, bhí Pádraig ar dhuine de na daoine a lean é agus a sheas leis agus iad ag taisteal timpeall na tíre.
neart ceoil agus amhránaíochta timpeall orm plenty of music and song around me
" Bhí neart ceoil agus amhránaíochta timpeall orm agus mé ag fás aníos.
timpeall an Tuaiscirt around the North
" Ach nuair a chuirtear san áireamh go raibh fadhbanna uafásacha dáileacháin ag an nuachtán (ag pointe amháin b’éigean dóibh dul timpeall an Tuaiscirt ar rothair chun é a scaipeadh) agus go ndeachaigh an clóphreas trí thine, is míorúilt é gur mhair sé.
timpeall ar a chom. around his waist.
" Á gceangal timpeall ar a chom.
timpeall chiumhais around the edge
" Is é an ceann is suntasaí don chuairteoir ná an Manhattan Greenway, a théann timpeall chiumhais oileán Manhattan.
ag eitilt thart timpeall. flying around.
" Ach fuair mé dea-scéala sa paróiste an samhradh seo fosta, mar dúirt daoine éagsúla liom go raibh iolar mara feicthe acu ag eitilt thart timpeall.
ag dul timpeall i gciorcail. going around in circles.
" D’fhanamar ansin, ar nós daoine i bhfáinne sí, ar feadh uaire nó rud mar sin, ag dul timpeall i gciorcail.
timpeall an chúinne around the corner
" “Fostaíodh mé mar fhreastalaí in Renards, teach tábhairne agus club oíche ar Shráid Freidric Theas, timpeall an chúinne ón Language Centre, agus chuaigh agam aon oíche amháin a thabhairt ag obair mar fhreastalaí! Bhí mé tubaisteach.
timpeall 750 ciliméadar ó thuaidh ó Sydney around 750 kilometres north of Sydney
" "The Shire" a thugann muintir na háite ar an gceantar, atá suite timpeall 750 ciliméadar ó thuaidh ó Sydney agus cóngarach don teorainn le Queensland.
carachtar a bhfuil móraithne air timpeall an domhain. a character who is widely known around the world.
" Ní gnáthlacha é seo, ach Donald Duck - carachtar a bhfuil móraithne air timpeall an domhain.
timpeall na tíre. around the country.
" Mar chomparáid, ní féidir ach le 82,000 duine a bheith i bPáirc an Chrócaigh agus 90,000 i Staid Wembley! Tá dhá shraithchomórtas ollscoile déag ar leith sna Stáit Aontaithe, agus cothrom is deich mball i ngach ceann, gan trácht ar scór nó dhó sraithchomórtas beag idir na coláistí agus ollscoileanna beaga timpeall na tíre.
timpeall na tíre around the country.
" I mbliana, bhí 1,600 iontráil sa chomórtas ó 450 grúdlann faoi leith timpeall na tíre.
agus a tharraingt timpeall na tíre. and to pull around the country
" Anois, agus an t-albam eisithe agus ar fáil, is gá dom iarracht a dhéanamh ar an gceirnín a dhíol, ar cheolchoirmeacha a eagrú agus ar mo sheó aonair féin a chur le chéile agus a tharraingt timpeall na tíre.
is féidir brabhsáil thart timpeall an ábhair atá á lorg agat you can browse around the material you're looking for
" **Suíomhanna gaolmhara**Ní hionann Quintura agus KartOO ó thaobh leagan amach de, ach arís, agus Quintura á úsáid agat, is féidir brabhsáil thart timpeall an ábhair atá á lorg agat agus aimseoidh tú suíomhanna agus eochairfhocail atá bainteach leis an ábhar sin go tapa.
timpeall na hÁise around Asia
" Thaistil mé timpeall na hÁise cúpla uair, chaith mé tréimhse i San Francisco agus thaistil mé timpeall na hEorpa chomh maith.
timpeall na cruinne around the world
" Ach de thoradh an fógra a bheith á thaispeáint timpeall na cruinne gach lá ar feadh cúpla mí, níorbh fhada go raibh an t-amhrán “My Baby Just Cares for Me*” *le cloisteáil ar gach stáisiún raidió.
ag dul timpeall na n-eastát nua tithíochta going around the new housing estates
" Is cuimhin liom ceithre bliana ó shin, agus mé féin agus mo bhean chéile ag ceannach ár gcéad teach, go mbíodh muid – dála go leor lánúineacha eile – ag caitheamh ár ndeirí seachtaine ag dul timpeall na n-eastát nua tithíochta a bhí ag teacht ar an margadh.
ag siúl timpeall na háite walking around the place
" Chaith mé mo chéad oíche ansin ag siúl timpeall na háite.
thart timpeall orthu. around them.
" Is cuma cén t-am den lá nó den oíche a théann tú ann, beidh siad sna háiteanna céanna – ag siúl leo gan stró agus rírá an tsaoil ag dul ar aghaidh thart timpeall orthu.
ag bogadach timpeall an bhaile moving around the town
" Bhí sé an-deacair a bheith ag siúl, agus cé go raibh na daoine eile a bhí i mo theannta ar fad rud beag bacach, bhí siad ag bogadach timpeall an bhaile i bhfad ní ba ghaiste ná mise.
is féidir iad a bhogadh timpeall go héasca, you can move them around easily,
" Is féidir plandaí agus crainn a chur i do rogha áite agus is féidir iad a bhogadh timpeall go héasca, má theastaíonn uait é sin a dhéanamh.
bhog sé timpeall an tseomra he moved around the room
" Chuir Bill Leader muid in áiteanna éagsúla in íoslach Rynne’s sa Chorrchoill, shocraigh sé cúpla micreafón steirió ansin agus bhog sé timpeall an tseomra muid chun an fhuaim a chothromú.
chun brabhsáil timpeall leathanach idirlín to browse around internet pages
" Is cinnte go bhfuil cuma iontach ar na scáileáin nua seo agus tá sé an-éasca do mhéara a úsáid chun brabhsáil timpeall leathanach idirlín agus do leabharlainne ceoil.
ag stánadh timpeall orm staring around me
" Sheas mé i lár na tolglainne imeachta in aerfort Heathrow ag stánadh timpeall orm agus ag mothú go hiomlán caillte.
Ba le teacht timpeall ar shrianta ar úsáid it was to get around constraints on use
" **OpenStreetMap ** Ba le teacht timpeall ar shrianta ar úsáid a bunaíodh OpenStreetMap ((www.
a bhrú timpeall ar phláta le forc to push around the plate with a fork
" Thug muid faoi deara go bhfuil nósanna an-difriúla ag na Aixois, is é sin, tá siad tugtha do roinnt leitíse a bhrú timpeall ar phláta le forc gan a dhath a ithe.
ag taisteal timpeall travelling around
" Tá a lán athruithe i ndán do dhaoine a bhíonn ag taisteal timpeall Bhaile Átha Cliath, idir chártaí nua leictreonacha don bhus agus an córas nua leictreonach eFlow ar dholadhroichid an M50.
ag dul timpeall i mo chloigeann going around in my head
" Is doiligh dom coladh na hoíche a fháil in amanna mar go mbíonn na smaointe uilig seo ag dul timpeall i mo chloigeann.
thart timpeall orthu around them
" Tá beirt ghardaí óga ina seasamh ag cúinne na háirse agus iad ag caint go gasta, níl spéis dá laghad acu in aon rud thart timpeall orthu.
faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain about the way in which record companies are continually failing around the world
" Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
ballaí ísle thart timpeall orthu low walls around them
" Tá ardáin déanta as clocha áitiúla sna háiteanna seo, agus ballaí ísle thart timpeall orthu sa dóigh is nach n-amharcann siad as ionad.
maireachtáil ar ghualainn na mílte eile thart timpeall orthu. live shoulder to shoulder with the thousands of people around them
" Tuigeann muintir na gcathracha cheana féin go bhfuil orthu maireachtáil ar ghualainn na mílte eile thart timpeall orthu.
ag bogadh timpeall lár na cathrach moving around the centre of the city
" Bhí an damhán alla ag bogadh timpeall lár na cathrach faoi smacht aon oibrí dhéag.
casadh timpeall to turn around
" Faoin am sin tá sé ródhéanach casadh timpeall ar an mótarbhealach chun dul ar ais agus an páiste a fháil.
timpeall round
" Bíonn ócáidí spóirt go fairsing freisin, agus bhí rás mór na mbád seoil, rás Volvo, tagtha chuig cathair na dtreabh agus na mílte duine bailithe timpeall ar dhuga na Gaillimhe chun na báid a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as an atmaisféar.
bailiú timpeall gather round
" (- Má chaill an Fhrainc cath, níor chaill sí an cogadh) Níor thug de Gaulle aitheantas riamh do rialtas Pétain, nó do rialtas Vichy mar is fearr aithne air, ach d’iarr sé ar gach Francach bailiú timpeall air agus tús a chur le slógadh a chuirfeadh an ruaig ar an namhaid.
timpeall around
" Bhaineamar ana-shásamh as an dtírdhreach álainn timpeall an tí ar maidin.
timpeall ar of about
" Tá achar timpeall ar 9690 ciliméadar cearnach ar an réileán agus nuair a líontar é bíonn sé ar an loch is mó san Astráil.
timpeall around
" Bhí roinnt mangairí sráide ag fáinneáil timpeall, ach ba bheag a bhí le rá ná le díol acu, agus bhídis níos líonmhaire ná na turasóirí féin.
timpeall around
" Mar san, tá daoine muinteartha liom timpeall na háite agus tá sé go deas chomh maith, fiú amháin sa gheimhreadh, má theastaíonn uait dul amach oíche Dé Luain, bíonn cúpla duine thart.
suite timpeall sitting around
" Tá sé tábhachtach gan a bheith suite timpeall an t-am ar fad mar tugaim ana-chuid ama istigh sa chairt ag tiomáint.
Timpeall around
" Tá roinnt siopaí rothair Timpeall an Embarcadero inár féidir le turasóirí rothair a thógáil amach ar cíos íseal, agus bhíos lánsasta mo phinginí a íoc le bheith ar ais sa diallait arís.
timpeall ar around
" Ní ionadh, ina fhianaise sin, gur timpeall ar na haibhneacha Tigris is Eofrait i ndeisceart na hIaráice a bhí cónaí ar an muintir seo go stairiúil.
dúlra ina dtimpeall ecosystem
" Ach má léirítear grá do chrainn sa leabhar, léirítear freisin a thábhachtaí is atá siad don dúlra ina dtimpeall agus go bhfuil sé thar am againn, go háirithe in Éirinn, ar ceann de na tíortha is lú foraoisí san Eoraip í, beartas ceart crann a bheith againn.
timpeall na cruinne world wide
" As an 200 milliún atá timpeall na cruinne, meastar gur oibrithe iad 90 milliún díobh, rud a fhágann go bhfuil suas le 110 milliún nach bhfuil ag obair.
thugas timpeall le I spent about
" Fuaireas jab an chéad lá istigh i monarcha agus thugas timpeall le ceithre mhí ansan.
gcasfadh an Rialtas timpeall the gov. would turn around completely
" Bourgeois, is é an rud is measa a d’fhéadadh tarlú ná i gceann cúig nó deich mbliana go gcasfadh an Rialtas timpeall agus go ndéarfadh siad “níl sé ag obair, filleadh muid ar ais ar COGG” agus beidh orthu ansin an fáth sin a mhíniú dúinn, ach ar a laghad beidh iarracht déanta acu.
timpeall a mhuiníl around his neck
" Tá feall á dhéanamh ag an mbeirt chosantóirí, Noel Hickey agus JJ Delaney, ar an Seanachánach a bhfuil ceithre lámh na beirte timpeall a mhuiníl, gan an sliotar le feiceáil.
timpeall an domhain world wide
" Maraon le gluaiseachtaí féinmhuiníne timpeall an domhain ag an am (cearta sibhialta i Meiriceá agus i dTuaisceart Éireann, cearta teanga do na Māori sa Nua-Shéalainn), thosaigh na Briotáinigh ag cur spéise ina saíocht agus ina dteanga arís.
timpeall an oileáin the island circuit
" Níl aon chlár ama oifigiúil ar fáil ach bíonn a fhios ag muintir na háite go dtiocfaidh an bus cuí tar éis dó timpeall an oileáin a chur de! Níl imlíne Rarotonga ach 20 míle (nó 32 ciliméadar) ar fhad agus ní bheidh tú ag fanacht rófhada leis an mbus mar sin.
timpeall aroung
" Siúlann sí timpeall ag coimeád súile ar na rónta i rith an lae.
timpeall na tíre nationwide
" Mar a dúirt cara liom i Wisconsin "An gcloiseann tú sin? Sin torann na mílte inchinní beaga ag pléascadh timpeall na tíre!" B'fhéidir go raibh sé seo réamhbheartaithe ag an uachtarán an t-am ar fad.
timpeall around
" Agus mé ag spaisteoireacht timpeall, cloisim teangacha difriúla an t-am ar fad.
taisteal timpeall travel around
" Tá Toronto tógtha ar chóras eangaí agus mar gheall ar sin, is furasta taisteal timpeall na cathrach.
na pingneacha sa timpeall currency circulating
" Cuireann sé na pingneacha sa timpeall, nó a tharraingt as, le geilleagar Chinnín Óir - an Goldilocks economy - a chobhsú, nó a aimsiú, más gá.
timpeall na cruinne round the world
" Ligeann an áis seo duit súil a choinneáil ar dul chun chinn Dadaí na Nollag is é ag gabháil timpeall na cruinne.
timpeall na cruinne around the globe
" Tharla gur fionnadh agus go ndearnadh uirlisí agus innill agus mar sin de in áiteanna éagsúla, ag amanna éagsúla timpeall na cruinne, ach níor tharla ar chor ar bith go dtí an lá inniu féin in áiteanna eile.
timpeall an chúinne round the corner
" D’fhéadfaí í a leanacht timpeall an chúinne, i ngan fhios di b’fhéidir, sa chaoi go dtiocfaí aníos léi agus dúshlán cainte a thabhairt di, in áit a bheith ag tathaint uirthi, rud ar bith le teacht thart uirthi.
an timpeall ar fad the full circle
" Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
turas a thabhairt timpeall take a trip around
" Chomh maith le radharcanna den domhan is féidir turas a thabhairt timpeall Mars agus timpeall na Gealaí leis.
timpeall an domhain world wide
" Bhí Lá in Aghaidh Gháinneáil ar Dhaoine á chomóradh timpeall an domhain ar 18 Deireadh Fómhair.
a dhá láimh timpeall uirthi his two arms around her
" Níl íomhá níos treise ná an chóiréagrafaíocht a chleachtaíonn Georges, a dhá láimh timpeall uirthi, an chuma orthu gur ag válsáil le chéile atáid, ise á bhogadh ón gcathaoir chun na leapan aige, nó, níos bunúsaí fós, ón leithreas chun na cathaoireach, agus ar ais arís – aithris thruamhéalach ar an gcúpla steip.
a las gach rud timpeall orainn which lit everything around us
" Bhíomar ag ithe dinnéir agus an teach iomlán ag díoscán mar sheanbhád i mbaol a bháite faoi na réablacha gaoithe nuair a tharla pléasc taobh amuigh den teach a las gach rud timpeall orainn ar feadh leathmheandair.
timpeall an domhain world wide
" Scigamhrán is ea Gangnam Style agus tá an físeán bunaithe ar mheascra radharcanna atá ina scigaithris ar fhíseáin popcheoil agus mar gheall air seo atá intuigthe ag lucht féachana timpeall an domhain.
timpeall ar na mórchathracha around the major cities
" Ó chéas drochthriomach oirthuaisceart na Brasaíle sa 1970í agus sna 1980í, bánaíodh an tuath agus d’fhás ceantair bhochta ollmhóra timpeall ar na mórchathracha – na favelas.
dtiocfaidh sé timpeall gan rómhoill he’ll come around soon
" ‘B’fhéidir go dtiocfaidh sé timpeall gan rómhoill’ a dúradh uair eile i dtaobh imreora a fuair buille láidir sa chloigeann agus nach raibh cinnte ar feadh tamaill an raibh sé i bPáirc an Chrócaigh nó sa bhaile ar an tolg.
a thit amach thart timpeall orthu which happened around them
" Tá roinnt daoine sona sa saol, ar neamhchead don diabhlaíocht go léir a thit amach thart timpeall orthu.
timpeall na tíre around the country
" Tá an t-aos óg bréan den lipéad atá orthu, in éineacht leis na mílte daoine eile timpeall na tíre, ó chúlraí éagsúla is le fadhbanna éagsúla, a bhfuil tuairimí an-difriúla acu ar fad, mar Mheiriceánaigh.
ar a theitheadh timpeall an domhain fleeing around the world
" Sea, tá sé ar a theitheadh timpeall an domhain, agus ní fios go fóill cá gcríochnóidh an tóraíocht.
An samhradh timpeall orainn summer all around us
" An samhradh timpeall orainn, agus trácht dhíograiseach na hollscoile ar an bhfaiche.
iliomad bialanna atá daite timpeall innumerable restaurants are here and there around (the island)
" Bíonn na sluaite le feiceáil i rith an lae ag siúl suas síos sráideanna cúnga an Lido, cóin gelato ina nglaic acu, boladh uachtar gréine uathu agus iad ag triall ar an trá nó ar cheann den iliomad bialanna atá daite timpeall an oileáin.
cibé ar bith atá timpeall an chúinne whatever is around the corner
" Is cuma cén saghas gnó atá i gceist mar cá bhfios dúinn céard é an chéad réabhlóid teicneolaíochta eile? Muna bhfuil tuairim agat faoin réabhlóid seo beidh tú go hiomlán sa dara áit le ‘augmented reality’ nó ‘convergence’ nó cibé ar bith atá timpeall an chúinne.
timpeall an ama san about that time
" Nuair a chífeá ar an lá agus nuair a chloisfeá na scéalta ina dhiaidh san go ngaibh naomhóg trí Shráid Uí Chonaill aníos agus go raibh an Mackerel Céilí Band ann agus go raibh muintir na Gaeltachta ann, cuid acu nach raibh aon spéis acu i gcúrsaí caide ach go mbraitheadar go raibh gluaiseacht pobail éigint ar siúl timpeall an ama san.
bunaithe timpeall ar based around
" Bhí oiread rudaí le déanamh agam bunaithe timpeall ar an gcaid, ar na meáin, an spóirt is n’a’ haon rud eile – líonadh an bhearna ana-thapaidh, mar sin ní bhraitheas an t-uaigneas a bhraitheann ana-chuid imreoirí nuair a éiríonn siad as.
dhíoltaí an talamh thart timpeall air the surrounding land was sold
" Is iomaí seanfhear a sáinníodh faoin gcoill nuair a dhíoltaí an talamh thart timpeall air.
ag tarlú timpeall na cruinne happening globally
" Is é SsangYong an ceathrú déantóir carranna is mó sa Chóiré Theas agus, cé go bhfuil cúlú geilleagair ag tarlú timpeall na cruinne, tá ag éirí go breá leo féin.
timpeall na Briotáine around Brittany
" Tá an chéad fadscannán i mBriotáinis Lann Vras (Kalanna, 2013) ar camchuairt timpeall na Briotáine i láthair na huaire.
ag breathnú timpeall looking around
" "Faigheann muid go leor lochtanna nuair a bhíonn muid ag breathnú timpeall orainn, ach má imíonn tú aon áit eile.
téann muid timpeall cúinne amháin we round one corner
" Aithním Faiche Stiabhna, ach ar éigean, ó téann muid timpeall cúinne amháin agus ar aghaidh trí Shráid Chill Dara go Sráid Nassau.
Breathnaím timpeall I look around
" Breathnaím timpeall, ach ní fheicim tada ag teacht.
timpeall na tíre chuig round the country to
" Is sárcheoltóir í mo dheirfiúr Bríd freisin, agus bhíodh ár dtuismitheoirí bochta dár dtiomáint timpeall na tíre chuig ócáidí ceoil, nó fleadhanna, nó chuig ranganna ceoil i gcónaí.
ag taisteal timpeall na hÁise travelling around Asia
" Tá cara liom ag taisteal timpeall na hÁise faoi láthair.
timpeall an ama chéanna about the same time
" Tráthúil go maith, tháinig an ghluaiseacht Rómánsach agus an ghluaiseacht Ghotach chun cinn timpeall an ama chéanna i mblianta deiridh an ochtú haois déag, dhá ghluaiseacht a mhúscail spéis as cuimse i ngnéithe den osnádúr.
Is timpeall an ama sin it’s around that time
" Is timpeall an ama sin chomh maith a cuireadh an dúspéis in úrscéalta a raibh téamaí Gotacha agus an rúndiamhair luaite leo.