Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thimpeallacht environment
" Is é an deis is mó atá ann d'ár dteanga féin ná go bhfuilimid anois ag caint ar shochaí agus ar thimpeallacht atá méadaithe go mór agus is féidir labhairt ar ár dteanga i gcomhthéacs theangacha na hEorpa seachas a bheith ag plé le Gaeilge agus Béarla amháin.
Timpeallachta environment
" Ó thaobh na Timpeallachta de, níor thuig siad cén fáth ar ghá 70 míle de phiolóin agus de chuaillí a chur in airde ó na Cruacha Dubha trí cheantair Ghaeltachta na Rosann, Ghaoth Dobhair agus Chloich Cheann Fhaola, amach go Leitir Ceanainn.
timpeallachtaí bréagacha false environments
" " - *David Lee, eagarthóir na hirise ealaíne* The Jackdaw Bhí triúr eile in iomaíocht le Creed chun duais £20,000 an Turner a bhuachan: an grianghrafadóir Richard Billingham as Birmingham a úsáideann a theaghlach mífheidhmiúil mar fhoinse; an scannánadóir Isaac Julien as Londain a dhéanann scannáin, físeáin agus suiteálacha bunaithe ar bhunchruthanna ciníocha agus inscneacha; agus an t-ealaíontóir suiteála Mike Nelson a chruthaíonn timpeallachtaí bréagacha atá breac le tagairtí stairiúla, cultúrtha agus sóisialta.
lucht timpeallachta environmentalists
" Cuireadh i leith lucht timpeallachta go raibh a ndearcadh féin faoin gcineál sin dó ag cur leis an gcontúirt a bhíonn ann nuair a imíonn na tinte ó smacht.
timpeallacht environment
" Buille scoir ======= Tá an timpeallacht go deas glan agus aer folláin na Teiscinne móire dhá gcumhdach.
timpeallacht nádúrtha natural environment
" Is léir go bhfuilimid in áit na leathphingine maidir le saibhreas, agus an timpeallacht nádúrtha.
nach loitfidh an timpeallacht who will not destroy the environment
" Déanfar iarracht comhluadar útóipeach nach loitfidh an timpeallacht a chruthú mar chuid den teacht le chéile idirnáisiúnta Ecotopia2002, a bheidh ar siúl i lár na míosa seo ar bhruacha Loch Dearg in oirthear an chontae.
timpeallacht environment
" Tá na húdaráis ag diúltú cead pleanála a thabhairt ar na cúiseanna seo: dochar don timpeallacht agus milleadh radharcanna tuaithe; easpa infrastruchtúir tuaithe agus an costas a bhainfeadh le caighdéain sasúil a bhaint amach sa réimse seo.
timpeallacht environment
" Tá an dá thaobh den argóint ann: iadsan a deir gur deis atá ann níos mó bia a chur ar fáil ar chostas níos lú, agus iadsan a deir go bhfuil sé contúirteach GMOs a scaoileadh amach sa timpeallacht ag an bpointe seo toisc nach bhfuil a fhios againn fós cén tionchar fadtéarmach a bheas acu ar an saol.
truailliú na timpeallachta the polluting of the environment
" Agus má chuirimid an cumas agus an cur chuige atá ag roinnt leis an CLG i gcomórtas le hiarrachtaí an Rialtais, mar shampla, i leith nithe níos tábhachtaí ar nós cúrsaí oideachais agus sláinte, an bhearna idir saibhir agus daibhir, truailliú na timpeallachta agus mar sin de, caithfear a rá dá bhféadfaí cuid de chur chuige agus d'fhís an CLG a chur i bhfeidhm ar ghnéithe eile den saol go mb'fhéidir go mbeimis i bhfad níos fearr as mar phobal agus mar náisiún.
timpeallachta environment
" Rud thar a bheith speisialta faoin oileán seo ná go bhfuil sé an-bheag agus tá sé dochreidte an méid éagsúlachta atá ann ó thaobh na timpeallachta de.
lena dtimpeallacht their environment
" Bhí sé mar chuid den sprioc ag an ghrúpa seo daoine óga ón cheantar a mhealladh isteach chun a bheith ag obair ar thionscadal lena dtimpeallacht a dhéanamh níos deise agus dóchas a chruthú don todhchaí agus don ghlúin atá le teacht.
scrios ar an timpeallacht destruction of the environment
" In ainneoin an uafáis seo, is cosúil go bhfuil an rialtas lárnach i Maidrid agus an rialtas áitiúil in Santiago de Compostela níos buartha faoi na fadhbanna polaitiúla a bhaineann leis an tubaiste ná faoi chúrsaí eacnamaíocha, sóisialta nó faoin scrios ar an timpeallacht.
chun timpeallacht fhisiciúil na Gaeilge a neartú to strengthen the physical environment of Irish
" ar fud na hOllscoile chun timpeallacht fhisiciúil na Gaeilge a neartú.
i dtimpeallacht réchúiseach in a relaxed environment
" Cuireann pobail mar The Villages ar chumas daoine níos sine na blianta deireanacha dá saol a chaitheamh i dtimpeallacht réchúiseach, ina bhfuil an bhéim ar chaitheamh aimsire lánaimseartha.
timpeallachta environment
" Tionchar na teilifíse, na timpeallachta agus an bhrú atá ar pháistí a bheith cosúil lena gcairde, is cosúil.
thimpeallacht oibre work environment
" Mothaíonn sí go bhfuil an áit an-bhríomhar mar thimpeallacht oibre, go bhfuil fuinneamh maith ann.
timpeallacht environment
" Ceann de na rudaí is spéisiúla faoi na fiontair atá tosaithe ná gur as taobh amuigh den Ghaeltacht nó ó thar lear a tháinig cuid de na fiontraithe; seo daoine ar mheall an Ghaeltacht agus an Ghaeilge iad agus a thuig an saol breá a d'fhéadfadh a bheith acu i dtimpeallacht álainn spreagúil.
timpeallacht surroundings
" Tá a ndúchas agus an timpeallacht a thréig siad ina n-óige anois mar a bheadh seoid luachmhar acu, agus tá siad breá sásta a bheith ag tógáil a gclainne san áit.
timpeallacht Ghaeilge Irish language environment
" Níl aon timpeallacht Ghaeilge i Sasana-Nua, ar an drochuair.
thimpeallacht environment
" An rud a bhí i gceist ná cúrsa faoi thimpeallacht agus sheandálaíocht Chorca Dhuibhne, tugtha trí Ghaeilge agus ranganna Gaeilge i gceist freisin.
timpeallacht nua-aimseartha modern surroundings/environment
" In amanna bhraith mé go rabhas ar an seit de scannán éigin, bhí an oiread sin den timpeallacht nua-aimseartha feicthe agam cheana ar an scáileán sa bhaile in Éirinn.
timpeallacht environment
" Bhí mé ag freastal ar chúrsa i mBaile an Fheirtéaraigh faoin tseandálaíocht agus faoin timpeallacht sa cheantar, cúrsa a bhí á reáchtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
timpeallacht neamhthruaillithe unpolluted surroundings
" Tar éis an tsaoil, chonacthas dóibh, b'iomaí buntaiste a bhí ag an oileán beag: gaoth ón fharraige mhór, na tonnta, solas geal, an ghrian, agus timpeallacht neamhthruaillithe - achan rud.
ó thaobh na timpeallachta de as regards the environment
" In áit is mó a fheictear difríochtaí, gan trácht ar chúrsaí teanga ná cultúrtha, ná ó thaobh na timpeallachta de.
timpeallacht the environment
" Is dóigh liom go bhfuil sé an-tábhachtach go dtugaimid na ranganna trí mheán na Gaeilge, go bhfuil timpeallacht Ghaeilge sa Roinn, mar go gcothaítear réimsí éagsúla teanga sa gcaoi sin.
timpeallacht Ghaeilge Irish language environment
" Is dóigh liom go bhfuil sé an-tábhachtach go dtugaimid na ranganna trí mheán na Gaeilge, go bhfuil timpeallacht Ghaeilge sa Roinn, mar go gcothaítear réimsí éagsúla teanga sa gcaoi sin.
timpeallacht environment
" Ní hamháin go bhfuair mé roinnt eolais faoin timpeallacht, ach bhuail mé le daoine deasa freisin.
Sa timpeallacht ghéariomaíochta ina bhfuil siad ag feidhmiú in the highly-competitive environment in which they function
" Sa timpeallacht ghéariomaíochta ina bhfuil siad ag feidhmiú, braitheann pá agus bónais na bpríomhfheidhmeannach go mór ar luach na scaireanna.
Má chruthaítear timpeallacht ghnó if a business environment is created
" Má chruthaítear timpeallacht ghnó atá cosúil leis an timpeallacht san Iarthar, meallfaidh an íomhá uirbeach seo airgead ó thar lear.
timpeallacht environment
" Tá meas acu ar an timpeallacht, ar bhia agus ar na rudaí atá thart orthu.
timpeallacht environment
" Rinneadh anailís ar na postanna de réir sé shlat tomhais éagsúla: timpeallacht, teacht isteach, deiseanna sa todhchaí, éilimh fhisiciúla, daingneacht agus strus.
timpeallacht environment
" Bhíodh sé an-fhuar sa gheimhreadh mar ní raibh ach tinteán amháin ann agus bhíodh tóin an mhúinteora leis an tinteán i gcónaí beagnach!” Cé go raibh an timpeallacht míthaitneamhach go maith agus nach raibh ach beirt mhúinteoirí sa scoil, deir Seán go bhfuair sé oideachas a bhí ar ardchaighdeán mar sin féin.
thimpeallacht environmnent
" Mhaígh seisean go mbeadh sé baolach 650,000 méadar ciúbach de mhóin a aistriú go portach a bhí buailte leis an chríochfort agus go ndéanfadh sé díobháil do thimpeallacht agus d’áilleacht an cheantair.
timpeallacht environment
" Ba é an staraí ealaíne / ainmhíchara an Dochtúir Peter Husard a bhunaigh an músaem in Chichester sna Stáit Aontaithe i lár na seachtóidí, agus ó shin i leith tá staidéar á dhéanamh ansin ar ainmhithe éagsúla agus ar a gcuid ealaíne, mar shampla: na patrúin a fhágann caocháin agus iad ag tochailt faoi thalamh; an dóigh a dtiteann cac staile i bhfoirm pirimide; na marcanna a fhágann cait ina dtimpeallacht féin nó an t-eagar a chuireann scaoth éan orthu féin ag eitilt sa spéir le titim na hoíche.
loitiméireacht timpeallachta vandalism of the surroundings
" Níl ann ach go bhfuil dornán beag daoine ag líonadh a gcuid pócaí féin as an loitiméireacht timpeallachta atá ar siúl.
faoi scáth thimpeallacht ailtireachta Mhanchain under the shadow of Manchester's architectural environment
" Bhí an dearcadh seo faoi scáth thimpeallacht ailtireachta Mhanchain, cathair a bhí fós in ísle brí tar éis mheath na tionsclaíochta.
don timpeallacht nádúrtha to the natural environment
" Ní gá gur drochrud é sin ach amháin go bhfuil galfchúrsaí á dtógáil nó á bhforbairt in áiteanna ina bhféadfadh dochar a bheith á dhéanamh don timpeallacht nádúrtha, idir fhiadhúlra, fhásra agus thírdhreach.
timpeallacht ghlan fholláin a clean healthy environment
" Deirim seo mar gurb í an oidhreacht is fearr is féidir a bhronnadh ar pháistí na linne seo agus ar na glúnta atá le theacht ná timpeallacht ghlan fholláin a fhágáil dóibh.
sa timpeallacht nádúrtha, in the natural environment,
" Taitníonn buidéal uisce the go mór liom agus a bheith amuigh sa timpeallacht nádúrtha, uaireanta an dá rud le chéile! AÓF: Cén bealach a thosaigh tú ag seinm ceoil agus ag amhránaíocht? ENíC: Tharla sé go nádúrtha.
i dtimpeallacht thacúil thaitneamhach. in a supportive enjoyable environment.
" Ba cheart go mbeadh na hoidí seo á n-oiliúint i dtimpeallacht thacúil thaitneamhach.
ár dtimpeallacht áitiúil féin, of our own local environment,
" ” Deir Krauss go gcabhraíonn teangacha linn tuiscint a fháil, ní hamháin ar ár dtimpeallacht áitiúil féin, ach ar cheisteanna uilíocha agus fadhbanna a bhaineann leis an chine daonna i gcoitinne, de bhrí go bhfuil slite difriúla ag a gcainteoirí le féachaint ar spás, ar am agus ar an chaidreamh idir daoine.
i dtimpeallacht shona. in a happy environment.
" D’fhéadfaí a rá nár tógadh muid i dtimpeallacht shona.
taithí ar an saghas sin timpeallachta experience of this type of environment
" ” Bheadh taithí ar an saghas sin timpeallachta úsáideach agus an bhrionglóid a bhí ag Izabela a bheith ina láithreoir teilifíse ar tí a fíoraithe.
chun timpeallacht níos tarraingtí a chruthú do choisithe. to create a more attractive environment for pedestrians.
" Dúnadh cúpla sráid i gcathair Bhaile Átha Cliath chun timpeallacht níos tarraingtí a chruthú do choisithe.
timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a more pleasant cycling and walking environment
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
a dtimpeallacht their surroundings
" Ní thugann an ceathrar aon aird ar a dtimpeallacht – ní fheiceann siad na siopadóirí ag stánadh orthu agus iad ag deifriú thar bráid i mbun a ngnó, agus ní fheiceann siad na turasóirí fiosracha a bhíonn faoi dhraíocht ag a ngeáitsí réchúiseacha.
timpeallacht environs
" Ní thugann an ceathrar aon aird ar a dtimpeallacht – ní fheiceann siad na siopadóirí ag stánadh orthu agus iad ag deifriú thar bráid i mbun a ngnó, agus ní fheiceann siad na turasóirí fiosracha a bhíonn faoi dhraíocht ag a ngeáitsí réchúiseacha.
i dtimpeallacht a chothaíonn luachanna áirithe creidimh. in an environment which fosters particular religious values
" Faoi réir mhír 37(1), tá sé ceadmhach idirdhealú áirithe a bheith déanta ag foras creidimh, oideachais nó leighis atá á reáchtáil ag comhlacht a bunaíodh chun críche creidimh nó a n-áirítear ar a chuspóirí seirbhísí a sholáthar i dtimpeallacht a chothaíonn luachanna áirithe creidimh.
áilleacht na timpeallachta a chaomhnú. preserving the beauty of the environment.
" Is airsean a thitfidh sé comhréiteach a aimsiú idir muilte gaoithe a fhorbairt agus áilleacht na timpeallachta a chaomhnú.
chun an timpeallacht áitiúil a chosaint to protect the local environment
" Environment” chun an timpeallacht áitiúil a chosaint! Ó tharla na trioblóidí leis na Náisiúin Aontaithe, tá cónaí ar Maurice Strong sa tSín.
timpeallacht environment
" Iadsan a bhí tíosach cheana féín, ní raibh athrú ar bith le déanamh, ó bhí carranna eachtrannacha ceannaithe acu cheana féin mar mhalairt ar na súmairí breosla a bhí á ndéanamh sa bhaile, ach iadsan a bhí ag lorg carranna a bhí módhúil ar bhreosla, an timpeallacht, agus ar an sparán, baineadh siar astu nach raibh a leithéid ar fáil ó chomhlachtaí Mheiriceá.
timpeallacht environment
" Bheir sé saoire iontach duit, agus diomaite de landáil isteach i bpub nó i rang ar an choláiste agus an t-allas ina rith leat, tá an rothaíocht ar an rud is fearr a thiocfadh leat a dhéanamh duit féin, do dhaoine thart ort agus don timpeallacht.
timpeallachta environment
" Tá sé chomh seafóideach an méid atá ag tarlú faoi láthair ó thaobh na timpeallachta, gan caint ar aon rud eile: báid ó tíortha eile (An Spáinn ar an gcuid is mó) in ann iascach amach ó chósta na hÉireann in uiscí na hÉireann a fhad is atá báid na hÉireann ceangailte suas le céibh.
timpeallacht environment, community
" Is cinnte go gcabhródh sé seo go mór chun stádas Brú Ború a chothú agus forbairt bhreise a dhéanamh air a bheadh ar leas na Gaeilge san timpeallacht,” a scríobh Ard-Stiúrthóir Chomhaltais, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú ina iarratas chuig an Aire Ó Cuív ar an 12 Eanáir 2008.
timpeallacht environment
" Is beag aire rialtais a mhol gur chóir srian a chur ar an fhás gheilleagair ar mhaithe leis an timpeallacht.
timpeallachta environmental
" Bhí an geilleagar ag fás as éadan, ach bhí a lán fadhbanna sóisialta agus timpeallachta ag an am céanna.
na timpeallachta gheillagraí the financial environment
" Oideachas, timpeallacht agus tá gné na timpeallachta gheillagraí i gceist agam chomh maith le rudaí eile, gan amhras.
timpeallacht circumstance(s)
" Sa timpeallacht sin ina raibh coimhlintí rialta idir aos óg ceanndána na tuaithe agus aos óg ceanndána Arm na Breataine, maíodh gur bhagair saighdiúirí go mion is go minic ar Aidan Mc Anespie go marófaí é.
timpeallachta environment
" org/) Dhréachtaigh siad Bille Cearta Ogoni a d’éiligh ceart sóisialta is eacnamaíochta mar aon le cóir ó thaobh na timpeallachta de.
Timpeallacht environment
" Bheadh mionghrúpaí láidre sa Pháirtí Daonlathach, cuir i gcás, bunaithe ar Aerachas (= báine) agus an Timpeallacht, agus mionghrúpaí sa Pháirtí Poblachtach bunaithe ar Chríostaíocht agus Náisiúnachas.
timpeallacht environment
" Is minic aitheantas bainte amach ag Sheila Ó Donnell agus ag John Tuomey as foirgnimh oideachasúla agus cultúrtha a dhearadh, a réitíonn go nádúrtha leis an timpeallacht ina bhfuil siad agus ag an am céanna a chuireann fuinneamh úire agus brí nua sa timpeallacht sin.
timpeallachta environment
" Tá lear cainte i láthair na huaire fá dtaobh d’ábhar orgánach agus den lorg charbóin, agus ghním gach iarracht gabháil i mbun cosaint na timpeallachta, má bhím ábalta ar chor ar bith.
dtimpeallacht environment
" Tá scrios déanta ar an dtimpeallacht, ar shaol go leor leor teaghlach agus ar an gcóras polaitíochta, as an easpa smachta a cuireadh ar shaint na racmasóirí seo.
timpeallacht environment
" html) D'aithin sé go dtiocfadh leis an turasóireacht cuidiú le forbairt an cheantair ach í a bheith ag teacht leis an timpeallacht agus le cultúr an phobail.
timpeallacht environment
" Ní féidir a rá ach oiread go bhfuil na muilte gaoithe nó na painéil ghréine iomlán ‘glas’ sa mhéid is nach mbíonn aon drochthionchar acu ar an timpeallacht.
timpeallacht surrounds, area(s)
" Díol suntais ar leith scannánaíocht álainn Morrison ar na séadchomharthaí agus ar an timpeallacht álainn ina bhfuil siad.
timpeallachta environmental
" Meastar go bhfuil an doirteadh ola seo ar an tubaiste timpeallachta is measa riamh i stair na Stát Aontaithe.
thimpeallacht environment
" B’fhéidir go bhfuil míniú éigin le fáil ar dhiamhracht seo an traidisiúin ach scrúdú a dhéanamh ar thimpeallacht na gcontaetha a bhíonn ceannasach dá réir.
timpeallacht environment
" Soineantacht an t-aon leithscéal amháin a bhí againn – i ndáiríre bhí sé deacair a chreidiúint go mbeadh tionchar ar bith ar an timpeallacht ag ár ngiotaí beaga bruscair.
n-óglaigh timpeallachta eco-warrriors
" Ach cá as ar tháinig tacaíocht thobann an Pháirtí Ghlais? An bhfuil muintir na Brasaíle iompaithe ina n-óglaigh timpeallachta thar oíche? Níl, cé nach féidir a shéanadh gur mheall feachtas criticiúil, stuama an Pháirtí Ghlais neart daoine, vótóirí a bhí míshásta le hiarrthóir Pháirtí na nOibrithe, Dilma Rousseff, cuid mhór de na daoine a chaith vóta do Marina Silva.
timpeallacht environment
" Is acu atá fhios, agus ba cheart dóibh pé brábach a dhéanamh agus is féidir leo, beag beann ar rialtas, timpeallacht, agus ar chearta an fhostaí.
dealbhóir timpeallachta environmental sculpture
" Níl mé ag caint faoi lámhdhéantúsáin ó chathair bháite Atlantis, Uí Bhreasaíl nó faoi radharc as an chéad sraith eile de na Pirates of the Caribbean, ach ar thionscadal atá ar bun ag an dealbhóir timpeallachta Jason de Caires Taylor, atá dírithe ar aird a tharraingt ar sceireanna coiréil an domhain agus ar chuidiú le timpeallacht na sceire a shábháil.
dtimpeallacht environment
" Bhí muid sásta dlíthe na tíre a lúbadh agus ár dtimpeallacht álainn a scriosadh ar mhaithe lena mbeannacht agus lena n-airgead siúd.
timpeallacht environs
" Tá léarscáil de Dhún Dealgan agus timpeallacht an bhaile sin ceannaithe ag Balor, agus tá sé chun é a bhronnadh ar a sheanchara Gerry Adams.
a thimpeallacht its environment
" Braithfidh an rogha sin ar an gcineál míl é féin agus ar a thimpeallacht.
timpeallachta environment
" Beimid go léir, agus sliocht ár sleachta, ag íoc as an dearcadh sin go ceann tamaill, i saol an airgeadais agus i saol na timpeallachta araon.
timpeallachta environmental
" Áirítear an eachtra seo ar cheann de na timpistí timpeallachta is measa riamh agus de réir saineolaithe ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, tá impleachtaí fadtéarmacha ann don timpeallacht agus do phobail chósta áit ar bith a dtarlaíonn doirteadh ola san fharraige.
nach luíonn leis an timpeallacht ar chor ar bith that don't fit in with the surroundings at all
" Is mór an trua go bhfuil go leor de na tithe seo nach luíonn leis an timpeallacht ar chor ar bith.
timpeallachta environmental
" Ó Ross Dumhach go Teamhair na Rí, tá an obair chéanna le feiceáil – ar dtús, seasann an pobal go láidir le cúis timpeallachta nó b’fheidir le caomhnú ionad staire, ag léiriú tacaíochta trí litreacha chuig na meáin, nó trí ainmneacha a fháil ar achainíocha, nó i léirsithe fiú amháin.
dtimpeallacht environs
" Is iomaí teaghlach i gceantar láidir Ghaeltachta a fhaigheann an deontas iomlán, ní mar gheall go bhfuil Gaeilge ón gcliabhán ag na gasúir ach mar go bhfuil Gaeilge mhaith foghlamtha acu ón scoil agus súite ón dtimpeallacht Ghaeilge ina bhfuil siad ag maireachtáil.
chúrsaí sláinte timpeallachta matters of health environment
" Más rud é go bhfuil tú ag díol folúsghlantóirí ná bhunaigh grúpa faoi fholúsghlantóirí, ach bunaigh ceann faoi bhainistí a ligfidh duit do shaineolas faoi chúrsaí sláinte timpeallachta agus bainistí a roinnt leis an ngrúpa.
timpeallacht iomlán slándála complete security environment
" Tá daoine aonair agus páirtithe leasmhara bhunaíocht na Breataine níos cumhachtai ná é - MI5 a raibh smacht acu ar an timpeallacht iomlán slándála ó thuaidh, an Brainse Speisialta san áireamh, nuair a maraíodh Pat Finucane; na polaiteoirí Westminster sin a bhí ar an eolas maidir le cúrsaí slándála na linne sin; baill an FRU (Force Research Unit), buíon rúnda taobh istigh d'Arm na Breataine, ar dhúirt ball amháin dá chuid (de réir an Sunday Herlad): *"We were able to take out leading Provos with the help of the UDA.
thimpeallacht environs
" Sa tuarascáil sin ag a mbeadh tionchar suntasach, ní hamháin ar an réigiún ach ar an domhan go léir, mhol na húdair faoi stiúir Richard Perle go bhféadfadh an stát Giúdach a thimpeallacht straitéiseach a mhúnlú, i gcomhar leis an Tuirc agus an Iordáin, *“by weakening, containing, and even rolling back Syria.
timpeallacht environment
" Roghnaítear cúlra an Fhómhair leis an gceiliúradh a chur ar bun mar tagann claochló ar an timpeallacht i rith na ráithe sin ar an oileán.
thimpeallacht environment
" B’ilghnéitheach na léargais dár ghin an bhéim sin, ach ní cóir beag is fiú riamh do dhéanamh den thimpeallacht intleachtúil sainiúil uirbeach sin dar ghearr Tóibín as an gcloich.
thimpeallacht tuaithe rural environment
" Tá plé ar siúl sna meáin faoi cead a thabhairt do lucht cuardaithe gáis an proiséas domhainscoilteadh, nó ‘fracking’ a úsáid i gcondaethe Liatroma, Dún na nGall agus An Clár, imeacht driléala atá ina chontúirt ollmhór d’uisce agus do thimpeallacht tuaithe faoin dromchla agus os cionn talaimh mar atá léirithe i dtíortha eile.
timpeallacht chúng an chogaidh the narrow constraints of war
" Grá mall agus bás borb; fuil an chatha agus fuil na broinne; timpeallacht chúng an chogaidh agus réimse fhairsing leathan na cuimhne daonna; castacht an ghrá agus diúide na himeagla os comhair na n-urchar.
cúrsaí timpeallachta environmental
" 4 billiún a bheith agat le teach a thógáil atá saor agus inglactha ó thaobh cúrsaí timpeallachta de.
eagras timpeallachta environmental organization
" Is é Yahaya Ahmed atá ina stiúrthóir ar an eagras timpeallachta DARE (Developmental Agency for Renewable Energies): “Níl muid cinnte cé mhéid daoine atá ar na bóithre mar gheall ar an athrú aeráide, ach tá tionchar na himirce sin le brath againn.
ag scláradh a dtimpeallachta hacking their environment
" Más mian leat tuilleadh a chloisteáil faoi na mbealaí ina bhfuil daoine ag scláradh a dtimpeallachta, beidh Banríon na Scláraí Éireannacha, Jane Ní Dhulchaointigh, ag déanamh cur i láthair mar chuid de (Tedx Dublin)(http://www.
spreag sé gluaiseacht na timpeallachta it engendered the green movement
" Deirtear gur mhúscail an íomhá sin tuiscint i nglúin na seascaidí ar leochaileacht an domhain agus gur spreag sé gluaiseacht na timpeallachta.
an timpeallacht environment
" Tá feabhas beag le feiceáil i Meiriceá le leath bliana anuas nó mar sin, ach ní léir in aon chor go bhfanfaidh sé, ná gur toil leis na polaiteoirí tabhairt faoi fhadhbanna mar fhuinneamh, bonneagar, an timpeallacht, sláinte, agus fostaíocht a réiteach le chéile.
sa timpeallacht choimthíoch in an alien surroundings
" Scríobh an Feisire T M Healy cuntas spéisiúil ar bhailbhe na gcimí sa timpeallacht choimthíoch: *"(A prison warder’s) stories of the Galway prisoners ….
timpeallacht nua oibre seo this new work environment
" D’eascair an borradh teicneolaíochta agus an timpeallacht nua oibre seo ó na hathruithe a tháinig ar bhonneagar na tionsclaíochta seo.
gabháil i ngleic leis an timpeallacht handle the environment
" Tú Féin atá ar an Maide Eolais ============== De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht.
timpeallacht na tíre a chosaint to defend the national environment
" Is iad príomhaidhmeanna an dreama seo timpeallacht na tíre a chosaint agus a chaomhnú ar mhaithe na nglúnta a thiocfaidh ar an saol amach anseo agus oideachas agus athbheochan cultúir a chur ar dhaoine Dúchasacha trí fhéinfheasacht agus chumhachtú.
timpeallacht dhearóil ghruama seo these bleak gloomy surroundings
" D’fhás grá idir an bheirt acu sa timpeallacht dhearóil ghruama seo ach, ar nós scéal grá maith ar bith eile, bhí cúpla casadh sa bhealach rompu.
i bhforbairt pobail agus timpeallachta in community and environment development
" Gníomhaí a bhí ina athair, Terry, go háirithe i bhforbairt pobail agus timpeallachta.
caomhnú na timpeallachta protection of the environment
" Ach sé suíomh agus scála na dtuirbíní – cuid acu níos airde ná spíce Bhaile Átha Cliath – atá ag déanamh imní d'éinne gur cás leis caomhnú na timpeallachta.