Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ba á dtiomáint cows being driven
" Éinne a chaitheann a saol sa chathair, lena mór-is-fiú, lena brú tráchta agus a brú daonna, is milis léi boladh na móna agus comharthaí sóirt an tseanchultúir - seandaoine scéalacha, naomhóga, ba á dtiomáint síos na bóithríní - ach ní ar aislingí amháin a mhaireann na daoine.
méideanna ollmhóra airgid á dtiomáint huge sums of money driving them
" Ach tá Éire beag agus tá an CLG in iomaíocht le fórsaí móra idirnáisiúnta agus dúchasacha a bhfuil méideanna ollmhóra airgid á dtiomáint.
tiomána driving
" Ar nós tiomána, is féidir le duine ar bith beagnach é a dhéanamh.
tiomáint ghasta fast driving
" Ní bhfuair a Naofacht ach an t-aon locht amháin air mar ghníomhaire rúnda: an tiomáint ghasta - chomh gasta sin agus nach bhfeiceann sé na comharthaí ná na fógraí ar na bóithre.
á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise being driven by worn-out right-wing ideology
" Dea-scéala do phobail na gceantar sin gan amhras, ach ar chuir éinne an cheist fhollasach: dá mbeadh Eircom fós i seilbh an Stáit nach mbeadh sé níos fusa agus níos saoire treoir a thabhairt don chomhlacht na seirbhísí riachtanacha sin a chur ar fáil do chuile dhuine, ar mhaithe leis an leas coiteann? Botúin ======= Léiriú is ea an scéal truamhéalach seo ar na botúin a dhéanann rialtais nuair a bhíonn siad á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise.
ag tiomáint na dtréad caorach driving the herds of sheep
" Roimhe sin, bhí traidisiún ag baint leis na daoine a bhí ag tiomáint na dtréad caorach na céadta míle le beathú nó le lomadh.
agus mé ag tiomáint thar bráid as I drive past
" Is ceantar gránna é, ach bíonn miongháire ar mo bhéal i gcónaí agus mé ag tiomáint thar bráid ar mhótarbhealach an M53 nuair a fheicim an fógra mór "Rossmore", agus smaoiním ar a mhacasamhail i nGleann Cholm Cille.
a gceadúnas tiomána their driver's licences
" Ag an am chéanna, tá go leor cloiste aige go dtí seo faoi roinnt fadhbanna bunúsacha, mar shampla an eagla atá ar go leor Éireannach go gcaillfidh siad a gceadúnas tiomána mar thoradh ar an dianscrúdú atá á dhéanamh faoi láthair ar chúlra na n-inimirceach.
tiomáint ar meisce drink driving
" Bíonn an tiomáint ar meisce mar chúis i gcás an tríú cuid de na timpistí ina maraítear daoine sa tír seo, agus tá fás ag teacht i gcónaí fosta ar an mhéid daoine a bhíonn ag tiomáint agus iad faoi thionchar drugaí.
ceadúnais tiomána driver's licences
" Deir daoine eile go bhfuil níos mó i gceist ná ceisteanna mar gheall ar phostanna agus ceadúnais tiomána.
ag tiomáint an mhic driving the son
" D’fhéadfaí a rá go bhfuil cuimhne a athair ag tiomáint an mhic go fóill.
uair an chloig tiomána an hour's drive
" Is áit fhíorálainn, shíochánta é Enkosini, atá suite ar bharr cnoic, uair an chloig tiomána ón gcéad teach eile.
á thiomáint driving it
" Mar atá le feiceáil sa stair a théann leis an áit, tá dream an-díograiseach taobh thiar den tionscadal seo, agus is iadsan atá á thiomáint go fóill.
tiomáint timpeall i gciorcal drive around in a circle
" Ní gá dóibh an bua a bheith acu i rás carranna – is féidir leo tiomáint timpeall i gciorcal má tá siad ag baint taitnimh as! Fuair daoine blaiseadh ar an saghas seo cur chuige leis an gcluiche Grand Theft Auto, agus tá rudaí tar éis fás agus forbairt ó shin i leith.
an prionsabal is treise atá anois á dtiomáint the strongest principle driving them
" Na drochlaethanta thart? Ach cad é an t-ainmhí seo Fianna Fáil atá fós i gcumhacht, ceithre scór bliain ar aghaidh? Sé an “populism”, nó, ‘an ghnaíúlacht”, an prionsabal is treise atá anois á dtiomáint.
ag tiomáint na hearnála driving the sector
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Nuair a bunaíodh CnaG bhí cuid mhór oibre déanta ag Gaeloiliúint cheana féin, an grúpa deonach a bhí ag tiomáint na hearnála roimhe sin.
ag tiomáint driving
" Chaitheamar oíche ag campáil i bPáirc Náisiúnta Suswe agus ní raibh fál ar bith idir muid féin agus pé rud a bhí ag siúl timpeall! Bhraith mo phuball an-bheag agus an-lag an oíche sin nuair a chuala mé eilifint ag siúl cois abhann!**An iomarca ama ag tiomáint** Nuair a smaoiním siar ar an Namaib anois, braithim go ndearnamar go leor leor rudaí, ach nár éirigh linn léargas ceart a fháil ar an tír nó ar a muintir, toisc gur chaitheamar an méid sin ama ag tiomáint idir áiteanna éagsúla.
go raibh gluaisteán á thiomáint agat that you were driving a car
" Chreid tú go raibh gluaisteán á thiomáint agat.
trí huaire tiomána a three-hour drive
" Níl na Dolaimítí sna hAlpa theas ach trí huaire tiomána ó Treviso agus bhí muid in am don *piatto dello scolatore* / *bergsteigerplatte* (bia do na siúlóirí) sa Rifugio Castiglioni ag Lago Di Fedaia, faoi Shliabh Marmolada (3,343 méadar), an sliabh is airde sna Dolaimítí.
ní raibh dúil acu bheith ag tiomáint they didn't like to drive
" Dar leis an Uasal Eberhard, nuair a d’fhéach sé ar na gluaisteáin leictreacha a bhí déanta ag na monaróirí móra gluaisteán le blianta anuas, bhí rud amháin soiléir dó: “Na daoine a rinne na gluaisteáin seo, ní raibh dúil acu bheith ag tiomáint.
ag tiomáint go róghasta. driving too fast.
" Bíonn sciar mór de thiománaithe na tíre ag tiomáint go róghasta.
tiomáint agus ól. driving and drinking.
" Scéal eile, áfach, an dlí úr a bhaineann le tiomáint agus ól.
triail tiomána; driving test;
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
ag faire ar thiomáint faoi thionchar an óil, looking out for drinking under the influence of drink,
" Cé go ndeir 62% go bhfuil siad ag dul chuig an teach tábhairne chomh minic céanna ó thosaigh na Gardaí ag faire ar thiomáint faoi thionchar an óil, léirigh breis agus an ceathrú cuid (28%) athrú ar a n-iompar, á rá nach dtéann siad chuig an teach tábhairne chomh minic.
ceithre huaire go leith tiomána a four-and-a-half hour drive
" Ina dhiaidh sin, bhí an fuinneamh agam chun taisteal ar aghaidh go Te Anau, atá ceithre huaire go leith tiomána ó Wanaka.
tiomáint eallaigh driving cattle
" B’éigean dóibh glacadh leis na poist ab isle céim agus is beag post ab ísle céim ná tiomáint eallaigh thar mhachairí Mheiriceá.
ceadúnas sealadach tiomána provisional drivers' license
" Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo.
nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint that learners wouldn't be allowed to drive their cars
" Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo.
agus mé ag tiomáint thart sa charr when I was driving around in the car
" D'éist mé leis sin agus mé ag tiomáint thart sa charr agus thit mé i ngrá le hamhránaíocht Bess.
ag tiomáint driving
" “Rinne mé b’fhéidir sé mhí ag plé leis dá rud agus bhí sin an-deacair mar bhíomar ag dul timpeall na tíre agus mise a bhí ag tiomáint an chuid is mó den am.
sula dtosaíonn sé ag tiomáint before he starts driving
" Molann Orde do gach póilín a charr a thástáil sula dtosaíonn sé ag tiomáint anois.
atá á dtiomáint being driven by
" Agus bóithre Mheiriceá ag cur thar maoil anois le carranna atá á dtiomáint ag dream atá róghnóthach, róthuirseach, rófheargach agus ró-líonmhar, braitheann daoine go bhfuil sé ródhainséarach dul amach i gcarr nach bhfuil cosúil le tanc – agus sin an fáth gurb ann don Hummer, ar ndóigh.
ag tiomáint na n-ollcharranna seo driving these massive cars
" Ní hé gur *boy racers* a bhíonn ag tiomáint na n-ollcharranna seo, ach máithreacha ó na fobhailte a bhíonn ag tabhairt a bpáistí ar scoil.
an dream tiomána those who drive
" Ach ní sin mar a fheiceann lucht na SUVs agus an dream tiomána tacsaí é.
tiomáint driving
" Is ag tiomáint a bhí mé agus moltar don tiománaí stopadh gach 200 cileaméadar le sos a ghlacadh chun a chinntiú nach dtitfidh sé ina chodladh nuair bheidh sé taobh thiar den roth stiúrtha agus an carr faoi lánseol.
á dtiomáint being driven
" Tuilleadh ‘damáiste comhthaobhach’ is ea na mílte teifeach a theith ó thancanna déanta i Meiriceá (seachas an tionscal míleata, níl mórán eile á tháirgeadh ann le blianta) á dtiomáint ag saighdiúirí na hAetóipe.
tiomáint to push, drive
" Síltear leis an dearcadh sin, más féidir an geilleagar a tiomáint go dtí go dtarlóidh fás agus borradh faoin ngeilleagar go dtarraingeoidh sé sin an tsochaí agus an pobal aníos leis chomh maith.
tiomáint driving
" Buailimid leis ar dtús ag tiomáint sa treo contráilte ar thimpeallán.
thiomáint driving (him)
" Is sóisialaí neamh-athstruchtúrtha é an Sasanach, saevo indignatio fós á thiomáint.
tiomána drive
" Agus an ranch uair an chloig tiomána ón chathair, chinn mé an chuairt sin a chur ar athló, agus an lá a chaitheamh i lár na cathrach.
thiomáint to drive
" B'iontach liom é - bhí grianghraif de chodanna an roicéid ann, agus léaráidí ag cur in iúl an chaoi a gcuirtear na gáis le chéile chun an diúracán a thiomáint.
tiomáint driving
" Is go fíorannamh a bhím ag tiomáint.
dtiomáint driving
" Sínigh amháin, is cosúil, atá sa ghnó seo, agus déarfainn gur fhoghlaim siad a dtiomáint i sléibhte na Síne freisin - tiománann siad ar nós an diabhail! Tír Fuinidh – Luí na Gréine Ba ar an "Sunset" a bhí mo thriail - ceantar cónaithe ciúin ar chósta thiar na leithinse, agus dá réir sin an t-ainm, ar ndóigh.
á thiomáint driving him
" Más í fearg fhíréanta Dé atá á thiomáint, cé atá ‘ciontach’ - é féin, nó an Dia míthrócaireach a adhraíonn sé? Arís, ní Haneke a ardaíonn na ceisteanna seo.
tiomána driving
" Bhí mo mhúinteoir tiomána ina measc.
thiomáint to drive
" Leis an gcumas a bhí i bhfearaibh na hAlban an sliotar a thiomáint ón talamh go fada, go hard agus go cruinn, bhíodar in uachtar sa chéad leath.
ag tiomáint driving
" Agus tú ag tiomáint aon áit i Meiriceá, tiománfaidh tú thar iliomad línte traenach le comharthaí orthu ‘líne as feidhm’.
lucht tiomána drivers
" Tháinig na hionaid i bhfad níos luaithe go Meiriceá, ámh - chomh fada siar leis na fichidí, nuair a tógadh ‘sraithshiopalanna’ chun freastal ar lucht tiomána na tíre, a d'éirigh flúirseach san am sin.
ár dtiomáint driving us
" Bímis cróga! Bímis feargach! Ach thar aon ní eile, bíodh siocair mhaith ár dtiomáint!
thiomáint to drive
" Bhí neart ball sásta a bheith ag obair in aisce don pháirtí lá toghcháin: seasamh taobh amuigh de na hionaid vótála, daoine a thiomáint ag na hionaid vótála, cuntas a choinneáil ar cé bhí ag vótáil agus ar cérbh iad an dream nár bac le vóta a chaitheamh.
Ag tiomáint driving
" Ag tiomáint trasna na teorann le cairde, thug mé faoi deara go bhfuil fógra breá mór ann anois: "Welcome to Scotland/ Fàilte gu Alba," a deir sé, le brat na hAlban mar chúlra.
ag tiomáint driving
" Mé féin a bhí ag tiomáint.
ag tiomáint na dtonn driving the waves
" ” Toraigh á Léiriú ======== Tugann Ó Colm léargas dúinn fosta ar an dua a chuir Derek Hill air féin ag iarraidh Toraigh a léiriú dúinn ina ealaín: “Lá gaoithe móire a bhí ann agus an síobán ag tiomáint na dtonn roimhe aniar ó thuaidh agus meáchan mór na farraige ag roiseadh ar na carraigeacha faoi Theach an tSolais.
thiomáint to drive
" Bhí neart ball sásta a bheith ag obair in aisce don pháirtí lá toghcháin: seasamh taobh amuigh de na hionaid vótála, daoine a thiomáint ag na hionaid vótála, cuntas a choinneáil ar cé bhí ag vótáil agus ar cérbh iad an dream nár bac le vóta a chaitheamh.
Ag Ceapadh agus ag Tiomáint Scéalta conceiving and pushing stories
" Ag Ceapadh agus ag Tiomáint Scéalta ================= D’eagraigh Terry preasagallamh ag am amháin inar labhair sé mar a bheadh sé fós i gceannas ar an bhfoireann.
bheifeá ag tiomáint you’d be driving
" Nuair a bheadh na carranna dóite, bheifeá ag tiomáint tríd an luaithreach agus iad te.
le cúiseamh tiomána with a driving charge
" Mar thoradh ar cheann de na dúshláin seo ní dheachaigh an stát chun cinn le cúiseamh tiomána in éadan duine de na gearánaithe.
tiomáint drive
" Tá an tiomáint ó Chontae an Chabháin go Contae Fhear Manach díreach mar atá an tiomáint ó Contae na hIarmhí go Contae an Longfoirt," dúirt sé linn.
cheadúnas tiomána driving licence
" Féadfaidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo cur isteach ar cheadúnas tiomána, ar dheontais oideachais agus ar phoist nárbh fhéidir leo cur isteach orthu roimhe seo mar go raibh fianaise ar chónaí dleathach riachtanach.
Bhí fís ag tiomáint an fheachtais a vision drove the campaign
" Bhí fís ag tiomáint an fheachtais le stáisiún teilifíse a fháil: shíleamar go mbeadh tionchar thar na bearta ag stáisiún teilifise nua-aimseartha ar iompar teanga daoine óga, sa Ghaeltacht ach go háirithe.
iarracht dul amach ag tiomáint an attempt to go out driving
" Rinne mé iarracht dul amach ag tiomáint, ach níorbh fhiú é, ó bhí crainnte móra titithe thar na bóithre móra gach leathmhíle nó mar sin, agus áit a raibh sin tarlaithe, bhí sreanga beo ina luí ar an talamh freisin.
a bhí mé do mo thiomáint which was sending me there
" Chuig an taispeántas Visages cachés/Hidden Faces maidir le saol agus saothar Salvador Dali (1904-1989) a bhí mé do mo thiomáint.
go dté sibh slán i mbun tiomána safe driving
" Mar sin, go dtí an mhí seo chugainn, go dté sibh slán i mbun tiomána!
bheith á tiomáint to drive
" Is Mór an Ní an tSócúlacht =========== Tá an E46 sócúil mar charr agus, cé nach bhfuil aon rud róspeisialta ag baint leis an ucht eolais, is deas an rud a bheith á tiomáint.
go deas le tiomáint nice to drive
" Is í an Yeti an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi – cé go mbíonn a fhios acu go mbíonn bíonn roinnt de na carranna is deise agus is costasaí sa tír á dtiomáint agam! Is Maith Léi Turas Trastíre =========== Tá an Yeti go deas le tiomáint, cé nach bhfuil an roth stiúrtha thar mholadh beirte.
le tiomáint easbhóthair a dhéanamh to drive off road
" Tá neart carranna 4x4 ar na bóithre nach bhfuil mórán maitheasa iontu le tiomáint easbhóthair a dhéanamh.
ag tiomáint driving
" Bhí mé ag tiomáint i lár Chontae Dhoire an tseachtain seo caite, an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
ar shotalacht na ndaoine a bhí á thiomáint at the arrogance of those driving it
" Dúirt Deller, agus é ag caint faoin saothar, gur deis a bhí ann a mhíshasamh a chur in iúl agus go raibh fraoch an éin dírithe ar an jíp agus ar shotalacht na ndaoine a bhí á thiomáint.
faigh amach ar athraíodh an bheilt-tiomáint find out if the drive belt was changed
" Rud amháin eile – agus ní fadhb é seo ach rabhadh – má tá tú ag smaoineamh ar díosal a cheannach, faigh amach ar athraíodh an bheilt-tiomáint tar éis 60,000 míle (agus gach 60,000 míle ina dhiaidh sin).
A leath den lucht tiomána a half of the drivers
" A leath den lucht tiomána, bíonn siad róghar don charr a bhíos rompu, agus an dream seo caithfidh sé go mbíonn siad in ann greamáin an chairr a bhíos rompu a léamh, go háirid ag na soilse tráchta nuair a chaithfidh cách seasamh seal.
ag díriú isteach ar an tiomáint concentrating on his drive
" ” Bugair mo Bhugatti ========= Mhínigh Ruairí Mc Elroy (ó Norn Irlan) do Bhalor go raibh deacrachtaí aige le gnéithe éagsúla dá chluiche gailf, agus mar sin go raibh sé ag díriú isteach ar an tiomáint i mbliana.
bhíodh ár dtuismitheoirí bochta dár dtiomáint our poor parents were always driving us
" Is sárcheoltóir í mo dheirfiúr Bríd freisin, agus bhíodh ár dtuismitheoirí bochta dár dtiomáint timpeall na tíre chuig ócáidí ceoil, nó fleadhanna, nó chuig ranganna ceoil i gcónaí.
tiomáint amach faoin tír drive out the country
" Bealaí Eile? ===== Más duine sách scafánta agus aclaí thú, thiocfadh leat cuidiú le buíon tarrtháil sléibhe? Caillfidh tú cuid den am saor a bhí agat roimhe seo, agus caillfidh tú blaisín airgid leis sa mhéid go gcaithfidh tú tiomáint amach faoin tír in amannaí le teacht ar an ionad tionóil le haghaidh oiliúna, nó b’fhéidir le duine nó daoine a tharrtháil as glas binne nó as dorchadas agus fuacht sléibhe.
chun tiomáint to drive
" Is é sin, in ionad ag dul siar, chun tiomáint Shlí an Atlantaigh Fhiáin, beidh Éireannaigh ag dul soir le siúl ar an cósta i dtír álainn eile.
is minic an t-idirlíon á thiomáint the internet is often pushing it
" Cé nach féidir an claonadh nua seo i SAM i dtreo an rud a dtugtar ‘minimalism’, nó íostachas, air a rangú mar ghluaiseacht ar bhonn oifigiúil, is cinnte go bhfuil rud éigin suntasach ag tarlú, agus is minic an t-idirlíon á thiomáint.
thiomáint thart ar to drive around
" com* go bhfuil siadsan ag seachaint na ceiste seo: cuireann siadsan béim ar Slí an Atlantaigh Fhiáin - is é sin, do charr a thiomáint thart ar an chósta! Thiocfadh le siúlóirí sléibhe borradh a chur faoi gheilleagar turasóireachta na tíre go tapa.
agus é ag tiomáint cairr as he drove a car
" Mná na Síochána ======= Ar an 10 Lúnasa 1976, lá deas grianmhar, bhí Anne Maguire agus a triúr páistí ag siúl ar Bhóthar Fhionnachaidh nuair a scaoil Arm na Breataine Danny Lennon, ball den IRA, agus é ag tiomáint cairr ar a raibh na saighdiúiri sa tóir.
Is fuath liom tiomáint i bhfad I hate driving a distance
" Is fuath liom tiomáint i bhfad oíche gheimhridh, múchta le dorcadas.
ag tiomáint driving
" Tá bean as íochtar álainn Mhaigh Eo ag tiomáint go stuama an eagraíocht rathúil, Gaillimh le Gaeilge, a bhfuil a lorg fágtha go láidir is go feiceálach ar thimpeallacht agus ar shochaí na Gaillimhe ó thosaigh sé.