Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tiománaithe drivers
" Chinnteodh sé chomh maith, gan amhras, nach mbeadh oiread timpistí ann mar nach mbeadh tiománaithe ag stopadh go tobann i lár na sráide chun labhairt le striapacha! *Is múinteoir Béarla i Milano na hIodáile í Roberta Stefan.
tiománaithe phróiseas na síochána those driving the peace process
" Tá "léarscáíl bhóthair" aimsithe ag tiománaithe phróiseas na síochána má thig le paisinéirí thraein na síochána aontú ar na stáisiúin a gcaithfear cuairt a thabhairt orthu - stáisiún an díchoimisiúnaithe, stáisiún an dímhíleataithe, stáisiún bhuanú na n-institiúidí - sula mbainfidh siad ceann scríbe amach.
tiománaí drivers
" Tá comhlacht amháin in Alice Springs a bhfuil 20 tiománaí fostaithe aige a bhraitheann go mór ar iompar bóthair idir Alice agus Darwin.
an ghnáth-thiománaí the ordinary driver
" Ghlacfadh sé cúpla lá ar an ghnáth-thiománaí taisteal ó Mhálainn go Carn Uí Néid, via Baile Átha Cliath, Gaillimh, Port Láirge agus an Daingean.
tiománaithe Éireannacha Irish drivers
" Cé go gcuireann tiománaithe Éireannacha greamaitheoirí ar fhuinneoga a gcuid carranna nó ar a dtuairteoirí chun a ndílseacht dá gcontae nó don fhoireann pheile is ansa leo a léiriú, ní faic é seo i gcomparáid leis an taispeántas ollmhór idé-eolaíoch a bhíonn ar an ghnáthfheithicil i Meiriceá.
earráidí tiománaithe driver errors
" Idir 1997 to 2000 ba iad earráidí tiománaithe ba chúis le 81% de na timpistí ar maraíodh daoine iontu, agus ba fhir óga idir 18 agus ceithre bliana is fiche 24% den dream a rinne na hearráidí sin.
tiománaí driver
" Cé mhéad duine atá fostaithe ag an gcomhlacht anois? Tá triúr fostaithe ag PCT: beirt oibrithe pobail faoin CFP, oifigeach ealaíon le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, agus tiománaí faoin scéim Tús Nua.
ár dtiománaí our driver
" – Cathal, ár dtiománaí, tagtha.
sraith de thiománaithe a series of drivers
" Comhcheilg Bhí Haughey sa doircheacht lasmuigh agus dúshlán *gastronomique *“chamchuairt na sicíní rubair” a fhreagairt go fearúil aige le sraith de thiománaithe – PJ “dílis” Mara ina measc – sa Jaguar a bhronn Matt Gallagher ar a phrionsa óg chun stíl an cheannaire ar na cliatháin a mhaisiú le *mystique* an airgid.
barraíocht tiománaithe too many drivers
"barraíocht tiománaithe ar na bóithre agus gan acu ach ceadúnas sealadach.
tiománaithe sin na gceadúnas sealadach, those drivers with provisional licences,
" Ní mór athruithe a dhéanamh sna dlíthe maidir le tiománaithe sin na gceadúnas sealadach, mar shampla.
na mílte tiománaí the thousands of drivers
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, after the driver had lost control of the steering wheel,
" Deirtear gur caitheadh as an veain é tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, gur thuirling sé ar an mbóthar, go raibh sé fós beo nuair a tháinig an t-otharcharr, go raibh sé iontach cróga cé go raibh sé go mór i bpian ach gur shíothlaigh sé uainn agus talamh slán Ospidéal Shligigh sroichte aige.
tiománaithe drivers
" Ní mó ná sásta atá tiománaithe Manhattan, mar a thuigfeá, ná pobal na bhfobhailte timpeall air, ach is cosúil gur éirigh go maith leis an bplean i Londain Shasana cheana féin, agus tá an chathair d’aon tuairim go gcaithfear rud éigin a dhéanamh.
le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste to convince the taxi drivers of Belfast
" I measc rudaí eile, tá feachtas curtha ar bun aige le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste gur chóir dóibh seirbhís níos fearr a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas.
dódh tiománaí na trucaile the driver of the truck was burnt
" Fuair bean amháin bás de thaom croí, agus dódh tiománaí na trucaile chomh holc sin gur beag seans, a deirtear, go mairfidh sé.
an tiománaí the driver
" Agus fágann sin an tiománaí sáinnithe i dtranglam tráchta maidin agus tráthnóna.
tiománaí deisbhéalach scéalach a witty newsbearing driver
" Isteach sa bhus idirchathrach go Kerikeri liom, agus bhí tiománaí deisbhéalach scéalach againn, a d’inis dúinn faoi thorthaí agus ghlasraí na háite agus muid ag taisteal ó thuaidh.
an tiománaí the driver
" Coinním an tiománaí ag an doras ag caint fad is a chuireann Karl an snas deireanach ar an gceol.
tiománaí láncháilithe fully qualified driver
" Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo.
tiománaithe ionsaitheacha agressive drivers
" Le cois dhrochstaid na mbóithre, cuireann leoraithe móra agus tiománaithe ionsaitheacha go mór le cinneadh comaitéirí gan úsáid a bhaint as a rothair.
tiománaí driver
" Bhí an leoraí stoptha agus bhí an tiománaí ina sheasamh in aice leis an chábán.
tiománaithe drivers
" Déanann siad neamhiontas chomh maith de na tiománaithe a bhíonn i bhfostú sa tranglam tráchta, iad ag amharc amach as fuinneoga a gcarr orthu.
a Thiarna na dTiománaithe God of Drivers
" Bímse ag tiomáint – ó, a Thiarna na dTiománaithe – Hyundai Trajet níos minice ná a mhalairt.
chuntais leictreonacha tiománaithe electronic accounts of drivers
" Ní thuigim, mar shampla, cén fáth a bhfuil táille riaracháin de €1 á gearradh ar chuntais leictreonacha tiománaithe gach mí? Is táille bhreise, chiniciúil í a mbeadh leithéidí Ticketmaster agus Ryanair bródúil as.
thiománaí driver
" Ní bhíonn aon leisce ar thiománaí cairr corchasadh contúirteach a dhéanamh le leircín a dhéanamh de bhuaf chána! Is léir go raibh muid an-rathúil sa tír seo ó thaobh dhíothú na ndúl dúchais de, ach theip go huile is go hiomlán orainn go n-uige seo a dhéanamh amhlaidh do oiread is ceann amháin de na cuairteoirí andúchasacha atá ag déanamh dochar uafásach don chomhshaol.
Tiománaí driver
" Tiománaí ricseó a bhí ann – bhí an ricseó ar cíos aige – agus ba ghnách leis seacht lá na seachtaine a chaitheamh ag obair ó mhaidin go hoíche.
tiománaí an chairr the car driver
" com/watch?v=c6AfwbmgTaY&feature=related) Cuir i gcás an eachtra seo a leanas nuair a bhí comhlacht mór cairr ag taifeadadh míre do scannán fógraíochta chualathas sioscadh nó cogarnaíl an-íseal agus chonacthas fear a bhí ag trasnú an bhóthair ag titim go díreach amach roimh an charr seo, ach ní fhaca tiománaí an chairr a dhath riabhach le linn an ama chéanna.
thiománaithe tacsaí taxi drivers
" Oibríonn na hainmneacha eastáit ar thiománaithe tacsaí, ar na custaiméirí, ar chuile dhuine.
tiománaithe drivers
" Má bhí Christie ag imirt díoltais ar Fort Lee, b'iad tiománaithe Nua-Gheirsí a uirlisí troda.
iompar thiománaithe na hÉireann the behaviour of Irish motorists
" Ní thiocfaidh athrú ar iompar thiománaithe na hÉireann ar na bóithre, agus ní thiocfaidh laghdú ar líon na dtaismí, go dtí go gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm ar bhealach níos doichte.
tiománaithe leoraí lorry drivers
" Bíonn an-chuid deacrachtaí ag tiománaithe leoraí in amanna mar gheall ar chaochspota a bheith ag cúl a gcabhán.