Déanann Lyons agus O Connor tagairt do chuntas a scríobhadh ag an am a deir nach raibh ‘an bóthar idir St Germain agus Páras sábháilte de dheasca na robálaithe Seacaibíteacha (Éireannacha) seo’ agus go mbíodh ‘drogall ar aon saoránach stuama dul amach tar éis titim na hoíche’ toisc go raibh an pobal faoi bhagairt ó iarshaighdiúirí Shéamais.