Pota Focal Intergaelic
O | T | teo | toe | tog
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá teorainn leis an bhrú there's a limit to the pressure
" Mar sin féin, molann Virgin uaireanta d'Altan triail a bhaint as rudaí nua, ach tá teorainn leis an bhrú is féidir leo a chur ar an ghrúpa.
lena mbeatha a thabhairt i dtír to earn their living
" Deir Mairéad go bhfuil sé cineál íorónta go gcaithfidh grúpa atá ag seinm ceol Gaelach an tír a fhágáil lena mbeatha a thabhairt i dtír.
rith sé liom it occured to me
" Agus mé ag fágáil theach Mhairéad, mo sháith ite agam agus dhá dhlúthdhiosca i mo sheilbh a bhronn sí orm mar bhronntanais, rith sé liom gur duine í a mbeadh a leithéid de mholadh níos tábhachtaí di ná moll mór airgid ó Virgin Records nó ceolchoirm mhór eile sa Hollywood Bowl.
a bhuíochas le thanks to
" Tháinig meath arís ar an teanga le linn na gcaogaidí agus na seascaidí ach tá feabhas mór tagtha ar an scéal ó na seachtóidí ar aghaidh, a bhuíochas le dúthracht agus díograis mhúinteoirí na scoileanna agus an dream a roghnaigh an Ghaelainn mar theanga bhaile.
seachas é a dhaoradh chun báis instead of comdemning him to death
" Díbirt ======= Nuair a stop an troid, gealladh do Dwyer go gcuirfí i gcéin go Meiriceá é, seachas é a dhaoradh chun báis, rud a bhí i ndán do mhórán eile de réabhlóidithe na linne.
a éileamh to demand
" (d) Seirbhísí trí Ghaeilge a éileamh.
a mheas to gauge
" **(d)** Táimíd ag plé le ranna stáit éagsúla ach is obair í seo a thógann an-chuid ama agus is deacair dul chun cinn a mheas.
Féinmhuinín a fhorbairt To develop self-confidence
" (b) Féinmhuinín a fhorbairt sna páistí leis an nGaeilge a úsáid amuigh sa saol.
gan beann agam ar an teilifís paying no heed to the television
" Bhí mé ag úthairt liom sa bhaile tráthnóna Dé Sathairn amháin agus gan beann agam ar an teilifís a bhí ar siúl sa chúlra.
tugtha don chócaoin addicted to cocaine
" Bhí turas timpeall Havana againn le tiománaí a bhí tugtha don chócaoin agus a bhí ag tiomáint go han-dainséarach.
dul ar an ordóg to hitchhike
" B'fhéidir go mbeadh fonn ort dul ar an ordóg ó áit go háit.
d'aghaidh a thabhairt ar to tackle
" Conas d'aghaidh a thabhairt ar mhairgí móra an tsaoil i bhfilíocht? Caidé mar is féidir é seo a dhéanamh go fírinneach nuair nach bhfuil á chaitheamh agat féin ach saol beag suarach, sábháilte, saor ó bhroid agus ó bhuaireamh? Níl de fhreagra agam air sin ach gur dóigh liom go mbíonn filíocht mhaith ar thaobh an tsolais agus ar thaobh na beatha i gcónaí.
a bheith ar d'fhaichill to be cautious, wary
" Bhí ort a bheith ar d'fhaichill nó bheadh daor ort.
a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile to participate in each other's fate
" Is é a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile.
lena gcultúr a thabhairt slán to save their culture
" Tá na cathanna céanna le troid acu agus atá ag Gaeltachtaí beaga eile lena gcultúr a thabhairt slán, ach tá ag éirí leo é sin a dhéanamh.
a dhearadh to design
" Úsáideann Treacy múnlaí plástair agus adhmaid snoite chun a chruthanna casta agus fíneálta a chruthú agus bíonn siad seo mar bhonn ar a gcuireann sé an t-éadach lena hataí a dhearadh.
a stoitheadh to uproot
" Bhí muintir na háraslainne trína chéile, iad ag fiafraí "Cá bhfuil ár mataí?" De thairbhe rudaí mar sin, síleann roinnt daoine gur cheart na toim a stoitheadh.
a aimsiú to find
" Mar sin, tá seans ag chuile dhuine a bhfuil suim aige sa Ghaeilge foghlaimeoirí eile a aimsiú.
chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar chuir siad an dlí orthu: they took them to court
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
a ghnóthú to earn
" Cartlann cheoil ollmhór a chruthaítear i ndáiríre agus tá na comhlachtaí ceoil anois ag iarraidh airgead a ghnóthú as an gcoincheap seo.
chun dul in oiriúint to adjust to
" Tuigeann na comhlachtaí gur gá dóibh a straitéis gnó a athrú chun dul in oiriúint don teicneolaíocht nua.
a bhainistiú to manage
" Anuas air sin, d'fhéadfaí leabharlann de cháipéisí inmheánacha comhlachta a bhainistiú go héasca agus iad ar fad a chur ar fáil dá oifigí ar fud an domhain.
gan a theach a thaobhachtáil not to approach his house
" Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh.
de réir fhigiúirí an daonáirimh according to census figures
" Dúirt daoine liom gur chuimhin leo grúpaí a raibh baint acu leis an Eaglais Chaitliceach, leithéidí Ridirí Colambanus, ag moladh do Chaitlicigh a gcreideamh a líonadh isteach sna foirmeacha ar an ábhar, dar leo, go raibh an Stát athraithe agus gur measadh riachtanais maidir le seirbhísí oideachais, sláinte agus cultúir de réir fhigiúirí an daonáirimh.
le haimhleas an phobail Chaitlicigh to the detriment of the Catholic population
" Bheadh sé le haimhleas an phobail Chaitlicigh, dar leo fosta, gan iad féin a chur chun tosaigh.
ag moladh do dhaoine recommending to people
" Náisiúnaithe ar bís ======= Den chéad uair i mbliana, áfach, tá na páirtithe polaitíochta, go háirithe Sinn Féin agus an SDLP, ag moladh do dhaoine agus do náisiúnaithe go mór mhór, foirmeacha daonáirimh a líonadh isteach.
ar bís a líon a chur in iúl dying to show how many of them there are
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil naisiúnaithe ar bís a líon a chur in iúl.
ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Ainneoin go bhfuil Caitlicigh breá sásta a gcreideamh a lua le duine ar bith, ní hionann sin is a rá go vótálfadh siad ar son Éireann Aontaithe.
chúrsaí caorach matters relating to sheep
" Chaith Balor a shúil nimhe ar chúrsaí caorach an mhí seo agus go háirithe ar Aoirí Maithe na tíre.
a cheansú to control, restrain
" D'admhaigh Willie ar na mallaibh gur beag is fiú an teorainn mar áis leis an ghalar crúibe is béil a cheansú.
le hinfheistíocht bhreise a mhealladh to attract extra investment
" Seo sampla iontach de dhream Éireannach a dhein iomaíocht le hinfheistíocht bhreise a mhealladh go hÉirinn; léiríodar go bhféadfaidís airgead an chomhlachta a shábháil trí ionad nua a bhunú sa Spidéal seachas é a lonnú i Meiriceá.
fréamhacha 3Com a dhoimhniú to deep 3Com's roots
" Cé go raibh agus go bhfuil siad ag brath ar chomhlachtaí Meiriceánacha, d'éirigh leo fréamhacha 3Com a dhoimhniú sa tír agus sa Ghaeltacht féin.
ár bhfiontair féin a chruthú to create our own enterprises
" A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte, beidh linn.
a fhás go bródúil to grow proudly
" A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte, beidh linn.
ba ghnách leis he used to
" Ba é an t-ainm a bhí air, William Henry Mc Carty, ach 'Henry Mc Carty' ba ghnách leis a thabhairt air féin i dtús a réime.
a neartú to strengthen
" Is í aidhm na Comhdhála bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú, le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann.
a bhuanú to perpetuate
" Is í aidhm na Comhdhála bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú, le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann.
a chothú to promote
" Deiseanna breise d'úsáid na Gaeilge, ar nós Dháil Bia, a chothú nó a spreagadh.
in ainm is a bheith supposed to be
" Tá sin fíor, nach bhfuil? Bhuel, tá sé in ainm is a bheith.
le hamhras a tharraingt air to make him a suspect
" Ar an lámh eile, tá cead a chinn tugtha do Blake, in ainneoin go bhfuil go leor fianaise ann le hamhras a tharraingt air.
a smachtú to control
" Tá ag teip ar na saoránaigh i gcathracha ar fud na tíre ar fad na bithiúnaigh bhrúidiúla seo, a úsáideann suaitheantas na bpóilíní mar chosaint, a smachtú agus pionós a ghearradh orthu.
a mhaíomh to state
" Ní fios go cruinn cé mhéad duine atá ag labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht ar bhonn rialta, ach ní dócha go mbeadh sé míchruinn a mhaíomh go bhfuil níos lú ná 30,000 duine as an 80,000 de dhaonra an limistéir oifigiúil ag úsáid na teanga go laethúil.
le cur in iúl do dhaoine to inform people
" Fiú tá comharthaí anois ag Údarás na Gaeltachta le cur in iúl do dhaoine go bhfuil siad sa Ghaeltacht.
a láidriú to strengthen
" Bhí baint mhór ag cúrsaí airgid le meath na Gaeilge agus, faraor géar, ní féidir í a láidriú mar theanga phobail sa Ghaeltacht gan díriú ar cheist seo an airgid.
gan trácht ar not to mention
" Tar éis mheathlú na mblianta 1981 agus 1999 bhí sé soiléir do mhórán Coimeádach (gan trácht ar gach duine eile) nach raibh ag éirí chomh maith is a ceapadh leis an pholasaí *laissez-faire* ná le fiontraíocht phríobháideach.
a bhuanú to perpetuate
" Ach tá rogha le déanamh ag an bpobal maidir leis an oidhreacht luachmhar shainiúil seo a bhuanú sa leithinis nó déanamh dá ceal.
éalú to escape
" Bhí mé ar mo sháimhín só ann! Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, áfach, bhí mé i mo shuí ar bharr bus ag déanamh mo sheacht ndícheall éalú as an áit chomh gasta is a thiocfadh liom.
a chur in áirithe to reserve
" Beidh na fearainn nua seo á riaradh ag comhlachtaí éagsúla ach tá cuid mhaith fógraíochta á déanamh cheana féin ag comhlachtaí tríú páirtí ag rá gur féidir clárú leo chun seoladh nua a chur in áirithe.
a sheachaint to avoid
" Níl aon chinnteacht ann go mbronnfar seoladh faoi leith ar aon duine nuair a chuirfear na fearainn nua ar fáil go hoifigiúil agus is fearr na buachaillí bó i mbailte fearainn an idirlín a sheachaint agus cloí leis na seoltaí ponc com go fóill.
cloí stick to
" Níl aon chinnteacht ann go mbronnfar seoladh faoi leith ar aon duine nuair a chuirfear na fearainn nua ar fáil go hoifigiúil agus is fearr na buachaillí bó i mbailte fearainn an idirlín a sheachaint agus cloí leis na seoltaí ponc com go fóill.
a roinnt to share
" " Ní raibh mé róthógtha leis an ábhar seo, ach bíonn sé riachtanach go ndéanfadh daoine an t-eolas seo a roinnt, go háirithe nuair nach mbíonn mórán muiníne agat as na húdaráis.
a bhruith to boil
" Tharla a mhacasamhail anuraidh agus moladh do na mílte duine a gcuid uisce a bhruith.
cé nach raibh aon choinne aici luí le craoltóireacht although she wasn't expecting to become a broadcaster
" Bhí patachán trí bliana d'aois ag Neasa ag an am agus cé nach raibh aon choinne aici luí le craoltóireacht - bhí an chéim dhochtúireachta comhlíonta seachas an tráchtas - chuaigh sí sa tseans agus b'in sin! Thosaigh sí féin agus Seán Ó Tuairisc ag cur an chláir cúrsaí reatha "Cúrsaí" i láthair ag an am.
a thóg ceann that paid attention to
" Bhí sé seo suimiúil, dar léi, mar "b'í seo an chéad fhéile in iarthar na hEorpa a thóg ceann agus a thug tús áite d'ilteangachas na réigiún agus na limistéar Ceilteach.
súil in athuair a chaitheamh to look again
" "Tá sé thar am, áfach, súil in athuair a chaitheamh ar an mbonneagar tríd síos agus caithfimid go léir - gach duine a labhraíonn Gaeilge, ní hamháin na heagraíochtaí Gaeilge - plé iomlán úrnua a bheith againn ar cén fáth, an féidir nó an mian linn ár dteanga féin a choimeád agus a chur chun cinn.
ag roghnú choosing to
" " Measann sí go bhfuil toil an phobail i bhfad níos mó laistiar den Ghaeilge inniu agus an cruthúnas is mó atá ann di ná an méid daoine a d'fhéach ar an gclár "Léargas" gach Máirt - "suas leis an gceathrú cuid de lucht féachana na tíre, a raibh rogha go leor stáisiún ag a lán acu, ag roghnú féachaint ar chlár as Gaeilge.
a shamhlú to imagine
" Neart scléipe ======= Is deacair an samhradh a shamhlú gan Seachtain Willie Clancy a bheith ann.
cloigeann mhór a bheith ort to be bigheaded, full of yourself (also: hangover)
" Char mhaith duit cloigeann mhór a bheith ort.
níl agat ach amharc air you only have to look at it
" Chuala tú uilig roimhe é: cnapann sé sa níochán, éiríonn sé cnapánach de réir a chéile, níl teas ar bith ann, níl agat ach amharc air agus tá sé lán clupaidí.
bhléascach loud (referring to colour)
" Ach níl sásamh le déanamh orthu nó níl siad róthugtha don éadach bhléascach ach an oiread.
siar aniar back to front
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
a réiteach to resolve
" Bhíodar ag iarraidh "Ceist na dTaistealaithe" a réiteach.
de réir na n-oideachasóirí gairmiúla according to the professional educators
" Ach i Ráth Caola tá go leor acmhainní breise (múinteoirí breise san áireamh) curtha ar fáil agus, de réir na n-oideachasóirí gairmiúla, níl argóint na n-agóidithe go bhfuil cuid oideachais páistí eile ag fulaingt slán.
mar a thagair an Direánach don abhainn as Máirtín Ó Direáin referred to the river
" Braitear an iarsmaíocht Ind-Eorpaise seo fán 'Life Chianda', mar a thagair an Direánach don abhainn, bíodh nach talamh bán ar fad an taobh sin tíre, tá againn, mar shampla, Glas Tuathail, Glas Naíon agus eile.
a nítear trácht ar an abhainn sna hannála the river is referred to in the annals
" Mar 'aba Liphi', 'iartair Liphe', 'Maighe Liphe', 'tri luind Liphe' a nítear trácht ar an abhainn sna hannála.
tugtha don ól given to drinking
" An té a bheadh 'wedi fod yn **yfe**d' (= **ibh**the/ólta), nó 'in**eb**riated', an té a raibh a shá 'imbibed' aige, is dóigh go nglacfaidh sé le teoiric ar bith! Más tugtha don ól é, an duine bocht céanna, b'fhéidir gur Ó Meadhchair/Meachair a bheadh air, tharla go gciallaíonn a shloinne 'cara (na) meá'! Níl mé a rá, áfach, go bhfuil éinne ar m'aithne darb ainm Lifechair Ó Meachair faoi bhruach na Life sa lá inniu.
cloigeann mhór a bheith ort to be bigheaded, full of yourself (also: hangover)
" Char mhaith duit cloigeann mhór a bheith ort.
níl agat ach amharc air you only have to look at it
" Chuala tú uilig roimhe é: cnapann sé sa níochán, éiríonn sé cnapánach de réir a chéile, níl teas ar bith ann, níl agat ach amharc air agus tá sé lán clupaidí.
bhléascach loud (referring to colour)
" Ach níl sásamh le déanamh orthu nó níl siad róthugtha don éadach bhléascach ach an oiread.
siar aniar back to front
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
an chomhairle a chur i bhfeidhm to put the advice into practice
" Má bhíonn deacrachtaí léitheoireachta agat ní bheidh tú in ann na bileoga comhairle a léamh ná an chomhairle a chur i bhfeidhm.
gan trácht not to mention
" Má thugaimid tús maith do pháistí - ón am a bhíonn siad sa mbroinn, go dtí an chéad chúpla bliain sa bhaile, go dtí na blianta scoile - cuirfear fad lena saol, gan trácht ar an bhfeabhas a bheidh i gceist.
ar bís barely able to wait
" Is minic a théann foghlaimeoir chuig rang Gaeilge agus í lán fuinnimh, ar bís leis an teanga a fhoghlaim.
a aisíoc to repay
" Is minic nach dtugtar luach a gcuid airgid dóibh agus a ndiúltaítear táille a aisíoc leo nuair a chuireann siad in iúl nach bhfuil siad sásta le caighdeán cúrsa.
d'íomhá na teanga to the image of the language
" Is mór an dochar a dhéanann sé seo d'íomhá na teanga.
a aimsiú to find
" Caithfear daoine fuinniúla, éirimiúla a aimsiú agus oiliúint a chur orthu sa dóigh is go mbeidh siad ábalta tabhairt faoin obair seo.
a chíoradh to discuss in detail
" D'eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí na Bealtaine chun na ceisteanna seo a chíoradh ach níor bhac cuid de na príomheagraíochtaí Gaeilge le freastal air.
feabhas a chur ar chúrsaí to improve matters
" An léiríonn sé seo go bhfuil siad den bharúil nach bhfuil aon ghéarchéim ann? Ar cheart stop a chur leis na deontais mhóra a fhaigheann na heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag múineadh na teanga go dtí go mbeidh siad sásta a bheith ag comhoibriú lena chéile agus go dtí go léireoidh siad go bhfuil seirbhís cheart phroifisiúnta á cur ar fáil acu? Má thagann an deontas ag deireadh na bliana ar scor ar bith, is cuma cén caighdeán atá i gceist sa seomra ranga, cén fáth a ndéanfadh siad aon iarracht feabhas a chur ar chúrsaí? B'fhéidir gurbh fhiú d'Fhoras na Gaeilge roinnt machnaimh a dhéanamh ar an cheist seo.
dá chinniúint to his destiny
" "Ní bheidh deireadh leis an streachailt go dtí go bhfaighidh mé bás," a dúirt sé agus an chuma air gur ag géilleadh go suaimhneach dá chinniúint a bhí sé.
le fonn caointe feeling like they want to cry
" Ar an drochuair, tá an píosa áirithe talaimh sin ag titim isteach sa chlábar agus lucht féachana scanraithe ag breathú air le fonn caointe.
de réir na saineolaithe according to the experts
" Daoine idir 18 agus 25 is ea an chuid is mó de na léirseoirí, an t-aoisghrúpa is fuarchúisí ó thaobh vótála de, de réir na saineolaithe.
fonn drabhláis in the mood to go on the tear
" * Tá an bhliain istigh, tá na scrúduithe thart agus tá fonn drabhláis ar Chian agus ar Dhónall.
fonn ainmheasartha cainte a terrible urge to talk
" Ní raibh focal as a cheann de ghnáth, ach nuair a bhí deoch ar bord) aige tháinig fonn ainmheasartha cainte air.
ar shiúl chun olcais glan gone to the dogs
" Dá bhfeicfeadh a máthair anois í, bheadh sí ag déanamh go raibh sí ar shiúl chun olcais glan agus í bogólta fán am seo de lá.
a cuid a sheasacht to stand her share
" Chuir a deartháir cúpla punt chuici inniu agus is dócha go síleann sí gur cheart dithe a cuid a sheasacht anois," arsa Cian.
teangacha agus cultúir a chur chun cinn to promote languages and cultures
" D'fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.
a chaomhnú to preserve
" Go mbeidh an rialtas dáiríre faoin nGaeilge agus go gcuirfidh siad an maoiniú ceart ar fáil chun í a chaomhnú agus a neartú.
cloí le modhanna polaitiúla stick to political methods
" Measann sé go raibh sé tábhachtach an fód a sheasamh agus foréigean a úsáid ach i ndiaidh uafás Inis Ceithleann tháinig sé ar an tuiscint go mbeadh sé níb éifeachtaí cloí le modhanna polaitiúla agus na gunnaí a chur ar leataobh.
a fhalsú to falsify
" Agus, mar a dúirt na beathaisnéisithe Hopkins agus Sugerman, is féidir síniú a cheannach nó a fhalsú.
ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír struggling to make a living
" " Deir sí go bhfuil claonadh ann airgead a chur ar fáil d'ealaíontóirí a bhfuil clú bainte amach acu cheana, seachas é a thabhairt do dhaoine atá ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír.
a sheachaint to avoid
" Is minic a sheoltar cláracha ar nós cluichí timpeall, ach toisc gur féidir le víris scaipeadh mar chuid de na cláracha sin is fearr iad a sheachaint.
neamhaird a thabhairt ar to disregard
" Mar sin, is fearr neamhaird a thabhairt ar theachtaireachtaí ríomhphoist faoi víris mura dtagann siad chugat go díreach ó dhream a bhfuil muinín agat astu.
bob a bhualadh ort to play a trick on you
" Má fhaigheann tú teachtaireacht mar gheall ar víreas is fiú i gcónaí a bheith amhrasach - seans go bhfuil duine éigin ag iarraidh bob a bhualadh ort.
na laigí seo a shárú to overcome these shortcomings
" Tá gach iarracht á déanamh na laigí seo a shárú le cinntiú go mbeidh WAP ina uirlis ríthábhachtach.
in inmhe é seo a chur ar fáil able to provide this
" Tá ardsábháilteacht de dhíth orthu seo ach táthar dóchasach go bhfuil WAP in inmhe é seo a chur ar fáil.
fonn drabhláis in the mood to go on the tear
" Tá an bhliain istigh, tá na scrúduithe thart agus tá fonn drabhláis ar Chian agus ar Dhónall.
fonn ainmheasartha cainte a terrible urge to talk
" Ní raibh focal as a cheann de ghnáth, ach nuair a bhí deoch ar bord) aige tháinig fonn ainmheasartha cainte air.
ar shiúl chun olcais glan gone to the dogs
" Dá bhfeicfeadh a máthair anois í, bheadh sí ag déanamh go raibh sí ar shiúl chun olcais glan agus í bogólta fán am seo de lá.
a cuid a sheasacht to stand her share
" Chuir a deartháir cúpla punt chuici inniu agus is dócha go síleann sí gur cheart dithe a cuid a sheasacht anois," arsa Cian.
a ghairm to call
" Chinn an Bord Pleanála ar éisteacht phoiblí a ghairm ar an gClochán Liath ag deireadh mhí na Samhna seo caite chun an cheist a chíoradh.