Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
todóg cigar
" Suite os mo chomhair amach bhí fear bréige le todóg ina bhéal agus caipín *fedora* ar a chloigeann.
ag ól todóige smoking a cigar
" Arabach ag ól todóige agus leathghloine Jameson ina ghlac, beirt striapacha ar adhastar aige.
todóga cigars
" "Áááá, nár bhreá liomsa bronntanas Nollag a fháil ón Aire Rialtais sin a bhí chomh fial flaithiúil lena chairde ar chostas an Stáit: sú na heorna, brandaí agus todóga gan iarraidh, gan íoc.
ag caiteamh todóg smoking cigars
" "Is contúirtí go mór bheith ag caitheamh siar piontaí agus gloiní uisce beatha ná bheith ag caiteamh todóg ná toitíní ná fiú an phíopa," a mhíníonn Balor an Fealsamh.
a gcuid todóg their cigars
" Tá Feargus Finnicky Finlay, a iar-shaoiste Ruairí Ropaigh Uí Chuinn, agus Gerrymander Adams ar a mbealach go Féile na bhFéasóg i gCúba, áit a mbeidh roinnt oícheanta go maidin acu lena seanchara Fidelity Castrato, iad ag caitheamh a gcuid todóg, ag déanamh a gcuid pleananna don réabhlóid atá fós le teacht agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí na seanlaethanta san am fadó a raibh siad uilig fós ábalta bheith ag bladar fríd a dtóin agus nár aithin daoine é.
todóg cigar
" Íomhá eile a bhaineadh leis an snúcar ná tithe móra na huasaicme agus seomra ar leith le haghaidh an bhoird bhilléardaí agus snúcair, áit a ndéantaí cúpla fráma a imirt, todóg bhreá, ramhar a chaitheamh agus gloine dheas branda a ól le bolg lán tar éis an dinnéir.
thodóg cigar
" Eachtra Charbaid Uí Chlarion ============ Bhí Jack Mason, duine de Ghaeil dhílse Mheiriceá ina sheasamh fá ghiota díobh, é ag tarraingt ar thodóg mhór agus ag tochas a thóna ag an aon am amháin, cuma ghlinnsúileach, ghéarchúiseach, dhomhainsmaointeach air, mar a bhíonn ó am go chéile.
todóg cigars
" Bladar Tóna ====== Tá Feargus Finnicky Finlay agus a iar-shaoiste Ruairí Ropach Ó Cuinn, chomh maith le Gerrymander Adams agus Ming the Merciful Flanagan ar a mbealach go Féile na bhFéasóg in Cuba, áit a mbeidh roinnt oícheanta go maidin acu lena seanchara Fidelity Castrato – nó lena thaibhse, b’fhéidir – cibé acu a bheas thart ag an am, iad ag caitheamh a gcuid todóg, ag déanamh a gcuid pleananna don mhuirthéacht atá fós le teacht agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí na seanlaethanta san am fadó nuair a bhí siad uilig fós in ann bladar fríd a dtóin agus nár aithin daoine é mar bhladar.
boic na dtodóg mór big cigar bozos
" Cad atá i gceist agam le réadú anseo? Próiseas is ea réadú a fhágann mothúchán teibí an ghrá feistithe i gcló coincréideach an earra d’fhonn is gur féidir le boic na dtodóg mór grá a dhíol mar earra nó mar ‘it’ ar mhargaí na cruinne.