Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
An todhchaí The future
" An todhchaí ======= Níl sé i gceist ag Mairéad éirí as a bheith ag seinm le hAltan go ceann i bhfad.
thodhchaí future
" " An Ghaeltacht ======= Nuair a chuirim ceist air an bhfuil sé éadochasach faoi thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht, deir sé gur duine é a fheiceann "an gloine leathlán" i gcónaí.
an todhchaí the future
" Léiríonn an píosa seo dóchas agus muinín mhuintir Dhoire as an todhchaí.
sa todhchaí in the future
" Más fíor don tairngreacht seo, beidh áit lárnach ag WAP sa teicneolaíocht choitianta sa todhchaí.
todhchaí future
" Caithfear an cheist a chur: céard atá i ndán do Bhaile Átha Cliath amach anseo? Gan amhras, má ghlactar le líon mór eachtrannach sa tír beidh trioblóid againn sa todhchaí.
todhchaí future
" Bhí todhchaí mhaith roimhe, shílfeá.
sa todhchaí in the future
" Cuireann siad brú leanúnach ar an rialtas freagracht a ghlacadh as nithe sóisialta, déanann siad iarracht riachtanais grúpaí áirithe atá ar an imeall a chur chun cinn, féachann siad ar na fadhbanna a d'fhéadfadh a bheith againn sa todhchaí, agus gan dabht, cuireann siad seirbhís ar fáil do dhaoine gan dídean.
todhchaí rathúil successful future
" Mura dtig le páirtí Hume agus Mallon a thaispeáint go soiléir gur féidir leo athruithe bunúsacha in iompar an RUC a bhaint amach on taobh istigh, tréigfidh an pobal náisiúnaíoch iad - go háirithe an t-aos óg sin atá ag cruthú todhchaí rathúil do Shinn Féin.
todhchaí dhearfach a positive future
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Amharcann sí ar ais orm trí shúile m'iníne: todhchaí dhearfach, chruthaíoch, oscailte d'ár gcuid páistí dátheangacha.
todhchaí future
" ) Tá go leor daoine neamhchiontacha curtha chun báis, agus tarlóidh sé sa todhchaí fosta, de bharr mhí-iompar cosantóirí agus póilíní, de bharr nach raibh teacht ag cosantóirí ar chosaint cheart dlí, mar gheall ar chlaontacht fhorleathan ciníoch, bréagaithint, fianaise ó fhinnéithe nach bhféadfaí brath orthu, agus faoistiní a fuarthas leis an lámh láidir.
todhchaí future
" Ach i ndeireadh an lae ní dóigh liom gur ar na dreamanna sin a bhraitheann todhchaí George W.
sa todhchaí in the future
" Creideann sé go bhfuil an cine daonna ag forbairt an t-am ar fad agus go leanfaidh seo ar aghaidh sa todhchaí.
thodhchaí future
" " An Ghaeltacht ======= Cé go bhfeiceann Ó Cuív na deacrachtaí atá ann an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail, níl sé éadóchasach faoi thodhchaí na Gaeltachta.
todhchaí future
" Nuair a smaoinímid ar na fadhbanna a bhíonn ag an dream seo le halcól, le drugaí, le coireacht agus an méid acu a chuireann lámh ina mbás féin, feicimid an tábhacht a bhaineann leis an gcumasú a thugann obair agus gluaiseachtaí deonacha do dhaoine tionchar a bheith acu ar a dtodhchaí agus a saol féin.
thodhchaí future
" Is gá don rialtas logánta aire níos fearr a thabhairt do na páistí sin a bhfuil ualach an fhoréigin agus na bochtaineachta orthu, agus ag an am chéanna, caithfidh gach pobal ó thuaidh an stair a scaoileadh uathu agus aghaidh a thabhairt ar thodhchaí na bpáistí.
thodhchaí future
" Níl sí imníoch faoi thodhchaí na filíochta Gaeilge.
a dtodhchaí their future
" Bhí fearg orthu nach ndeachthas chun cainte leosan faoi na leasuithe a bhí á ndéanamh, leasuithe a mbeadh tionchar an-mhór acu ar a dtodhchaí.
todhchaí future
" Nuair a chas mé leis in Óstan an Shelbourne ag deireadh mhí an Aibreáin, bhí sé lán dóchais faoin todhchaí, agus ní nach hionadh.
todhchaí future
" Ach caithfidh Sinn Féin an fhírinne iomlán a inse maidir leis an Cholóim - tá todhchaí phróiseas na síochána ag brath air.
sa todhchaí in the future
" Ní gá go mbeadh sí dúnta sa todhchaí, áfach, mar d'fhéadfadh an Cumann féin níos mó úsáide a bhaint aisti tré níos mó cluichí club, cluichí scoile, coláistí dara agus tríú leibhéal a imirt ansin faoi mar a dheintí roimh an athnuachan.
thodhchaí future
" '" Todhchaí RTÉ ======= Tá sé buartha go maith faoi thodhchaí RTÉ.
todhchaí future
" Ar an taobh eile, bhí a fhios ag na Caitlicigh nach raibh todhchaí rómhaith i ndán dóibh féin faoi smacht na Breataine.
todhchaí pholaitiúil political future
" Ach tá todhchaí pholaitiúil i bhfad níos traidisiúnta agus níos coimeádaí i ndán do mhuintir na hOllainne.
todhchaí future
" Tá mórán stró curtha ag daoine orthu féin ag ullmhú agus ag cur le chéile an dá cháipéis seo ach an bhfuil sé chomh deacair sin tosaíocht éigin a aimsiú le todhchaí na Gaeltachta a chinntiú? Inár dtuairimne, tá cinneadh amháin bunúsach le déanamh ag an Rialtas agus ag na húdaráis chuí! Níl an dara rogha ag an Stát, má tá sé dáiríre faoi shlánú na Gaeilge, ach infheistíocht shubstaintiúil a dhéanamh sa chóras réamhscolaíochta agus i naíonraí na Gaeltachta.
todhchaí future
" Maidir leis na pleananna don todhchaí bhí sé ag súil go rachadh an grúpa ó neart go neart agus go mbeadh deis acu cuireadh a thabhairt d'ealaíontóirí ón taobh amuigh teacht isteach chun labhairt faoina saothar siúd.
den todhchaí of the future
" Loighciúil? Pilleadh ar an Riail Dhíreach ======= Agus cén aisling atá ag na haontachtaithe den todhchaí? Labhair mé le Pastor Jack McKee, ministir Elim Pentecostal ó Bhóthar na Seanchille, fear a d'iompair crois 6 troithe ar airde thart ar cheantracha Caitliceacha agus Protastúnacha Bhéal Feirste.
todhchaí future
" Bhí íomhá dhóchasach den todhchaí tugtha sa chéad eagrán de *An tEolaí*, an iris eolaíochta agus teicneolaíochta, i mí na Bealtaine 1991.
thodhchaí future
" Níl mé cinnte an bhfuil mé dóchasach faoi thodhchaí na teanga, mar sin, ach ritheann an cur síos liom a thug Norman Davies ar obair a chuid carad sa Pholainn i dtús na n-ochtóidí.
thodhchaí future
" Is conspóid í seo ar fiú súil a choinneáil uirthi mar go bhfuil impleachtaí móra i gceist ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta agus an baol ann go gcothófar deighilt níos mó idir muintir na tuaithe agus pobal cathrach na tíre.
sa todhchaí in the future
" Is beag an seans, mar sin, go mbeidh cruinnithe idir baill Shinn Féin agus an UDA sa todhchaí, rud a thig salach ar thuairimí lucht scríofa "Common Sense" a mhaígh gur shíl an pobal Protastúnach nár leor é *No *a rá.
sa todhchaí in the future
" Caighdeán slándála ======= Tá caint freisin ar chaighdeán slándála nua ar a dtugtar Palladium, caighdeán a chinnteoidh go mbeidh greim scrogaill ag Microsoft ar ríomhairí sa todhchaí agus nach mbeidh sé indéanta cláracha a dháileadh gan cead speisialta a fháil ón gcomhlacht.
todhchaí *mafia* a mafia future
" Ceithre bliana ó shin, dúirt mé go raibh todhchaí *mafia* á tógáil anseo," a dúirt sé, agus araile.
an todhchaí the future
" Déanann a shaothar tagairt do thréimhsí san am a chuaigh thart atá go fóill ag spreagadh coimhlinte agus bréagnú, chomh maith le cur síos a dhéanamh ar an am i láthair agus ar an todhchaí mar thréimhsí atá lán éiginnteachta.
thodhchaí future
" Sin ráite, beidh mé ag tógáil go leor briseachaí chun *lattés *a tharraingt do chustaiméirí rialta an chaife! Beo!: An bhfuil tú dóchasach faoi thodhchaí na teanga? AH: Ar ndóigh tá.
todhchaí future
" Níl aon dochar i gcáineadh nó i gcíoradh dá leithéid ach anois is fiú díriú ar an todhchaí go réadúil agus straitéisí dearfacha cruthaitheacha a mholadh.
todhchaí future
" Iontach go leor, fuair sé freagra deimhneach ó Gerry Adams coicís ina dhiaidh sin nuair a dúirt seisean go bhfaca sé todhchaí gan an IRA.
sa todhchaí in the future
" Labhair sé le h**Éamonn Ó Dónaill** faoina chúlra agus faoi na dúshláin atá i ndán dó féin agus don chomhlacht sa todhchaí.
sa todhchaí in the future
" Measann sí go mbeadh spéis ag muintir na hÉireann i "Secrets" fosta agus tá sí dóchasach go mbeidh sé le feiceáil ansin am éigin sa todhchaí.
todhchaí future
" Agus todhchaí an PSNI á plé faoi láthair, tá iarrachtaí a cheannasaíochta an milleán uilig a chur ar na poblachtánaigh ag dul thar fóir.
thodhchaí future
" " Tá sé dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge.
todhchaí fhadtéarmach a dtrealaimh the long-term future of their equipment
" Chun a chinntiú go dtugann déantúsóirí todhchaí fhadtéarmach a dtrealaimh san áireamh, tá sé á mholadh ag an Aontas Eorpach go mbeadh orthu féin íoc as athchúrsáil an trealaimh nuair atá deireadh tagtha lena shaolré.
todhchaí future
" " D'admhaigh Denise go raibh sí dóchasach go ndéanfadh gníomhartha den chinéal seo difear sa todhchaí ach, go réadúil, ba é an phríomhaidhm a bhí ann ná muinín agus dearcadh dearfach a chothú i ndaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste, macasamhail na ndaoine a bhí páirteach sa tionscadal.
todhchaí na fostaíochta the future of employment
" Cé go bhfuil an rialtas agus a lán eagraíochtaí ag rá go bhfuil infrastruchtúr bandaleithid leathain riachtanach chun todhchaí na fostaíochta in Éirinn a chinntiú, is beag caint atá ann ar na riachtanais eile sa tionscal teicneolaíochta.
todhchaí future
" Tá gníomhairí áirithe teanga (*reintegracionistas *a thugtar ar an dream seo) den tuairim go mbeadh todhchaí i bhfad níos tréithí ag an teanga dá mbeadh daoine sásta dul ar ais chuig "ré órga na litríochta" agus litriú na Portaingéilise a úsáid.
thodhchaí future
" Cé go bhfuil daoine imníoch na laethanta seo faoi thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht, táthar níos dearfaí faoin mhéid atá ag tarlú ó thaobh na teanga de i gceantair eile.
sa todhchaí in the future
" Is iad na struchtúir atá á gcruthú againne anois a bheas mar dhúshraith d'fhorbairt na Gaeilge sa todhchaí.
don todhchaí for the future
" Tá an UDA ag dul a chur cosc aoise ar ógánaigh atá ag iarraidh dul isteach sa Ulster Young Militants, eite óige na heagraíochta - is léir go bhfuil siad ag pleanáil don todhchaí.
a dtodhchaí féin a shocrú to decide their own future
" Tá sé de cheart ag saoránaigh gach tíre a dtodhchaí féin a shocrú gan tíortha eile a bheith ag cur a ladar isteach ina ngnóthaí.
páirtí na todhchaí ó thuaidh the party of the future in the north
" Ag breathnú ar thorthaí toghchán, is léir gurb é Sinn Féin páirtí na todhchaí ó thuaidh.
sa todhchaí in the future
" Cad é mar is féidir a bheith cinnte fá iompar an UUP sa todhchaí? Cad é fá na dílseoirí atá ag baint úsáide as na hairm atá acu - scaoil siad urchair leis an PSNI seachtain ó shin! Tá cinnteacht ag teastáil ó achan dhream, chan amháin ó aontachtaithe.
thodhchaí future
" Ní raibh aon chinnteacht ann, a dúradh, gur Gaeilgeoirí a bheadh ina gcónaí sna tithe seo agus, dá réir, go raibh éiginnteacht faoi thodhchaí na Ceathrún Rua mar bhaile láidir Gaeltachta.
sa todhchaí in the future
" Mar sin shocraigh muid beirt bogadh go Chicago ionas go mbeadh sí in ann sin a dhéanamh, rud a d'fhágfadh an rogha againn cónaí i gceachtar den dá thír sa todhchaí.
Todhchaí future
todhchaí future
" Is deacair a thuiscint uaireanta céard tá ar bun ag na heagrais atá freagrach as todhchaí agus slánú an dá ghné seo dár n-oidhreacht Ghaelach.
thodhchaí future
" Chuir saothair le Maolmhaodhóg Ó Ruairc agus le Jim McCloskey go mór leis an díospóireacht faoi thodhchaí na Gaeilge, ceapaim agus tá "athléamh" ar stair na hAthbheochana tosaithe leis na himleabhair sa tsraith *Lúb ar Phár*.
todhchaí future
" Ach is deacair a thuar céard atá i ndán don chanúint sna blianta atá romhainn, go mór mór mura bhfuil na gasúir sásta í a úsáid - óir is iad na páistí todhchaí gach teanga.
todhchaí future
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Ceapaim féin go mbeidh todhchaí na Gaeilge in áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht, i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, mar shampla, agus go mbeidh an teanga á labhairt i measc daoine fásta agus ag daoine fásta lena bpáistí.
don todhchaí for the future
" Ná déanaimís dearmad ar réalt óg na bliana agus réalt úr don todhchaí, is é sin Setanta Ó hAilpín.
thodhchaí future
" An bille atáimid a fhógairt inniu, tá sé ríthábhactach do thodhchaí na tíre agus na teanga.
todhchaí future
" Thabharfadh sé an-dóchas do dhaoine as todhchaí na Gaeilge an teanga a bheith i lár an aonaigh, i gcuideachta na Laitvéise, na Máltáise, agus an fiche teanga eile a bheas aitheanta go hoifigiúil.
todhchaí an Chorcaígh the Corkman's future
" Beidh todhchaí an Chorcaígh ag brath go mór ar conas mar a éiríonn lena chosc ar an tobac i dtithe tábhairne, mar aon le plean Hanly a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
páirtí náisiúnach na todhchaí the nationalist party of the future
" Beidh cuimhne i gcónaí ar 2003 mar an bhliain ina bhfuair an DUP an lámh in uachtar ar an UUP agus ar cruthaíodh arís gurb é Sinn Féin páirtí náisiúnach na todhchaí.
sa todhchaí in the future
" Níl dabht ar bith ach go mbeidh dúshláin mhóra ann don rialtas sa todhchaí.
todhchaí na pleanála the future of planning
" Bhí cruinnithe ag an gcomhlacht agus an Liquor Licensing Commision le tamall anuas chun todhchaí na pleanála agus cúrsaí ceadúnais a phlé, agus an tionchar a bheidh acu ar spiorad an cheantair.
sa todhchaí in the future
" Rinneadh cuideachta de le déanaí agus táim cinnte go gcabhróidh sé sin le forbairt na Seachtaine sa todhchaí.
todhchaí na Gaeilge the future of Irish
" Peadar Ó Flathartha, Stiúrthóir Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ag cur a fhís maidir le todhchaí na Gaeilge os ár gcomhair.
thodhchaí future
" "C'ainm atá ar an chnoc údaí thall?", a mhínigh an tseanbhean eile agus b'ansin a thuig Ken óg gur mhór an difríocht idir Gaeilge na scoile agus caint na ndaoine! Ní i gcónaí a bhíonn sé éadóchasach faoi thodhchaí na teanga, áfach.
thodhchaí future
" Ní dea-chomhartha ar bith an cinneadh seo do thodhchaí na hEorpa.
má tá todhchaí chomh héiginnte sin in ndán dúinn if such an uncertain future awaits us
" Céard is fiú €350,000 a chaitheamh ar theach inniu má tá todhchaí chomh héiginnte sin in ndán dúinn? Ar ndóigh, deir Randall nach dóigh leis go dtarlóidh siad i ndáiríre, ach gurb é an jab atá aige ná an cineál sin pleanála a dhéanamh.
thodhchaí future
" " Braitheann Ruairí dóchasach faoi thodhchaí Rua Telecom.
todhchaí na léitheoireachta Gaeilge the future of Irish language reading
" Pobal bríomhar léitheoireachta Gaeilge a bheith forbartha i ngach aois-aicme, go háirithe i measc daoine óga; earnáil bhíogach chuimsitheach foilsitheoireachta a bheith ann; todhchaí na léitheoireachta Gaeilge a bheith slán.
todhchaí future
" Níl todhchaí ag an teanga mura bhfuil saothair phróis agus filíochta á scríobh.
sa todhchaí in the future
" Tá Dún Chaoin i bhfad ó gach áit! B'fhéidir go bhfillfead abhaile am éigin sa todhchaí ach níl aon phleananna agam go fóill.
todhchaí na hEorpa the future of Europe
" Ach cad iad na ceisteanna móra atá na hiarrthóirí ag cur chun tosaigh? Cé aige a bhfuil a fhios? Níl polaiteoirí ná vótóirí na Sé Chontae aibí go leor le tábhacht, tionchar ná todhchaí na hEorpa a phlé go mion agus go húdarásach.
thodhchaí future
" Cé a dúirt nach raibh fios a ghnaithe ag Seoirse Óg Mac Sceiche? Tá Balor ag súil go gcuirfidh eagarthóir *Beo Ar Éigean*, Éamonn Ó Doornail, an t-agallamh seo síos ina iomláine agus nach bhfágfaidh sé píosa ar bith ar lár a mbeadh impleachtaí aige do thodhchaí agus do shonas mhuintir na cruinne, mar a rinne an liúdramán leis na hagallaimh a chuir Balor ar Dhia cúpla bliain ó shin agus ar an Diabhal tamall ina dhiaidh sin.
an todhchaí the future
" Anois, is iad na páirtithe sin atá ag barr an tábla agus an UUP agus an SDLP ag amharc go héadóchasach ar an todhchaí agus a bhfuil i ndán dóibh ag an chead olltoghchán Westminster eile.
sa todhchaí in the future
" Is fiú €160 milliun siul sléibhe do gheilleagar na hÉireann, de réir John O'Donoghue TD, an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, agus thiocfadh leis a bheith a bhfad níos tábhachtaí sa todhchaí.
todhchaí future
" Ní raibh muid ullamh don todhchaí, ach mar sin féin ba é sin an t-am!" Le linn na tréimhse órga sin, chomh maith le bheith sáite i gcúrsaí réabhlóide, bhí dúil mhór ag McCann sa scríbhneoireacht, agus faoin am a bhí sé sna fichidí luatha bhí dhá dhráma léirithe aige, i Londain agus i mBéal Feirste.
todhchaí future
" Siombail den mheascán idir an stair agus an todhchaí.
todhchaí future
" Má amharcann sé siar ar a tharla, ar a chairde atá ar shlí na fírinne - ar Sheán Mac Diarmada go speisialta - agus ar a chomhrádaithe nach eol dó iad a bheith beo nó marbh - Conchubhar Ó Coileáin, Diarmuid Ó hEigeartaigh agus Gearóid Ó Súilleabháin - ní hannamh é ag smaoineamh ar an todhchaí nuair a chuirfear clabhsúr ar an obair ar chuir lucht Sheachtain na Cásca tús léi.
sa todhchaí in the future
" Ach da mba rud é nach mbeadh an Rialtas, nó Eircom nó ComReg sásta iarracht a dhéanamh sa todhchaí, dá mbeadh siad sásta cúrsaí a fhágáil mar atá, bheinn ar buile leo.
sa todhchaí in the future
" " Luann sí freisin go bhfuil sí thar a bheith bródúil as cláracha ilchultúrtha na rannóige agus tá sí dóchasach go gcuirfidh na cláracha le normalú na ndaoine ó chultúir dhifriúla sa todhchaí.
todhchaí future
" Cad é, mar sin, atá i ndán do Mharla bheag? Tá a máthair fealsúnach agus í ag caint faoin todhchaí.
don todhchaí for the future
" I 1987, tháinig grúpa oibre áitiúil le chéile chun an teach a shábháil agus chun ionad cultúrtha agus sóisialta, a reáchtálfaí trí mheán na Gaeilge, a chur ar fáil don phobal don todhchaí.
todhchaí future
" Measann siad go bhfuil siad ag pilleadh ar ais chuig an todhchaí, go bhfuil laetha 1918 ar an bhealach ar ais agus go mbeidh tionchar mór á imirt ag an pháirtí ar chúrsaí polaitíochta as seo amach, thuaidh agus theas agus ar fud an oileáin.
thodhchaí future
" Tá sé tráthúil go maith bheith i mbun cainte le hiarfhostaí de chuid Amharclann na Mainistreach agus díospóireachtaí leanúnacha ar siúl i dtaobh thodhchaí na hinstitiúide le linn di bheith ag ceiliúradh céad bliain ar an bhfód.
todhchaí future
" Ar aon nós, caithfear teacht ar shocrú éigin mar nach cabhair é don Eoraip dhá thír a bheith in aghaidh a chéile mar seo, agus caithfidh na daoine i nGiobráltar a meon a athrú má tá todhchaí níos fearr ag teastáil uathu.
sa todhchaí in the future
" In ainneoin mhéid na hoibre atá á dhéanamh ag an gcoimisiún, b'fhearr le Goggin muna mbeadh cuimhne ag an bpobal uirthi agus ar an gcoimisiún sa todhchaí.
todhchaí future
" " Teangeolaíocht fheidhmeach ======= Is í an fhís atá ag Anna maidir le todhchaí Ionad na dTeangacha ná go ndéanfar tuilleadh oibre i réimse na teangeolaíochta feidhmí.
thodhchaí future
" Mar sin, is tábhachtaí ná riamh síntiús mar seo ó Eoin Mac Thiarnáin, fear an-chumasach, an-phraiticiúil a thuig tábhacht an Ghaeloideachais do thodhchaí na tíre.
gur cás leis todhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha laethúil who have an interest in the future of the Irish language as an everyday spoken language
" Cinntí iad a thabharfaidh ardú croí d'éinne gur cás leis todhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha laethúil.
deiseanna sa todhchaí employment outlook
" Rinneadh anailís ar na postanna de réir sé shlat tomhais éagsúla: timpeallacht, teacht isteach, deiseanna sa todhchaí, éilimh fhisiciúla, daingneacht agus strus.
todhchaí an-éiginnte a very uncertain future
" Maidir le lucht leanúna an tsacair in Éirinn, ba cheart dóibh bheith níos buartha faoi staid Ruagairí na Seamróige, an club ab fhearr agus ba cháiliúla sa tír seo tráth agus atá anois ar an trá fholamh agus todhchaí an-éiginnte rompu.
sa todhchaí in the future
" Deir Seán go bhfuil sé chun leanúint ar aghaidh ag múineadh sna blianta atá romhainn - dea-scéala dóibh siúd a bheas ag luí isteach ar fhoghlaim na Gaeilge sa todhchaí.
todhchaí future
" Cinnte beidh gníomhaithe an IRA ag iarraidh cinntiú cad é an ról atá in ndán dóibh sa todhchaí úr, saor ó fhoréigean.
thodhchaí an phobail the future of the community
" (d) Chun tuiscint a fhorbairt, go mór mór i measc daoine óga, ar chomh tábhachtach is atá a n-oidhreacht teanga agus chultúrtha do thodhchaí an phobail.
thodhchaí future
" Lasmuigh de sin, beifear ag plé féidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ár dteacht isteach, mar thoradh ar chomhoibriú le páirtnéirí atá lonnaithe i dtíortha agus réigiúin atá buailte linn, ionas gur féidir pleanáil do thodhchaí ina mbeidh níos mó deiseanna ann dúinn bheith ag oibriú lenár gcomharsana ná mar a bhí roimhe seo.
sa todhchaí in the future
" Laigí: Tá spás réasúnta beag againn – is cinnte go mbeidh tuilleadh spáis ag teastáil sa todhchaí de réir mar a fhásfaidh an comhlacht.
sa todhchaí luath in the near future
" Dealraíonn sé nach bhfuil aon athrú le theacht sa todhchaí luath ar aon nós maidir le cé bheas in uachtar ar leathanta deiridh an tsamhraidh.
sa todhchaí in the future
" Laigí: Tá spás réasúnta beag againn – is cinnte go mbeidh tuilleadh spáis ag teastáil sa todhchaí de réir mar a fhásfaidh an comhlacht.