Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúrsaí toghchánaíochta electoral matters
" Shéan an rialtas go raibh aon bhaint ag cúrsaí toghchánaíochta leis.
córas toghchánaíochta electoral system
" Agus córas toghchánaíochta ann a thugann dhá vóta do dhaoine áirithe agus nach dtugann vóta ar bith do dhaoine eile, an aon ionadh é gur beag spéis a chuireann formhór de mhuintir na hÉireann sa Seanad? Níos luaithe i mbliana d'fhoilsigh Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais tuarascáil oifigiúil a mhol athruithe maidir leis an Seanad.
céile comhraic toghchánaíochta election rival
" Ag an am sin, bhí ag éirí go maith le hEdmund Stoiber, céile comhraic toghchánaíochta de chuid an Aontais Shóisialaigh Chríostaí.
iarstiúrthóir toghchánaíochta an pháirtí the party's former director of elections
" Nuair a toghadh Kenny ina cheannaire ar Fhine Gael chuir sé "Grúpa Athbhreithnithe Straitéise" ar bun, faoi chathaoirleacht Frank Flannery, iarstiúrthóir toghchánaíochta an pháirtí.
phróiseas toghchánaíochta election process
" I ndiaidh blianta de shíorghearán ón "talamh ard morálta" fá nósanna mídhleathacha Shinn Féin sa phróiseas toghchánaíochta, dar leo, ag deireadh mhí Iúil ghabh an PSNI Alastair Patterson, Príomhfheidhmeannach an UUP as "coireanna tromchúiseacha" a bhain leis an tréimhse a bhí sé ag obair san Oifig Toghchánaíochta ó thuaidh.
fheachtas toghchánaíochta election campaign
" Le linn fheachtas toghchánaíochta na Dála i mí na Bealtaine 2002, d'eisigh an Taoiseach ráiteas ag rá nach mbeadh sé féin sásta glacadh le Sinn Féin i rialtas sa stát seo.
cleamhnas toghchánaíochta electoral match
" Cé a bheas leis? ======= Tá Bairbre de Brún ag suirí leis an SDLP, ag iarraidh cleamhnas toghchánaíochta a oibriú amach, ag dúil go bhfaighidh beirt náisiúnaithe dhá thrian de na trí shuíochán atá ar fáil.
feachtas toghchánaíochta election campaign
" Tugann na tírghráthóirí Meiriceánacha a ardóidh bratach 'Mheiriceá Chorparáideach' ar an 4 Iúil a n-eitheach don argóint fhalsa sin, ach leanfar leis na hionsaithe sotalacha agus seafóideacha de réir mar a ghéarós an feachtas toghchánaíochta.
feachtas toghchánaíochta election campaign
" Nuair a bhí an feachtas toghchánaíochta deireanach ar siúl ag an SEA, chuir McCann féin dlúthdhiosca amach leis an cheoltóir/cumadóir amhrán Peter O'Hanlon.
na slógaí toghchánaíochta the electioneering hostings
" uireadh oifig an Ghobharnóra Ghinearáil ar ceal faoin mBunreacht, mar a bhí geallta ar na slógaí toghchánaíochta.
ag éirí ina mhórcheist toghchánaíochta, becoming a big election question,
" Agus corradh le caoga iarshaighdiúir a throid san Iaráic ag seasamh sa toghchán seo ar thicéid fhrithchogaidh, an mhórchuid acu thar ceann an Pháirtí Dhaonlathaigh, is cosúil go bhfuil an cogadh ag éirí ina mhórcheist toghchánaíochta, agus más ea, is é a chinnfidh leanúnachas nó titim na bPoblachtánach sa toghchán.
a chumhacht folaigh toghchánaíochta its latent electoral power
" Ba bheag iomrá a bhí ar Shinn Fein, a rinneadh dleathach an bhliain chéanna sin, 1974, ach a raibh a chumhacht folaigh toghchánaíochta ina suan.
an tuile toghchánaíochta the election tide
" A fhad is a bhí Paisley ina King Canute, bhog an tuile toghchánaíochta i dtreo Shinn Fein.
na feachtais toghchánaíochta the political campaigns
" Agus cén spórt atá i gceist ag Balor Bladhmannach? Cén spórt eile ach an tOlltoghchán? Chuaigh Laoch na Litríochta chun cainte leis an bheirt is mó le rá de na ceannairí polaitíochta, féachaint cén dearcadh atá acu féin ar an spórt náisiúnta seo, agus cad é a bhí le rá acu faoi na feachtais toghchánaíochta a bheadh dá stiúradh acu féin.
i mbun toghchánaíochta. engaged in electioneering.
" **Slógaí polaitiúla**Tá radharcanna suntasacha sa scannán a thaispeánann na slógaí polaitiúla a bhí forleathan san am sin, mar shampla, de Valera agus an Coileánach i mbun toghchánaíochta.
ar an fheachtas toghchánaíochta. on the election campaign.
" Ach crothnóidh muid na teachtaireachtaí, agus na cártaí poist!” Ba léir go raibh an-trua go deo ag Balor do Dháithí Lacha bocht, go háirithe i ndiaidh do Dháithí sé mhilliún euro dá chuid airgid féin a chaitheamh ar an fheachtas toghchánaíochta.
cleasa toghchánaíochta. electioneering tricks
" Cleasa toghchánaíochtaChomh maith leis sin, tá taithí fhada ag an bpríomh-aire maidir le cleasa toghchánaíochta.
ag croílár an fheachtais toghchánaíochta at the centre of the election campaign
" Mar chomhtharlú, bhí polasaithe maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch ag croílár an fheachtais toghchánaíochta sa bhliain 1929, mar a bhí siad an iarraidh seo.
iarrthóirí toghchánaíochta election candidates
" Mí thábhachtach i bhfeachtas na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe is ea an mhí seo mar go bhfaighidh muid leideanna i dtaobh na ndaoine a chuirfidh na páirtithe polaitíochta chun tosaigh mar iarrthóirí toghchánaíochta.
feachtas toghchánaíochta eile another election campaign
" Ba cheart go mbeadh sí in ann dúshlán a thabhairt d’aon dris chosáin atá ag cur bac ar leasú an chórais sláinte – áitiúlachas agus caomhnaitheacht na ngairmeacha leighis, cuir i gcás – de thairbhe gur dócha nach mbeidh feachtas toghchánaíochta eile le fearadh aici feasta.
fheachtas toghchánaíochta election campaign
" Ardfheiseanna atá iontu, ach is ardfheiseanna iad a bhfuil sainsprioc ag baint leo: déantar na hiarrthóirí a sheasfaidh i dtoghchán uachtaránachta na bliana sin a roghnú acu agus déantar an clár oibre a leagan amach don fheachtas toghchánaíochta.
léarscáil toghchánaíochta election map
" Ní gá ach breathnú ar an léarscáil toghchánaíochta chun an scoilt sin a fheiceáil.
i mbun toghchánaíochta canvassing
" Fuadaíodh Betancourt agus í i mbun toghchánaíochta sa Cholóim i mí Feabhra 2002.
toghchánaíochta of voting
" Mar sin, is cóir athbhreathnú a dhéanamh ar an chóras toghchánaíochta.
toghchánaíocht canvassing
" Mharaigh an tINLA a cara, Airey Neave le linn don pháirtí a bheith ag toghchánaíocht, go luath i 1979.
fheachtas toghchánaíochta election campaign
" Lena chois sin, ní bheidh i mbeartas seo na Gaeilge éigeantaí ach fonóta sa chéad fheachtas toghchánaíochta eile; feachtas nach mbeidh ach téama amháin ann - an geilleagar a amadáin! Beartas Tarraingt na gCos ========= Ní dóigh liom go ngéillfeadh Pháirtí an Lucht Oibre go hiomlán do bheartas na Gaeilge roghnaí, áfach.
i mbun feachtais toghchánaíochta electioneering
" Ar ndóigh, tá fearg ar lucht tacaíochta na dtraenach, a líomhnaíonn gur thug comhlachtaí innealtóireacht bóthair airgead mór do pholaiteoirí agus iad i mbun feachtais toghchánaíochta, ach is dócha nach bhfuil ann ach an roth ag teacht timpeall arís.
toghchánaíochta election
" Ba thábhachtach an rud é ó thaobh cúrsaí toghchánaíochta de gur mhair an borradh i bhfad ní b’fhaide nó ba chóir dó, cionn is gur chinntigh an borradh sin go bhfanfadh Fianna Fáil i réim, rud a d’fholaigh na hathruithe móra sóisialta agus déimeagrafacha a bhí ar bun go ciúin ar fud na tíre.
fheachtais toghchánaíochta election campaign
" Gach Fear faoi Ruball a Bhó Féin! ================= Le linn an fheachtais toghchánaíochta bhí siad ag maíomh nár chóir go dtabharfadh an Fhionlainn aon chúnamh airgid don Phortaingéil, nó d’aon tír eile.
feachtas toghchánaíochta election campaign
" Thosaigh sé seo le hamadán nó dhó i rith feachtas toghchánaíochta Obama, ach tá sé ina bhunalt creidimh i measc cuid mhaith de lucht an "Tea Party" anois, na daoine i bhfad amach ar eite dheis an Pháirtí Phoblachtánaigh a sheasann in aghaidh bheartais lárchlé an uachtaráin agus an Pháirtí Dhaonlathaigh.
fheachtas toghchánaíochta election campaign
" Bhain Barack Obama leas as an ghréasán ina fheachtas toghchánaíochta mar ghléas bailithe airgid agus mar mheán cumarsáide.
toghchánaíochta election
" I 2010, ainneoin brú mór agus toil shoiléir ón phobal ina aghaidh, riailigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe gur cheart ligint do chomhlachtaí móra airgead a thabhairt d'fheachtais toghchánaíochta polaitiúla.
i mbun toghchánaíochta at election time
" Cuireann Crumley i gcuimhne don léitheoir an mana a bhí ag Bill Clinton agus é i mbun toghchánaíochta i 1992: Is é an geilleagar an mhórcheist, a phleidhce! Má bhíonn tréimhse cúig bliana Sarkozy san Elysée le hiniúchadh go fuarchúiseach, dar le Crumley, tabharfar faoi deara go bhfuil méadú ollmhór tar éis teacht ar an bhfiachas náisiúnta ó 2007 i leith agus gur íslíodh rátáil chreidmheasa na Fraince ar na margaí airgeadais aon chéim i mí Eanáir seo caite.
lá tosaigh bhiaiste na toghchánaíochta the first day of the electoral season
" Cé go bhfuil a fhios againn ó mhí Aibréain amach gurb é Mitt Romney iarrthóir na bPoblachtánach agus gurb é Barack Obama iarrthóir na nDaonlathach, is iad na coinbhinsiúin lá tosaigh bhiaiste na toghchánaíochta.
is iomái cor i bhfeachtais toghchánaíochta there’s many a twist and turn in an election campaign
" Ach is iomái cor i bhfeachtais toghchánaíochta, mar is eol do Sheán Gallagher.
fheachtas toghchánaíochta election campaign
" Bhí tionchar na meán san fheachtas toghchánaíochta ina rírá lena linn, an chaoi ar chuimsigh an preas é ach go háirithe.
ba fhíochmhara san earnáil toghchánaíochta was fiercest in the election sector
" Ní gá an nath sin mar gheall ar “*one of us*” a mhíniú i gcás *Mrs Thatcher*, an polaiteoir ba fhíochmhara san earnáil toghchánaíochta ó laethanta W.
chuid de d’fheachtas toghchánaíochta part of your election campaign
" Ní bheadh mórán d’fhadhb agam leis an gcéad cheist ar an mbileog, a fhiafraíonn de gach iarrthóir an mbeadh sé/sí ag labhairt Ghaeilge ‘go rialta agus mar gnáthchleachtas sa Phairlimint’? Bheadh deacracht agam leis an tarna cheist ar an mbileog: ‘Ceist 2: An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016?’ Mínítear cúlra na ceiste go soiléir ar an mbileog: cé go bhfuil aitheantas san AE ag an nGaeilge ó tús 2007 mar theanga oifigiúil, cuireadh ‘maolú’ faoi dhó ar stádas oifigiúil a chur i bhfeidhm ina iomláine.
i rith an fheachtais toghchánaíochta during the election campaign
" Ach cén chaoi gur casadh an taoide go fíochmhar i gcoinne Pauline Marois, ó bheith ag druidim cumhacht iomlán go dtí náire iomlán, agus í ag éirí as an bpolataíocht oíche an toghcháin? Ar an gcéad dul síos, cé go seasann páirtí Marois, le Parti Québecois, go láidir ar son chearta na bhFrainciseoirí , agus é mar aidhm bhunúsach acu neamhspléachais a bhaint amach do Québec, bhí Marois cúramach gan an t-ábhar sin a lua i rith an fheachtais toghchánaíochta.
toghchánaíocht electioneering
" Is ar theifigh is mó a bhí an chaint san Astráil anuraidh, go háirithe i dtreo dheireadh na bliana nuair a bhí an toghchánaíocht ar siúl.
córais toghchánaíochta electoral systems
" Má dhruidtear é, caithfear, dar leis, na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm ar na córais toghchánaíochta agus ar na ceapacháin do na háisíneachtaí stáit san áireamh.