Pota Focal Intergaelic
toil | tóla | ola | tolca | aol | aol-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le neart a tola is a réasúin with the strength of her will and her reason
" tabharfaidh mé a dhúshlánI'll challenge him scrogalllong thin neck á bodhradhdeafening her obair athleictritherewiring work meirgrust ag smúrthachtprowling around go teanntightly tiubhthick tréanstrong bolta righinstiff bolt i ngan fhios dóibhwithout them knowing lomnochttotally naked ar thóir rud éigin eileafter something else ar tí cnagadhabout to knock ag iarraidh sárú ar an eaglatrying to overcome the fear le neart a tola is a réasúinwith the strength of her will and her reason
easpa tola lack of will
" Is amhlaidh go gcuirtear easpa tola agus easpa gnímh ina leith go minic.
easpa iomlán tola a total lack of will
" Measann sé go bhfuil easpa iomlán tola i measc na n-údarás sa tír.
in éadan a tola against her will
" An féidir nach bhfuil tú féin agus Íosa Mhic Ghiolla Mháire ag réiteach rómhaith le chéile? Chuala mé cogar – agus ní raibh ann ach cogar – go raibh tú ag smaoineamh ar Íosa a bhogadh, in éadan a tola, as Baile Átha Cliath ar fad.
prionsabal na tola; the principle of will;
" D’éirigh leo an IRA a cheansú, glacann na poblachtánaigh le prionsabal na tola; tá deireadh le hAltanna 2 agus 3 (an cuimhin libh iad sin?) – tá dúshraith faoin Aontas a mhairfidh go deo, a déarfaidh siad leat.
easpa tola lack of will
" De réir cosúlachta, sampla eile de phatuaire an Stáit i leith an Iathair Láir atá san easpa tola atá léirithe ag an Rialtas maidir le hiachall a chur ar Aer Lingus athmhachnamh a dhéanamh ar a gcinneadh is déanaí i dtaobh na Sionainne.
tola of will
" Ní caitheamh aimsire amháin a bhí sa chluiche seo don Phaorach ach oiread ach sórt trialach; triail chumais, triail tola, triail fhéinmhuiníne.
de bhun tola intentional
" An deargolc ba chúis leis an fhulaingt mhillteanach sin – olc de bhun tola.
gníomh tola willful act
" Gníomh comhfhiosach, gníomh tola a bheas ann feasta ag teaghlaigh Ghaeilge sna Gaeltachtaí stairiúla, ach tá borradh áirithe ann.
de bhonn tola of their own free will
" Bhí Éireannaigh go leor i measc na saighdiúirí agus na gcoilíneach ar an gCéad Loingeas freisin, áfach, agus i measc na gcoilíneach a chuir fúthu de bhonn tola ina dhiaidh sin.
chuir fúthu de bhonn tola settled down by their own design
" Ní raibh fiú réad amháin ann, áfach, a bhain le labhairt na Gaeilge i measc na ndaoránach agus na gcoilíneach Éireannach a chuir fúthu de bhonn tola i mblianta luatha na coilíneachta.
easpa tola a lack of enthusiasm
" Ní easpa líofachta ach easpa tola ba chúis leis an dochar a rinne Dinny Mc Ginley agus leis an bpraiseach a d’fhág sé ina dhiaidh.