Pota Focal Intergaelic
Atoll | coll | goll | moll | oll
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na ndoladhroichead the toll bridges
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
a tholl poill bhreise which bored extra holes
" Lig sé scread sceonmhar péine as a tholl poill bhreise i ngach cluas dá raibh i láthair.
stáisiúin dola toll stations
" " Níl ciall ná réasún ar bith leis an M3 ach go mbeidh na billiúin euro le déanamh as mar go mbeidh stáisiúin dola air - airgead a rachaidh chuig comhlacht príobháideach.
lucht forbartha na ndolabhóithre the toll-road developers
" Más amhlaidh go bhfuil go leor paisinéirí (nó lasta) ann, déanann rianta ciallmhara iarnróid sochar mór don chomhshaol, do luach na dtithe in aice le stáisiún (féach ar an méadú atá tagtha ar luach na dtithe in aice leis an Luas le déanaí), agus, chun an fhírinne a rá, do gach éinne ach amháin lucht forbartha na ndolabhóithre.
dholadhroichead toll bridge
" Cuireadh tairne eile i gcónra Phádraig Uí Fhloinn, an tIaraire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta, nuair a rinneadh iniúchadh ar na socruithe a rinneadh leis an chomhlacht National Toll Roads (NTR), atá i gceannas ar dholadhroichead an M50.
dola toll
" Samhlaímis: dá mbeadh cead ag gluaisteáin hibrideacha gan dola a íoc ar na droichid agus ar na mótarbhealaí, nach spreagfadh sin breis éilimh orthu? Dála an scéil, ní í an tSualainn an t-aon tír amháin atá ag leagan síos cuspóirí fuinnimh ardaidhmeannacha.
an gháir faoi tholl the uproar
" Ardmholadh a thug na léirmheastóirí do “Irish Blood, English Heart” - ní hionann agus an sciúradh a rinne imirceach de Morrissey seacht mbliana roimhe sin, ná an gháir faoi tholl a tharraing cuid de shaothar The Smiths níos sia siar.
le rialtas a chur i dtoll a chéile to form a government
" Fiú dá mbeadh rith an ráis leo, seans go mbeadh an comhaontú idir iad agus FG tuairim agus deich suíochán faoi bhun an mhéid is lú atá de dhíth le rialtas a chur i dtoll a chéile.
tá milliún leathanach curtha i dtoll a chéile ag foireann Stevens the Stevens team has put together a million pages
" Dúirt Stevens ina thríú tuarascáil – tá milliún leathanach curtha i dtoll a chéile ag foireann Stevens ar chás Pat Finucane – go raibh cineálacha éagsúla claonpháirteachais ann.
Chuir mé an t-eolas ar fad i dtoll a chéile I put all the information together
" Chuir mé an t-eolas ar fad i dtoll a chéile mar gheall ar an drochbhail atá ar an bhfoirgneamh faoi láthair agus faoi na costais ar fad a bheadh i gceist dá bhfanfaimis ansin.
chur i dtoll a chéile mounting up
" Is iomaí uair an chloig a chaith cuid againn ag déanamh iontais de agus ag baint taitnimh as a gcumas chun dreas mór scórála á chur i dtoll a chéile acu, seasca, seachtó, céad pointí, á gcur ar chlár an scóir le scil iontach agus géire intinne.
dola a toll
" Ach é sin ráite, bíonn costas ard ar bhreosla, idir 10% agus 20% sa bhreis, ar na mótarbhealaí agus dola le híoc freisin ag an tiománaí.
ag cur crosfhocal i dtoll a chéile putting crosswords together
" Oíche amháin, agus mé ag scimeáil ar an idirlíon, chonaic mé teachtaireacht ó dhuine a bhí ag cur crosfhocal i dtoll a chéile d’fhoghlaimeoirí Gaeilge.
tholladh to drill
" Briseadh na fuinneoga i seomra an tsolais féin in uachtar tí, agus tháinig an méid sin uisce isteach is nárbh fhéidir le foireann an tí solais an doras a oscailt ag bun an túir gan poill a tholladh ann, leis an uisce a scaoileadh amach ar dtús.
táillí tolls
" Is amhlaidh go leagtar táillí arda ar na haistrithe seo, fiú ar na cinn is lú.
chur i dtoll gather
" “Beidh orm mo chuid smaointe a chur i dtoll a chéile go cúramach chun do cheist a fhreagairt,” a dúirt sé.
tollta potholed
chur i dtoll a chéile to bring together
" Teastaíonn uathu na tagairtí uilig don Ghaeilge le dhá chéad bliain anuas a aimsiú agus a chur i dtoll a chéile sa leabhar sin, agus tá tús maith curtha leis an obair cheana féin.
a mboilg tollta a hole in their bellies
" Bhí súil ag Barka le os cionn trí chéad cuairteoirí, trí chéad duine a mbeadh a mboilg tollta leis an ocras, a gcuid lámha ataithe leis an bhfuacht, a n-éadain chomh righin le leathar tar éis chruatan na haimsire.
airgead a chur i dtoll a chéile to gather up the monies
" Tá mé an-bhródúil as sin mar d’fhéadfá a shamhlú a dheacra is a bheadh sé airgead a chur i dtoll a chéile le clár a dhéanamh faoi stair na Gaeilge.
Agus an t-alt seo á chur i dtoll a chéile agam while I pen this article
" Agus an t-alt seo á chur i dtoll a chéile agam níl fágtha ach laethanta beaga roimh thús na gCluichí Oilimpeacha Samhraidh i Londain.
plean sásúil curtha i dtoll a chéile a satisfactory plan put together
" Is ar an Roinn a thitfeadh an cinneadh, mar shampla, ceantar a chaitheamh amach as an Ghaeltacht mura mbeadh plean sásúil curtha i dtoll a chéile ag an phobal ann.
Chuireamar smaointe i dtoll a chéile agus bunaíodh we put our minds together and founded
" Chuireamar smaointe i dtoll a chéile agus bunaíodh ‘An Bród Club’.
mór saothar, beag tairbhe takes its toll and is of little benefit
" Is minic agus is fada Gaeil ag tarraingt ar an Róimh ag déanamh a n-anamacha, mar is léir ón rann seo ó ré luath na Críostaíochta: Dul don Róimh, mór saothar, beag tairbhe; an rí a iarrann tú i bhfus, mur’ dtug tú leat, ní bhfaighir.
chuir sí a tuarascáil i dtoll a chéile she put the report together
" Ní léir arís eile go ndeachaigh sí chun cainte le Roinn na Gaeltachta ná le heagrais Ghaeilge sular chuir sí a tuarascáil i dtoll a chéile.
i dtoll a chéile (putting it) all together
" Saothar Mór Joe Mitchell, an Foclóir Breatnais-Gaeilge ========================= Duine díobh sin, fear dúthrachtach séimh, tá blianta maithe caite aige ag cur an chéad fhoclóir Breatnais-Gaeilge i dtoll a chéile.
an fhianaise atá curtha i dtoll a chéile acu the evidence which they’ve gathered together
" An Rock Bar ===== Ó cháipéisí a d'fhoilsigh an Historical Enquiries Team (HET) a bhailigh údar Lethal Allies, Ann Cadwallader agus foireann ó Ionad Pat Finucane, an fhianaise atá curtha i dtoll a chéile acu le cuidiú na dteaghlach, lucht dlí agus iarphóilíní de chuid an RUC féin.
curtha i dtoll a chéile ag put together by
" Ansin tá an Trad Noise Trio ann - Úna, Martin Dowling agus Ryan Molloy - agus an ceol a dhéanann siad curtha i dtoll a chéile ag an fhorbróir bhogearraí cheoil Eric Lyon.
sásta táille a íoc satisfied to pay a toll
" “Tá na heagraíochtaí sásta táille a íoc leis an údarás gach aon bhliain, ach táimid ag lorg soiléiriú ón rialtas ar an infheistíocht bhreise a bheidh le déanamh”.
An tOll-Mhórshiúl the massive parade
" ”* An tOll-Mhórshiúl i mBaile Átha Cliath =============== Aontaítear go mba é an t-oll-mhórshiúl a eagraíodh i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, 19 Meán Fómhair 1909, buaicphointe an fheachtais phoiblí ar son stádas na Gaeilge san ollscoil nua.
i dtoll gathered up
" Lena chois sin, tá súil aige go mbeidh moltaí an fhreasúra agus na n-eagras Gaeilge i leith Dhréachtstraitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge curtha i dtoll a chéile aige i dtrátha an ama chéanna agus go mbeidh leagan leasuithe den straitéis aontaithe ag an Rialtas.