Pota Focal Intergaelic
tón | on | tan | ten | tin
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ton soiléir clear tone
" Tá scil faoi leith ag baint le ton soiléir a bhaint as an bhfeadóg mhór agus í a líonadh i gceart.
ton álainn a lovely tone
" Tá na píobaí ar fad tiúnáilte go hálainn agus ton álainn uathu freisin.
tonna aoiligh a ton of manure
" Chuala mé ina dhiaidh sin gur ghlac sé le cuid mhór seirbhísí eile saor in aisce – lomadh féir agus bearradh gruaige ina measc; agus chuala mé ráfla, cé nach raibh ann ach ráfla, nár íoc sé pingin as tonna aoiligh a fuair sé cúig bliana déag ó shin.
tallann thar barr tons of talent
" Ba fhimíneach den chéad scoth é, ach bhí tallann thar barr aige mar chraoltóir agus chuireamar suas le gach rud toisc go raibh sé chomh maith sin mar chraoltóir.
múrtha eolais tons of knowledge
" Ba fhoireann iontach iad John is Colm, ag sealaíocht ar a chéile agus na múrtha eolais a bhí acu faoi gach gné d’fhíon á roinnt acu linn.
toin colours
" Chomh maith leis sin, tá tuiscint iontach ag Michael ar an pheirspeicíocht líníoch, ar chodarsnacht línte agus ar na marcanna éagsúla a chuireann toin agus uigeachtaí an cheantair i láthair go feidhmiúil.
lear mór tons, a great lot
" Tá an triúr seo aitheanta go forleathan ina gcáilíochtaí féin – is aisteoir cumasach é Ó Tuairisg agus lear mór oibre déanta aige do TG4; tá gradam Grammy bainte ag Kilduff agus obair déanta aige le U2, na Waterboys agus Clannad agus is ar dhearadh láithreáin stáitse is mó atá aithne ar Dhara Mc Gee agus tá obair déanta aige le déanaí d’An Béal Bocht le Myles na gCopaleen agus do Cré na Cille, le Máirtín Ó Cathain.
lear mór airgid tons of money
"lear mór airgid á íoc amach cheana féin a deirtear, ach dáiríre, ní fios cé méid.
fuíollach eolais tons of information
"fuíollach eolais ar fáil dúinn go léir agus scata leagan ar an eolas sin chomh maith.
na múrtha scairt gutháin tons of phonecalls
" Luadh Misean Oirthear Bhéal Feirste san alt agus tháinig na múrtha scairt gutháin isteach chuig an Misean, daoine ag fiafraí faoi na ranganna.
clóbhuaileadh dalladh airgead páipéir eile tons of more paper money was printed
" Thosaigh an tSeapáin agus clóbhuaileadh dalladh airgead páipéir eile do thíortha eile fosta.
mílte tonna thousands of tons
" ‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.
stór mór oideas a ton of recipes
" Mar sin tá stór mór oideas agam de ghlanmheabhair.
Giuirléidí go barra bachaill tons of gadgets
" Giuirléidí go barra bachaill, tá siad ann agus chaith Roseanne Smith súil ar go leor acu, ach ní fios fós a ndeireadh.