Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
torthúil fertile
" Is deacair a chreidiúint gur mhair an Ghaelainn i gcúinne beag torthúil agus tá an-chreidiúint ag dul do mhuintir na Rinne as ucht an teanga a choimeád ina beatha.
thorthúil fruitful
" Is loch mhór thorthúil í Loch an Iúir agus neart breac, bradán agus breac geal le fáil ag an iascaire.
an-torthúil very fertile/productive
" Is é "Íle Ghlas" a thugtar ar Oileán Íle go traidisiúnta - cionn is go bhfuil sí an-torthúil i gcomparáid le hoileáin eile amach ó chósta thiar na hAlban.
a saol torthúil her productive life
" Léiríonn a saol torthúil go bhfuil ag éirí léi na spriocanna sin a bhaint amach.
In áit talaimh thorthúil instead of fertile land
" In áit talaimh thorthúil in aice leis an bhá, mar a gealladh dóibh, bhí cuid mhaith de na deonuithe talaimh níos faide isteach, i measc foraoiseacha dlútha.
torthúil fruitful
" Cé go raibh saol an-ghairid ag Vincent Van Gogh – chuir sé lámh ina bhás féin sa Fhrainc in 1890 i ndiaidh dó galar intinne bheith air le fada – chaith sé saol torthúil.
thorthúil rich, fruitful
" Ciallaíonn *Florentia*, mar a glaodh air ar dtús, “an té a thagann faoi bhláth”, agus nuair a smaoiníonn tú ar an oidhreacht thorthúil shaibhir ealaíne atá ag an chathair, toradh na gcéadta bliain de shaothar ardealaíontóirí, is oiriúnach i gceart an t-ainm é.
le linn na tréimhse torthúla sin during that productive period
" Chaith an bheirt fhear breis is seasca bliain ag obair le chéile agus le linn na tréimhse torthúla sin d'fhorbair siad stíl bheochana ina raibh cuid mhór cleasaíochta agus grinn.
Ba thréimhse thorthúil é it was a fruitful period
" Ba thréimhse thorthúil é an t-earrach i mbliana don ealaín áitiúil anseo i Learpholl; bronnadh duais mhór ar an phéintéir Derek Culley, agus fuarthas an dea-scéala go mbeidh saothar an dealbhóra Anthony Gormley, Another Place, ag fanacht sa cheantar (féach alt Chiara Nic Gabhann san iris seo an mhí seo caite).
torthúil fertile
" B'as Srath Nabhair, gleann glas torthúil a raibh daonra mór ann, cuid mhaith acu.
torthúil fruitful
" Is é an chiall atá leis an fhocal “Trondheim” nó ‘áit chónaithe na ndaoine torthúla, láidre,’ agus níl amhras ar bith fá dtaobh de – bhí cuma mhillteanach láidir agus torthúil orthu uilig, ach is dócha gurbh é cionn is go bhfuil duine as seisear sa chathair seo ina mhac léinn – mar sin caidé mar a bheadh siad?! Lasmuigh den óige a bheith acu, tá siad ina gcónaí sa tír is saibhre ar domhain, i gceann de na cathracha is gleoite a bhfuil ann.
ba thorthúla richest, most productive
" Ba ghearr mar sin gur ordaigh Morinigo go dtabharfaí cuid den talamh ba thorthúla i gCambacuá dá chomhghleacaithe.
torthúil fertile
" Taispeántar an Veasúiv ina shliabh caoin torthúil i múríomhá a aimsíodh i bPompeii, an baile a raibh i ndán dó a bheith báite ag an sliabh chéanna in AD 79.
thorthúla fruitful
" Má bhí sé de dhánaíocht ag *Spike Milligan* a mhaíomh go raibh lámh aige i dturnamh ceann de na deachtóirí ba mheasa i stair na cruinne ins an leabhar *Adolf Hitler: My Part in his Downfall*, cad tuige nach ndéanfainnse cur síos maíteach ar mo ról san fheachtas leis an dealbh de cheann de na scríbhneoirí Gaeilge ba thorthúla i stair na Gaeilge a chur ar ais ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe? Nó Pádraic Ó Conaire: *My Part in his Upgrade*, más mian leat.
Spéirmhná torthúla well proportioned godivas
" Spéirmhná torthúla péinteáilte go péacach ar na ballaí.
torthúil fruitful
" Ó chósta na Boisnia soir faoin tír, lean an bóthar gleann fairsing, torthúil a raibh oráistí ag fás go slaodach ann, scoth na créafóige fúthu, agus uisce mór ó na sléibhte anuas ag cur duilliúir ghlas ar gach craobh.
gleann mínghlas torthúil the fine green fertile valley
" Taobh ó dheas de, tá gleann mínghlas torthúil Dyfi, ar an leiceann thiar thuaidh baile Bala, agus in alt an tsléibhe ag breathnú soir i dtreo Shasana tá Llanrhaeadr.
thorthúil fertile
" Má fhéachaimid ar scéal na hiomána a imrítear don chuid is mó (a) in Éirinn nó i measc Éireannach lasmuigh den tír agus (b) go fairsing i gceantair áirithe agus go tearc i gceantair eile, de réir teoiric na dtosca aiceanta a tháinig an iománaíocht chun cinn i réigiún ina raibh (i) neart den ábhar cuí, fuinseog, ar fáil (ii) aeráid thais, mheasartha agus ithir dhomhain, thorthúil a chuidigh le fás na fuinseoige agus le fás féir ó cheann ceann na bliana geall leis agus (iii) dálaí aimsire a chuidigh le himirt an chluiche ar feadh formhór na bliana.
agus tréimhse thorthúil caite i mbun traenála having spent a fruitful period training
" Aigne Foirne ===== Ach an mothú sin a bhí ag John Allen roimh an chluiche, is mothú é a bhraith mé féin ó am go ham agus mé i bhfeighil foirne agus tréimhse thorthúil caite i mbun traenála sna laethanta roimh chluiche mór.
na fir ba thorthúla riamh the most prolific men ever
" Ní féidir leis an gcéatadán seo a bheith cruinn, mura raibh na daoránaigh ar na fir ba thorthúla riamh.
seasann sé i lár corrán torthúil an cheantair it’s in the middle of the area’s fertile crescent
" Is cloch spideoige sa Mheánoirthear é an tSiria, ó seasann sé i lár corrán torthúil an cheantair (ina gcónaíonn tromlach an phobail), agus i lár corráin pholaitiúil na Moslamach Siacha, a leanann ón Íaráin san oirthear go dtí an Liobáin san iarthar, ar chósta na Meánmhara.
iontach torthúil wornderfully productive
" An t-oileán féin, Éire, is oileán iontach torthúil é.
torthúla fruitful
" D’aithin Feyenoord a chuid scileanna go luath agus chaith sé cúig bliana torthúla leo (2000 – 2005).