Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tosaíocht priority
" Uí Uiginn tosaíocht don cheist agus gan é siúd is beag seans go mbeadh an stáisiún ann go deo.
tosaíocht priority
"tosaíocht tugtha i gclár tionscnaimh taighde an Acadaimh don Stair, an Léann Ceilteach agus an Béarla agus tá foireann - triúr ollúna, seachtar léachtóirí, agus roinnt oifigeach taighde - i mbun oibre ann cheana féin.
tosaíocht priority
" Má fhéachann muid ar ghluaiseacht na Gaeilge mar aon *dynamic* amháin (agus sin mar ba cheart do chúrsaí a bheith), cad iad na rudaí a bhfuil sé réadúil tosaíocht a thabhairt dóibh sa bhliain 2002? Tá fadhb bhunúsach ag pobail Ghaeltachta agus lucht na Gaeilge i gcoitinne ó bunaíodh an Stát seirbhísí a fháil ó áisínteachtaí i nGaeilge.
tosaíochtaí priorities
" Is léir go bhfuil cúrsaí bunoscionn sa tír seo ó thaobh tosaíochtaí de.
thosaíocht priority
" Ní náisiúnaithe atá á rá seo - tá an bhagairt ag teacht uathu sin atá ag tabhairt seanmóirí dúinn ar thosaíocht a thabhairt don phróiseas daonlathach.
thosaíochtaí priorities
" Tugadh an-léargas an lá cheana ar thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh sna blianta atá amach romhainn.
thosaíocht priority
" Ní éireoidh leis, áfach, mórán a bhaint amach muna socraíonn na heagraíochtaí Gaeilge uilig, mar thosaíocht, go dtabharfar tacaíocht iomlán don oifig sin agus, níos tábhachtaí fós, go n-éileoidh lucht na Gaeilge an tseirbhís atá ag dul dúinn.
thosaíocht priority
" Shílfeá go mbeadh sé mar thosaíocht ag ár rialtais cabhrú le daoine fásta agus lucht gnó ó thaobh spóirt de.
thosaíochtaí priorities
" Ach le himeacht aimsire agus normalú an phróiseis pholaitiúil, léireofar míloighciúlacht an chórais agus, sa chomhthéacs sin, b'fhéidir go mbeadh áit ann do pháirtí a bhfuil leas na haicme oibre mar cheann dá thosaíochtaí.
tosaíochtaí priorities
" Mhaigh Eo ar bharr a liosta tosaíochtaí maidir le soláthar seirbhísí sláinte.
thosaíocht priority
" Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach? Tá a thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar chúinsí a shaoil agus ar a riachtanais phearsanta.
tosaíocht priority
" Is tosaíocht í an cheist seo don choimisiún anois.
tosaíocht priority
" An lucht féachana an tosaíocht atá againn.
thosaíocht priority
" Ba cheart go mbeadh sé mar thosaíocht aici an srian seo a bhaint le go bhféadfaí speisialtóirí ar nós micreabitheolaithe, altraí rialaithe ionfhabhtaithe, eolaithe saotharlainne, ceimiceoirí agus speisialtóirí sláinte poiblí a fhostú.
tosaíocht priority
" “Tá clúdach ar na cluichí Gaelacha ar TG4 ó cheann ceann na bliana,” a dúirt sé, “agus tugtar tosaíocht do chomórtais nach mbeadh chun tosaigh murach TG4.
tosaíochtaí priorities
" Moltaí ======= Bheadh sé dodhéanta triall ar gach rud atá le feiceáil sa chathair ghalánta seo le linn cuairte gairide agus, mar sin, b’fhéidir gurbh fhiú liosta tosaíochtaí a dhéanamh roimh ré – rudaí nach féidir an chathair a fhágáil gan iad a fheiceáil – le pleanáil do chuairte a dhéanamh níos fusa.
tosaíocht priority
" Má tá tosaíocht le bheith ag an iomáint i mBaile Átha Cliath (agus ní léir go bhfuil fós in ainneoin na mbuanna thuasluaite) is gá na hiománaithe is fearr a choinneáil ag iomáint go fiú más gá iad a mhealladh trí shaoire thar lear, bronntanais, scoláireachtaí tríú leibhéal, postanna agus araile.
tosaíocht priority
" Tá sé ceart airgead poiblí a chaitheamh ar spórt in Éirinn ach is gá tosaíocht a thabhairt do pholasaithe spóirt atá fabhrach do dhaoine faoi mhíbhuntáiste.
tosaíochtaí priorities
" De réir an bhéaloidis, bhí ballaí sheanbhaile ársa na Traí tógtha ar bhealach chomh casta sin nach dtiocfadh le naimhde ar bith a rinne a mbealach isteach sa chathair a mbealach a dhéanamh amach arís! Séadchomhartha suimiúil é Julian’s Bowers, agus is suntasach an méid dua (agus airgid) atá á chaitheamh air, ainneoin nach bhfuil an láithreán féin go hard ar liosta tosaíochtaí English Heritage.
mar thosaíocht as a priority
" Tá sé mar thosaíocht aige anois, áfach, dul i mbun gnímh chun gníomhaíochtaí Aer Lingus i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh a chosaint.
ár dtosaíochtaí our priorities
" Caithfimid ár dtosaíochtaí maidir le cúrsaí oideachais a chur ina gceart.
san ord tosaíochta in the order of priority
" Tá an Roinn Talmhaíochta imeallaithe i dtreo na gcliathán mar aireacht san ord tosaíochta le blianta beag anuas.
tosaíochtaí nuachta na hardchathrach news priorities of the capital
" Locht atá ar go leor de na meáin Ghaeilge ná go mbíonn siad ró-Ghaillimheach ina gcur chuige agus go meastar nach gá ach tosaíochtaí nuachta na hardchathrach a bhogadh siar leis an tsúil eile a aimsiú.
tosaíochtaí eile other priorities
" Ach is dócha go bhfuil tosaíochtaí eile acu sa saol seachas Rolex.
tosaíocht áite primacy
" Aonaracht agus coimhthíos a thiocfas as sa saol atá anois ann, saol a thugann ómós thar meon don íomhá phearsanta agus a thugann tosaíocht áite don ábharachas.
thosaíochtaí priorities
" Is cinnte go bhfuil an moladh deireadh iomlán a chur leis an Roinn ar a raibh príomhfhreagracht don teanga, agus díbirt an Aire ó bhord an Rialtais ina chomhartha soiléir ar threo na smaointeoireachta agus ar thosaíochtaí údair na tuarascála i leith na Gaeilge.
tosaíocht priority
" Is féidir go dtabharfaidh siadsan tosaíocht don ríomhleabhar thar an ghnáthleabhar.
ina thosaíocht as a priority
" Cén fáth mar sin gurbh ábhar iontais go bhfuil siúlóidí Oráisteacha ina thosaíocht ag an DUP i mbliain seo an drochshaoil 2009?
thosaíocht a priority
" BD: An bhfuil cuairt ríoga ó Bhanríon Shasana mar thosaíocht ag d’Oifig? Uachtarán na hÉireann: Is í an tosaíocht is mó atá agam ná forbairt agus daingniú a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach againn i bpróiseas na síochána ó thuaidh, neartú na nasc agus na ngréasán trasteorainn, agus cothú na gaolmhaireachta measúla atá ann idir Éirinn agus an Bhreatain.
tosaíocht precedence
" Ar ndóigh ní *YouTube* amháin a chruthaigh nó a bhuanaigh an fhadhb ach leis an tosaíocht a thugann *Google* do fhíseáin i dtorthaí cuardacha.
tosaíocht precedence
" Rialaigh an chúirt go bhféadfadh dlí stáit cosc a chur ar ghinmhilleadh tar éis don suth a bheith inmharthana, ach roimhe sin go mbíonn tosaíocht ag cearta príobháideachta na mná.
thosaíocht priority
" Ar ndóigh, ní cúrsaí airgid atá mar thosaíocht cuid mhór tuismitheoirí agus iad ag beartú an t-oideachas is fearr a sholáthar dá gclann.
tosaíocht primacy
" Idir chamáin bhí an cheist ar cé acu ag a raibh an tosaíocht, dlí na hImpire nó dlí na hEaglaise? Cén ceannaire, ag an Phápa nó ag an Rí, a bhí sé na ceapacháin mhóra a dhéanamh, ach tarraingíodh an aontumhacht isteach sa scéal gan mhoill.
mar thosaíocht as a priority
" Leis an bhfírinne a dhéanamh, is deacair a shamhlú go mbeadh páirtí sa chéad rialtas eile a mbeadh a leithéid de bhille chomh mór mar thosaíocht acu.
tosaíocht precedence
" Tabharfar tosaíocht don tSúilleabhánach, áfach, mar gheall ar an tréimhse fhada atá caite aici sa Dáil agus ar an tuiscint atá aici ar fhadhbanna sóisialta na tíre.
ina thosaíocht a priority
" Leoga, is léir nach mbeidh an tuaisceart ina thosaíocht ag an rialtas úr ó dheas - tá tograí ar fiú £400,000 geallta ag ancien regime Fhianna Fáil ach ní fios an dtabharfaidh rialtas Kenny an gealltanas céanna, cnámh eile spairne a bhfaighidh Sinn Féin greim uirthi.
tosaíochtaí priorities
" Má roghnófar é, deir sé go pléifidh sé le cuid de na hábhair atá faoi chaibidil san agallamh seo ach cad é na tosaíochtaí a bheadh aige? “B'fhéidir an tsaoránacht a dheimhniú, is é sin an bhéim a leagan ar an tsaorántacht.
tosaíochtaí a mheas to estimate (their) priorities
" San am atá le theacht beidh ar gach tír a cuid tosaíochtaí a mheas, a cuid luachanna a mheabhrú, agus cinnidh deacra a thabhairt dá dheasca seo.
tosaíocht do choir mar seo priority to a crime like this
" Ár ndóigh, tá sé in aghaidh an dlí a leithéid a dhéanamh: racially motivated hate crime a thugtar air agus de réir na bpóilíní tugann siad tosaíocht do choir mar seo.
tosaíocht priority
" Níor thug Mazars tosaíocht d'aon cheann de na roghanna a leagadh amach ach bheartaigh bord an Fhorais glacadh leis an mholadh gur ar bhonn tionscadail a mhaoineofaí na heagrais feasta.
a gcuid tosaíochtaí a aithint to recognize their priorities
" Tugann na scéimeanna deis do na heagrais a gcuid tosaíochtaí a aithint agus cinntíonn siad go mbeidh fáil ag lucht labhartha na Gaeilge ar sheirbhísí áirithe trí mheán na teanga.
Ní ba laghad ina measc an tosaíocht not least among all of that is the precedence
" Ní ba laghad ina measc an tosaíocht a thugann Google do fhíseáin i dtorthaí a gcuid leathanach cuardaigh.
tosaíocht ag an ngrá atá ag duine amháin acu the love of one of them is ahead
" Má deir beirt chara leat go bhfuilid i ngrá, abraimis, an féidir leatsa an grá s’acu a thomhas nó a luacháil go cruinn eolaíoch d’fhonn grá na beirte a chur i gcomórtas lena chéile? An bhfuil aon chóras sásúil ann a léireoidh go bhfuil tosaíocht ag an ngrá atá ag duine amháin acu ar an ngrá atá ag an duine eile? Níl.
tosaíochta priorities
" Ba chóir go dtuigfeadh an gnáthdhuine cuid mhaith de smaointe na heite clé, agus ba chóir go n-aontódh cuid mhaith den phobal leis na tosaíochta atá ag páirtithe na heite clé.
tosaíocht a thabhairt feasta to give preference in future
" Ní bheidh Gaelcholáistí ábalta, mar shampla, tosaíocht a thabhairt feasta ins an chóras iontrála do dhaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna friothálacha lán-Ghaeilge.
mbeidh tearmann ar fáil faoin seancharbhat scoile the old school tie shall provide a comfort zone Níl tosaíocht tuillte ag a leithéid such people don’t deserve a precedence
" Ní gá gur drochrud é sin mar gur iomaí iardhalta a bhaineann mí-úsáid as an bhuntáiste seo agus nach gcuireann a gcuid páistí go bunscoil lán-Ghaelach siocair fios maith a bheith acu go mbeidh tearmann ar fáil faoin seancharbhat scoile.
tosaíochtaí, dúshláin is deiseanna priorities, challengers and opportunities
" Is é atá i gceist leis an FDIF ná go dtagann lucht déanta beartas ó gach cearn den domhan le chéile uair sa bhliain chun tosaíochtaí, dúshláin is deiseanna i réimse na himirce is na forbartha a aithint is a phlé le chéile agus le páirtithe leasmhara.
tosaíocht cearta polaitíochta ar chearta geilleagair the primacy of political rights over economic rights
" Dúirt an Dr Moyo go raibh an t-iarthar faoi dhraíocht ag trí ghné - an daonlathas liobrálach, an caipitleachas aonair agus tosaíocht cearta polaitíochta ar chearta geilleagair.
nach ionann tosaíochtaí bhaill an CLG the priorities of GAA members is not the same thing
" Cad a cheapaimse? Is dóigh liom go gcaithfidh bainistíocht an CLG a bheith fíorchúramach agus gan dearmad a dhéanamh nach ionann tosaíochtaí bhaill an CLG agus tosaíochtaí *Sky TV*, gnólacht mór, millteach nach iad an spórt ná cluichí na nGael is cás dóibh ach brabach.
thosaíocht priority
" Ba cheart go mbeadh sé seo mar thosaíocht ag an Rialtas.