Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
céim chun tosaigh one step ahead
" Bíonn a fhios ag lucht gnó go dtarlóidh an patrún seo; an cleas ná do straitéis a athrú sula n-athraíonn na hiomaitheoirí í, agus a bheith céim chun tosaigh i gcónaí.
i dtosach báire at the beginning
" "Theastaigh ó mo dhaid bogadh thar n-ais agus sa deireadh bhí mo mháthair sásta bogadh - cé nach raibh sí róshásta i dtosach báire.
céim chun tosaigh ar a step ahead of
" Beidh orthu a bheith céim chun tosaigh ar *wits* Bhaile Átha Cliath atá ar a ndícheall cheana féin ag cumadh leasainmneacha don Spíce, leithéidí "The Stiletto in the Ghetto" agus "The Needle at the Cathedral"! *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
an dóigh chun tosaigh the way forward
" Tá mé ag déanamh an dóigh chun tosaigh ná iad a mhealladh chomh maith is a thig linn.
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois but we've taken a step forward now
" Tá staid na tíre ag cur ráiteas ciniciúil i gcuimhne dom: "Bhíomar ar bhruach aille inné, ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois.
tosach forward
" Má théimid timpeall na gCúigí agus tosú le Cúige Uladh, is cóir a rá i dtosach go bhfuil an-chreidiúint ag dul do mhuintir Aontroma as ucht caighdeán na hiomána a choinneáil ard i gCúige Uladh bliain i ndiaidh bliana.
línte tosaigh front lines
" Tá rudaí go holc ar na línte tosaigh sa chogadh, agus níl cuma ródheas ar chúrsaí sa bhaile go dtí seo ach oiread.
cos tosaigh front leg
" " "Arbh fhearr leat cos deiridh nó cos tosaigh nó an nglacfá le cos deas eile, cos muice nó cos asail, a chrochadóir, sa gcás go gcasfaí cos bhreise inár mbealach as seo go ceann cúpla lá.
Nuair a fógraíodh an tionscadal seo i dtosach when this project was first announced
" Nuair a fógraíodh an tionscadal seo i dtosach roinnt blianta ó shin dúradh nach dtógfaí an túr choíche agus go raibh na daoine a bhí ina bhun as a meabhair.
rúid chun tosaigh dash/sprint forward
" Ach sin ráite thug an carr gorm rúid chun tosaigh agus ann ach gurbh éigean d'Ivan an bealach a fhágáil lena ligean thart.
céim amháin chun tosaigh one step ahead
" Ní raibh mise ach céim amháin chun tosaigh ar na daltaí eile.
aon chúilín chun tosaigh one point ahead
" Ghlacadar le gach ar chaith Corcaigh ina dtreo maidir le scil, croí agus paisean agus, in ainneoin go ndeachaigh na Corcaígh aon chúilín chun tosaigh, choinnigh báireoirí chois Feoire guaim orthu féin agus d'aimsíodar cúl cinniúnach in éadan threo na himeartha chun forlámhas a fháil in athuair ar a gcéile comhraic.
tosach bow
" " Bád farantóireachta beag bídeach a bhí ann, agus cuma tráidire méisíne deannaigh ar an tosach agus é ag tumadh san uisce.
céim dhearfach chun tosaigh a positive step forward
" Is céim dhearfach chun tosaigh don Ghaeilge é go bhfuil ionadaithe tagtha le chéile ó réimse leathan eagraíochtaí agus go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil don fheachtas chomh maith ag go leor daoine aonair.
chuir sé chun tosaigh he proposed
" Agus nuair a bhí deireadh dúile bainte dó, is léir gur bhuail tallann inteacht é agus chuir sé chun tosaigh béile Síneach uirthi don Aoine seo.
i dtosach first
" D'inis fear amháin dúinn go raibh sé aon bhliain deag d'aois, agus é ag fás aníos i gCo Longfoirt, nuair a tugadh go Leitir Fraic i dtosach é.
chun tosaigh air in front of him
" Bhí sé ag meabhrú fá Isibéal a bhí ina suí ceithre shuíochán chun tosaigh air.
chun tosaigh forward
" " Má ghlactar leis go forleathan anois, níorbh amhlaidh nuair a chéadmhol Whitaker gurb é sin an t-aon bhealach chun tosaigh.
Céim mhór chun tosaigh a big step forward
" Céim mhór chun tosaigh a bhí sa cháin 15 cent ar mhálaí plaisteacha, mar shampla.
á brú chun tosaigh pushing her forward
" Ar ndóigh, d'fhéadfadh Rodgers fanacht sa bhaile agus gan baint a bheith aici leis an pholaitíocht níos mó ach bhí rud éigin á brú chun tosaigh.
ar an tosach on the front
" An lá sin, bhí mé ag caitheamh T-léine a rinneadh sa Spidéal i gContae na Gaillimhe, agus seandán Gaeilge scríofa ar an tosach.
i dtosach báire at first
" An rud a rinne siad i dtosach báire ná acetate a dhéanamh, mar sin rinneadh taifeadadh aon-uaire más maith leat.
chun tosaigh ar ahead of
" Gan amhras, bhí siad go mór chun tosaigh ar na stáisiúin raidió eile san Eoraip.
tosach forward
" D'fhéadfadh leath-thaca láir, cuir i gcás, an chalaois chéanna (mar shampla tosach ag dul tríd chun cúl a scóráil a tharraingt síos ar mhaithe le cúl a stopadh) gach Domhnach agus dálach i rith na bliana agus gan pionós ar bith a fhulaingt dá bharr.
ar an leathanach tosaigh on the front page
" I am a Muslim and I condemn his killers," *tuairim a bhí ar an leathanach tosaigh den nuachtán sin ar an 10 Deireadh Fómhair.
bíonn gach tosach lag every beginning is weak
" Ní teanga shimplí í an Ghaeilge agus bíonn gach tosach lag.
i dtosach at first
" AÓF: An mbíonn tionchar ag an té a thugann an t-amhrán duit ar an gcaoi a gcasann tú é? ÁNíD: Bíonn i dtosach.
Nach minic an cúrsa tosaigh níos fearr ná an príomhbhéile! Isn't the starter often better than the main course!
" ” “Nach minic an cúrsa tosaigh níos fearr ná an príomhbhéile!” a d’fhreagair Aindí.
slua tosaigh advance party
" "* Is mar gheall ar thréithe mar seo, b’fhéidir, a roghnaíodh iad don chúram deacair sin –bheith ina slua tosaigh le Trá Juno a dhaingniú ar *D-Day *don 3ú Rannán ó Cheanada.
frontaí tosaigh front lines
" Bhíodh uirthi dul go dtí na frontaí tosaigh ar héileacaptar agus daoine nua a thabhairt isteach agus na daoine a bhí ansin cheana a thabhairt amach, agus a leithéidí sin.
a bhíodh chun tosaigh sa chantaireacht who used to lead the singing
" Is eaglais Phreispitéireach í Eaglais na hAlban, mar sin níl altóir ann, ach tá puilpid mhaorga ann don mhinistir, agus deasc le fáil faoi don réamhchantóir, a bhíodh chun tosaigh sa chantaireacht.
Thosaigh Aindí ar a liodán féin. Aindí started his own speel
" “A Aindí,” arsa Sadhbh “Cén saol?” Thosaigh Aindí ar a liodán féin.
chun tosaigh forward
" An caitheamh aimsire í an teanga sa tír seo nó cuid den ghluaiseacht teanga dhomhanda? Céim eile chun tosaigh ba chóir dúinn a thógáil más féidir é, i mo thuairimse, ná ranganna a chur ar fáil sna hollscoileanna do na fochéimithe sa Léann Éireannach/Ceilteach, rud nach bhfuil ar fáil ar chor ar bith san Astráil faoi láthair.
tháinig daoine chun tosaigh people came forward
" De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
tháinig daoine chun tosaigh people came forward
" De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
go mór chun tosaigh way ahead
" Seo a leanas mórshonraí an chomórtais roimh 2006: An Bhrasaíl: buaiteoirí i 1958, 1962, 1970, 1994, 2002; neasóirí i 1950 agus 1998; an tríú háit i 1938 agus 1978 An Iodáil: buaiteoirí i 1934, 1938 agus 1982; neasóirí i 1970 agus 1994; an 3ú háit i 1990 An Ghearmáin: buaiteoirí i 1954, 1974 agus 1990; neasóirí i 1966, 1982, 1986, 2002; an 3ú háit i 1934 agus 1970 Uragua: buaiteoirí i 1930 agus 1950 An Airgintín: buaiteoirí i 1978 agus 1986; neasóirí i 1930 agus 1990 Sasana: buaiteoirí i 1966 An Fhrainc: buaiteoirí i 1998 Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil grúpa beag tíortha (an Bhrasaíl, an Iodáil, an Ghearmáin agus an Airgintín) go mór chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan.
thosaigh siad á bhfás they started growing them
" Thug siad leo a gcuid bia agus mura raibh na glasraí nó pé rud eile a bhí uathu le fáil anseo, thosaigh siad á bhfás.
chun tosaigh to the fore
" Bhí mé ar an pharáid Lá Fhéile Pádraig i Learpholl i mbliana nuair a bhí an JLRFB chun tosaigh, agus mar is ghnáth, bhí drochaoibh ar na póilíní.
chun tosaigh to the fore
" Rinneadh cuimhneachán ar an tubaiste i Márta 1995 nuair a chuaigh grúpa daoine, agus an sagart paróiste chun tosaigh, suas Cró na Rad ó na Cealla Beaga agus dúradh paidreacha ar an suíomh.
i dtosach first
" Agus má tá an oiread sin tábhachta ag baint le himeascadh, mar atá á rá ag an rialtas faoi láthair, nár chóir go mbainfeadh sé sin freisin leis na daoine a thug Béarla anseo i dtosach agus a sliocht agus go gcloífí leis na teangacha a bhí anseo roimhe sin? Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney.
chun tosaigh ón tús ahead from the beginning
" Bhuaigh siad gach gné den chomórtas agus bhíodar chun tosaigh ón tús.
céim mhór chun tosaigh a big step forward
" Measann Ó Ciardha gur céim mhór chun tosaigh é seo.
níos faide chun tosaigh further ahead
" Níor mhór dóibh amharc níos faide chun tosaigh ná an chéad olltoghchán eile.
fadhbanna tosaigh, teething problems,
" Níl siad gan fadhbanna tosaigh, agus is minic nach mbíonn caighdeán na seirbhíse custaiméara atá ag Iarnród Éireann thar mholadh beirte, ach caithfidh muid a bheith ag súil go dtiocfaidh feabhas air seo amach anseo.
sna babhtaí tosaigh. in the opening rounds.
" Bhain Uíbh Fhailí buntáiste as i 1998 mar atá ráite agam agus bhain Cill Chainnigh agus Corcaigh leas as ó shin chun Craobh na hÉireann a bhuachan tar éis dóibh a bheith buailte sna babhtaí tosaigh.
thosaigh na teangacha dúchasacha ag síothlú, the native languages started melting away,
" Cé gur tharla sé míle bliain níos moille, thosaigh na teangacha dúchasacha ag síothlú, arís mar gheall ar ruathar sotalach agus brúidiúil an Bhéarla.
chun tosaigh in the lead
" Bhí gach duine acu chun tosaigh ag am éigin le linn na bpoll deireanach sin.
i dtosach mar dhán firstly as a poem
" De ghnáth, baintear úsáid as an gcéad cheann, a chum duine as contae Mhuineacháin i dtosach mar dhán sa bhliain 1876.
céim nó dhó chun tosaigh ar náibhíocht. one or two steps ahead of navying.
" Murar den chéim chéanna iad le sagairt agus dochtúirí, bhí an obair céim nó dhó chun tosaigh ar náibhíocht.
Thosaigh sé a fhoilsiú a chuid scríbhneoireachta he started publishing his writings
" Thosaigh sé a fhoilsiú a chuid scríbhneoireachta fosta.
Céim mhór chun tosaigh a big step forward
" Céim mhór chun tosaigh é dom.
i bhfad chun tosaigh way ahead
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, agus ó thaobh lucht leanúna de, caithfear a rá go bhfuil muintir Melbourne i bhfad chun tosaigh ar áit ar bith eile sa tír.
a chur chun tosaigh to promote
" Ba chás le Riobard an tsiamsaíocht ach go háirithe agus bhí baint mhór aige le hAmhaclann an Damer, Cabaret Gael Linn, Amharc Éireann agus leis na scannáin *Mise Éire *agus* Saoirse?* Ag labhairt dó ar bhás Riobaird, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin: San iliomad slite nuálacha d’éirigh le Riobard Mac Góráin an Ghaeilge a chur chun tosaigh i saol cultúrtha na hÉireann.
cúpla sraith suíochán chun tosaigh orm. a few rows of seats ahead of me.
" Ní raibh ach beirt eile i láthair, cúpla sraith suíochán chun tosaigh orm.
Ansin thosaigh iomaíocht eatarthu. Then they became competitive with one another.
" Ansin thosaigh iomaíocht eatarthu.
thosaigh sé ag déanamh ionsaithe he starting attacking
" Tar éis dó sonóg na foirne eile, ar a dtugtar The Houston Cougar, a leagan chun talaimh, chrom sé thairis agus thosaigh sé ag déanamh ionsaithe ar an Cougar a raibh cuma ionsaithe gnéis air! Tuigfidh tú, mar sin, gurbh údar díomá é don ollscoil agus do Disney Donald Duck a fheiceáil ar an teilifís náisiúnta ag tabhairt faoi Chúgairín Houston.
ba sna hollscoileanna a thosaigh an pheil Mheiriceánach. in was in the universities that American Football began.
" **Stair na peile Meiriceánaí** Go deimhin, ba sna hollscoileanna a thosaigh an pheil Mheiriceánach.
gluaiseacht deich slat chun tosaigh, to move 10 yards forward,
" Is dócha gurbh iad na rudaí nua ba shuntasaí ná an *down*, ceann de cheithre iarracht ag an bhfoireann ionsaitheach gluaiseacht deich slat chun tosaigh, agus an líne clíbirte a thrasnú.
seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid. devices to move forward with the ball.
" Cluiche reatha ab ea an pheil seo, mar sin, seachas an cluiche caite atá ann anois, agus mar gheall air seo, chruthaigh na foirne seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid.
Thosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra. The season began this year with two blows for the big universities.
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
leathanach tosaigh gach nuachtáin the front page of every newspaper
" Dé Domhnaigh an 2 Meán Fómhair, ba é an scéal ar leathanach tosaigh gach nuachtáin sna Stáit ná gur éirigh leis na Daithithe beaga seo na Góiliataí móra a leagan.
i dtosach at first
" Thug baill den chomh-aireacht le fios i dtosach nach raibh i gceist ach tréimhse chneastachta, mar a tharlaíonn go minic agus ceannaire nua díreach ceaptha ag páirtí polaitíochta.
chun tosaigh orthu. ahead of them.
" Is iad an dara agus an tríú grúdaire is mó faoi seach i Meiriceá - níl ach Budweiser, “rí na mbeoracha” féin, chun tosaigh orthu.
leath-thosach láir. centre-half forward.
" Thóg sé an méid sin blianta orm an áit cheart a aimsiú dom féin ar an bpáirc, agus táim sona sásta anois mar leath-thosach láir.
thosaigh a thorthaí ag dul in olcas dá bharr. His results started to slide as a result.
" Chuaigh bás a athar i bhfeidhm air “go leibhéal tubaisteach” agus é ar scoil, agus thosaigh a thorthaí ag dul in olcas dá bharr.
i dtosach, at first
" “Nuair a tháinig mé go hÉirinn i dtosach, bhí uaigneas orm.
thosaigh a hathair her father started
" Agus Barbara ocht mbliana d’aois, thosaigh a hathair ag déanamh ionsaithe gnéis uirthi, agus ní ba dhéanaí, rinne sé í a éigniú.
Céimeanna móra chun tosaigh big steps forward
" Céimeanna móra chun tosaigh ar son chearta na mban atá i gceist le Julia Gillard a bheith ceaptha ina leasphríomh-aire agus líon na mban sa chomh-aireacht nua a bheith dulta i méadaíocht.
chun tosaigh. to the fore, to light
" I dtreo dheireadh na bliana a tháinig scéalta uafáis faoin chóicín chun tosaigh.
chun tosaigh forward
" Mí thábhachtach i bhfeachtas na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe is ea an mhí seo mar go bhfaighidh muid leideanna i dtaobh na ndaoine a chuirfidh na páirtithe polaitíochta chun tosaigh mar iarrthóirí toghchánaíochta.
toghcháin tosaigh, primary elections
" Sna toghcháin tosaigh, a gcuirfear tús leo i rith na míosa seo, roghnóidh baill na bpáirtithe sna stáit éagsúla a n-iarrthóirí uachtaránachta.
chun é féin a chur chun tosaigh to promote himself
" I gcaolthoghcháin, mar an ceann seo, má bhuann iarrthóir imeallach an vóta, is féidir leis an fuinneamh sin a úsáid chun é féin a chur chun tosaigh mar iarrthóir réalaíoch i stáit eile.
I dtosach báire, first of all
" I dtosach báire, tá caighdeán an-ard i gceist sna comórtais seo anois, agus lena chois seo tá líon na ndaoine atá ag glacadh páirte iontu ag méadú de shíor.
a bhí chun tosaigh which were at the front
" Dúirt sí leis an slua a bhí i láthair nach mbeadh sí sásta leanúint ar aghaidh lena cuid seanma mura dtabharfaí cead dá tuismitheoirí teacht ar ais go dtí a gcéad rogha suíochán – a bhí chun tosaigh – i ndiaidh gur tugadh a suíocháin do dhaoine geala.
sa seomra tosaigh, in the front room
" Tráth den saol bhíodh pianó sa seomra tosaigh, áit a mbíodh gnáthdhaoine ag canadh go neamhfhoirmiúil lena chéile.
céim mhór chun tosaigh a big step forward
" Is céim mhór chun tosaigh sa phróiseas athmhuintearais é leithscéal oifigiúil a bheith gafa ag Kevin Rudd le Bundúchasaigh na tíre as ucht ar tharla dóibh.
Shíl siad go raibh lúb ar lár ionam i dtosach. They thought I was nuts at first
" Shíl siad go raibh lúb ar lár ionam i dtosach.
nuair a thosaigh na líomhaintí ag teacht chun cinn. when the allegations started to come out
" Ní mó ná sásta a bhí mé nuair a thosaigh na líomhaintí ag teacht chun cinn.
sular thosaigh tréimhse an Tíogair Cheiltigh. before the period of the Celtic Tiger started
" Ach bhí mise sa tír seo sna blianta deireanacha sin sular thosaigh tréimhse an Tíogair Cheiltigh.
trí fhógra thosach feidhme three commencement orders
"trí fhógra thosach feidhme faighte ag an Chomhairle Chontae as an 14 eastát nach bhfuil aon socrú déanta acu.
i dtosach at first
" " ÍospartaighMíníonn sé go dtéann na caimiléirí i mbun a gcamscéime i dtosach nuair thugann íospartach freagra ar litir amháin.
i dtoghcháin tosaigh an Pháirtí Phoblachtaigh. in the Republican's Party's primaries.
" Chuir sé iontas ar go leor daoine le déanaí go raibh éirithe leis an Mormannach Mitt Romney a bheith sa dara háit i dtoghcháin tosaigh an Pháirtí Phoblachtaigh.
ag seinm ceoil leis sna blianta tosaigh playing music with him in the first years
" “Ní raibh mé ag seinm ceoil leis sna blianta tosaigh ach bhí aithne agam air agus bhí mé ar an eolas faoi.
Bheadh rud ar bith a déarfainn ar na leathanaigh tosaigh, anything I would have said would have been on the front pages
" Bheadh rud ar bith a déarfainn ar na leathanaigh tosaigh, mar sin choinnigh mé mo bhéal dúnta agus mo chloigeann cromtha.
na toghcháin dheireanacha tosaigh the last primary elections
" Beidh na toghcháin dheireanacha tosaigh ar siúl ar an 3 Meitheamh, agus ní bheidh fágtha ina ndiaidh ach coinbhinsiún na bpáirtithe.
céim chun tosaigh a step forward
" Cé go bhfuil an bille easnamhach, táthar ag maíomh gur céim chun tosaigh atá ann.
chun tosaigh ar an stáitse to the front of the stage
" Agus Rossa chun tosaigh ar an stáitse – a fheadóg ina lámh aige, é réidh lena mhéara a dhíriú ar “Her Royal Waggeldy Toes” – chonaic mé duine de na cailíní ón mbanna scoile sa slua.
chun tosaigh ahead
" Tá Google chun tosaigh ón taobh seo de freisin: cuireann siad ríomhchlár beag ar fáil a chabhraíonn leat teacht ar sheirbhísí atá in aice leat.
rud beag chun tosaigh orm féin a little bit ahead of myself
" Rogha cairrCeart go leor, tá mé rud beag chun tosaigh orm féin.
céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh radical and revoluntionary step forward
" " Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach ó bunaíodh an stáisiún? “Ghlac Raidió na Life céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.
chun tosaigh. to the front
" Bhí banna ceoil ag seinm ag é ag dul timpeall – dáréag ceoltóirí, iad uilig ard san aer ar chliabháin mhóra ag bogadh ar aghaidh chun tosaigh.
I dtosach báire first and formost
" I dtosach báire, is é an gearán is mó atá ag na biogóidí seo ná go bhfuil i bhfad barraíocht daoine i gcarranna ar na bóithre sa chéad áit.
chun tosaigh ahead of
" Níl aon chathair ar leith chun tosaigh orthu go léir, deir sí.
Le tosach a bhaint de in order to forestall
" Le tosach a bhaint de na hionsaithe ón dream ciontach, tugann sé cur síos sa chaibidil, “An Frith-Sheimiteachas Nua,” ar an imeaglú a dhéanann grúpaí ar nós an Anti-Defamation League (ADL) ar dhaoine, idir Ghiúdach agus Ghintlí, a thagann salach ar na Síónaigh.
Thosaigh started
" Thosaigh muid ag siúl suas ar an tseanchosán ag an tsráidbhaile Hayfield, Derbyshire, ag bun Kinder Scout.
chun tosaigh leading
" Ní raibh ach dhá chúilín idir na foirne, Cill Chainnigh chun tosaigh ar éigean.
I dtosach firstly
" I dtosach, níl an bonneagar polaitiúil atá againn in Éirinn oiriúnach don aonú haois is fiche.
leathanach tosaigh front page
" ” Ar athraigh an scéal a dhath ó shin? An fíor don scéal a bhí ar leathanach tosaigh an Sunday World a mhaíonn gur ghríosaigh ball nó baill an PSNI an t-ionsaí frí theachtaireacht téacs a chur chuig duine de na dílseoirí a dúirt: “*The tricolours are still up in the town- are yis real men or what?*” Agus cad é fá na polaiteoirí? “Iompar frithshóisialta” a thug aontachtaithe ar an eachtra nó cuireadh an locht ar lucht curtha na mbrat in airde.
i dtosach báire initials
" Scéalta a mháthar, Charolette, faoi na tórraimh i mBaile Shligigh le linn a hóige sise sa bhliain 1832 a spreag é chun pinn i dtreo Drácula i dtosach báire.
thosaigh started
" Sna hochtóidí, gan choinne, thosaigh na sluaite mór-rón á gcaitheamh féin aníos ar na lamairní ag déanamh bolg-le-gréin, agus ó shin i leith tá na sluaite turasóirí tagtha ina ndiaidh chun breathnú orthu.