Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go dtig cearr beag ar an bhuachaill that the boy becomes a bit touched
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
go dtig cearr beag ar an bhuachaill that the boy becomes a bit touched
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
ag cur bailchríche ar putting the finishing touches to
" Bhí Susan ag cur bailchríche ar a saothar nuair a bhuail mé léi agus, thar cupán tae, thug sí píosa beag dá cúlra féin domh chomh maith le heolas ar stair na stiúideonna.
barr slaicht finishing touches
" Ní fada go mbeidh barr slaicht dá chur ar an bhfoirgneamh breá seo a thabharfaidh ciúnas agus tearmann do dhaoine atá ag teannadh amach sna blianta.
an dlaoi mhullaigh to put the finishing touches
" "Sé amhrán de mo chuidse," a deir sé, "agus bheadh gach duine ag caoineadh!" D'fhoilsigh Colm cnuasach gearrscéalta, *Turasóireacht*, i 1995 agus ba mhaith leis an dlaoi mhullaigh a chur leis na scéalta atá á scríobh aige le tamall de bhlianta anois don chéad chnuasach eile.
bhailchríoch finishing touch
" Tá an chomhdháil á comóradh chun an bhailchríoch a chur ar an gCoinbhinsiún a bhí i mbun oibre le bliain go leith.
a bhfuil cearr beag air who is a little touched
" Tá mé dubhthinn duit, idir a bheith ag priollaireacht thart agus ag geabaireacht bomaite amháin, agus an chéad rud eile tá tú i do shuí suas áit inteacht agus aoibh an gháire ort mar a bheadh dundarlán ann a bhfuil cearr beag air.
a chorraíonn an croí touching, which moves the heart
" " I réamhrá a chorraíonn an croí, scríobhann bean chéile McEneaney na focail a mhothóidh go leor de léitheoirí an leabhair: *"Although published posthumously, this book of poetry brings to reality one of the dreams (Eamon) had - to publish his poems so that they could be shared with others, and be a frame of reflection.
corraitheach touching
" Tá scéal daonna corraitheach taobh thiar de na bairéid chéanna.
gur bheag nach raibh siad ag bualadh an smigid aige that they almost touched his chin
" Shuigh Rufus ar an tolg agus bhí an tolg chomh híseal sin agus cuid cos Rufus chomh fada sin gur bheag nach raibh siad ag bualadh an smigid aige.
tochtmhara touching
" Tá an taispeántas roinnte i dtréimhsí deich mbliana, ag tosú sna 1950í nuair a thóg Henri Cartier Bresson íomhánna tochtmhara de pháistí gioblacha ag súgradh taobh amuigh de thionóntán i mBaile Átha Cliath.
an dlaoi mhullaigh a chur ar chonradh to put the finishing touches to an contract
" Agus ainneoin na himní atá léirithe ag an Roinn Oideachais ina scéim teanga, tá an rialtas ar tí an dlaoi mhullaigh a chur ar chonradh, ar fiú €300m é, le foirgnimh a thógáil dá bhfoireann díláraithe.
gur theagmhaigh sí le dlúthdhiosca until it touched a CD
" Casfaidh muid ceann, a dúirt sé, ach cén ceann? Dhún sé a shúile, chas timpeall cúpla uair, trí, ceithre, cúig huaire, timpeall níos sciobtha, sé, seacht, thosaigh ag titim, d’ardaigh gach aon lámh agus rinne iarracht greim a fháil ar an aer, dhírigh é féin, chuir cos go místuama amach ar leataobh, ar ais arís, cos eile chun tosaigh, shiúil sé agus lámh amach roimhe san aer, ghluais go mall le corrmhéar sínte gur theagmhaigh sí le dlúthdhiosca—d’oscail sé a shúile.
níor leagas lámh uirthi ó shin. I haven't touched her since.
" Chuireas an chláirnéid ar ais ina bosca an oíche úd agus níor leagas lámh uirthi ó shin.
as tiúin lena chéile out of touch with each other
" Tá an dá uirlis go hiomlán as tiúin lena chéile ach ar bhealach diamhrach, ait oireann an ceol go hiomlán don ócáid.
rian na comóntachta touch of commonality
" I measc na n-earraí a raibh spéis aige iontu bhí fiacla bréige, troscán *Art Deco* agus táirgí an-choitianta mar phrócaí brioscaí in ollmhargaí a raibh rian na comóntachta ag baint leo.
tá an dlaoi mhullaigh á cur finishing touches are being made
" Tá na scéalta grinn Gaeilge á gcleachtadh aige le tamall anuas agus faoi láthair tá an dlaoi mhullaigh á cur ar an obair sin.
scáileán tadhaill touch-screen
" Cé go bhfuil a lán tréithe cumhachtacha ag baint leis an Tocco seo – mar shampla, scáileán tadhaill atá cosúil le scáileán an iPhone – is í an tseirbhís tuarthéacs i nGaeilge an rud is mó a mheasfaidh lucht labhartha na Gaeilge a bheith tarraingteach.
biorán réadaithe an injection/a touch of reality
" Thabharfainn péire glais lámh do Phaul Galvin, biorán réadaithe do fhoireann Dhún na nGall agus dá gcuid bainisteoirí líonmhara agus an ráta íosphá don GPA.
chuimilt to touch, rub against
" Go fiú má dhéanann imreoir feall, is é nós an chluiche an feall a admháil (mar shampla, liathróid a chuimilt trí thimpiste) fiú amháin mura bhfeiceann aon duine eile é.
blas beag den earrach a touch of spring
"blas beag den earrach ann faoi dheireadh agus tá an domhan agus a mháthair ag damhsa.
i dteagmháil in touch
" Is féidir le hÉireannaigh a fháil amach pé rud Éireannach atá ar siúl ina gceantair féin agus a bheith i dteagmháil le daoine den chineál chéanna.
Blas osréalach le brath a surreal touch to be felt
" ) Blas osréalach le brath Tá blas osréalach ar a chuid cainte nuair a scagtar é trí lionsa na freacnairce, i bhfianaise a bhfuil ar eolas againn faoin tréimhse sin anois.
smid smál lucht rachmais slightest touch of influence from the wealthy
" Uimhir a ceathair – Micheál Martin, fear atá ag treabhadh leis go héifeachtach san Eoraip, sa Mheán Oirthear, sna Stáit Aontaithe, fear gan oiread agus smid smál lucht rachmais ag roinnt leis - fear atá curtha faoi dheireadh amach chun cás an Rialtais a dhéanamh.
Cneas le cneas sking touching
" Cneas le cneas gan tairbhe as Téann sé dian orainn breathnú ar an mbearna dolíonta eatarthu.
coinneáil i dteagmháil to keep in touch
" Ní scríobhfaidh mé oiread is focal eile faoin mbealach a ligean an bosca beag slim seo dom coinneáil i dteagmháil, mo thascanna a eagrú, ceol a dhéanamh is a aithint, cluichí a imirt srl.
i dteagmháil in touch
" Casadh orm “Torunn” in Osló blianta fada ó shin agus choinnigh muid i dteagmháil.
i dteagmháil in touch
" Tagann gléas nua cumarsáide ar an saol in aghaidh na seachtaine agus cuireann an chuid is mó acu daoine i dteagmháil leis na suíomhanna móra leictreonacha.
idir dhá cheann na meá touch and go
" Fuair páirtí an Congress an lámh in uachtar ar an BJP in olltoghchán 2004, ach ba ar éigin é, agus bhí an tír idir dhá cheann na meá ó shin.
blas na déirce a touch of beggary
" D’fhógair sé athbhreithniú ach ní dhearna sé beart de réir briathar, rud a fhágann go bhfuil blas na déirce ar an scéim anois.
blaisín a touch
" Ar ndóigh agus mé ag comhaireamh gach cianóige cosúil le gach iníon mháthar na laethanta seo, cuireann a leithéid de nuacht gliondar ar mo chroí, ach tá blaisín den díomá tríd.
theagmhaigh le touched on
" Dála an scéil, measann Mike Baillie, Ollamh le Bitheolaíocht Ársa nó pailé-éiceolaíocht, in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste, gur eascair Cú Chulainn as dreige a theagmhaigh le haeráid an domhain sa bhliain 540i.
iarracht a touch
" ” Saol na Polaitíochta Is léir gur bean í Ivana atá thar a bheith cumasach is lán de bhrí, ach ar tháinig iarracht den aiféala uirthi riamh nár dhírigh sí a cuid fuinnimh go léir ar an aon réimse amháin a bhféadfadh sí a rian a fhágáil air? “Tá dlúthbhaint ag na réimsí go léir lena chéile – an cleachtas, an obair acadúil agus an pholaitíocht, ní bhraithim go bhfuil mo chuid fuinnimh á scaipeadh go róleathan agam.
idir dhá cheann na meá touch and go
" Cluiche ab ea é a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an nóiméad ar bháigh Máirtín Comartún an sliotar in eangach Bhreandáin Uí Choimín, cúl báire Thiobraid Árann, agus gan ach cúig nóiméad fágtha chun imeartha.
dul go dtí an dóbair touch and go
" Bhí go leor den tuairim, agus aontaím féin leo, gur chinneadh tromchúiseach, cinniúnach é ag an réiteoir poc éirice a bhronnadh ar Chill Chainnigh agus an cluiche ag dul go dtí an dóbair.
dul i dteagmháil le get in touch with
" ‘Ba mhaith liom go mbeadh daoine in ann dul i dteagmháil le saothar ealaíne gan a bheith gafa ag an smaoineamh go bhfuil luach ceithre mhilliún punt air.
Idir Dhá Cheann na Meá touch and go
" Idir Dhá Cheann na Meá Rinne an rialtas reatha iarracht bille STA a thabhairt isteach i mí Lúnasa i mbliana, ach níl móramh acu sa teach uachtair, an Seanad.
baint dó touch him/her
" Glacann sé leis, mar a ghlacann go leor againn is dócha, nach bhféadfadh aon ní baint dó in áit a bhfuil a oiread sin eolais aige air.
ní neamhaí special, touch of magic
" An bhfuil an ní neamhaí seo, nó an wow factor, ag Doire mar sin? Creideann an fhoireann atá taobh thiar den iarratas go bhfuil agus go léiríonn an méid atá bainte amach acu cheana féin go bhfuil an-mhuinín ag an phobal astu féin agus fonn orthu an comórtas a bhaint.
ar chuimil an mí-ádh had a touch of bad luck
" Meastar go bhfuil tuairim is 70,000 Emberá in iarthuaisceart na Colóime chomh maith le 22,000 díobh trasna na teorann i bPanama agus níorbh é ionradh na bliana seo caite an chéad uair ar chuimil an mí-ádh leis an bpobal seo, ná geall leis.
bailchríoch finishing touch
" Fad is atá bailchríoch agus snas á chur ar Straitéis Fiche Bliain an Rialtais i leith na Gaeilge, mar shampla, foilsíodh Plean Gàidhlige Rialtas na hAlban i dtús na míosa seo caite.
idir dhá cheann na meá touch and go
" Ach, bhí an t-aicsean ar an bpáirc iontach tarraingteach, an caighdeán peile go fíormhaith, an cluiche idir dhá cheann na meá agus an slua ar bís.
teagmháil meet, touch
" Níl ann ach dromchla ríbheag (cúpla miliméadar cearnach), ríthanaí, teann, a bhfuil ar a acmhainn glacadh le gach giota fuaime, bíodh sé ciúin nó glórach agus a sheoladh ar aghaidh chuig cuas beag ina bhfuil trí chnámh bídeach - an casúirín, an inneoin agus an stíoróip - atá ag teagmháil lena chéile.
thadhall touch
" Saor, gan foirm, lastall de thadhall na gcéadfaí, i d'fhinné ar an uile ní.
snas polish, final touch
" Thug na cluichí breise sin deis don bhainistíocht imreoirí difriúla a fhéachaint, snas a chur ar imirt na foirne is araile.
Idir Dhá Cheann na Meá touch and go
" Idir Dhá Cheann na Meá ============ Nuair nach raibh tromlach ag aon mhórpháirtí sa teach íochtarach bhí an rogha ag an seisear feisirí eile ann tacú le ceann amháin acu le móramh a bhunú.
blas an fhicsean eolaíochta a touch of science fiction
"blas an fhicsean eolaíochta ar sin ach is iadsan na daoine a thaifeadann cláracha teilifíse ar a mbosca digiteacha agus a bhreathnaíonn air níos déanaí.
chuimil tionchar an dírialaithe the deregulation had a touch of influence
" Gach léitheoir a thiocfas chun an t-alt seo a léamh, is cinnte gur chuimil tionchar an dírialaithe de ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus tá mé ag déanamh nár chuir sé airgead ina sparán, ach a mhalairt.
ar imeall an trí scór touching on 60
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
Idir dhá cheann na meá touch and go, in the balence
" Idir dhá cheann na meá, beidh 37 suíochán Seanaid (as 100), 39 gobharnóireacht, agus 435 suíochán sa Chomhdháil (’sé sin, iad go léir).
nach raibh breith aige ar was out of touch
" I súile na tíre agus an domhain ar fad, bhí an chuma air go raibh sé trína chéile ar fad, go raibh sé báite, agus nach raibh breith aige ar na heachtraí tromchúiseacha a bhí ar siúl ina thimpeall.
idir dhá cheann na meá touch and go
" Bhí todhchaí an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) idir dhá cheann na meá ón uair gur mhol Colm McCarthy agus a chairde ins an Bord Snip Nua fáil réidh leis.
cuireadh snas orthu the finishing touches were put on them
" Is i Sasana agus in Albain a cheapadh na chéad ghaltraenacha go luath sa naoú céad déag, ach go deimhin is i Meiriceá a cuireadh snas orthu ó na 1830aí amach.
imirt bheag cearrbhachais a little touch of gambling
" Níl sa turgnamh ach imirt bheag cearrbhachais ag fir uaisle, Higgins agus Pickering, ach ag Eliza is é a deis sa saol chun éalú as timthriall na bochtaineachta.
an té a rinne teagmháil leo anyone who touched them
" Chreidtí sa mheánaois go raibh tréithe diaga ag baint le hiarsmaí naomh agus mairtíreach agus go bhfuair an té a rinne teagmháil leo sochar ó Dhia.
coscrach moving, touching
" Ursula agus na Mílte a Maraíodh ================= Cuir i gcás an cumhdach coscrach sa taispeántas den bhean óg álainn a bhí mar chompánach ag an bhanphrionsa Sasanach Ursula, nuair a chuaigh sí ar oilithreacht go dtí an Talamh Naofa.
comhéadán tadhlach touch interface
" Ach ní hamháin go mbeidh feabhas caighdéain ann: tá meitheal eolaithe in Ollscoil Keiko tar éis comhéadán tadhlach a chruthú a ligfeas duit (mar a thuigimse) cartúin a chigilt.
ruainne beag den chonspóid a little touch of controversy
" Cuidíonn sé go mór le díol leabhair, dar ndóigh, ruainne beag den chonspóid a bheith ag baint leis agus tá sin amhlaidh i gcás an leabhair *This is Our Year* le Declan Bogue, a d’fhoilsigh Ballpoint Press).
beagán náire sa dá shúil a touch of shame evident
" ‘Polish very good,’ a deir sé, agus ansin, idir magadh agus dáiríre, ‘Polish no good,’ beagán náire sa dá shúil, ach é bródúil go leor as an dá fhocal Béarla.
rúinne den chodarsna ag baint lena dhearcadh a touch of ambiguity pertaining to thier view
" Ach tá rúinne den chodarsna ag baint lena dhearcadh ar an AE: muid ag brath air lenár bhfuascailt ón ngéirchéim geilleagair agus sinn á dhamnú ag an am céanna.
choinnigh mé an teagmháil I kept in touch
" Agus chuir sí suim ionam thar na blianta agus nuair a chuas go Nua-Eabhrac le Dancing at Lughnasa bhí sí an-bhródúil agus choinnigh mé an teagmháil léi thar na blianta.
i dteagmháil in touch
" Iad siúd atá ag imeacht uainn anois, bíonn siad i dteagmháil leis an bhaile trí *Skype* agus *Facebook*.
léiriú mothálach ar a touching demonstration
" I totter upon them everyday’* Tá an leabhar lán le mná láidre a thacaíonn le Donna agus a threoraíonn í chun a leasa, cosúil le lóchrann i lár anfa agus déanann an t-údar léiriú mothálach ar an dlúthpháirtíocht a bhíonn idir mná.
i dteagmháil lena mbaile féin in touch with home
" Is dóiche go dtuigfeá sin, ar bhealaí, go bhfuil an diaspora as baile ag iarraidh a bheith i dteagmháil lena mbaile féin, lena dtír féin, lena gcultúr féin, go bhfuil go leor acu gur de bhunadh na Gaeltachta iad agus go bhfuil rudaí cosúil le nuaíocht áitiúil agus irisí áitiúla fíorthábhachtach daofa, rudaí nach bhfuil fáil orthu in áit ar bith eile.
blas an nua-aoiseachais air a touch of modernity about it
" “Ólann tusa Santo Daime?” a d’fhiafraigh mé d’úinéir an ionaid aclaíochta, nach bhfuil an chuma air a bheag nó a mhór go mbacfadh sé le rud a bhfuil blas an nua-aoiseachais air.
ruainne de a touch of
" Meascán den Chaitliceachas, de chreidimh dhúchais na hAmasóine agus ruainne de na creidimh Afra-Bhrasaíleacha atá sna creidimh Santo Daime.
theagmhaigh touched
" Ní lia duine ná tuairim ó thaobh féidearthachtaí na meán sóisialta de, ach an eol dúinn na míbhuntáistí atá ag roinnt leo ina dhiaidh sin? De réir taighde nua atá déanta ag Ionad frithmhaistíneachta Choláiste na Tríonóide, theagmhaigh lámh fhuarchroíoch na cibearbhulaíochta le duine as gach ceathrar cailíní agus le buachaill as gach seisear.
blaiseadh den bhrón orm feeling a touch of sadness
" Chodail mé seal faoi na flaithis, ach bhíos ag siúl go luath arís roimh éirí na gréine, blaiseadh den bhrón orm na dumhcha a fhágáil i mo dhiaidh.
blas aoire ina shaothair a touch of satire in his works
" Léiríonn Ó Nualláin blas aoire ina shaothair, At Swim Two Birds, The Hard Life, The Third Policeman agus The Dalkey Archive.
i dteagmháil le gnáthmhothúcháin in touch with the usual emotions
" Is maith liom a bheith díreach mar atá mé agus mé i dteagmháil le gnáthmhothúcháin, na fíormhothúcháin atá ionam féin.
iarracht den mhífhéaráilteacht ag baint leis a touch of unfairness attaching to
" Thairis sin, i gcásanna ina dtugtar cúiseanna as diúltú iarratais, is minic a bhíonn iarracht den mhífhéaráilteacht ag baint leis na cúiseanna sin.
i ndáil le hainmneacha oiriúnacha touching on suitable names
" ‘De Ghlaschloich an Oileáin’ =========== Rinne an Bord comhairliúchán le hionadaithe na gcomhphobal Maorach, ar a dtugtar na iwi, fud fad na tíre cúpla bliain ó shin le moltaí a fháil i ndáil le hainmneacha oiriúnacha Maoraise do na hoileáin.
Beagán Canúnachais a touch of dialect
" Na Muimhnigh agus na Laighnigh abú! Beagán Canúnachais ====== Ach ní ar mhaithe leis an rugbaí a bhí suí déanta agam sa mbistro cluthar seo.
Tadhall le Naimhde touching with the enemy
" Tadhall le Naimhde ======= Mhínigh O Brien ina leabhar tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach agus idirnáisiúnta fiú na deacrachtaí a bhaineas leis an ndébhríochas taidhleoireachta: *“the successful wielder of ambiguity has a certain high imperiousness in his attitude to facts and inclines to a magician-like confidence in the overmastering power of language.
iarracht den íoróin a touch of irony
" Bhí iarracht den íoróin ag baint leis gur cuireadh toscaireacht chun na hIndia le mic léinn a mhealladh chuig ollscoileanna na hÉireann dhá lá i ndiaidh don rialtas an t-ardú sa táille cláraithe a fhógairt.
theagmhaigh mo chos leis my foot touched it
" An uair eile bhí mé ag léimt thar bhinse meáchain agus theagmhaigh mo chos leis, thit mé ar an urlár agus briseadh mo shrón.
rian na himní ar a ghlór a touch of worry in his voice
" ” “Ach ní thuigfeadh mórán daoine an tseanfhilíocht seo?” ar sé agus rian na himní ar a ghlór.
blaiseadh ar an Ghaeilge a small touch of Irish
" An Pósadh Ríoga agus Suim sa Ghaeilge =============== “Thosaigh muid cúrsa eile le blaiseadh ar an Ghaeilge a thabhairt,” a mhínigh sí.
córas scáileán tadhaill a touch screen system
" Ó thaobh chóras fuaime agus cúrsaí siamsaíochta de, úsaideann Škoda córas scáileán tadhaill darb ainm Infotainment.
i dteagmháil le mo shinsir in touch with my forebears
" Luigh mé siar ar bhinse atá tógtha in aice leis an charn, ag amharc ar an thírdhreach álainn, bolg le gréin, ag éisteacht leis na héin agus an ghaoth, i dteagmháil le mo shinsir.
i dteangmháil leo in touch with them
" Gabh roinnt acu buíochas leis na polaiteoirí a raibh siad i dteangmháil leo.
snas Corcaíoch a Cork touch to
" Mholfainn aghaidh a thabhairt ar na Meiriceánaigh, munar mhiste leo, agus snas Corcaíoch a chur ar Salem Arthur Miller nó The Best Man de chuid Gore Vidal.
blaisín buairimh a touch of worry
" Amhras ==== Chuir seanfhear glic (Gaeilge) blaisín buairimh orm le deireanas.
Cé go bhfuil iarracht de ghreann although a touch of the (Monty P.) comedy
" Cé go bhfuil iarracht de ghreann Monty Python ag baint leis an ainm a tugadh ar an Meitheal ar an gcéad dul síos, tá rud éigin dáiríre agus diúltach ag baint leis na beartais atá á moladh maidir le hinimircigh sa Bhreatain, go háirithe iadsan atá ann in aghaidh an dlí.
iontach mothúchánach fosta very touching also
" Níorbh fhada gur imigh Úna féin! Ach nuair a chualathas don chéad uair é sa Sonic Arts Research Centre, bhí Owenvarragh draíochtach an dóigh ar ceanglaíodh gach gné éagsúil lena chéile, idir cheol, fhriotail shonta (sonorous words) á leamh ag Carson é féin, íomhánna, agus na fuaimeanna a thaifead Úna, ó dhaoine ag caint i dteach tábhairne, go dtí cipín á lasadh agus an fhuaim a thagann as seantolg i ndiaidh tú suí air! Ainneoin éagsúlacht na gcomhábhar, bhí sé iontach mothúchánach fosta.
níor bhain duine ar bith leis no one touched it
" Glacadh leis an tsuíomh mar áit dhiaganta, bheannaithe de bharr seo agus níor bhain duine ar bith leis ar feadh na gcéadta.
n-inchur ar scáileáin tadhaill touch screen input
" Daoine nár Dearadh Dóibh =========== Cé go gcruthaíonn na teicneolaíochtaí seo deiseanna cumarsáide agus trádála iontacha, lena n-inchur ar scáileáin tadhaill, cruthaítear deacrachtaí dóibh siúd le míchumas láimhe is amhairc.
Cur chuige shean-scuabmháistir the old master’s touch approach
" Cur chuige shean-scuabmháistir Aragon.
Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain touched the edge of his coracle on beach of the bay
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
do leanbh a thadhall touch your child
" **6 'Bebek! Bebek!'** Chomh maith leis an gcomhairle maidir leis an bhfuacht (nach mbíonn ann!) is gnách anseo gur féidir le haon stráinséar do leanbh a thadhall, a phógadh agus a thabhairt ina bhaclainn más mian leo.
bhfuair na Glasaigh smeadar éicint measa the Greens found some touch of respect
" Chreidfinn go bhfuair na Glasaigh smeadar éicint measa i measc mo lucht aitheantais mar gur páirtí iad atá eagraithe ar bhonn náisiúnta.
blas den bhoithéimeachas a touch of Bohemianism
" Tá cuma aonarach scartha orthu agus, ainneoin go bhfuil blas den bhoithéimeachas ag baint leis an radharc, amharcann an triúr acu rud beag dúdóite.
an dlaoi mhullaigh the finishing touches
" Tá albam nua díreach eisithe ag an amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin agus tá an dlaoi mhullaigh á cur aici ar shaothar mór faoi amhráin Ghaeilge agus Bhéarla Chúige Uladh.
a théann i bhfeidhm ar an chroí which touches the heart
" Chuir na hÍostaigh rompu ealaín a chruthú a bheadh ionraic agus nach mbeadh cur i gcéill ag baint léi ach measann Ciara Nic Gabhann nár éirigh leo saothar a chur ar fáil a théann i bhfeidhm ar an chroí.
leag put, left, touched
" Tá sinn ag teannadh le cothrom míle bliain ó leag Bruadar béal scine ar phutóg Bhriain Bhómánta ag Cath Chluain na Bó Fireannaí a deir Balor gan bhréag, gan áibhéil, gan uaibhéal, gan chroiméal, gan dronnbhéal, gan Chaimbeul.
Boladh na staire a touch of history
" Boladh na staire agus an tslada a fuair Diarmuid Johnson ar a chamrian trí Dubrovnik, Mostar agus Sarajevo.
ag iarraidh smearadh den ádh seeking a touch of good luck
" B’fhéidir go raibh Gráinne Campion ag iarraidh smearadh den ádh a thabhairt léi nuair a bhuail sí le Patrick Clarke lena cheistiú faoi Chraobh Oscailte Pócair na hÉireann 2014 a bhaint ar na mallaibh.