Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tráchtairí aontachtacha unionist commentators
" Fiú tráchtairí aontachtacha, glacann siad leis go mbeidh móramh Caitliceach ó thuaidh, faoi 2030 ar a mhoille, ach níl ceist na hÉireann fuascailte fós, ar ndóigh.
a earcaíodh tráchtairí spóirt that sports commentators were hired
" Ba é seo an chéad uair a earcaíodh tráchtairí spóirt Gaeilge laistigh de RTÉ seachas duine ó Raidió na Gaeltachta.
tráchtaire commentator
" Bhí cuid den tráchtaireacht sna meáin thar a bheith suimiúil.
putóga an tráchtaire polaitíochta the guts of the political commentator
" Agus seo agaibh anois roinnt dá bhfaca Balor Fáidh nuair a ghrinnigh sé putóga an tráchtaire polaitíochta a bhí aige mar dhinnéar Lá Nollag: **Earrach 2002**: Agus tarlóidh sé san am sin go mbeidh caint mhór ar olltoghchán in Éirinn.
tráchtairí nuachtáin newspaper commentators
" Tá an rún seo cáinte ag cuid mhaith tráchtairí nuachtáin agus daoine eile agus tá sé tar éis dlús a chur leis an díospóireacht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael faoi stádas amaitéarach imreoirí an Chumainn agus ceist na n-íocaíochtaí a chur faoin spotsolas arís.
tráchtairí commentators
" " Bhí cuid mhór de na tráchtairí céanna as alt go hiomlán le meon an phobail faoi Chonradh Nice.
tráchtairí commentators
" Ag an am chéanna, tá baill den UUP ina suí ar an Choimisiún Dílseach, ar a bhfuil, dar le tráchtairí poblachtánacha, an lámh in uachtar ag an UDA/UFF, an dream a mharaigh Gerard Lawlor an mhí seo caite.
tráchtaire commentator
" Ag meá na n-impleachtaí ======= Bhí gach tráchtaire ag meá na n-impleachtaí síceolaíocha a bheadh a baint lena leithéid de thoradh don phobal Protastúnach.
mheas tráchtairí áirithe certain commentators thought
" Nuair a toghadh ina cheannaire ar Fhine Gael é, i ndiaidh thoghchán na tubaiste 2002, mheas tráchtairí áirithe nach raibh an taithí ná na scileanna ag Enda Kenny chun an páirtí a athbheochan.
tráchtairí commentators
" Tá an *Canberra Times *agus an *Sydney Morning Herald *ina choinne agus tá an *West Australian *ag fanacht le toradh an chogaidh go bhfeicfidh siad an raibh an cinneadh ceart nó mícheart! Dúirt an freasúra sa bparlaimint go bhfuil na heagarthóirí agus tráchtairí i chuile cheann de pháipéir Rupert Murdoch ar fud an domhain, 174 acu, ag tacú leis an ionradh.
tráchtairí polaitiúla áirithe certain political commentators
"tráchtairí polaitiúla áirithe den tuairim go n-íocfaidh sé as sa chéad olltoghchán eile, a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn.
tráchtairí áirid certain commentators
"tráchtairí áirid ag rá gur seo an t-am nuair a scoilteas an dá thaobh óna chéile.
tráchtairí commentators
" Dar liom, is fearr na tráchtairí Gaeilge, idir lucht TG4 agus Raidió na Gaeltachta, ná na tráchtairí a bhíonn ag RTÉ (seachas Mícheál Ó Muircheartaigh) mar, dar liom, tá siad níos nádúrtha i mbun gnótha.
dar le tráchtairí according to commentators
" Beidh seans ansin ag Trimble an páirtí a atógáil ar fhís s'aige féin, dar le tráchtairí.
tráchtairí áirithe certain commentators
" Nuair a cheannaigh Valentia agus a pháirtnéirí an comhlacht, thug tráchtairí áirithe rabhadh nach chun leasa na tíre é an comhlacht a bheith i seilbh na rachmasóirí móra sin.
tráchtairí commentators
" Deir roinnt tráchtairí gur úsáideoirí gan saineolas ríomhaireachta faoi deara na fadhbanna seo ar fad ach a mhalairt atá fíor.
go raibh dul amú ar na tráchtairí sna meáin that the media commentators were wrong
" Tá sé den tuairim go léiríonn an scéal seo faoi na táillí seirbhíse go raibh dul amú ar na tráchtairí sna meáin a dúirt gur fearrde an próiseas daonlathach sa tír d'uireasa an *dual mandate*.
tráchtaire commentator
" Ionsaí ======= Léiriú eile ar an deighilt bhinibeach idir an dá Mheiriceá - Meiriceá an fhreasúra agus Meiriceá na neocons - is ea an t-ionsaí a rinne an tráchtaire Bill O'Reilly ar lucht Adbusters le linn a chláir seisean ar Fox News.
tráchtaire polaitiúl political commentator
" Tháinig an tacaíocht seo ó thriúr ball den pháirtí Batasuna (a bhfuil seisear ball ar fad acu sa Pharlaimint Bhascach) aniar aduaidh ar gach tráchtaire polaitiúl, ós rud é go raibh sé ráite ag Batasuna go soiléir gur tréas don phobal Bascach é Plean Ibarretxe, mar nach bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh Tír na mBascach neamhspleách go hiomlán ón Spáinn.
thráchtairí commentators
" Cén fáth? Chuir torthaí suirbhé sa mBreatain a thug le fios nár chuala leath d'ógánaigh na Breataine faoi uafás Auschwitz alltacht ar thráchtairí áirithe sna meáin.
tráchtaire snúcair snooker commentator
" Tá scéal cáiliúil ann faoin tráchtaire snúcair a rinne iarracht cabhrú leis an lucht féachana mar seo: “Daoibhse atá ag féachaint ar theilifís dubh agus bán, tá an liathróid dhubh in aice leis an liathróid ghorm”, nó rud éigin mar sin.
tráchtaire commentator
" Deir an tráchtaire Newton Emerson go bhfuil tuarascáil á foilsiú ag Ombudsman na bPóilíní i mbliana a mhaíonn go bhfuil ball den Mount Vernon UVF ciontach as corradh le 13 dúnmharú ach go bhfuil sé á chosaint ag Brainse Speisialta an PSNI mar gur brathadóir é.
tráchtairí commentators
" Bhí cuid de na tráchtairí á rá go ndearna tacaithe ar an dá thaobh an iomarca botún agus nach bhféadfaí a rá gur sárchluiche a bhí ann dá bhrí sin, ach measaim féin go raibh an léamh sin ar an gcluiche fabhtach.
tráchtaire commentator
" Anois, cén t-ainm seo arís atá ar an tráchtaire sin atá chomh daingean ina bharúlacha a mhaíonn gurb eisean an t-aon duine sa lá atá inniu ann atá toilteanach fimíneacht agus ainbhearta a nochtadh? An duine sin, a mbíonn sé féin agus Clooney de shíor in adharca a chéile? Ó, sea, Bill O’Reilly ó Fox News.
tráchtairí den eite dheis right-wing commentators
" Ar an raidió is mó atá siad sin le clos ag labhairt le tráchtairí den eite dheis atá ar aon intinn leo.
thráchtairí commentators
" Tá idir ábhar cartlainne, agallamh leis an aoi féin agus léirmheasanna ó chéilí comhraic agus ó thráchtairí i ngach clár.
tráchtaire sóisialta social commentator
" Leanfaidh cúrsaí na maidine le David McWilliams, tráchtaire sóisialta agus craoltóir a phléifidh an tuairim atá aige go mbeidh an Ghaeilge níos láidre i gceann cúig bliana is fiche ná mar a bhí sí riamh ó aimsir an Ghorta Mhóir.
tráchtaire sóisialta social commentator
" Leanfaidh cúrsaí na maidine le David McWilliams, tráchtaire sóisialta agus craoltóir a phléifidh an tuairim atá aige go mbeidh an Ghaeilge níos láidre i gceann cúig bliana is fiche ná mar a bhí sí riamh ó aimsir an Ghorta Mhóir.
thráchtairí na meán cumarsáide media commentators
" Ba í an tuairim choitianta í i measc ghaiscígh teallaigh agus thráchtairí na meán cumarsáide gurbh eisean an t-imreoir haca ab fhearr riamh.
tráchtaire sóisialta social commentator
" Leanfaidh cúrsaí na maidine le David McWilliams, tráchtaire sóisialta agus craoltóir a phléifidh an tuairim atá aige go mbeidh an Ghaeilge níos láidre i gceann cúig bliana is fiche ná mar a bhí sí riamh ó aimsir an Ghorta Mhóir.
tráchtairí commentators
" Is ag déanamh éagóra atá staraithe ar nós English agus tráchtairí ar nós Lloyd mura dtugann siad aghaidh ar na cúinsí a bhí taobh thiar de Chogadh na Saoirse agus an t-aisfhreagra ar na cúiseanna sin.
tráchtaire commentator
" “The Irishness of other people is always a subject of great interest to the Irish,” a dúirt an tráchtaire Anthony Cronin tráth.
mar thráchtaire polaitiúil agus sóisialta as a political and social commentator
" Bhí an-cháil ar athair Natasha, Desmond Fennell, mar thráchtaire polaitiúil agus sóisialta ag an am agus b’in an obair a bhí ar bun aige agus an teaghlach ag cur faoi ar an chósta thiar.
tráchtairí commentators
" Tá míniú éigin ar chás na Meiriceánach (mar a dúradh thuas) ach an bhfuil léamh nó míniú ar thaispeántas Mhaigh Eo i gcoinne Chiarraí? Tá go leor tráchtairí, iarpheileadóirí agus ar uile, tar éis iarracht a dhéanamh ach dáiríre is mistéir é go bhféadfadh grúpa peileadóirí a d’imir chomh maith agus cróga ar feadh an tsamhraidh a bheith chomh hainnis ar an lá is tábhachtaí sa bhliain.
tráchtairí áirithe certain commentators
" Gearán eile atá agam ná an nós atá ag tráchtairí áirithe imirt gharbh a chosaint nó leithscéal a dhéanamh dó.
tráchtairí commentators
" Cloiseann sé tráchtairí ag déanamh comparáide idir Blair agus Harold Wilson (1916-1995), a bhí ina Phríomh-Aire sna seascaidí agus seachtóidí.
tráchtairí spóirt sports commentators
" Thar fóir Gan amhras, téann cuid de lucht leanúna na peile abhus thar fóir, na tráchtairí spóirt sna meáin ach go háirithe.
mar thráchtaire spóirt as a sports commentator
" * D’oibrigh sé fosta mar thráchtaire spóirt ar Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Raidió 1.
na tráchtairí sóisialta polaitíochta. the social political commentators.
" Bíonn go leor rudaí eile den chineál seo ag titim amach ar fud an Tuaiscirt agus tá oscailteacht le brath nach n-aithníonn cuid de na tráchtairí sóisialta polaitíochta.
go mbeidh sé ar dhuine de na tráchtairí sóisialta that he will be one of the social commentators
" B’fhéidir, fiú, go mbeidh sé ar dhuine de na tráchtairí sóisialta ón tréimhse seo is mó a mairfidh a chuimhne i measc mhuintir na hÉireann.
tráchtairí commentators
" Measann go leor tráchtairí go raibh sé lánsásta sochar a bhaint as an easaontas céanna, agus go raibh sé ag súil go meallfadh One Nation agus Pauline Hanson tacaíocht chuig a pháirtí féin.
tuairim na dtráchtairí agus na n-iriseoirí the opinion of the commentators and the journalists
" Bhí sé thar am d’Eddie imeacht -- b'in tuairim na dtráchtairí agus na n-iriseoirí agus bhí port Eddie seinnte.
tráchtairí commentators
" ” I gcomhthéacs éagothroime níos leithne, cuireann tráchtairí na ruathair seo ar liosta ar a bhfuil *débâcle* na hUrthrá agus Leaba na Farraige 2003 (nuair a thóg an Stát gnáthchearta iascaireachta), agus scannal nár craoladh go forleathan inár shínigh an Nua-Shéalainn an Forógra ar Chearta na mBundúchasach ag deireadh 2007.
tráchtaire iomráiteach spóirt really well known sports commentator
" Ba éard a bhí i gceist leis sin ná gurbh éigin do dhaoine seilbh a ghlacadh ar an micreafón agus aithris a dhéanamh ar stíl thráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach spóirt.
tráchtairí spóirt sports commentators
" Aisteach le rá, áfach, níl daoine áirithe san Astráil – tráchtairí spóirt go príomha – go hiomlán sásta leis an méid a bhain foireann na tíre amach i mBéising.
tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC news gigers
" Milliún euro de cháin sa bhliain á leagan ar choláistí Gaeilge do dhaoine fásta nach bhfuil lonnaithe i gCúige Mumhan ná i gCúige Connacht ná i gCúige Laighean, agus nach bhfuil fá bhúir asail den Eargail! Tá iriseoirí ón Sindo agus ón Sun ag iarraidh a fháil amach cé mhéad coláiste a bheidh i gceist; tá tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC ag iarraidh a fháil amach cad chuige gur cúngaíodh an trál chomh géar sin; agus tá Leamh Ó Cuinnegáin ó Odious Gael ar shiúl chun na hAstráile ar saoire.
dtráchtairí commentators
" Caithfear a rá go raibh daoine go leor i measc na dtráchtairí ag an am a bhí den tuairim nach raibh i gceist ach bolscaireacht pholaitiúil, agus go dtabharfaí neamhaird ar na daoine gan dídean nuair a bheadh míreanna níos práinní ar chlár an rialtais nua.
tráchtairí commentators
" B’ábhar inspéise na staitisticí seo do na meáin chló agus chraolta sa Fhrainc agus chaith tráchtairí agus tuairisceoirí roinnt mhaith ama ag staidéar na bhfigiúirí agus á meas.
tráchtaire commentator
" B’fhéidir nach mbeadh ann, mar a dúirt tráchtaire amháin, ach na cathaoireacha a bhabhtáil ar bord an Titantic.
tráchtaire commentator
" Dúirt tráchtaire eile - ar Caitliceach í - gur mhothaigh sí gur tháinig an gnáthphobal le chéile níos mó agus níos daingne ná riamh agus gur aithin gach duine gur cuid den aon tír amháin iad, Tuaisceart Éireann.
theip ar thráchtairí commentators failed
" Sílim féin gur theip ar thráchtairí, cheardchumainn, agus ar pholaiteoirí croí na faidhbe a aithint.
tráchtairí commentators
" Níl aon amhras ach gur tháinig an tuar fán tairngreacht áirithe sin agus tráchtairí ag baint na sála dá chéile anois leis na focail is tarcaisniúla ina bpluic a chaitheamh i dtreo na teanga, agus ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ach go háirithe.
Tráchtairí Tomhaiste responsible commentators
" Tráchtairí Tomhaiste? Is doiligh, áfach, gan aird a thabhairt ar na barúlacha atá nochtaithe ag tráchtairí níos tomhaiste ar an ábhar.
tráchtairí commentators
"tráchtairí eile atá i bhfad níos feiceálaí agus táim tar éis tarraingt siar rud beag as na meáin ó tháinig na leanaí.
tráchtairí commentators
" Maidir le cúrsaí iománaíochta 2009 tríd is tríd, ní thagaim féin le cuid de na ‘saineolaithe’ agus de na tráchtairí gairmiúla a bhfuil sé ráite acu gur bliain leamh nó lag a bhí ann.
tráchtairí commentators
" Ní hamháin sin, ach díol suntais an oiread téarmaíochta a bhaineann le rugbaí a bheith in úsáid go minic anois ag tráchtairí i gcomhthéacs na peile Gaelaí, téarmaí ar nós ‘athchúrsáil na liathróide’ (recycle ball), ‘seilbh an dara phas’ (second phase possession), ‘liathróid go láimh’ (ball to hand), an ‘cliseadh’ (the breakdown).
tráchtaire commentator
" Bíonn blianta áirithe ann nuair nach mbíonn aon rogha ag an tráchtaire nó gníomhaí teanga ach séideadh faoin gcorrchonspoíd nó salann a chur sa díospóireacht ar mhaithe le haird a tharraingt ar an gceist is sia i gcultúr na hÉireann – ‘ceist na Gaeilge’.
tráchtairí commentators
" Is minic a deirtear gur tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, nó róthógtha, de réir tráchtairí áirithe.
tráchtairí commentators
" Bhí tráchtairí áirithe ag tuar gur buille an bháis a bheadh sa mholadh seo do na coláistí samhraidh; tionscail a chothaigh na glúnta de theaghlaigh Ghaeltachta mar aon le tuiscint a thabhairt do dhaltaí na Galltachta ar an Ghaeilge ina láthair aiceanta labhartha.
dtráchtairí commentators
" Tá daoine go leor abhus, go háirithe i measc na dtráchtairí ar chúrsaí reatha, a mheasann go bhfuil sé thar am fáil réidh leis na rialtais dara leibhéal, nó a bhfeidhm a chiorrú go géar ar a laghad.
tráchtairí commentators
" ” Thug iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív aghaidh ar an gceist bhunúsach seo sa Seanad an mhí seo caite ach níor léir uaidh an raibh sé i gceist aon rud a dhéanamh faoin scéal: “Tá roinnt imní léirithe ag roinnt tráchtairí gur polasaí gníomhach don chomhtheangachas atá beartaithe againn don Ghaeltacht.
tráchtairí commentators
" BD: An gceapann tú go bhfuil na spriocanna sa dréachtstraitéis, maidir le cainteoirí Gaeilge de, réadúil? PÓC: Tá sé ráite ag roinnt tráchtairí go bhfuil sé ró-uaillmhianach, ach b’fhearr a bheith uaillmhianach, dar liom.
tráchtaire commentator
" Is cainteoir Gaeltachta é an tráchtaire, ní hionann is cainteoir dúchais Gaeltachta ar ndóigh.
tráchtairí commentators
" Neosfaidh an aimsir má tá an tsocracht chéanna ag an rialtas náisiúnta, nó nach bhfuil ann ach sceach i mbéal bearna, mar a mhaíonn cuid de na tráchtairí reatha abhus.
thráchtaire commentator
" Más nuacht é, ámh, ní léir dom é, nó tá an léitheoir nuachta ag screadaíl ar thráchtaire éigin ar cheamara eile, agus tá duine eile (tuairisceoir, is cosúil), ag screadaíl ar an mbeirt acu.
tráchtairí béalscaoilte loudmouth commentators
" Tráthnóna, ámh, bíonn cláracha cainte acu le láithreoirí mar Bill O'Reilly, Seán Hannity, agus Alan Colmes, tráchtairí béalscaoilte gáifeacha den eite dheis, a phléann cúrsaí an tsaoil ó dhearcadh na heite deise.
tráchtairí commentators
" Pocán Gabhair i Lár an Aonaigh =============== Tar éis dúinn teip go tubaisteach sa dá olltoghchán deireanach, dúirt na tráchtairí polaitiúla nár éirigh linn 'ár dteachtaireacht a dhíol.
thráchtaire commentator
" Ó shin i léith, tá sé ina iriseoir agus ina thráchtaire ar chúrsaí sacair.
tráchtairí polaitíochta political commentators
"tráchtairí polaitíochta ann a mhaíonn gur mhúch Lula spiorad muirthéachta na cosmuintire le liúntais teaghlaigh, arduithe íosphá agus líon teoranta d’infheistíochtaí feiceálacha.
tráchtairí commentators
" Is leamh an rud é go mairfidh an Teach atá freagrach as an phraiseach agus go gcuirfear deireadh leis an cheann atá beagnach saor ó mhilleán! Agus an tír báite i bhfiacha, is cóir gach caiteachas stáit a scrúdú, ach nílim ag teacht leis na tráchtairí a chuireann an bhéim ar chostas an tSeanaid mar chruthú gur chóir deireadh a chur leis.
tráchtairí commentators
" Cháin tráchtairí áirithe an dámhachtain go géar mar gheall ar an mbéim a cuireadh ar aitheantas idirnáisiúnta sna slata tomhais.
tráchtairí commentators
" Is minic a bhaineann na tráchtairí spóirt, chomh maith le Tadhg an mhargaidh, feidhm as an meafar Béarla, ‘ag leadradh os cionn a meáchain’, le cur síos ar éachtaí lucht an spóirt abhus.
tráchtaire polaitíochta political commentator
" Mar a dúirt an tráchtaire polaitíochta, Fionnuala O Connor, bheadh athrú in aigneolaíocht bhunúsach an stáit.
tráchtairí commentators
"tráchtairí ann a chreideann sin agus a scríobh faoi, ach measaim féin gur rud sóisialta atá sa chruthaitheacht agus go bhfuil sé i ngach duine ag leibhéil éagsúla agus gur féidir i a fhorbairt i ngach duine.
tráchtaire amháin one commentator
" (Cuireann an dea-aimsir spionnadh ceamradóra orainn ar fad agus bhí a leithéid againn in Éirinn cheana féin i mbliana, creid é nó ná creid!) Úsáidim féin ceamara an ghutháin don chuid is mó ach mar a scríobh tráchtaire amháin ar alt faoi fógairt críoch Flip, ceamara beag físe, “Go minic ní fiú na táillí fánaíochta le fóin nuair atá tú ar saoire.
tráchtaire commentator
" Is léir go bhfuil móramh mhuintir na hÉireann sásta an líne mheafarach sin sa ghaineamh ar a raibh gach tráchtaire teilifíse ag caint le linn chuairt Bhanríon Shasana, a tharraingt.
thráchtaire commentator
" Mheall stádas Uí Dhálaigh aird an phobail agus na meáin chumarsáide agus meallann i gcónaí - d’fhostaigh RTÉ go minic é mar thráchtaire ar chúrsaí iomána mar shampla.
tráchtaire sóisialta social commentator
" ” Is duine é Ai Weiwei a úsáideann a stádas mar ealaíóntóir, dearthóir ailtireachta, agus tráchtaire sóisialta chun aird a tharraing ar an easpa daonlathais atá ina thír dhúchais féin agus le brú a chur ar an deachtóireacht Shíneach a bheith níos fulangaí.
tráchtaire commentator
" Sílim gur leag an tráchtaire Brian Feeney a mhéar air agus é ag scríobh san Irish News an tseachtain seo nuair a dúirt sé go raibh eagla ar mhuintir na 26 Chontae roimh thoghadh Martin McGuinness mar Uachtarán na hÉireann, mar go léireodh sé go raibh an fhaisnéis náisiúnta atá á scaipeadh ó dheas ó bunaíodh an stát contráilte.
tráchtaire commentator
" Ní dheachaigh oiread is tráchtaire amháin in aice an Leabhair Ghlais.
iriseoirí is tráchtairí áirithe certain journalists and commentators
" Bhí cuid de na hAirí sách faiteach faoin méid sin airgid poiblí a chaitheamh, ar mhaithe le stáisiún teilifíse trí Ghaeilge, i bhfianaise an fheachtais láidir ar bun ag iriseoirí is tráchtairí áirithe sna meáin, ar thug Michael D.
tráchtairí áirithe certain commentators
" Nuair a thug Éilís II, Banríon na hAstráile, (nó Banríon Shasana/na Ríochta Aontaithe/na Breataine mar is fearr aithne uirthi i measc thomhaltóirí na meán Gaeilge) cuairt ar a géillsinigh dhílse sna Fritíortha sa bhliain 2006, bhí tráchtairí áirithe abhus den tuairim go raibh sí ag tabhairt a cuairte deiridh ar an Astráil.
tráchtairí go leor many commentators
" É sin ráite, tá tráchtairí go leor in amhras faoin dóigh ar toghadh Karzai sa bhliain 2009.
tráchtairí áirithe particular commentators
" Cuireadh tús láithreach lena daoradh sna meáin, le tráchtairí áirithe ag maíomh go raibh an neamh-mhothú seo mínádúrtha i máthair a bhí tar éis a leanbh a chailleadh - mura raibh baint aici leis.
an tráchtaire the commentator
" Sin cúrsa do bhunmhúinteoirí, le Páid Mag Aoidh, deartháir Eugene, an tráchtaire.
De réir cuid de na tráchtairí den eite dheis according to some of the rightwing commentators
" Ghnáthdhaoine ab ea iad, agus iad uilig ag iarraidh freagra ar an cheist shimplí: “cén fáth a rinne sí amhlaidh?” Saorfhiontraíocht ====== De réir cuid de na tráchtairí den eite dheis, réitigh Thatcher fadhbanna a bhí sa gheilleagar, mar shampla barraíocht stailceanna.
ag tráchtairí éagsúla by various commentators
" Ábhar inspéise a bhí sna mhíniúcháin agus sa scagadh ag tráchtairí éagsúla ar a fheabhas a bhí Alex Ferguson mar bhainisteoir.
tráchtairí polaitíochta political commentators
" Cé nach dócha go mbeadh ceachtar páirtí buíoch de, ní thig a shéanadh gur dócha go mbeidh 'Rialtas Náisiúnta' idir Fine Gael agus Fianna Fáil mar cheann de na roghanna a bheidh tráchtairí polaitíochta ag scríobh faoi sna blianta beaga amach romhainn.
tráchtaire, iarbhaincéir nó a leithéid a commentator, ex-banker or such
" Gné eile a chloistear sách minic nuair a bhíonn polaiteoir, tráchtaire, iarbhaincéir nó a leithéid ag caint ar chliseadh na mbanc, is ea gur ‘a culture of’ seo, siúd nó eile a bhí ann ag an am, amhail is a rá gur cuma anois faoi aon ghníomh as bealach a rinne, polaiteoir, tráchtaire nó baincéir cúig nó sé bliana ó shin.
i measc tráchtairí áirithe amongst certain reporters
" Shílfeá go bhfuil comhcheilg tosta ar bun i measc tráchtairí áirithe ins an dóigh a phléitear le foinsí atá scríofa i nGaeilge.
Tá tráchtairí áirithe ag maíomh certain commentators are claiming
" Tá tráchtairí áirithe ag maíomh go bhfuil a phort seinnte ag an bpáirtí, dá bhíthin sin.
thráchtairí éagsúla various commentators
" Chuir sí ionadh ar thráchtairí éagsúla nuair a roghnaigh sí Robert Armstrong mar rúnaí chomhaireacht na Breataine ó 1979 go dtí 1988, an post ba thábhachtaí a bhí le dáileadh aici.
tá tráchtairí áirithe ag tuar certain commentators are predicting
" I Muinín Toyota ======= Nuair a chuirfear deireadh le táirgeadh Holden ní bheidh ach monaróir gluaisteán amháin san Astráil, Toyota, agus tá tráchtairí áirithe ag tuar deireadh lena dhéantúsaíocht abhus luath nó mall.
i léamh tráchtairí áirithe in the opinions of particular commentators
" Ach, i léamh tráchtairí áirithe – Greg Foster, Les Murray, Andy Harper agus Mark Bosnich san áireamh, gach seans gurb é Ono an t-imreoir is mó thionchar díobh ar fad.
tráchtaire commentator
" ======================== Ina cholún seisean ar an nuachtán *The Sunday Independent*, áitíonn Colm Ó Ruairc, tráchtaire de chuid RTÉ ar chúrsaí peile agus iarlaoch peile de chuid contae na Mí, go bhfuil a anam díolta ag an CLG le *Sky TV* agus pócaí Rubert Murdock gur leis an gcomhlacht Sky líonta acu dá réir (amhail is nach raibh na pócaí céanna ag cur thar maoil mar atá).
Samhlaigh tráchtaire imagine a (Sky) commentator
" Samhlaigh tráchtaire Sky ag iarraidh a mhíniú do mhuintir an domhain an bhrí atá le square ball.
bhíonn ag tráchtairí áirithe certain reporters have
" Is í an chosaint is mó a bhíonn ag tráchtairí áirithe (mé féin ina measc) ar chinnidh chonspóideacha an rialtais seo i leith na teanga, ná nach bhfuil an t-airgead chomh flúirseach is a bhí nuair a bhí an rialtas deireanach i gcumhacht.
chuaigh an scéal i bhfeidhm ar thráchtairí ar líne the story affected commentators on line
" An imríonn an mothú a fhaigheann tú ar líne tionchar níos buaine ort? Ó mo léamh féin, bhí torthaí na trialach éiginnte, ach níl amhras nach raibh an bealach a chuaigh an scéal i bhfeidhm ar thráchtairí ar líne.
tráchtaire commentator
" Caitheann an tráchtaire Donncha Ó hÉallaithe súil ar thoghchán na huachtaránachta agus ar na hiarrthóirí atá le seasamh.
foireann tráchtairí a chur chun oibre to put a group commentators working
" Tá Colm Mac Séalaigh den bharúil gur mithid foireann tráchtairí a chur chun oibre ar dhea-urlabhraíocht na tráchtaireachta, mar chuideodh a saothar leis an dream óg aníos.