Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tráchtaireacht commentary
" * Ró-éasca atá sé na poill i bplean McCreevy a aimsiú, agus is orthu sin a bhí cuid mhaith den tráchtaireacht dírithe go dtí seo.
tráchtaireacht commentary
" B'in an lá a rinne Mícheál Ó hEithir a chéad chraoladh raidió: tráchtaireacht ar an chluiche sinsearach.
tráchtaireacht commentary
"tráchtaireacht ar leith ag Miller in *On Literature *ar an tús i saothar litríochta agus dá mbeadh moill ar bith orm an leabhar a cheannach an lá údaí nuair a chonaic mé de chéaduair í cá bhfuil mar a chuirfinn ar ais ar an tseilf í nuair a léigh mé a leithéid seo: For me the opening sentences of literary works have special force.
tráchtaireacht commentary
" Ach bhí eagarthóir doghrachtach *Beo Ar Éigean*, Éamonn Ó Doornail, róscrábach le Balor an Scolardach Lúthchleasa a chur 'fhad le hAithin na Gréige chun tráchtaireacht a dhéanamh ar na cluichí ansin.
thráchtaireacht na saineolaithe the commentary of the experts
" De bharr na teilifíse, idir na pictiúirí agus thráchtaireacht na saineolaithe, foghlaimid a lán faoina spóirt éagsúla.
tráchtaireacht commentary
" Chuirtí an fhuaim air ansin agus an tráchtaireacht a bhíodh scríofa ag daoine mar Bhreandán Ó hEithir.
tráchtaireachta commentary
" Is iomaí duine a “chonaic” Craobh na hÉireann, agus a bhí i láthair aici, trí mheán an raidió – tháinig sin chucu tré shúile Mhíchíl Uí Eithir agus a chuid tráchtaireachta beo bríomhar.
tráchtaireacht commentary
" * Admhaítear gur fágadh píosaí tábhachtacha ar lár, ach mar sin féin tugann sé léargas sainiúil éifeachtach ar shaibhreas oidhreacht na Gaeilge agus na Gàidhlig, a théann i bhfeidhm go láidir ar an tsúil agus ar an chluas (tá tráchtaireacht fuaime ag dul leis an taispeántas), a thugann pléisiúr go minic agus a bhaineann preab as duine corruair fosta.
míreanna tráchtaireachta segments of commentary
" In ainneoin gur beag a fheicim agus a chloisim de na cluichí peile agus iomána agus mé i mbun mo chuid oibre, tá mo dhóthain feicthe agam de na cluichí agus míreanna tráchtaireachta cloiste agam ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ le mé a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na gcontaetha éagsúla.
ag déanamh tráchtaireachta doing commentary
" Cuireann sé soir mé go minic nuair a bhíonn daoine ag rá fúmsa gur *Yank *mé nach bhfuil tuiscint cheart aige ar an tsochaí Éireannach; gur duine ón taobh amuigh mé atá ag déanamh tráchtaireachta ar a bhfuil ag titim amach sa tír.
de thairbhe na tráchtaireachta uilig as a result of off the commentary
" Níl aon dabht faoi ach gur feiniméan suntasach a bhí sa Tíogar Ceilteach, ach caithfidh gur cothaíodh é de thairbhe na tráchtaireachta uilig a rinneadh air agus é ag teacht chun cinn.
stíl thráchtaireachta commentation style
" Ba éard a bhí i gceist leis sin ná gurbh éigin do dhaoine seilbh a ghlacadh ar an micreafón agus aithris a dhéanamh ar stíl thráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach spóirt.
tráchtaireacht commentary
" I measc na n-imeachtaí sin, bhí ar ndóigh, na cluichí Gaelacha, agus bhíodh nóiméad nó dhó de chluiche mór peile nó iomána éigin le feiceáil ag an bpobal go rialta agus trí nóiméad i gcás cluichí ceannais na hÉireann! Ceann de bhuanna na sraithe ab ea gur i nGaeilge a bhíodh an tráchtaireacht agus bhíodh lucht féachana agus lucht éisteachta mór i gceist.
tráchtaireachtaí comments
" Más buan mo chuimhne, ní raibh léitheoirí in ann tráchtaireachtaí a fhágáil fiú: is cuimhin liom seirbhís eile a shuiteáil i gcód mo bhlag chun tráchtaireacht a chur i bhfeidhm.
tráchtaireachtaí comments
" I measc critéir an chomórtais, tá cothú pobail agus ní gá ach roinnt de na tráchtaireachtaí a léamh agus tuigfear gan mhoill go bhfuil pobal cothaithe ar an mblag seo, pobal a phléann leis an mblagadóir gach a bhfuil faoin spéir.
tráchtaireacht an Mhúinteora the teacher's account
" An rabhadar beirt comhpháirteach ina bás siúd? An féidir dul i muinín tráchtaireacht an Mhúinteora? Ceisteanna anuas ar a chéile.
tráchtaireacht commentary
" Mar a tharlaíonn go minic i gcás rásaí léime, thit capall ó am go ham, ach ba bheag tagairt a rinneadh dóibh ina dhiaidh sin sa tráchtaireacht teilifíse.
thráchtaireacht commentary
" Cá rachadh vótoirí náisiúnaíocha nó poblachtacha a bheadh ag iarraidh agóid a dhéanamh in éadan Shinn Féin? DUP agus TUV Cúpla bliain ó shin agus bheadh an DUP ar tí pléascadh ar chluinstin thráchtaireacht Brendan Hughes ar na blianta b’fhuiltí de na Trioblóidí dóibh, ach ní mar sin atá anois.
tráchtaireacht commentary
" Tá an tráchtaireacht as Gaeilge agus tá leagan Béarla ar an diosca freisin.
tráchtaireacht comment
" Ar *Quora* is féidir vóta a chaitheamh ar son an freagra is fearr ar cheist, is féidir tráchtaireacht a fhágáil ar cheist agus fiú amháin, is féidir eagarthóireacht a dhéanamh, ní hamháin ar fhreagra ach ar an gceist féin.
tráchtaireacht commentary
" Ar a Marana ====== Seo an sciar, tráchtaireacht i mbéal Mrs.
tráchtaireacht commentary
" An cur i láthair agus an tráchtaireacht, ba cheart go mbeadh siad sin ar ardchaighdeán Gaeilge.
tráchtaireacht commentary
" Ní bhíonn bualadh bos ann, caint ná tráchtaireacht idir na hamhráin.
tráchtaireacht commentary
" Cibé taispeántas a chuireann Tóibín i dteannta a chéile, is cuma an é an aithris scanrúil sin a dhéanann sé ar Bhrendan Behan i mBorstal Boy, nó an tráchtaireacht shóisialta bhinbeach sin ina chuid oícheanta cáiliúla sa Cork Opera House sa 80idí, teilgeann sé pearsa sholasmhar ar an ardán.
lucht tráchtaireachta commentators
" Ach is fearr le lucht tráchtaireachta trí Ghaeilge, nó tráchtairí raidió/teilifíse áirithe darb ainm dóibh Mícheál ar chaoi ar bith, ómós a thabhairt don tsimplíocht agus don ghramadach (‘imeall na cearnóige bige’, ‘i dtreo na cearnóige móire’ agus araile) agus cearnóg seachas comhthreomharán nó dronuilleog a deir siad.
ag tráchtaireacht commentating
" Cibé faoi bheith ag plé le cúrsaí spóirt, níl mórán acu ag tráchtaireacht.
lucht tráchtaireachta commentators
" Rinne lucht leanúna agus lucht tráchtaireachta iarracht ar mheabhair a bhaint as an méid a tharla.
le linn na tráchtaireachta while commentating
" Cad is brí leis an aidiacht sa chás seo? An é go bhfuil scian síos i stoca an imreora agus go bhfuil baol ann go sáfaidh sé lánchúlaí na foirne eile, nó níos measa ná sin, go sáfaidh sé go feirc an réiteoir bocht os comhair na mílte daoine? Is minic leis le linn na tráchtaireachta ar chluiche go dtugtar le fios go bhfuil an liathróid féin contúirteach.
tá tráchtaireacht scríofa ann don tréimhse sin there’s a written account of the period
" Ach leis an leabhar Patrick McGinley tá tráchtaireacht scríofa ann don tréimhse sin, rud atá íorónta mar is léir go bhfuil McGinley idir an dhá chomhairle faoin chultas atá ag baint leis an tsagart.
tráchtaireacht commentary
" Cuireann tráchtaireacht Schama ar Herzl an tríú tréith stairiúil i gcuimhne dúinn.
sa tráchtaireacht spóirt in sport commentary
" Uaireanta, sa tráchtaireacht spóirt déantar dearmad iomlán, go neamhurchóideach is cóir a rá, ar iarrachtaí na mban.
ach tráchtaireacht ar but a commentary on
" Spreagtha chun Cainte ======== Tugann na scéalta seo misneach don bhean aonaránach sa chomhluadar a scéal féin a nochtadh, cé nach scéal é sin ach an oiread ach tráchtaireacht ar bhás a páiste féin i linn snámha.
más mian leat tráchtaireacht a dhéanamh if you wish to give a comment
" Mar shampla, más mian leat tráchtaireacht a dhéanamh ar suíomh is féidir ‘*Social sign-in*’ a úsáid toisc OAuth.
dtráchtaireacht spóirt sports commentary
" Chuir dráma a chonaic sé le déanaí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtráchtaireacht spóirt na Gaeilge le roinnt blianta anuas.
ar dhea-urlabhraíocht na tráchtaireachta on commentating eloquence
" Tá Colm Mac Séalaigh den bharúil gur mithid foireann tráchtairí a chur chun oibre ar dhea-urlabhraíocht na tráchtaireachta, mar chuideodh a saothar leis an dream óg aníos.
nach furasta tráchtaire a chur ón tráchtaireacht that it’s not easy to stop a commentator from commenting
" Tuigeann Gráinne nach furasta tráchtaire a chur ón tráchtaireacht.