Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i dtrátha around
" Bhí comhlaí den chineál a fheiceann tú ar shiopaí taobh istigh d'fhuinneoga a thí agus bhíodh air iad seo a chur faoi ghlas gach tráthnóna i dtrátha a sé a chlog.
tráth once
" Dúirt Ray Manzarek tráth, agus é ag caint le duine a bhí seacht mbliana déag d'aois: "It's great to know that people your age are hip to the Doors.
tráth once
" "I wouldn't have one about the place," arsa Phríomhaire an Tuaiscirt Lord Brookeborough tráth fána chomh-Ultaigh Chaitliceacha, ag tabhairt le fios gur drong fhodhaonna iad.
tráth once
" Saolaíodh Ciarán i gCléire, ach is lú ná sásta a bhí draoithe an oileáin nuair a tháinig sé abhaile tráth ag scaipeadh creidimh nua.
tráth once
" Dlúthchairde a bhí ionainn tráth.
faoin tráth sin by that time
" Comhscór! Bhí an teannas agus an choimhlint ag méadú go tapa faoin tráth sin agus le 60 nóiméad caite bhí na foirne fós ar comhscór, 1-10 i gcoinne 2-7.
tráth once
" Ó Florida go Bostún, bhí an chuma ar an scéal go raibh líomhaintí nua ag teacht chun cinn gach lá le linn mhí an Mhárta, scéalta nua uafáis agus, thar aon ní eile, náire bhreise ar cheannairí de chuid na hEaglaise a raibh meas orthu tráth.
i dtrátha about
" Tá Gleann Fhinne suite i gcroílár an chontae, i dtrátha ocht míle ó Bhealach Féich agus deich míle ó na Gleanntaí.
an tráth sin at that time
" Bhí siad ina mbaill de rocghrúpa an tráth sin, ach níor bhraith siad ar an cheol amháin le hairgead a shaothrú.
thráth cainte time to be talking
" Theastaigh uaim 'Go raibh míle maith agat' agus 'Bliain Nua Mhaith daoibh agus go mb'fhearr a bheas sibh i gceann bliana' agus go leor eile a rá, ach mhothaigh mé nach mba thráth cainte é.
tráth once
" Measann sé go raibh Dave Fanning thar barr mar láithreoir tráth ach go bhfuil an splanc caillte aige, gur agallaimh is mó a bhíonn aige ar an chlár anois, agus go bhfuil an chuma ar an scéal nach gceannaíonn sé mórán ceoil nua.
tráth once
" B'ait an rud é dá mbeadh fear na Gearmáine ag taispeáint do bhean na hÉireann conas portach a shioscadh! B'ait freisin breathnú thar an bhfál i lár an phortaigh ar na haeróga arda a leanann lorg chuile U-Boot ag cabhlach na Gearmáine - an rabhadar ag coinneáil súil freisin ar bháid mhóra agus ar ghleoiteoga Chonamara? Sa Moormusuem chonaic muid go raibh muintir na bportach sin lán chomh bocht le muintir na bportach in Éirinn tráth.
tráth once
" Nach raibh sé le rá ag lucht staire tráth nach raibh géim bó le closint, tar éis léirscrios na Banraíona Eilíse, "ó Dhún Chaoin go Caiseal Mumhan".
tráth once
" Gheobhaidh an tAire tacaíocht sa mhéid seo óna Rúnaí Roinne, Tim Dalton, agus ó chuid de bhainistíocht an Gharda Síochána, go háirithe iadsan nach raibh tráth ina mbaill den bhrainse speisialta.
faoin tráth seo by now
" Tá suas le scór amhrán scríofa agam faoin tráth seo, comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta buaite acu faoi dhó agus amhráin dá gcuid taifeadta ag Sinéad Lohan agus Karan Casey.
an tráth the time
" Cibé cén fáth atá leis - an tráth den bhliain, róghar anois go Fleadh Bhaile Átha Cliath, róghar do scrúduithe scoile, róghar do laethanta saoire an tsamhraidh, níl a fhios agam.
tráth once
" Í a thógáil amach as tráth gach tráthnóna agus a chur i bhfolach ansin aríst.
leis an bpota óir ar linne é tráth den saol with the pot of gold which was once ours
" In Éirinn na linne seo, áfach, is iad na *sans culottes *atá fágtha gan snáth ina mbrístí agus na huaisle móra - Tony O'Reilly, George Soros agus a chairde - atá ag imeacht leo ina gcóistí geala leis an bpota óir ar linne é tráth den saol.
Tráth den tsaol once
" Tráth den tsaol bhíodh sé an-deacair uirlisí a fháil agus mar sin bhíodh daoine ag fanacht ort ag an bhFleadh, agus beart mór de nótaí airgid ina lámh acu chun uirlis a cheannach uait, ach tá an lá sin imithe.
Tráth dá raibh once
" Tráth dá raibh, d'fhoghlaim páistí nár Bhaváraigh iad a dtuismitheoirí canúint an réigiúin.
tráth a bhí na Gaill i gceannas sa tír when the English were in power in the country
" Mhínigh Barra dhom go raibh cosc ar Ghaeil, tráth a bhí na Gaill i gceannas sa tír, aon bhall éadaigh buí a chaitheamh agus, dá bhrí sin, gur chúis mhórála dó féin an dath buí a bheith air go minic.
tráth once
" Bhíodh The Hole in the Wall Gang an-mhaith tráth, ach tá cibé faobhar a bhí ag baint leo sin ídithe leis na blianta.
tráth once
" Bhí sé chomh mór faoi thoirmeasc agus a bhí "feidearálach" tráth.
tráth once
" An bhfuil tionchar na nGael láidir go fóill ar Merseyside? "Níl," arsa cara liom a bhí ina dhugaire tráth.
tráth na stailce at the time of the strike
" Bhí bearna sa mhargadh, mar a déarfá, ó tharla a leithéid sin de lón léitheoireachta gan a bheith ar fáil ón *Times *ar feadh fada go leor tráth na stailce.
tráth na stailce at the time of the strike
" Bhí bearna sa mhargadh, mar a déarfá, ó tharla a leithéid sin de lón léitheoireachta gan a bheith ar fáil ón *Times *ar feadh fada go leor tráth na stailce.
tráth once
" Rinne Breandán Ó Doibhlin deighilt tráth idir "léamh" agus "léitheoireacht", idir "scil a chuireann ar ár gcumas ciall a bhaint as an chóras comharthaí sin ar a dtugaimid scríbhinn" agus scil a chuireann ar ár gcumas córas comharthaí de chineál eile a léamh.
tráth once
" Níl an leabhar ar fáil go fóill, ach deir an Free Press: "Tar éis dó a shaol a chaitheamh ag freastal ar an Aifreann gach Domhnach, tá deireadh curtha ag Breslin leis an cheangal atá aige leis an Eaglais a raibh oiread grá aige di tráth, agus, sa leabhar tábhachtach seo, atá lán feirge an duine a bhraitheann gur tréigeadh é, míníonn sé cén fáth.
an tráth sin at that time
" Gearradh trinsí doimhne cosanta an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe.
i dtrátha around about
" Bhí go maith agus ní raibh go holc, agus bhí i dtrátha dhá uair an chloig seoltóireachta déanta ag an bheirt.
i dtrátha an ama around the time
" Thosaigh an trioblóid in 2002 i dtrátha an ama a ndearna RTÉ mír faoi chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael don chlár turasóireachta "No Frontiers".
ag feidhmiú tráth mar mhonaplacht functioning once as a monopoly
" Is é an fhadhb leis sin ná go bhfuil úinéireacht na lúibe logánta i lámha Eircom, ar comhlacht iar-Stáit é a bhíodh ag feidhmiú tráth mar mhonaplacht.
tráth once
" Níor chreid muintir Thuama é, áfach, agus ar lá an olltoghcháin vótáil siad ina sluaite ar son Paddy McHugh, a bhíodh tráth le Fianna Fáil ach a sheas mar iarrthóir neamhspleách ar "thicéad" an ospidéil.
i dtrátha an ama chéanna around the same time
" Tugann Cudahy an chéad chóras faoi thalamh ar domhan ar cheann Nua-Eabhrac, cé go n-admhaíonn sé go raibh córais a bhí mórán mar an gcéanna ag cathracha i dtíortha eile i dtrátha an ama chéanna.
tráth once
" Ní thuigim cén chaoi a n-éireodh le héinne obair ar bith a dhéanamh san áit! Chaith an grúpa an chéad oíche sa Talla Mhòr sa choláiste, áit a bhíodh mar scioból tráth (is as seo a thagann ainm an choláiste, a chiallaíonn "scioból mór sa bhá thoir".
tráth once
" Fear breá aclaí ab ea an t-athair nuair a bhí sé óg - bhí sé ar fhoireann lúthcleasa Chontae Thír Eoghain tráth.
ó thráth go chéile now and again
" Go deimhin, ní ligfinn do mo pháistí féin siúl ar scoil leo féin mar gheall ar a chontúirtí is atá an bóthar sin, cé go ndéanaim iarracht siúl ar scoil leo ó thráth go chéile nuair a bhíonn an deis sin agam.
tráthanna faoi leith certain periods
" Nuair a bhíonn tuismitheoir scartha ó phaistí, nuair nach bhfeiceann sé iad ach ag tráthanna faoi leith, bíonn sé deacair i gcónaí.
tráth once
" Tá éagsúlacht nua ag baint le Katonah Avenue i gceantar Woodlawn sna Bronx, Nua-Eabhrac, ar cheantar Éireannach amháin é tráth; na laethanta seo, tá inimircigh as tíortha eile i mbun *delis, *siopaí crua-earraí agus gnólachtaí eile sa cheantar.
tráth once
" Tá athruithe á ndéanamh ó bunaíodh CLG (mar shampla, bhíodh duine is fiche ar fhoireann tráth) agus is cuid d'éabhlóid na gcluichí é.
tráth once
" Seasamh láidir glactha aige ar son ionad oideachais i mBaile Bhuirne san áit ina mbíodh Coláiste Íosagáin tráth.
tráth once
" Ba é thar éinne a bhain áit faoi leith amach don Léann Éireannach in ollscoileanna Mheiriceá, a bhí doicheallach go maith roimhe tráth.
tráth period
" ” Íospartach eile dá chuid é an míosachán *Saol*, nó “Pravda Fhoras na Gaeilge” mar a thug Ó Muirí air tráth.
tráth once
" “Tógadh mise i mBéal Feirste ag tráth nuair a gearradh na caidrimh idir na pobail ar fad,” a deir sé.
tráth once
" Maidir le lucht leanúna an tsacair in Éirinn, ba cheart dóibh bheith níos buartha faoi staid Ruagairí na Seamróige, an club ab fhearr agus ba cháiliúla sa tír seo tráth agus atá anois ar an trá fholamh agus todhchaí an-éiginnte rompu.
ó thráth go chéile now and again
" Beidh na léachtaí agus an t-ábhar teagaisc eile don Ard-Dioplóma i Scileanna Raidió á seachadadh ar an idirlíon, rud a fhágfaidh go mbeidh duine in ann an cúrsa a dhéanamh áit ar bith ar domhan, fad is go mbeidh deis aige teacht chuig ceardlanna a bheas ar siúl ó thráth go chéile in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua i gConamara.
tráth once
" Bhí sé gníomhach tráth i gcúrsaí polaitíochta – chaith sé seal sa phríosún agus seal eile ar a sheachnadh i nDún Dealgan.
ag cur faoi tráth living once
" As sin, chuaigh siad go Managua agus go Cúba, áit a raibh Niall Connolly ag cur faoi tráth.
Tráth dá raibh once upon a time
" Tráth dá raibh bhí an scéal i bhfad níos simplí.
tráth once
" AÓF: Bhí tú ag seinm leis an ngrúpa Providence tráth freisin, nach raibh? MNíE: Chas mé ar an chéad dlúthdhiosca s'acu agus rinne mé cúpla turas leo.
tráth time
" Tharla go raibh mé i Nua-Eabhrac i dtrátha an ama seo anuraidh.
i dtrátha an ama seo around this time
" Tharla go raibh mé i Nua-Eabhrac i dtrátha an ama seo anuraidh.
tráth sna hochtóidí at one stage in the Eighties
" Ba Ghaeilgeoirí iad, a raibh dhá naíscoil á reáchtáil acu tráth sna hochtóidí, i gceantar na Margaí agus thall sa Trá Ghearr.
faoin tráth seo by this time
" Thug sé Craobh na hÉireann leis sa ngrád faoi 21 freisin (faoi dhó) agus faoin tráth seo bhí sé ar an bhfoireann shinsear freisin.
an tráth seo this time
" * Líon mo shúile le deora – an tráth seo bhí mise brónach.
nuair a d’fhiafraigh sé tráth when he once asked
" Chuaigh an comhfhreagraí sin de chuid RTÉ, Jim Fahy, i bhfeidhm go láidir ar mhothúcháin na ndaoine a bhí fágtha ina ndiaidh nuair a d’fhiafraigh sé tráth cén uair a stopfadh an eisimirce as iarthar na hÉireann.
tráth once
" Ba scoil tionsclaíoch tráth an coláiste ina raibh sé ach ní raibh na scéalta faoi bhrúidiúlacht na n-institiúidí sin ar eolas ag mórán de phobal na hÉireann ag an am.
an tráth seo this time
" * Líon mo shúile le deora – an tráth seo bhí mise brónach.
tráth at the time of
" Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.
faoin tráth seo den bhliain about this time of year
" * **Balor:** Mura bhfuair sibh ach roinnt de na gnáthfhocail chaidrimh Éireannacha i nDáil Éireann, cá háit a bhfuair sibh an chuid eile? **CD:** Bhuel, a Bhaloir, ar dtús thosaigh muid ag póirseáil fríd do chuid altanna ar *Beo Ar Éigean*, féachaint an dtiocfadh linn rud éigin a fháil le rá faoin tráth seo den bhliain, an t-earrach, agus d’fhoghlaim muid a leithéid is “Cuireann lus an chromchinn preab i mo chroí; cuireann an sabhaircín dinglis ar mo chraiceann; cuireann an tsailchearnach an suán ag sciurdadh fríd mo chuid féitheog ó na ladhracha aníos.
tráth den saol once
" Cuimhnímis go mbíodh an Roinn sin ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol! Ach anois tá an Roinn sin (atá i bhfeighil scoileanna na tíre) tar éis a admháil nach bhfuil aon líofacht teanga ag 97% dá foireann, cé go ndeachaigh siad tríd an chóras scolaíochta.
tráth once
" ” Chaoin sí aréir nuair a chan sé “The Fields of Athenry” – bhí sí pósta ar Éireannach tráth.
faoin dtráth seo by now
" Ach is seisear fear iontach iad agus, faoin dtráth seo, tá siad mar a bheadh mo dheartháireacha ann.
tráth once
" Tá an meon céanna le fáil ar fud an domhain i measc pobal a bhí tráth faoi chois ag comharsana níos cumhachtaí.
cúpla tráth sa tseachtain a few times a week
" Thagadh an Ríordánach cúpla tráth sa tseachtain le bualadh leis na mic léinn i Roinn na Gaeilge.
faoin dtráth seo is cuma by now it doesn't matter
" Fós tuirseach ach faoin dtráth seo is cuma.
tráth once
" “The Irishness of other people is always a subject of great interest to the Irish,” a dúirt an tráchtaire Anthony Cronin tráth.
tráth den tsaol once
" Anois, teastaíonn uaim féachaint ar cheol na n-imirceach ón gceantar céanna, daoine mar Michael Rafferty, Muintir Coen, Joe Cooley agus Joe Burke, ceoltóirí ó oirthear na Gaillimhe a chaith tréimhsí i Nua-Eabhrac tráth den tsaol.
tráth dá raibh once upon a time
" Glac uaimse é go rabhamar breá sásta baile Malealea agus Malealea Lodge a fheiscint! B’ionad trádála é Malealea Lodge tráth dá raibh, ach sa lá atá inniu ann is iad marcaíocht capall, cnocadóireacht agus lóistín an príomhghnó ata ar bun ann.
i dtrátha an ama chéanna sin around that same time
" ” Bhog roinnt mhaith daoine siar i dtrátha an ama chéanna sin, an stiúrthóir teilifíse Bob Quinn, cuir i gcás, mar gur theastaigh uathu éalú ó shaol na cathrach.
tráth once
" Bhain an Namaib – ar glaodh German South West Africa uirthi tráth – neamhspleáchas amach ón Afraic Theas i 1990.
tráth once
" Bhíodh sé i Rosie O’Grady's i gCros Arailt tráth agus roimhe sin sa Willows i nDún Droma.
a bhí acu tráth. that they had once.
" Tá gá le seift nó plean cliste a thabharfadh na cluichí ar ais go dtí an staid ina raibh siad agus a thabharfaidh an stádas dóibh a bhí acu tráth.
a mhealladh sluaite móra tráth, that once used to attract big crowds,
" Corn an Oireachtais Ós ag scríobh dom faoi chomórtas an Bhóthair Iarainn, níor mhiste comórtas eile a lua, comórtas a mhealladh sluaite móra tráth, agus atá ligthe i léig ar fad.
tráth, once,
" * - *Ach ba é seoidín an lae inniu uaidh ná gur cheannaigh mac le Woody Guthrie, Arló, píobaí tráth, agus gur mhaígh sé go hard sollúnta leo siúd ina thimpeall go mbeadh sé ábalta iad a mháistriú i dtrí lá.
ó thráth go chéile. from time to time.
" ‘Féinleigheas’ a thug sé air - *ten-spot* laethúil, dhá channa Arthur, ocht gcupán Nescafé (nó tae Barry’s), idir fiche is tríocha rólaí Drum agus pé ar bith diabhlaíocht eile a tháinig faoina raon ó thráth go chéile.
a bhí ina choilíneacht do phríosúnaigh tráth a former convict colony
" Faraor, briseadh isteach sa charr a bhí ar cíos againn in Port Arthur, a bhí ina choilíneacht do phríosúnaigh tráth – b’fhéidir gurbh é ceann de na taibhsí a bhí ciontach! Bhí draíocht éigin ag baint leis an Tasmáin domsa a bhí in easnamh ar an gcósta thoir.
cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain a national league game this time of year
" De ghnáth, ní tharraingíonn cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain ach slua measartha i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas i lár an tsamhraidh, ach ar an ócáid áirithe seo tháinig lucht leanúna na *Dubs* agus Thír Eoghain ina mílte, móide dream mór neodrach (mar a thugtar orthu) don ócáid speisialta, is é sin lasadh oifigiúil thuilsoilse nua Pháirc an Chrócaigh agus an chéad chluiche faoi shoilse sa staid stairiúil sin.
tráth once
" Bhí sí tráth i lámha duine de bhanna ceoil an Gharda Síochána, ar feadh blianta, agus ina theannta thaistil sí ó cheann ceann na tíre agus bhí sí leis nuair a sheinn sé i ngach halla paróiste agus ag gach féile is fleadh in Éirinn.
tráth once
" "Measadh tráth go raibh an baol ann go bhfaigheadh an Íoslainnis agus an Fharóis bás ach, i ndáiríre, ní raibh an baol ann riamh go n-imeoidís.
faoin tráth seo by now
" Ach faoin tráth seo is dóigh go ndéarfainn go bhfuil sé dúshlánach seachas deacair.
tráth, once,
" Dála go leor áiteanna san Afraic, bhí an phóitseáil ina fadhb mhór anseo tráth, agus is fadhb í atá fós le réiteach i gceart.
ag an tráth seo bliana at this time of year
" Cinnte, tá rian láidir Sasanach ar an Nua-Shéalainn, ach ag an tráth seo bliana bíonn an Mhaoiris, ar a dtugtar Te Reo, níos feiceálaí ná mar a bhíonn de ghnáth.
tráth. once.
" Iaró de chuid Néill Naoighiallaigh ab ea é, tríd an mhac ba shine a bhí aigesean, Fiachach, agus bhí sé ina easpag tráth.
tráth, once,
" Agus mar a dúirt iar-phríomh-aire na Breataine, Harold Wilson, tráth, “*A week is long time in politics*”.
tráth once
" Nemeton – garráin dhiaga a dtagadh druideanna le chéile iontu tráth den saol, lena ndeasghnátha a chleachtadh agus le corrainmhí bocht donasach a bhronnadh ar na déithe mar íobairt.
an tráth sin at that time
" Ní raibh sa tír an tráth sin ach sé choilíneacht éagsúla, a bhí ina mbaill d’Impireacht na Breataine.
faoin tráth seo. at this time
" Rud mór d’fhoireann ar bith is ea é dhá chraobh i ndiaidh a chéile a bhuachan, mar atá déanta acu faoin tráth seo.
tráth. once
" *“I want to throw things right out the window as they're handed to me, but instead I say thank you and drop them into the box-of-the-month,” *a dúirt Warhol tráth.
tráth na gceist table quizz
" Is measc na n-acmhainní a chuireann siad ar fáil, tá ábhar margaíochta, lámhleabhar atá dírithe ar dhaltaí scoile agus ábhair éagsúla ar féidir úsáid a bhaint asle tráth na gceist agus imeachtaí eile a eagrú.
tráth den saol. once upon a time
" CaimiléireachtIs iarmhéara de chuid Marbella é Jesus Gil, an fear míchlúiteach céanna ar leis an club sacair Atlético Madrid tráth den saol.
i dtrátha an ama sin around that time
" Bhí Carrie le feiceáil go leanúnach ar scáileáin na hÉireann i dtrátha an ama sin agus a hainm go mór i mbéal an phobail ach go tobann, ag tús na mílaoise nua, rinne sí cinneadh a cúl a thabhairt le hobair theilifíse.
i dtrátha an ama chéanna: around the same time
" Mar theoiric, is beag duine a d’easaontódh leis an ráiteas sin, ach níor mhiste aird a thabhairt chomh maith ar ráiteas eile a rinne Brundage i dtrátha an ama chéanna: “*certain Jews must now understand that they cannot use these games as a weapon in their boycott against the Nazis.
tráth den saol, once upon a time,
" Rinne sé cur síos thar a bheith siamsúil, tráth den saol, ar chuid de na daoine a fhreastalaíonn ar na comhdhálacha móra a reáchtálann eagraíochtaí teanga – “*Anoraks* na Gaeilge”, a thug sé orthu, “ a mbíonn *orgasm* acu nuair a bheireann siad greim ar an micreafón lena gcuid a rá!” D’fhéadfaí a rá go mbíonn gothaí móra agus buillí beaga i gceist go minic i saol na Gaeilge.
tráth nach raibh trácht ar a time when there wasn't a mention of
" Bhíodh tóir ag go leor Éireannach ar Mhanainn, áfach: ba mhinic na báid ghaile ag imeacht ó Bhaile Átha Cliath go Doolish tráth nach raibh trácht ar Ryanair ná Michael O’Leary.
Tráth speisialta special time
" Tráth speisialta is ea 2008 do mhuintir Raidió na Life mar i mbliana, ceiliúrann an stáisiún a chomóradh cúig bliana déag.
a mhaígh tráth who once mentioned
" Nárbh fhearr i bhfad dóibh feidhmiú go réamhghníomhach agus a n-imní a léiriú dá bpáirtithe sa chomhrialtas nuair a céadmholadh an tástáil mhaoine ar phinsinéirí, in áit a bheith ag olagón nuair a bhí an beart curtha i gcrích? An amhlaidh nár thug na dreamanna seo uilig aon suntas do scéal a bhí ar chéad leathanach an nuachtáin is mó meas sa tír coicís roimhe sin? Ach is cinnte nár cheart go dtiocfadh an alltacht agus an fhearg a bhí ar an phobal maidir leis an mholadh aniar aduaidh ar Thaoiseach a mhaígh tráth go raibh sé ina “good judge of what makes people tick.
tráth while
" An Meánoirthear Agus é sa Mheánoirthear, bhuail Conor le fear i dteach tábhairne dtuaisceart Iosrael, tráth a raibh Arm na hÉireann mar chuid de UNIFIL i 1979.
tráth a raibh when
" ” Dialann turais Thagair mé do dhialann idirlín a choinnigh Cathy tráth a raibh Dervish ar turas sna Stáit Aontaithe.
tráth at one time
" Bhíodh Nua-Ghuine Phapua ina coilíneacht de chuid na hAstráile tráth agus tá baint stairiúil láidir ag an Astráil leis an Bhreatain, a bhíodh ina cumhacht choilíneach ar thíortha éagsúla an réigiúin.