Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tráthúil timely
" Tráthúil go leor, tharla eachtra den saghas céanna tamall roimhe sin a chosain £3,000,000 ar rialtas na Breataine.
Tráthúil timely
" Tráthúil go leor a bhí "The Raw Bar" agus suim pholaitiúil á cur sa cheol traidisiúnta; tá fochoiste faoi choimirce na Comhairle Ealaíon bunaithe anois ag an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta John O'Donoghue, Coiste Speisialta na nEalaíon Traidisiúnta.
tráthúil topical
" Is dráma tráthúil é seo, dar le Mac Umfraidh, go háirithe i gcomhthéacs roinnt de na himeachtaí is déanaí sa domhan.
tráthúil timely
" Tá sé tráthúil go maith bheith i mbun cainte le hiarfhostaí de chuid Amharclann na Mainistreach agus díospóireachtaí leanúnacha ar siúl i dtaobh thodhchaí na hinstitiúide le linn di bheith ag ceiliúradh céad bliain ar an bhfód.
tráthúil timely
" Bhuaigh Donie Nealon ó chlub Bhuiríosa beagnach gach craobh dá raibh ann mar bhall d’fhoireann bhuacach a chontae idir 1958 agus 1965 agus, tráthúil go leor, bhuaigh sé bonn Átha Cliath leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
tráthúil timely
" Tá sé cúig bliana ó scríobhas cheana fúithi agus, má bhí sé tráthúil an uair sin, is tráthúla fós é i bhfianaise ráiteas éagsúil a rinneadh le déanaí.
tráthúil timely
" Mhíníos dó go scríobhtar an t-alt seachtain nó dhó roimh fhoilsiú na hirise agus, i ngeall air sin, is deacair a bheith tráthúil.
cé chomh tráthúil is atá sé how timely it is
" De bhrí go bhfuil aithne fhorleathan ag muintir Bhéal Feirste ar Ghearóid, is beag duine ón bpobal Gaelach ansin nach dtuigfidh cé chomh tráthúil is atá sé agallamh a chur air i mí Iúil 2007.
tráthúil timely
" Tá foilsiú an leabhair seo tráthúil mar tá athbheochan iontach ar siúl sna cluichí Gaelacha i Learpholl faoi láthair agus tá an-suim ag na himreoirí óga i stair na heagraíochta sa tír seo.
tráthúil well-timed
" Bhí sé tráthúil go maith agallamh a chur ar Philip King ag an am seo mar go bhfuil sraith cheolchoirmeacha díreach i ndiaidh a bheith ar siúl aige féin agus ag a bhanna ceoil, Scullion.
tráthúil topical
" Is tráthúil an bharúil í sin i bhfianaise an chinnidh atá déanta ag Foras na Gaeilge deireadh a chur lena gcuid tacaíochta do nuachtán laethúil sa Ghaeilge ó mhí Aibreáin na bliana seo chugainn.
Tráthúil go leor appropriately enough
" Tráthúil go leor, i rith na díospóireachta idir Biden agus Sarah Palin ar na mallaibh, léirigh an bheirt acu a gcuid tacaíochta láidre do na hIosraelaigh, ach níor luaigh ceachtar acu na Pailistínigh oiread is uair amháin.
tráthúil timely
" Is bean óg dhathúil í Cathy Jordan, bail ó Dhia uirthi, ach is bean tráthúil í fosta, mar bhuail sí isteach san óstán a bhí ceaptha go díreach san am a bhí ceaptha agus í réitithe chun cainte.
thráthúil timely moment
" Bhí sé foighneach, ach nuair a thagadh an uair thráthúil, thapaíodh sé an deis.
Tráthúil go leor timely enough
" Tráthúil go leor, is é téama na hArd-Fheise i mbliana ná ‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann.
chomh tráthúil as timely
" Dearcadh an duine Thug léachtóir eacnamaíochta anseo in Ollscoil Virginia moladh dá chuid mac léinn cúpla mí ó shin, agus tchítear dom go bhfuil sé ar a laghad chomh tráthúil anois is a bhí sé nuair a dúirt sé den chéad uair é.
tráthúil appropriate time
" Chailleas beirt de na déithe teaghlaigh seo’gamsa toisc nach rabhas ar an mór-roinn cheart san am tráthúil.
tráthúil timely
" Is deacair a bheith tráthúil i gcás alt míosúil.
tráthúil timely, opportune
" Tá sé tráthúil go leor, ar ndóigh, go n-osclóinn mo dhoras ar vaimpír.
an-tráthúil very timely
" **Duaiseanna** Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire ó Fios Feasa, mar atá, CD ROM atá an-tráthúil um Nollaig: Amhrán is Fiche don Nollaig Ar Amhrán is Fiche don Nollaig, tá amhráin traidisiúnta na Nollag as Gaeilge, á rá ag triúr amhránaithe aitheanta ó Ghaeltachtaí éagsúla: Méabh Ní Bheaglaoich, Síle Denvir agus Mairéad Ní Mhaonaigh.
tráthúil timely
" Leis na ‘*Beatles Remastered*’ fós ag tiomáint na ndoirse amach ins na trucail, tá ‘*Nowhere Boy*’ tráthúil, pé scéal é.
tráthúil opportune, timely
" Cé a chonaic ar a chéad shodar a dhearmadfas riamh an t-each folúil sin ‘*Bonnie and Clyde*’? Bhí sé tráthúil gur aimsigh sárshaothar Arthur Penn glúin leanta nua san IFI le deireannas.
Is tráthúil it’s timely
" Is tráthúil do theacht chugainn a Shínis.
tráthúil timely, opportune
" Sa bhliain 2012, nuair a dhéanfar bunú Pháirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1912 a chomóradh, nach mbeadh sé tráthúil comharba ar James Connolly a bheith ina Thaoiseach ar an stát! B’fhéidir nach bhfuil ar bun agam ach taibhreamh.
is tráthúil it’s timely
" É sin ráite, is tráthúil an t-am é seo le córas úr a bhunú ó tharla gur beag earcaíochta nó comórtais arduithe céime a reachtáilfear sna blianta beaga amach romhainn.
Is tráthúil é it’s timely
" Is tráthúil é mar scéal freisin a bhuíochas do thubaiste thragóideach eile a tharla níos lú ná bliain ó shin.
tráthúil opportune
" Ach in amanna éagsúla filleann Fionn Mac Cumhaill ag féachaint an bhfuil sé tráthúil do na Fianna teacht ar ais.
tráthúil timely
" Tá sé tráthúil go raibh tú ag caint ar seo mar seachtain ó shin bhí mé ag breathnú ar an Youtube seo, *‘The Story of the English Language’*.
Ba thráthúil it was opportune
" Ba thráthúil an t-am é ré an tíogair cheiltigh chun tabhairt faoi athnuachan a dhéanamh ar innealra daonlathach an stáit le go mbeadh sé fóirsteanach don aonú aois is fiche.
tuarascáil tráthúil a timely report
" Foilsíodh tuarascáil tráthúil ar an ábhar 'Catch 16-22, Recruitment and retention of minors in the British armed forces, i Mí Márta.
feachtas tráthúil a sheoladh to launch a timely campaign
" com) úsáid a bhaint as an spéis idirnáisiúinta seo i gcúrsaí dlí, teicneolaíochta agus cearta chun feachtas tráthúil a sheoladh le haird a tharraingt ar reachtaíocht atá idir láimhe san Oireachtas faoi láthair.
Tráthúil go leor timely enough
" Tráthúil go leor, tarlaíonn sé gur san Eoraip a bheas an dá fhéile spóirt seo ar siúl agus iad gar go maith d’Éirinn le go mbeidh lucht leanúna in ann freastal orthu.
tráthúil suitable
" Is pictiúr lán de shiombalachas tráthúil é, a bhaineann leis an phoblacht nua agus a léiríonn saineolas de Witt ar na dóigheanna nua le spás agus peirspictíocht a chur in iúl.
Tráthúil go leor appropriately
" Ceartú na hÉagóra ======= Tráthúil go leor, tá fiosrúchán eile á éileamh san am i láthair ag polaiteoirí sa Bhreatain faoi cheannaireacht an Tiarna Alton.
tráthúil go leor timely enough
" Rinneadh an dealbh, atá le feiceáil in aice le Droichead na Lánúineacha i bPairc Khreschatyi sa Chív mar chomóradh ar a ngrá seasmhach, agus, tráthúil go leor, is áit í sin a dtagann lánúineacha nuaphósta lena ngrá a chur in iúl dá chéile.
tráthúil timely
" Ach bheadh sé tráthúil ins an bhliain a ndéanfar comóradh ar Éirí Amach na Cásca dá bhfógródh an dá pháirtí traidisiúnta seo don saol Fódlach go bhfuil créachta Chogadh na gCarad chóir a bheith cneasaithe um an dtaca seo.
thar a bheith tráthúil very timely
" Na ceisteanna a chíortar sa leabhar seo, tá siad thar a bheith tráthúil nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha a tharlaíonn beagnach gach cúpla mí sna Stáit Aontaithe, ach san Eoraip freisin – an t-ár uafásach a rinneadh ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha agus frith-imircigh san Iorua in 2011 agus lámhach na nGiúdach i Marseilles scaitheamh ó shin, agus níl iontu sin ach dhá shampla.
Tráthúil timely, fitting
" Tráthúil atá tiomnú an leabhair seo – do na fonnadóirí agus do na filí a bhí ann ach a d’imigh, a mhair ar an mbeagán, ach a d’fhág mórán.
Is cuí agus is tráthúil it’s fitting and timely
" Is cuí agus is tráthúil go bhfuil an taispeantas seo le feiceáil sa Róimh agus a bhfuil de chosúlachtaí idir griangrafadóireacht Jeffries agus saothar na n-ealíontóirí móra ón Ré Bharócach, atá le feiceáil go forleathan sa chathair sin.
Is tráthúil it’s opportune
" Is tráthúil mar a tharlaíonn sé go mbeidh an tUachtarán i Sasana i mBliain Chuimhneacháin thosach an Chéad Chogadh Domhanda.
bhí sé ina ábhar tráthúil it was very proper
" 5 milliún oilithrigh chuig tuama Naomh Peadar le linn na bliana seo mar chuid do Bhliain an Chreidimh agus mar sin bhí sé ina ábhar tráthúil gur leis an taispeántas seo a cuireadh deireadh leis an bhliain.
Tráthúil go maith timely enough
" Tráthúil go maith, tháinig an ghluaiseacht Rómánsach agus an ghluaiseacht Ghotach chun cinn timpeall an ama chéanna i mblianta deiridh an ochtú haois déag, dhá ghluaiseacht a mhúscail spéis as cuimse i ngnéithe den osnádúr.
is cinnte gur tráthúil it’s definitely timely
" Is sampla maith é den dóigh ar féidir le ceiliúradh cultúir caidreamh pobail a leasú agus a neartú agus is cinnte gur tráthúil gurb é seo an chéad uair a tugadh an fhéile seo trasna na Teorann.
tráthúil, timely
" Tá sé tráthúil, mar sin, a bheith ag machnamh ar na bealaí a ndéantar leithcheal go fóill ar na pobail seo in Éirinn.
tráthúil timely
" Bhí John-Paul McCarthy ag athléamh leabhar tábhachtach a scríobh Michel Foucault, leabhar a mbeidh a theideal tráthúil i dtólamh faraor, Madness and Civilization.