Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ceist oscailteachta agus trédhearcachta a question of openness and transparency
" B’fhéidir go ndearna Sam Smyth iarratas foirmiúil ar an eolas seo; ach cá bhfuil an fhianaise? An bhfuil sé ceart ná cóir go dtabharfaí fabhar faoi leith dó, mar go bhfuil sé mór leis an Aire, agus go mbeadh sé slán ón ghnáthpháipéarachas a bhaineann lena leithéid d’iarratas? Ceist oscailteachta agus trédhearcachta atá ann! Chonaic muid le déanaí i gcás an íde béil a thug sé do Richard Bruton gurb í an chosaint is fearr a bhíonn ag an Aire McDowell ná dul ar an ionsaí.
trédhearcacht transparency
" Tá céimeanna dalba glactha aici i dtaca le trédhearcacht bíodh is go bhfuil cuid acu conspóideach go leor, ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna agus sraitheanna na dtorthaí scrúduithe.
easpa trédhearcachta lack of transparency
" An bhfuil cúis faoi leith leis an easpa trédhearcachta faoin cheist seo? Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap.
easpa trédhearcachta lack of transparency
" Sular cuireadh tús leis na Cluichí, bhí cur agus cúiteamh go leor faoi chionta na Síneach i réimse éagsúla: cearta daonna, an Tibéid, cúrsaí comhshaoil agus easpa trédhearcachta i dtaca le hiasachtaí a tugadh do thíortha Afracacha mar an tSúdáin agus Angóla.
Easpa Trédhearcachta a lack of transparency
" Easpa Trédhearcachta… ======== Níor glacadh, áfach, le hiarratas an Uasail Mallak féin.
an easpa trédhearcachta is cuntasachta lack of transparency and accountability
" Ní réitíonn an breithiúnas na fadhbanna eile a thréithríonn próiseas na headóirseachta in Éirinn, ná an easpa trédhearcachta is cuntasachta a thréithríonn roinnt mhaith den chóras inimirce is saoránachta in Éirinn.
trédhearcacht transparency
" Dar leis an gComhairle um Inimircigh na hÉireann gurb é sásra den chineál seo an tslí is fearr chun trédhearcacht, nósanna imeachta córa agus leigheasanna feidhmiúla a chinntiú d’inimircigh in Éirinn.
An Trédhearcacht transparency
" An Trédhearcacht ======= Dar le Loretta Dignam, Príomhfheidhmeannach Gníomhach le Fundraising Ireland, “is ábhar buartha é titim na síntiús, tráth go bhfuil níos mó éilimh ar sheirbhísí ann.
Trédhearcacht transparency
" Trédhearcacht sna Fógraí de Dhíth =============== Tá aithne againn go léir ar dhaoine a mbíonn ‘madraí á choinneáil acu’ ach an bhfuil sé de dhualgas eiticiúil orainn, cleachtais níos fearr a lorg ó gach díoltóir? Is léir go bhfuil an locht ar thomhaltóirí freisin agus an bealach go mbíonn madraí tréigthe ar fáthanna éagsúla.
ré nua trédhearcachta, a new age of transparency,
" Tá easpa muiníne ag muintir na hÉireann sa Gharda Síochána le dornán blianta anuas ach táthar ag súil gur féidir tús a chur anois le ré nua trédhearcachta, a deir Breandán Delap.