Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tarraingt ar thríocha approaching thirty
" "Tá an fear liath ag tarraingt ar thríocha," a d'fhreagair Ali.
go dteastaíonn slua de thart ar thríocha míle duine that a crowd of about 30,000 people is required
" Tá sé ráite go dteastaíonn slua de thart ar thríocha míle duine chun an costas a bhaineann le reáchtáil cluiche amháin i bPáirc an Chrócaigh a ghlanadh.
aon iarrthóir is tríocha thirty-one applicants
" D'ainneoin sin, deir siad nach bhfuil aon taifead acu i leith líon na dtithe a bhfuil coinníoll teanga leagtha orthu nó ainmneacha na n-eastát a bhfuil socrú dlí déanta acu leis an Chomhairle Chontae faoin choinníoll, nó go deimhin iad siúd nach bhfuil! An bhféadfadh sé seo a bheith fíor? Cén dóigh ar féidir póilíneacht cheart a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an choinníll nuair nach bhfuil aon chomhad speisialta ann fána choinne? Ón bhliain 2003, cuireadh aon iarrthóir is tríocha faoi agallamh i nGaillimh agus bhain ceithre dhuine is fiche an caighdeán amach mar atá leagtha síos sna haontaithe dlíthiúla.
idir tríocha agus daichead oiread an méid radachuir between thirty and forty times the nuclear fallout
" Scaoileadh idir tríocha agus daichead oiread an méid radachuir sa phléascadh sin ná mar a scaipeadh i ndiaidh gur phléasc na buamaí adamhacha in Hiroshima agus Nagasaki sa bhliain 1945.
tríocha faoin gcéad 30%
" Bhí beagnach tríocha faoin gcéad d’oibrithe na tíre dífhostaithe agus bhí teipthe ar na céadta míle gnónna ar fud na tíre.
tríocha úr new 30s
" Agus anois deir siad gurbh é ceathracha an tríocha úr, mar sin thig liom dul tríd na deich bliana sin arís le deich mbliana taithí sa bhreis.
Gluaiseacht Ceannasachta na Dhá Chontae is Tríocha 32 County Sovereignty Movement
" Ní fhaca mé riamh dúnghaois chuimsitheach de chuid Gluaiseacht Ceannasachta na Dhá Chontae is Tríocha, atá ceangailte leis an Fhíor-IRA, a chuaigh i ngleic le réadúlachtaí an lae inniu, le castachtaí Éire na 21ú?haoise.
tríocha bonn airgid 30 pieces of silver
" Ar bhonn áitiúil, thug comhairleoirí áirithe droim láimhe do mhianta na ndaoine a thogh iad nuair a rinne siad athchriosú ar thalamh ghlas ar mhaithe le tríocha bonn airgid.
sé bliana is tríocha 36 years
" An scéal faoin bhfear, sé bliana is tríocha d’aois, a chuaigh amach chuig dioscó ag deireadh mhí na Samhna agus a d’fhág a iníon ina codladh i gcúl an chairr.
bliain is tríocha 31 years
tríocha faoin gcéad 30%
" Deirtear go minic go bhfuil an Astráil ar an tír is Gaelaí ar domhan, taobh amuigh d’Éirinn í féin, agus meastar gur de shliocht Éireannach iad suas le tríocha faoin gcéad de mhuintir na tíre.
le beagnach tríocha bliain for almost thirty years
" Anuraidh an chéad uair dom le beagnach tríocha bliain.
le beagnach tríocha bliain anuas for almost thirty years
" In ainneoin an chaidrimh mhaith, áfach, tá an dá thír in adharca a chéile le beagnach tríocha bliain anuas i dtaca le seilg an mhíl mhóir sa Teiscinn Theas.
riail tríocha bliain 30 year rule
" Léiríonn comhaid stáit atá díreach scaoilte saor anois faoin ‘riail tríocha bliain’ ag an Chartlann Náisiúnta go raibh seachadadh litreacha le seoltaí Gaelacha ina chonspóid idir údaráis phoist na hÉireann is na Breataine ag deireadh na seachtóidí.