Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
achainí thrócaire mercy petition
" Shínigh 60,000 duine achainí thrócaire ach crochadh é i Melbourne i mí na Samhna, 1880.
trócaire mercy
" Agus ná bí ag súil le trócaire ó iriseoirí mar is páca madadh cáidheach iad iriseoirí a náireodh a máithreacha féin dá dtabharfaí an chéad leathanach dóibh.
trócaire mercy
" Chaith siad lá i ndiaidh lae ag déanamh níocháin daoine eile chun go ndéanfadh Dia trócaire orthu féin.
gan trócaire without mercy
" Aontaíonn siad ar fad gur duine uasal é; gur cainteoir maith é; gur spreag sé iad; gur chuir sé iad ag traenáil go dian, gan trócaire; go ndeir agus go ndéanann sé rudaí aisteacha; go n-ullmhaíonn sé iad ar fheabhas le haghaidh cluichí móra sa chaoi is nach ngéilleann siad go deireadh an chluiche; go gcuidíonn sé leo ar bhealaí éagsúla ina saol pearsanta; gur féidir labhairt leis agus nithe a phlé leis; go mbíonn a theach i gcónaí ar oscailt dóibh; go gcailleann sé guaim air féin uaireanta; go dtugann sé deochanna gránna dóibh le n-ól uaireanta; agus go ndéanfadh rud ar bith ar son fhoireann na Mí.
trócaire mercy
" Is iomaí uair a d'fhan léi, go ndéana Dia trócaire uirthi.
trócaire mercy
" Rinne Caravaggio téamaí móra mar chailliúint, trócaire agus fuascailt a scrúdú go mion ina shaothair dheireanacha, téamaí a bhí gearr dá chroí féin ar go leor dóigheanna éagsúla.
trócaire mercy
" AÓF: An bhfuil aon amhrán ar leith gur fearr leat thar aon cheann eile? MNíB: Is breá liom “An Binsín Luachra”, a fuaireas ó Shean de hÓra, trócaire ar a anam.
Cros na Trócaire the Cross of Mercy
" Ní raibh le feiceáil ach na sraitheanna cros bán agus Cros na Trócaire, atá le fáil i ngach reilig a bhaineann leis an gcogadh seo.
an easpa trócaire seo this lack of mercy
" D’admhaigh Freud go bhfuil sé tíoránta ó thaobh na slí a scrúdaíonn sé a mhainicín agus é á phéinteáil agus bhí an easpa trócaire seo le feiceáil sa phortráid oifigiúil a rinne sé den Bhanríon Eilís II in 2001.
trua nó trócaire pity
" Cheapfá go mbeadh trua nó trócaire de shórt inteacht ina chroí.
trócaire mercy
" Chosain Cromwell an marú gan trócaire i nDroichead Átha, mar bhealach leis an bhfeachtas míleata in Éirinn a bhrostú, trí dhaoine a scanrú i dtosach ó chur ina éadan.
gan trócaire merciless
" Ar ionsaitheoir gan trócaire a mharaigh na mná óga, an le teann éada a maraíodh iad nó an bhfuil baint ag fórsaí osnádúrtha leis na heachtraí uafáis seo? Craolfar Na Cloigne arís mar scannán lán fhada ar TG4 amach san fhómhar.
trócaire clemency
" An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air? Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le *“reverse onus”*, *“proportionality review”* agus *“justiciability”*.
foréigneach gan trócaire violent, merciless
" An mhí seo caite, rinne mé cur síos ar fhíseán a d’eisigh al-Qaeda i mí Meithimh inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne, a lucht leanúna i Meiriceá teacht ar ghunnaí agus jihad foréigneach gan trócaire a fhearadh ar “chomhghuaillíocht na Síónach agus na gCrosáidirí” thall.
daoine anaithnide á gcéasadh gan trócaire anonymous persons being tortured mercilessly
" Níorbh fhada go raibh trúpaí Mheiriceá san Íaráic agus san Afganastáin, agus go raibh carcracha rúnda á riaradh ag na Stáit Aontaithe timpeall an domhain ina raibh daoine anaithnide á gcéasadh gan trócaire.
Streachailt gan trócaire a merciless struggle
" Streachailt gan trócaire a bhí romhainn amach suas sleasa ingearacha Chnoc na nUilleann agus na cosa ag éileamh.
ar thrócaire on the mercy
" Glactar go forleathan leis gurbh é an leabhar seo príomhshíol Stát na hIosráile againne, leabhar inar mhínigh Herzl dá chomhghlacaithe cén fáth ná féadfaidís brath a thuilleadh ar thrócaire na liobrálaithe Gearmánacha.
gan trócaire mercilessly
" Is cuimhin liom go maith ag an dtoghchán deireanach an bealach náireach inar cháin siad na Glasaigh go mí-ionraic agus gan trócaire a bheith i rialtas le Fianna Fáil, amhail is gurbh iad na Glasaigh a bhí ciontach as titim thubaisteach na mbancanna.