Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
easpa traidisiúin lack of tradition
" Thrácht Cullen ar an "easpa traidisiúin atá forleathan in Éirinn" agus mhaígh sé gurb é seo ceann de na cúiseanna go raibh dearcadh "éiginnte, leithscéalach" ag muintir na tíre.
a rinne seachadadh ar an traidisiún who passed on the tradition
" Ach, thar aon rud eile, mhothaigh mé go raibh cuimhne na ndaoine a rinne seachadadh ar an traidisiún ligthe i ndearmad ar fad.
meáchan an traidisiúin the weight of tradition
" Tríd an alt tá stair an chluiche luaite, tionchar Acht an Aontais in 1800, bunú an Chumainn Lúthchleas Gael, meáchan an traidisiúin agus cluichí éagsúla.
ag tabhairt neamhairde ar an traidisiún ignoring the tradition
" Tá nós ag daoine scaití a bheith ag rá go bhfuil na damhsóirí anois ag tabhairt neamhairde ar an traidisiún agus ar stíleanna agus céimeanna na ndamhsóirí a bhí mar fhoinse.
traidisiún béil oral tradition
" Tá an traidisiún béil an-tábhachtach agus tá na fabhalsceálta agus na finscéalta a choimeád a sinsear beo mar chuid lárnach fós den chultúr láidir Faróch.
traidisiún béil oral tradition
" AÓF: Cén chaoi a múineann tú féin tiún do dhaoine óga atá ag foghlaim uait? An bhfuil sé deacair ceol a mhúineadh? SJW: Ós rud é gur traidisiún béil atá againn, sin an chaoi a múinim an ceol.
na traidisiúin a chaomhnú to preserve the traditions
" Léiríonn sé é seo le scéalta faoi chlubanna beaga ar fud na tíre agus an obair dhian atá ar siúl ag daoine go deonach chun na seirbhísí don phobal chomh maith leis na cluichí iad féin a fhorbairt agus na traidisiúin a chaomhnú.
thraidisiúin físe visual tradition
" " Agus an smaoiníonn sí uirthi féin mar chuid de thraidisiúin físe na hÉireann? "Ní smaoiníonn! Faoi láthair tá claonadh i dtreo na péintéireachta tapaidh, taosaí ann, le neart léaslínte.
dílis dá thraidisiún féin loyal to his own tradition
" Fear óg oscailte é Ciarán Ó Maonaigh, ach fear é atá dílis dá thraidisiún féin agus a thuigeann an dualgas atá air maidir leis an traidisiún sin.
i dtraidisiún na mbailéad in the ballad tradition
" Is iadsan an bheirt is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ó thaobh an tsean-nóis de, cé go bhfuil an draíocht chéanna ag Rosie Stewart agus ag Dolores Keane i dtraidisiún na mbailéad.
dubh in éadan traidisiúin a chéile totally opposed to each others' traditions
" Má bhíonn daoine atá dubh in éadan traidisiúin a chéile, níl le déanamh ach iad a thabhairt le chéile le go dtig leo dul i ndeabhaidh cainte lena chéile.
ina gcleachtaítear an traidisiún go laethúil in which the tradition is practised daily
" Ar nós na Gaeilge, is féidir iomáint a fhoghlaim, ach is beag duine a thugann leis/léi na scileanna (an teanga) go cruinn agus go beacht taobh amuigh den cheantar ina gcleachtaítear an traidisiún go laethúil.
ag déanamh aon dochar don traidisiún harming the tradition in any way
" Ní dóigh liom go bhfuilimse ag déanamh aon dochar don traidisiún, sin é an príomhrud, agus fhad is nach bhfuil aon dochar á dhéanamh agam, táim ana-shásta!” Tá sí breá sásta leis na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar an albam go dtí seo ach an raibh sí neirbhíseach agus imníoch faoin mhéid a déarfadh na criticeoirí? “Ní rabhas riamh neirbhíseach ag léamh léirmheasanna agus mé le Danú, mar tá an oiread sin muiníne agam as an ngrúpa.
traidisiún seanbhunaithe long-established tradition
" Is beag nach bhféadfaí a rá gur traidisiún seanbhunaithe é i bhFidsí má bhíonn an t-arm míshásta leis an rialtas gur *coup* an toradh a bhíonn air.
ón traidisiún Oráisteach from the Orange tradition
" Traidisiúin éagsúla Tá amhráin agus ceol ón traidisiún Oráisteach sa Taisce fosta agus cad chuige nach mbeadh? Is cuid de thraidisiúin na hÉireann iad na buíonta máirseála, buíonta bosca ceoil, bannaí píb agus amhráin a bhaineann leis an traidisiún Oráisteach, na Apprentice Boys agus araile.
den traidisiún béil of the oral tradition
" Mar sin, is cuid den traidisiún béil é anois.
mar thraidisiún de chuid na mbocht as a tradition of the poor people
" Bhí sé imithe agus is ceist í an raibh sé mar thraidisiún de chuid na mbocht riamh.
tá bláthú le sonrú i ngnéithe eile den traidisiún, one can see a growth in other aspects of the tradition,
" Ach tá bláthú le sonrú i ngnéithe eile den traidisiún, an ceol uirlise ach go háirithe.
traidisiún leanúnach continuous tradition
" “Níl deireadh leis, tá sé ag dul ar aghaidh, is traidisiún leanúnach é atá ag athrú.
traidisiúin chultúrtha cultural traditions
" D’fhreastail Tadhg ar an Oireachtas go mion minic roimhe seo, mar ghnáthdhuine ar spéis leis ócáidí agus traidisiúin chultúrtha na tíre, agus mar thuairisceoir le RTÉ freisin.
Cnuasach de dhánta ón traidisiún, a collection of poems from the tradition,
" Cnuasach de dhánta ón traidisiún, nó a bhfuil dlúthbhaint acu leis an traidisiún, atá ann, aistrithe ag Tadhg féin agus nótaí i dteannta gach ceann díobh.
d'iompróirí na dtraidisiún áitiúil. to the carriers of the local traditions.
" Agus tugann sé aitheantas d'iompróirí na dtraidisiún áitiúil.
traidisiún rince na Maorach. the dance traditions of the Maori.
" * Baineann an *poi *le traidisiún rince na Maorach.
foinn ón traidisiún, tunes from the tradition,
" Is díol suntais an úsáid chruthaitheach a bhain an Riadach as foinn ón traidisiún, leithéidí “A Dhroimín Donn Dílis”, “Boolavogue” agus “An Buachaill Caol Dubh”.
traidisiún na peile the football tradition
" “Bhí traidisiún na peile iontach láidir i gContae an Chabháin, agus mar sin, bhíodh an pheil i gcónaí mar ábhar cainte i measc mhuintir na háite.
ar thraidisiúin a sinsear on the traditions of their ancestors
" Bíonn "Little Britain"* *le feiceáil ar TVNZ, agus bíonn na buachaillí scoile (fiú agus iad aois na hardteiste) gléasta i mbríste gearr agus stocaí fada ar nós Shasanaigh na ndaichidí! Ach i ndáiríre, tá an bhratach seo ríthábhachtach do go leor daoine sa Nua-Shéalainn, mar go gcuimhníonn siad ar thraidisiúin a sinsear agus ar shaighdiúirí sna cogaí domhanda (seanaithreacha, aithreacha agus uncailí na glúine atá sa tír faoi láthair).
traidisiún Ind-Eorpach, an Indo-European tradition,
" Tá a fhios againn go mbaineann muide, Éireannaigh, agus na hIndiaigh le traidisiún Ind-Eorpach, go bhfuil muid araon i bpáirt den rud seo.
traidisiún na himirce séasúraí the tradition of the seasonal emigration
" Bhí an méid sin fíor faoi Dhún na nGall go háirithe, áit a raibh traidisiún na himirce séasúraí i dtreo fheirmeacha an Lagáin agus na hAlban buanaithe le fada.
traidisiún Críostaí Christian tradition
" Fir agus mná den traidisiún Críostaí atá faoi chaibidil aige agus aithneoidh léitheoirí cuid de na hainmneacha: Dietrich Bonhoeffer, ministir Protastúnach a mharaigh na Naitsithe de bharr nach ngéillfeadh sé dóibh; Dorothy Day, bean thar a bheith spéisiúil a chomhbhunaigh an nuachtán an *Catholic Worker* agus Máirtín Liútar Cing, soiscéalaí an chine ghoirm sna Stáit Aontaithe a feallmharaíodh.
ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile. that it pertains to the crossover between traditions
" Is é an fáth a ndeachaigh an ortha seo i bhfeidhm orm ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile.
tumtha sa traidisiún seo submerged in this tradition
" Caithfidh duine a bheith tumtha sa traidisiún seo sa dóigh is go mbeidh bunbhrí nó eisint an traidisiúin ina fhéitheacha, nó sa dóigh is go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann.
bunbhrí nó eisint an traidisiúin essence of this tradition
" Caithfidh duine a bheith tumtha sa traidisiún seo sa dóigh is go mbeidh bunbhrí nó eisint an traidisiúin ina fhéitheacha, nó sa dóigh is go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann.
ag cruthú traidisiún nua creating a new tradition
" Traidisiúnta? Ní dócha é, ach seans mór gur ag cruthú traidisiún nua atá siad féin, traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí agus leis na seaneiseamláir ar shochaí.
traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí a tradition which turns it back on the old understandings
" Traidisiúnta? Ní dócha é, ach seans mór gur ag cruthú traidisiún nua atá siad féin, traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí agus leis na seaneiseamláir ar shochaí.
de thairbhe na staire agus an traidisiúin because of the history and tradition
" An raibh sé iontach deacair cur ina luí ar an gCoiste an cinneadh seo a ghlacadh de thairbhe na staire agus an traidisiúin a bhaineann leis an bhfoirgneamh áirithe sin? “Níor chuir mise ina luí ar aon duine aon rud a dhéanamh – tá mise fostaithe leis na fíricí a chur os comhair an Choiste le go mbeidh siad in ann teacht ar chinneadh.
thraidisiúin an réigiúin sin traditions of that region
" Ceiliúradh cultúrthaIs éard atá sna Géamannan ná féile a dhéanann ceiliúradh ar chultúr agus ar thraidisiúin an réigiúin sin ar a dtugtar an Ghàidhealtachd sa Ghàidhlig agus na Garbhchríocha sa Ghaeilge.
traidisiúin uilig all the traditions
" ” Labhraíonn sé ar laethanta a óige agus ar na traidisiúin uilig a bhí coitianta ag an am ar oíche Fhéile Bríde.
traidisiún láidir saorálaíochais strong tradition of volunteering
" Toisc go raibh traidisiún láidir saorálaíochais ina teaghlach, níor smaoinigh Roche riamh ar dhul le hobair shóisialta mar ghairm i ndiaidh di an scoil a fhágáil.
traidisiún ársa scéalaíochta ancient storytelling tradition
" Scéalta a bhaineann le traidisiún ársa scéalaíochta na hIndia a bhíonn á n-insint acu, ina bhfaigheann na maithe an lámh in uachtar ar na hoilc i gcónaí.
is foinse ár dtraidisiúin féin (he) is the source of our tradition
" Insítear scéal cáiliúil amháin faoi, agus cinnte, is foinse ár dtraidisiúin féin faoin Nollaig é.
traidisiún éirimiúil ‘diúltach (the) tradition of gifted negativity
" Is sláintiúla ar fad traidisiún éirimiúil ‘diúltach’ Stevens ná cur chuige Walsh agus Hogan a bhí, agus atá fós, bunaithe ar thírghrá agus ar mhothúchán a dhearbhaíonn gur córas dleathach speisialta é an córas Éireannach.
traidisiún seanbhunaithe long-established tradition
" Is traidisiún seanbhunaithe é san Astráil leabhair neamhfhicsin a fhoilsiú nach bhfuil fírinneach amach is amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.