Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seanoideas traidisiúnta old traditional recipe
" An bealach lena chinntiú nach mbeidh do pháiste fein ina measc ná an seanoideas traidisiúnta a leanacht: bia sláintiúil agus neart aclaíochta.
Slí thraidisiúnta maireachtála a traditional way of living
" Slí thraidisiúnta maireachtála do phobal chósta na hÉireann ab ea iascaireacht, seachas slí le héirí saibhir, a dúradh.
luachanna traidisiúnta traditional values
" Tá stiúrthóir Tate Britian, Stephen Deucher, den bharúil go bhfuil an seó seo ag pilleadh ar ais ar luachanna traidisiúnta agus dar le cuairteoir amháin chuig an taispeántas go bhfuil sé i ngrá le Claire, *alter-ego *Grayson Perry.
an mhoráltacht thraidisiúnta traditional morality
" " An dóigh leis gur cailleadh aon rud mar thoradh ar an dul chun cinn sa gheilleagar; ar chailleamar aon rud mar shochaí leis an bhforbairt sin? "Ní tharlaíonn aon athruithe, fiú amháin athrú chun feabhais, gan ceataithe cinnte a bheith ag baint leis agus, cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois, is laige anois, creidim, an tionchar ar iompar na ndaoine, meas na gcomharsan agus an mhoráltacht thraidisiúnta.
rannta traidisiúnta traditional verses
" Is éard a bheidh anseo ná rannta traidisiúnta Chonamara cóirithe le ceol nua-aimseartha.
buíon cheoil thraidisiúnta traditional music band
" Bhunaigh Proinsias buíon cheoil thraidisiúnta i dTeach Hiúdaí Beag i Machaire Chlochair.
chóras traidisiúnta na hainmníochta the traditional system of naming
" Níl a fhios againn go fóill cé hé an gníomhaí ach ós é "Bullaí Mhártain" teideal an scéil, agus ó tá eolas againn ar chóras traidisiúnta na hainmníochta sa tsochaí Ghaelach, glacaimid leis - agus an ceart againn - gurb é Bullaí an gníomhaí agus gurb é Mártan an t-athair.
ealaíona agus ceirdeanna traidisiúnta traditional arts and crafts
" Ba mhian leo freisin ealaíona agus ceirdeanna traidisiúnta a fhorbairt.
an múnla traidisiúnta the traditional model
" " Bíonn leithéidí an IDA ag baint úsáide as nathanna ar nós "*going up the food chain*" agus iad ag iarraidh a thabhairt le fios gur cheart do chomhlachtaí níos mó béime a chur ar an taighde agus ar an bhforbairt, agus earraí nó seirbhísí costasacha a sholáthar seachas leanacht leis an múnla traidisiúnta atá faoi bhagairt mar gheall ar iomaíocht ó oirthear na hEorpa agus ón Áis.
Tháinig siad i dtír ar an gceol traidisiúnta they took advantage of the traditional music
" Tháinig siad i dtír ar an gceol traidisiúnta agus chuireadar meascán i láthair an phobail le gach eisiúint.
préamhacha traidisiúnta traditional roots
" B'fhéidir gur léiriú beag í an cheist ar an mbearna mhór atá ann idir an tsochaí chomhaimseartha in Éirinn agus préamhacha traidisiúnta na sochaí sin - mar, sa tsochaí ina bhfuil muid ag maireachtáil anois, tá focail ar nós *"obese" *chuile phioc chomh riachtanach is a bhíodh leithéidí "sleán" nó "duileasc" san am a chuaigh thart.
sean-onnmhairithe traidisiúnta the old traditional exports
" Níl sé fós i ngar a bheith chomh tábhachtach leis na sean-onnmhairithe traidisiúnta mar chruithneacht, gual, olann agus mianach iarainn ach tá éacht déanta aige mar thionscal nuair a smaoiníonn tú nach raibh mórán brí ag baint leis dhá scór bliain ó shin.
na seanmhodhanna traidisiúnta the old traditional methods
" Is rud maith é sin, gan amhras, ach an gcaillfidh muid rud ar bith má éiríonn muid as na seanmhodhanna traidisiúnta le pictiúir a thógáil? “Caithfidh daoine amharc air mar mheán nua taobh istigh de mheán seanbhunaithe.
na seanmhodhanna traidisiúnta the old traditional methods
" Is rud maith é sin, gan amhras, ach an gcaillfidh muid rud ar bith má éiríonn muid as na seanmhodhanna traidisiúnta le pictiúir a thógáil? “Caithfidh daoine amharc air mar mheán nua taobh istigh de mheán seanbhunaithe.
na healaíona traidisiúnta the traditional arts
" “I mbliana, mar shampla,” a deir Yeates, “d’fhógair an Chomhairle Ealaíon go raibh €3 milliún á chur ar fáil do na healaíona traidisiúnta, idir Ghaeilge agus Bhéarla, sna réimsí ceol agus rince, agallaimh bheirte agus an sean-nós.
maslaí traidisiúnta traditional insults
" Chuir muid dua mór orainn féin ag dul chuig cúrsaí Gaeilge chun maslaí traidisiúnta a fhoghlaim.
rátaí na gcomhlachtaí teileachumarsáide traidisiúnta the rates of the traditional telecommunications companies
" Má chláraíonn tú le ceann de na comhlachtaí seo is féidir glao a dhéanamh ó ríomhaire ar an idirlíon go dtí gnáthuimhir ghutháin aon áit ar domhan ar chostas an-íseal i gcomparáid le rátaí na gcomhlachtaí teileachumarsáide traidisiúnta.
ceol uirlise traidisiúnta traditional instrumental music
" Ach bíonn an ceol Éireannach le cluinstin orthu, ceol uirlise traidisiúnta agus, uaireanta, amhráin as Gaeilge.
ní mór an tsuim a bhí ag éinne den gclann sa cheol traidisiúnta none of the family had much interest in traditional music
" Cuireadh sinn ar fad go dtí múinteoir pianó nuair a bhíomar beag, ach leis an bhfírinne a rá, ní mór an tsuim a bhí ag éinne den gclann sa cheol traidisiúnta.
dornán fonn traidisiúnta a handful of traditional tunes
" Píosaí nuachumtha den chuid is mó agus dornán fonn traidisiúnta.
ghnás traidisiúnta traditional custom
" Fothéacs don eolach: an raibh sé “tuillte” aige, de réir ghnás traidisiúnta an IRA? Bheadh a lán i measc léitheoirí *Daily Ireland* a chreidfeadh san pé scéal é.
poirt thraidisiúnta traditional tunes
" Tá amhráin as gach cearn d’Éirinn le cloisteáil ar an dlúthdhiosca seo, mar aon le poirt thraidisiúnta á seinm ag a dlúthchairde Galt Barber (fidil, guth), Janet Herman (bainseo, feadóg stáin, guth) agus Micheál Long (giotár).
sách traidisiúnta traditional enough
" Cé go dtaitníonn cineálacha éagsúla ceoil linn ar fad tá an seisear againn sách traidisiúnta sa dearcadh atá againn ar an gceol.
tigín traidisiúnta déanta de thuí. a traditional house made of straw.
" Trasna ón halla beag tá tigín traidisiúnta déanta de thuí.
rug greim ar uirlis cheoil traidisiúnta an Ainu. he caught hold of the traditional Ainu instrument.
" Chuir Kenato a lámh siar agus rug greim ar uirlis cheoil traidisiúnta an Ainu.
saothair níos traidisiúnta more traditional works
" An fáth a measann daoine iad a bheith tábhachtach ná gur mheall siad daoine i dtreo na hamhránaíochta Gaeilge ar dhóigh nach bhféadfadh saothair níos traidisiúnta a dhéanamh.
i dtionscal traidisiúnta na dteicstílí in the traditional textiles industry
" Ní poist i dtionscal traidisiúnta na dteicstílí iad seo, ach poist sa gheilleagar eolasbhunaithe (nó “knowledge economy”).
Ollamh le Ceol Traidisiúnta Professor of Traditional Music
" ” Tá siad ann a déarfadh nach raibh an institiúid ardléinn i mBéal Feirste riamh fabhrach don chultúr dúchasach ach anuraidh ceapadh an chéad Ollamh le Ceol Traidisiúnta san Ollscoil, Martin Dowling.
an bailitheoir amhráin traidisiúnta, the traditional song collector,
" Ba é Hamish Henderson, an bailitheoir amhráin traidisiúnta, a mhol gur cheart di Robertson, sloinne a hathar, a úsáid.
san amhránaíocht thraidisiúnta in traditional singing
" ” D’fhás an grúpa Skara Brae as an chairdeas a bhí idir muintir Dhomhnaill agus Sproule ach bhí suim ag Maighread san amhránaíocht thraidisiúnta ó bhí sí ina cailín óg de bhrí go raibh amhránaithe ar an dá thaobh den teaghlach.
traidisiúnta. traditional.
" Bhí rialacha casta ag na haerlínte traidisiúnta.
i bhfad níos traidisiúnta. much more traditional.
" Tá Polannaigh i bhfad níos traidisiúnta.
ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta the long-established role of traditional journalism
" Is léir, mar shampla, go bhfuil an tóin ag titim as ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta mar gheatóirí a dhéanfadh cinneadh faoi na míreanna nuachta agus faoi na tuairimí ba cheart a chur faoi bhráid an phobail.
taifeadadh an cheoil thraidisiúnta the recording of traditional music
" Rinne sé obair cheannródaíoch maidir le taifeadadh an cheoil thraidisiúnta do lipéad Gael Linn, atá caoga bliain ar an bhfód i mbliana.
de chuid phobal traidisiúnta na Maorach é. of the traditional Maori community.
" D'fhan mé thar oíche i marae, ar cineál tí de chuid phobal traidisiúnta na Maorach é.
traidisiúnta traditional
" Más Caitliceach, coimeádach, traidisiúnta an dearcadh agus na polasaithe a bhí ag PiS maidir le cúrsaí eacnamúla agus sóisialta, is liobrálach iad na polasaithe a bheidh á gcur i bhfeidhm ag PO, páirtí atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh.
ar an mbealach traidisiúnta. in the traditional manner
" Ní féidir "dul chun cinn" a thabhairt air sin, agus an oiread sin léitheoirí fós ag léamh nuachtán ar an mbealach traidisiúnta.
lucht tacaíochta traidisiúnta traditional following
" Diúltaíodh d’Acht na Gaeilge (agus ag an am chéanna, tá an tAire Cultúir i Meiriceá ag spré shoiscéal na hUltaise) agus tá lucht tacaíochta traidisiúnta an pháirtí ag éirí míshuaimhneach – cúntóirí ranga nach bhfuair tacaíocht ón pháirtí agus iad ar stailc anuraidh; lucht na Gaeilge ó thuaidh fán díobháil dul chun cinn ar Acht na Gaeilge agus scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus anois tá cuid de phobal Bhóthar na bhFál ag cur ceisteanna faoi chumas an pháirtí feabhas a chur ar a saol laethúil.
tatúnna traidisiúnta traditional tatoos
" Tá a aghaidh clúdaithe le *moko* (tatúnna traidisiúnta) agus níl drogall air poiblíocht a lorg.
cé nach raibh cur amach ar bith acu ar an cheol traidisiúnta. even though they were not familiar with traditional music
" ” Tugadh cuireadh do cheoltóirí éagsúla, leithéidí an racghiotáraí Declan Sinnott agus an dordghiotáraí Eoghan O’Neill, a bheith páirteach in Moving Hearts, cé nach raibh cur amach ar bith acu ar an cheol traidisiúnta.
cluainte traidisiúnta traditional marshes
" Mar gheall ar pholasaí ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhfuil sé mar aidhm aige méid áirithe talaimh “a chur ar leataobh”, tá iarrachtaí ar bun chun na cluainte traidisiúnta a chothú in athuair.
cearta iomlána na lánúine traidisiúnta pósta full rights of the traditional married couple
" I ndiaidh don Bhille um Páirtíocht Shibhialta a bheith rite, ní bheidh cearta iomlána na lánúine traidisiúnta pósta ag lánúnacha aeracha ar mian leo a gcaidreamh a dhéanamh foirmiúil ó thaobh an dlí de.
cainteoirí traidisiúnta deiridh the final traditional speakers
" Bhí deis agam cuairt a thabhairt ar Chreneash, thíos in íochtar Mhanann, áit ar mhair go leor de na cainteoirí traidisiúnta deiridh san fhichiú haois.
cloítear leis an bhfearas traidisiúnta they stick with the old equipment
" Sa lá atá inniu ann, úsáidtear trealamh níos nua-aimseartha sna himeachtaí eile, ach cloítear leis an bhfearas traidisiúnta san imeacht áirithe seo.
eagna thraidisiúnta traditional wisdom
" Is iomaí géarchéim a bhris an eagna thraidisiúnta agus a d'athraigh dearcadh na saineolaithe.
móide troscán traidisiúnta plus traditional furniture
" D’fhan muid in óstán a raibh páipéar ríse ar na ballaí móide troscán traidisiúnta, bord íseal agus mar sin de.
foinsí stairiúla traidisiúnta traditional historic sources
" Ina leabhar breá, The Great War and Modern Memory, do cháin Paul Fussell na foinsí stairiúla traidisiúnta a d’úsáidtí de ghnáth chun uafás an Chogaidh Mhóir a scagadh; nuachtáin, díospóireachtaí parlaiminte, dialanna pearsanta, litreacha dar cuireadh abhaile ón gcath.
roinnt bainc thraidisiúnta some traditional banks
" *SmartyPig* ==== Tá cúpla seirbhísí mar seo agus tá a fhios agam go bhfuil roinnt bainc thraidisiúnta ag breathnú ar an múnla seo mar sheirbhís bhreisluacha.
d’fheicfí creathlach traidisiúnta a traditional form would be evident
" Dá gcuirfí na foinsí agus an staidreamh agus na giotaí próis ar leith dar roghnaigh an tUachtarán sna haithisc sin ar leathtaobh, d’fheicfí creathlach traidisiúnta ós do chomhair amach.
chur chuige traidisiúnta traditional approach
" Bheadh rogha i bhfad níos leithne sa chúrsa úr, ina mbeadh meascán den chur chuige chumarsáideach agus den chur chuige traidisiúnta.
shamhlaítear go traidisiúnta leis is traditionally associated
" An sairdín an bia a shamhlaítear go traidisiúnta leis an bhféile seo, ach ba mhó go mór an fheoil a bhí á caitheamh i mbliana.
céadta siopaí traidisiúnta agus idirlín hundreds of traditional and on-line shops
" Tá na céadta siopaí traidisiúnta agus idirlín páirteach ann.
atá ag lorg litríocht traidisiúnta who’s seeking traditional literature
" Ní oireann an leabhar seo don léitheoir atá ag lorg litríocht traidisiúnta.
rogha ramáis thraidisiúnta aithriste choice traditional ryhmes
" Dánta nuachumtha do pháistí le rogha ramáis thraidisiúnta aithriste ar Dd lán ceoil agus craic.
ag cur an tseanghoimh thraidisiúnta ar leataobh the traditional hostility is being put aside
" Thiocfadh a mhaíomh gur mar thoradh ar ghéarchéim geilleagair atáthar ag cur an tseanghoimh thraidisiúnta ar leataobh.
chan amháin ar cheol traidisiúnta not just the traditional music
" Táthar ag súil go dtiocfaidh suas le 300,000 duine ar cuairt chuig an chathair agus go mbeidh 20,000 ceoltóir ag glacadh páirte in imeachtaí éagsúla ceoil agus cultúrtha a dhéanfaidh ceiliúradh, chan amháin ar cheol traidisiúnta na hEireann ach ar an nasc láidir cultúir le hAlbain agus le tuaisceart Mheiriceá chomh maith.
an ngreille thraidisiúnta the traditional grill/ grid
" Leis an ngreille thraidisiúnta a bhíonn ag Alfa Romeo, bhí an 159 níos mó ná an 156 agus bhí níos mó slí inti.
trí na meáin traidisiúnta through the older media
" Idir scríobh agus labhairt faoi, an branda a chruthú, an mhargaíocht agus an phoiblíocht a dhéanamh air, ar líne agus trí na meáin traidisiúnta, ní éiríonn leis an bhfiontraí an margadh a shroichint.
i saíocht traidisiúnta in the traditional culture
" De réir mar a thuigtear do Dhónall, bíonn drogall ar dhaoine aeracha na cathrach a spéis sa nGaeilge agus i saíocht traidisiúnta na hÉireann a léiriú de dheasca tuiscintí coiméadacha a bhíodh nasctha go haineolach leis an nGaeilge, rud nach bhfuil fíor a thuilleadh dar leis.
taighde ar imeallacha taibhléirithe de cheol traidisiúnta na hÉireann the boundaries of Irish Traditional Music Performance
" (Fuair sí post mar aisteoir ag an BBC leis an táille a íoc ach sin scéal eile!) Ag Taibhléiriú an Imill =========== Mar chuid den chúrsa, rinne Úna taighde ar imeallacha taibhléirithe de cheol traidisiúnta na hÉireann, (the boundaries of Irish Traditional Music Performance), go háirithe an tobchumadóireacht agus fuaimeanna beo leictreonacha (live electronics).
húinéirí traidisiúnta na tíre the traditional owners of the country
" Ní dhearna na húdaráis Bhriotanacha aon iarracht conradh a shíniú le húinéirí traidisiúnta na tíre agus níor thairg siad aon chúiteamh as an talamh a ghlac siad seilbh uirthi - lig siad orthu go raibh terra nullius i gceist, tír gan daonra.
an bhréagbhrionglóid thraidisiúnta the traditional false dream
" Bean nach gcreideann a thuilleadh i ngaois sheanchaite a hinscne, an bhréagbhrionglóid thraidisiúnta – mair, a láir Mheiriceánaigh, agus gheobhair stail fir de rachmasóir groí.
na comhlachtaí traidisiúnta teileachumarsáide the traditional telecommunications companies
" Tá daoine in ann glaonna saora teileafóin a dhéanamh ar an idirlíon anois, ach ní róshásta atá na comhlachtaí traidisiúnta teileachumarsáide leis an bhforbairt seo, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
na healaíona traidisiúnta a chaomhnú to preserve the traditional arts
" Tá sé mar aidhm ag an institiúid seo na healaíona traidisiúnta a chaomhnú ina dtimpeallacht dhúchasach féin.
Féile Cheoil Thraidisiúnta na hInse, Inis Traditional Music Festival,
" Sheol Cruinniú, grúpa ina bhfuil seachtar ceoltóirí óga, albam nua an mhí seo caite ag Féile Cheoil Thraidisiúnta na hInse, i gContae an Chláir.
Ollamh le Ceol Traidisiúnta Professor of Traditional Music
" Anuraidh, ceapadh Martin Dowling, Meiriceánach de bhunadh Éireannach, mar an chéad Ollamh le Ceol Traidisiúnta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
dia an cheoil thraidisiúnta Éireannaigh the god of traditional Irish music
" Bhí an-áthas ar Cholm Ó Snodaigh nuair a bhuail sé le dia an cheoil thraidisiúnta Éireannaigh le gairid arís, trí bliana déag tar éis bualadh leis ar dtús.