Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tréithe traits
" Bhí na tréithe a luaitear fós leis le feiceáil agus é óg.
tréithe diúltácha negative traits
" Thaispeáin taighde go raibh páistí chomh hóg le trí bliana d'aois ábalta na coincheapa "Caitliceach" agus "Protastúnach" a aithint agus tréithe diúltácha a lua le ceachtar acu.
na tréithe ceannann céanna the exact same traits
" Tírdhreach álainn, fiáin, fileata atá sa gceantar seo agus tá na tréithe ceannann céanna le brath sa cheol agus sna hamhráin atá ar an diosca seo.
tréithe traits
" Tírdhreach álainn, fiáin, fileata atá sa gceantar seo agus tá na tréithe ceannann céanna le brath sa cheol agus sna hamhráin atá ar an diosca seo.
tréith trait
" Maidir leis na réiteoirí féin, is é an tréith is mó a thagann chun cinn ina measc ná a ndaonnacht agus tá a ndílseacht don jab a thugtar dóibh le déanamh an-suntasach freisin.
tréith is mó the biggest trait
" Ach caithfidh gurb é an tréith is mó a bhaineann le ceannaire an UUP na laetha seo ná éiginnteacht.
tréith trait
" Gaeilge shaibhir, bhlasta na Gaeltachta a chleachtann Joe Steve agus sa dráma "Níor Mhaith Linn do Thrioblóid" tagann an tréith sin dá chuid, maille le ceird an ealaíontóra, chun cinn go mór.
féith an mharfóra killer trait
" Bhí teoiricí ag daoine faoi seo agus ina measc bhí an tuairim ann go bhfuil sé "ródheas" agus nach bhfuil féith an mharfóra ann! Dá bhrí sin uilig bhí an-áthas ar a lán daoine anseo in Éirinn nuair a bhuaigh Pádraig an comórtas sin toisc gur Éireannach é agus "fear deas".
tréithe dochreidte unbelievable traits
" tréithe dochreidte ======= Dar ndóigh buann na daoine uaisle ó am go ham agus cuireann siad go mór lenár dtaitneamh as an spórt.
dea-thréithe good traits
" Scoláireachtaí agus scéimeanna a chur ar bun chun ógánaigh a chur chun na "Gaeltachta" (Tiobrad Árann, Cill Chainnigh, is araile) ar feadh coicíse nó trí seachtainí chun go bhfoghlaimeoidís scileanna agus cultúr an chluiche (an camán ceart a roghnú, camán briste a dheisiú, cuir i gcás) agus, tré imirt le foirne áitiúla, dea-thréithe agus modhanna imeartha a fhoghlaim.
dhea-thréithe good traits
" Béim ar dhea-thréithe ======= An ghné eile den chultúr ná go maitear drochimirt nó drochiompar ar an bpáirc d'imreoirí an-éasca, go mór mór i gcás imreoirí cáiliúla.
tréithe láidre strong traits
"tréithe láidre ailtireachta agus dealbhóireachta le brath ina saothar agus, gidh nach bhfuil an duine le feiceáil, tá "an corp" i láthair i gcónaí ar bhealach díreach nó indíreach.
tréithe traits
" Is saothar é atá lán eolais, a bhfuil an-úire ag baint leis, agus a thugann léargas ní hamháin ar mhuintir Chinnéide ach ar thaithí na gCaitliceach, agus ar na tréithe is fearr agus is measa a bhaineann le Meiriceá.
deathréithe imreoirí players' good traits
" Molann sé dea-imirt agus deathréithe imreoirí, fiú nuair a dhéanann siad drochbhotúin.
Tréithe a shamhlófá traits you would imagine
" Tréithe a shamhlófá le laoch scafánta i spórt ar bith.
tréithe traits
" AÓF: Céard faoin gceol uirlise? Céard iad na tréithe a bhíonn ag fidléir maith, dar leatsa? MNM: Sílim gur ionracas an tréith is tábhachtaí i gceoltóir ar bith.
thréith dhaonna human trait
" " Is léir nach féidir neamhaird a thabhairt ar thréith dhaonna atá chomh cumhachtach sin.
thréith trait
" Dea-thréith amháin atá ag baint leat? Go dtuigim gur féidir liom dul amú a bheith orm.
tréithe traits
" AÓF: Ceann de na tréithe is mó a thaitníonn liomsa faoi bhur gcuid ceoil ná an *blas *atá agaibh sa cheol.
thréith trait
" Is minic nach mbíonn cumas cruthaitheach agus cumas praiticiúil le fáil le chéile i nduine amháin, ach is léir go bhfuil an dá thréith sin ag baint léise.
tréithe traits
" Nuair a chuaigh Marla i mbun oibre ar dtús, bhí an saothar a chruthaigh sí measartha beag, ach anois tá sí ag obair ar phíosaí atá níos mó ná í féin a bhfuil tréithe de shaothar Joan Miró, Frank Auerbach, Wassily Kandinsky agus Jackson Pollock le brath iontu - cé nár tógadh chuig gailearaí le healaín a fheiceáil riamh í.
tréith trait
" Agus tú i mbun cainte le Goggin, is é an chéad tréith a thugann tú faoi deara ná chomh héirimiúil is atá sí.
tréithe traits
" Cuireadh tús le scoláireacht bhliantúil ina sheanscoil, Sewenhaka, le bronnadh ar na scoláirí is mó a mbaineann na tréithe leo a bhí go smior i McEneaney: ionracas, macántacht, taise agus stuaim.
tréithe traits
" Antaine Ó Faracháin: A Áine, cad a chiallaíonn "sean-nós" duitse? Áine Ní Dhroighneáin: Is traidisiún é - ealaín, dúchas, comhluadar, seanchas AÓF: An bhfuil aon tréithe áirithe sainiúla a bhaineann leis? ÁNíD: Amhráin as Gaeilge iad ar ndóigh! Agus freisin braitheann sé ar an gceantar.
tréith a nochtar a trait that is revealed
" ” Is léir gur duine é Ó Muirí a bhfuil an-daonnacht ag baint leis, tréith a nochtar agus é ag labhairt faoina chlann óg agus faoina thuismitheoirí, a thug “grá, ciall, oideachas agus cosaint” dó le linn dó bheith ag fás aníos.
tréithe traits
" Is maith an rud go bhfuil na tréithe sin ag baint léi mar, cheana féin, tá sí féin agus an Coimisiún cáinte go géar ag cuid de Ghaeil an tuaiscirt.
tréithe traits
" AÓF: Céard iad na tréithe is tábhachtaí duitse sa stíl amhránaíochta ar a dtugann daoine “sean-nós”? An bhfuil tréithe ar leith ag baint léi? MÓS: A bheith ábalta an scéal a bhaineann leis an amhrán agus tocht an scéil a chur isteach i gcroíthe na n-éisteoirí mar a cuireadh im' chroíse iad.
tréithe traits
" AÓF: Céard iad na tréithe a bhíonn á lorg agat i nduine a bheadh ag obair mar mholtóir? LÓM: Saineolas ar an ábhar, más damhsa nó ceol nó agallamh beirte nó amhránaíocht atá i gceist.
tréithe fíorsheaimpíní the traits of true champions
" Léirigh siad tréithe fíorsheaimpíní: scil, diongbháilteacht, féinmhuinín, spiorad agus imirt foirne agus go mórmhór an cumas tábhachtach sin scóranna a aimsiú ag an am ceart sa chluiche, mar shampla sa cheathru deiridh den chluiche leathchraoibhe i gcoinne an Chláir.
tréithe coitianta common traits
" D’aithin muid na tréithe coitianta láithreach bonn.
tréith trait
" Is iomaí áit iontach atá sa tSlóivéin agus is iomaí tréith iontach atá ag baint léi.
tréithe coitianta common traits
" D’aithin muid na tréithe coitianta láithreach bonn.
tréithe traits
" Ar smaoinigh tú riamh go dtiocfadh le mogaí s’agat sa bhaile bheith ina phéintéir tréitheach atá ag fanacht le duine éigin é “a aimsiú”? Nó, cuir i gcás an *ornithological dejecta* sin ar scáthlán do chairr: an feidhm nádúrtha éin atá ann nó an fianaise an steall de chac éin sin ar chruthaitheacht ardealaíonta ríocht na n-éan? Is ceisteanna bunúsacha mar sin, agus tuilleadh nach iad, a bhíonn á scrúdú ag foireann an Museum of Non Primate Art (MONPA) (www.
tréithe coitianta common traits
" D’aithin muid na tréithe coitianta láithreach bonn.
tréithe traits
" Cailleann sé an úire agus na tréithe a bhí aige ar dtús agus is féidir leis an saothar éirí tuirseach agus spíonta.
tréithe traits
" Tá, dar ndóigh, neart tréithe speisialta ag baint le hAmstardam féin: an 550,000 rothar a bhíonn le feiceáil gach lá ar na bóithre pictiúrtha nó sna margaí sráide atá le fáil go forleathan ar fud na cathrach, mar shampla, agus a dhíolann gach cineál earra, idir thiúilipí, sheandachtaí, phriontaí agus leabhair, chomh maith le *bric-a-brac *na háite.
a tréithe Caitliceacha its Catholic traits
" Labhair sé faoin ngá le hollscoil bheith i seirbhís na fírinne agus dúirt gurb é a idirdhealaíonn KUL ó institiúidí acadúla eile na Polainne ná a tréithe Caitliceacha.
tréith trait
" Tá cuid den tréith sin ag baint le Seosamh Ó Cuaig agus le Donncha Ó hÉalaithe, ach cé go mbíonn siad le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta go minic agus go mbíonn tagairtí dóibh in alt nó dhó in *Foinse* de ghnáth, agus cé go bhfuil tuairimí de chuid na heite clé acu, ní thig a rá go bhfuil an stádas céanna bainte amach acu i súile na ndaoine is a bhí ag an Chadhnach ina am.
a tréithe Caitliceacha its Catholic traits
" Labhair sé faoin ngá le hollscoil bheith i seirbhís na fírinne agus dúirt gurb é a idirdhealaíonn KUL ó institiúidí acadúla eile na Polainne ná a tréithe Caitliceacha.
an dá thréith sin those two traits
" Tá glór amháin á ardú a aithníonn an dá thréith sin den Ord agus, an rud is annamh is iontach, baineann an glór sin le ball de chuid an Oird féin.
an dá thréith seo these two traits
" Bhí stíl faoi leith ag Klimt, a bhí ina mhaisitheoir chomh maith le bheith ina phéintéir agus a bhfuil an dá thréith seo le feiceáil go soiléir ina shaothar.
tréith fhoirfe ghrinn a perfect humorous trait
" Bhí tréith fhoirfe ghrinn in Dev, rud nach n-aithnítear go minic.
a thréithe státaireachta his statesman traits
" Súil go leith aige ar phost an Taoisigh ach beidh air feabhas a chur ar a thréithe státaireachta agus ar a theacht i láthair cumarsáide.
chun príomhthréithe na haghaidhe a aithint to recognise the main traits of the face
" Baineadh úsáid as ceamara gréasáin le scrúdú a dhéanamh ar aghaidh duine chun príomhthréithe na haghaidhe a aithint – cruth an bhéil, mar shampla, malaí cruinnithe nó éadan rocach – agus an t-eolas sin a sheachadadh chuig bogearra speisialta a dhéanann anailís air agus a dhéanann íomhá dhigiteach de.
tréith trait
" Cuireann an tréith seo ríomhairí Apple i gcuimhne dom mar tá go leor roghanna úsáideacha faoi cheilt taobh thiar den úll gorm ar na ríomhairí sin.
dhá thréith two traits
" Chonaic muid dhá thréith de chuid Ian Paisley an mhí seo caite.
tréith lárnach central trait
" Dála an scéil, is tréith lárnach den cheol *Bluegrass* é an scála peinteatónach chomh maith.
tréithe daonna an naoimh, the human traits of the saint,
" Daoine daonna Bhí Rembrandt báúil leis an ghnáthdhuine agus thaispeáin sé tréithe daonna an naoimh, chomh maith le pearsana eile an Bhíobla, sa tsraith.
an tréith is mó a théann i bhfeidhm ort the trait which makes the biggest impression on you
" Nuair atá an t-ealaíontóir ar an anás agus ag fulaingt cruatain, sin an rud a fheictear go soiléir glé ina shaothar agus is é an t-ionracas lom neamheaglach seo an tréith is mó a théann i bhfeidhm ort agus tú ag breathnú ar a chuid pictiúr.
a dtréithe their traits
" Ní dhéantar ach an cur síos is bunúsaí ar a dtréithe agus ní chuirtear spás amú ag cur síos ar shaol clainne ach sa mhéid is go mbogann a leithéid de chur síos an scéal ar aghaidh.
tréithe traits
" AÓF: Cad é go díreach atá i gceist le bogha maith, nó cad iad na tréithe a bhíonn á lorg agat? NB: Caithfidh an ceoltóir a bheith in ann é a phreabadh, é a tharraingt, é a bhrú, é a scaoileadh in áiteanna éagsúla ar fhaid an bhogha.
na príomhthréithe the main traits
" Geal, feiceálach agus tarraingteach – b’in iad na príomhthréithe a thug mé faoi deara nuair a chonaic mé pictiúir de chuid Derek i ndiaidh dom siúl isteach sa stiúideo, atá suite ar chúl ionad súgartha páistí in aice le stáisiún Birkdale.
Tréithe traits
" Tréithe iad seo a rachaidh chun do leasa sa todhchaí,” arsa seisean.
dhá thréith fhiúntacha two decent traits
" Bhí sé ina mholtóir ar chomórtas litríochta de chuid an Oireachtais agus tá dhá thréith fhiúntacha de chuid na nGael ag baint leis: mórtas cine, ach meas ag an am chéanna ar an chuid eile den chine daonna.
na tréithe sin those traits
" Lean an íogaireacht sin de Sheosamh Mac Grianna ar feadh a shaoil; ba dhuine goilliúnach é agus d’aithin seisean – agus a dhaoine muinteartha – na tréithe sin bheith ann óna óige féin.
tréithe traits
" ” **Neamhspleách mar dhuine**Cé nár rith sé le hIzabela Zabkowice Slaskie a fhágáil le linn a hóige bhí tréithe aici a bheadh ag teastáil ó dhuine chun a thír a thréigean agus slí bheatha a bhaint amach sa teilifís.
i dtaobh thréithe an fhiontraí. about the traits of the entrepreneur.
" Tá neart scríofa i dtaobh theoiricí na fiontraíochta agus i dtaobh thréithe an fhiontraí.
tréith mhaith good trait
" Ach sílim gur tréith mhaith í sin mar go n-éiríonn tú solúbtha mar cheoltóir dá bharr.
tréith a bhí inmholta i saol méaldrámata na meán cumarsáide. a trait which was admirable in the melodramatic world of the media
" Ba dhuine umhal suaimhneach é chomh maith – tréith a bhí inmholta i saol méaldrámata na meán cumarsáide.
tréithe an ghraifítí traits of graffiti
" Léirítear íomhánna ina shaothar – atá teibí agus a bhfuil tréithe an ghraifítí ag baint leo – de radhairc agus de dhaoine ó Second Life, chomh maith le híomhánna a bhaineann lena fhíorshaol.
tréithe áirithe particular traits
" Is dóigh liom go mbaineann an droch-cháil atá ar Canberra le stair na cathrach, le híomhá dhiúltach na bpolaiteoirí agus le tréithe áirithe a bhaineann le carachtar na nAstrálach.
tréithe cumhachtacha powerful traits
" Cé go bhfuil a lán tréithe cumhachtacha ag baint leis an Tocco seo – mar shampla, scáileán tadhaill atá cosúil le scáileán an iPhone – is í an tseirbhís tuarthéacs i nGaeilge an rud is mó a mheasfaidh lucht labhartha na Gaeilge a bheith tarraingteach.
na tréithe the traits
" Dála Michael O’Leary agus Ryanair, is dócha, cé nach dtaitneodh an chomparáid sin leis, táim cinnte! Céard iad na tréithe a bhaineann leis, dar leis, a chuireann ar a chumas feachtais a reáchtáil go héifeachtach? “Bhuel, measaim go bhfuil na buanna seo ag gach duine ach iad a mhúscailt iontu féin.
ní oireann na tréithe sin don ghnó those traits don't suit business
" Ach ní oireann na tréithe sin don ghnó go minic.
dhrochthréithe bad traits
" Tá an léiriú seo ar dhrochthréithe na mban tábhachtach mar bíonn an chosúlacht ann uaireanta go bhfuil baint ag na carachtair fhireanna amháin le gránnacht an tsaoil.
tréith dúchais a natural trait
" Cinnte, tá ghníomhaíocht le feiceáil in Éirinn, ach ní tréith dúchais é i measc na ndaoine mar atá anseo.
thréithe traits
" Ronnie O Sullivan Tá cuid de thréithe an ‘charachtair’ ag baint le Ronnie O Sullivan.
thréithe traits
" Cad é bhí agatsa nach raibh acu sin? Eagarthóir: Cairdeas, a Bhaloir bhlonagaigh, bhiataigh; cairdeas agus clisteacht, bail ó Dhia orthu mar thréithe fiúntacha.
tréithe traits
" Bhí ríméad le sonrú go forleathan abhus, ámh, nuair a d’fhógair an Vatacáin go díreach roimh an Nollaig go ndéanfaí naomh de dhuine Astrálach den chéad uair, d’ainneoin na tréithe náisiúnta thuasluaite.
tréithe features, traits
" Athrú ó Bhun Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo ach nuair a bhreathnaím scéal an tíogair ina iomláine, áfach, ní hé an córas polaitíochta is mó a thagann i mo cheann, ach tréithe na nÉireannach iad féin.
tréithe traits
" Samhlaítear roinnt de na tréithe seo a leanas leis an bhfocal bronco: cíocras; gráin; díocas; binb agus gangaid.
a thréithe his traits
" Is é an míniú a thugtar ar laoch sa bhFoclóir Beag (An Gúm 1991) ná ‘duine misniúil, cróga; duine mór le rá i mbéal an phobail mar gheall ar a thréithe; an príomhphearsa fir i leabhar nó i ndráma nó i scannán’.
tréithe uaisle noble traits
" Tuigeann an pobal ‘nach bhfuil saoi gan locht” ach bítear ag súil le tréithe uaisle uathu sin ar bronnadh buanna ar leith orthu.
tréithe éagsúla various traits
" Deir ionadaithe ó Samaritans na hÉireann go mbíonn cineál eile duine ag fulaingt leis an dúlagar anois agus go mbaineann tréithe éagsúla leis an gcineál dúlagair atá orthu.
ná tréithe pearsanta ar bith nor any personal traits
" Deir Paul Richard ón Washington Post go bhfuil níos mó i gceist in An Scread ná scigaithris áfach, agus deir sé go seasann an neach sa phictiúr, atá gan cheannaghaidh, gan ghnéas ná tréithe pearsanta ar bith, mar shamhail don chine daonna- *‘One size fits all’* agus nach portráid ar shaol inmhéanach Munch amháin atá ann ach pictiúr dínn féin chomh maith.
an tréith is treise ann his strongest trait
" Anois, ní iarrann Markus faic ach a cairdeas uirthi; éisteann sé léi, ní hionann is éisteacht leis féin; tá sé ann de shíor di, seachas dó féin; níl oiread agus smut den mustar ag roinnt leis; is fíordhuine álainn macánta é; agus, b’fhéidir an tréith is treise ann, tá sé iomlan dall ar a bhuanna féin.
tréithe traits
" Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín.
na tréithe traits
" Áilleacht na máthar, ídéalachas an athar, intleacht na haintíne, an phraicticúlacht Gearmánach, b’iad cuid des na tréithe a d’iompair an bhean uasal Ghaelach isteach sa tsíoraíocht léi.
gur gné ‘Éireannach’ í an trodaíocht that fighting is an Irish trait
" Más garbh féin mar shlat tomhais é an t-idirlíon, tá an chuma air ansiúd go samhlaítear amhlaidh é, gur gné ‘Éireannach’ í an trodaíocht, bíodh sé sa chró nó gan aon mhiotóg.
Ná cailltear an tréith thar tréithe sin that trait above all others must not be lost
" Ná cailltear an tréith thar tréithe sin agus múintear do chách é.
Luaitear an tréith chéanna the same trait is mentioned
" Luaitear an tréith chéanna go minic le hoiread na bhfear óg Spáinneach nach bhfágann an baile choíche, fiú agus lámh agus focal idir cailín bocht éigin agus iad! Ar shlí eile, níor oir sé ar fad do roinnt cathróirí anseo in A Coruña gur ar an gceathrú Satharn den mhí a tharla ceiliúradh San Juan na bliana seo.
gurbh í sotalacht príomhthréith a charad arrogance was his friend’s prominent trait
" I mbeathaisnéis James Anthony Froude mar gheall ar éachtaí Carlyle, mhaígh gurbh í sotalacht príomhthréith a charad.
a tréithe éagsúla her various traits
" Ar ndóigh, níor ceart iontas a bheith orainn, tá gach duine daonna thar a bheith casta ach léiríonn an Gaillimheach a tréithe éagsúla fríd an amhránaíocht agus fríd léirithe ardáin.
na tréithe is láidre atá agat your strongest traits
" **CF: Dá mbeifeá ag cur síos ort féin, cad déarfá, cad iad na tréithe is láidre atá agat?** CAB: Tá an-spéis agam i gcúrsaí chearta daonna, cearta teanga.
luaitear dea-thréithe good traits are mentioned
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
drochthréithe an duine bad human traits
" Ach, má dhéanaimid scrúdú le súil ghrinn, ghéarchúiseach ar an gcaoi ina bhfuil cúrsaí spóirt admhóimid gur gá i gcónaí do lucht stiúrtha spóirt a bheith san airdeall ar theacht chun cinn drochthréithe an duine, tréithe atá in ann an spórt a mhilleadh ar na céadta míle duine.
tréithe an chaptaein leadership traits
" Tá sé den tuairim go raibh “tréithe an chaptaein i gcónaí le brath ann.
an tréith is suntasaí a bhaineann leis his most remarkable trait
" Tá a lán buanna ag Brian Ó Drisceoil mar imreoir rugbaí – tuiscint, scil, diongbháilteacht, luas – ach thar aon ní eile, is í an chrógacht an tréith is suntasaí a bhaineann leis dar liom.
leis na tréithe pearsantachta agus intinne to the personal and mental traits
" Bhain formhór na dtuairiscí a léigh mé níos mó le carachtar an fhir agus leis na tréithe pearsantachta agus intinne a bhain leis ná le pé cur chuige, nó le stíl imeartha, a chuir sé chun cinn lena chuid foirne.
dtabharfaí tréith eile leanúnach fé dheara another continual trait would be noticed
" Dá léifí breithiúnais Hogan go stairiúil áfach, ní foláir nó go dtabharfaí tréith eile leanúnach fé dheara ina chuid scríbhneoireachta, agus sin easpa íoróine atá bunaithe ar thírghrá simplí.
thug a leithéid tréithe sainiúla such an aspect gave distinct traits
" Tá an Rotha Mór tiontaithe anois agus maítear gur gné uathúil é i stair na tíre agus gur thug a leithéid tréithe sainiúla dá mhuintir.
na tréithe chéanna a aithint recognise the same traits
" Cé gur bhain rún an Fhrancaigh le ré ársa, is féidir linn na tréithe chéanna a aithint i saothar an stairí Bhriotanaigh Simon Schama, ach go háirithe ina chláracha teilifíse nua a chuireann scéal na nGiúdach fé chaibidil dúinn ar an mBBC, *The Story of the Jews*.
an tarna tréith stairiúil the second historic trait
" An Insint Leanúnach ========= Ó thaobh an tarna tréith stairiúil ansin a luadh ar barr, ‘insint leanúnach’, ní gá aon chomhairle a chur ar Schama anseo.
Is féidir príomhthréithe an Fhir Iarainn the iron man’s principal trait can be
" He is one of us, isn’t he?*” Is féidir príomhthréithe an Fhir Iarainn (nath Yasser Arafat) a bhlaiseadh anseo: an t-easpa íoróine mar aon leis an neamhshuim sa ghreann inti, an míchumas a bhí inti freisin ó thaobh smaoinimh teibí de, agus tábhacht na coimhlinte agus an chomórtais ina haigne.
na tréithe “aitheanta” seo these recognized traits
" Chuige sin, chuir na Naitsithe tograí aisteacha ar bun chun na tréithe “aitheanta” seo a chlárú sa chaoi is go bhféadfadh siad fáil réidh leis na ciní sin faoi dheireadh.
na tréithe atá riachtanach the necessary traits
" Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhair ann: na tréithe atá riachtanach, an tablóideachas, claonta polaitiúla, tuairiscí ó láithreacha cogaíochta, féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta, cén chaoi le ceisteanna a chur agus le freagraí a sheachaint.
tréithe is dual don a lán traits of many
" Gártha molta an tslua bhaile ina chluasaibh, níorbh é an fuadar báire, ná an buaileam sciath, ná an féinghlóire, ná an cruas fearaíoch, tréithe is dual don a lán, a bhí le sonrú ann.
maidir leis na tréithe regarding the traits
" Agus maidir leis féin, Carl JUNG? Ciallaíonn sé sin ‘óg’ agus bhí an-spéis ag Jung i dteoiric na hathbhreithe! Déanfaidh an dream seo anailís ar do chéadainm duit: Bhíodar cruinn go maith, is dóigh liom, maidir leis na tréithe a bhaineann le ‘Gabriel’.
saintréithe the special traits
" Is léir do mhuintir an taoibh sin domhain amháin a bhfuil de dhifríocht idir an Astráil agus an Nua-Shéalainn agus is feasach do Bhearnaí Ó Doibhlin faoin am seo saintréithe an dá thír.