Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
treoir guidance
" Is é an ról atá aici sa chomhthéacs seo ná "cabhair agus treoir a thabhairt don choiste agus obair a chur i gcrích", go háirithe do Bhliain Idirnáisiúnta na dTeangacha (tá Neasa ina ball de Choiste Náisiúnta Bhliain Eorpach na dTeangacha in Éirinn chomh maith).
treoracha guidelines
" Ní dhéanann na teachtaireachtaí seo aon dochar go díreach do ríomhairí, ach má leantar na treoracha atá iontu is minic a dhéanfaidh an t-úsáideoir an damáiste é féin.
treorach guidance
" Tá an té a bhfuil an Amharclann nua tiomnaithe dó, an file áitiúil Cathal Ó Searcaigh, ag tabhairt treorach agus comhairle dóibh.
treoir direction
" An treoir ón taobhlíne ná cúilín a aimsiú.
treoir shoiléir clear guideline
" Tá súil againn go mbeidh pleanáil teanga mar chuid lárnach de seo, mar is cúis díomá le fada é nach bhfuil aon treoir shoiléir á tabhairt maidir leis na bealaí is éifeachtaí le tabhairt faoi fhorbairt na Gaeilge, go háirithe i dteaghlaigh agus i ngluaiseachtaí pobail.
treoracha guidelines
"treoracha úsáideacha ar dhearadh leathanaigh idirlín curtha ar fáil ag Rialtas na hÉireann freisin, agus tá (nóta nó dhó)(http://www.
treoracha instructions
" Níl san Xbox féin ach ríomhaire PC atá dírithe go hiomlán ar chluichí: ní thagann méarchlár ná luch leis, agus úsáidtear luamhán stiúrtha chun treoracha a thabhairt don ríomhaire agus na cluichí á n-imirt.
treoir mhorálta moral guidance
" Ionsaithe gnéis ar pháistí ======= Más iad na Gardaí atá freagrach as a chinntiú nach mbrisimid an dlí, chomh fada agus a bhaineann sé le go leor de mhuintir an oileáin seo is í an Eaglais Chaitliceach atá freagrach as treoir mhorálta a thabhairt dúinn.
treoir guideline
" An dtiocfaidh an lá go mbeidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe táille ar leith a ghearradh ar dhaoine chun íoc as loiscneoir sa gcontae, loiscneoir nár theastaigh ón gcomhairle ná ón bpobal áitiúil ach a tógadh faoi bhrú ón Rialtas? An rud atá ag tarlú i nGaillimh, tarlóidh sé ar fud na tíre, mar go bhfuil treoir tugtha ag an Rialtas do chuile údarás áitiúil, faoin Acht Pleanála agus Forbartha 2000, airgead a bhailiú chun íoc as na costaisí caipitil a bhaineann le hinfrastruchtúr agus áiseanna thar tréimhse dhá bhliain déag.
treoracha directions
" Thuig mé go maith an bás mall uaigneach uafásach nuair a leanas na treoracha ag an taispeántas ar an Titanic sa mhúsaem i Chicago ((www.
treoracha guidelines
" Ba é sin an phríomhchúis gur tharla an tubaiste, mar níor thug ceannaire na bpóiliní, an Ceannfort Duckenfield, aon orduithe nó treoracha do na póilíní a bhí istigh i Leppings Lane, áit a raibh brú millteanach cheana féin.
treoir guidance
" Níor chuir siad stad leis an staighre beo, níor chuir siad bac ar dhaoine dul síos ná níor thug siad treoir ná comhairle do dhuine ar bith.
treoir guidance
" "Theastaigh uaim treoir a fháil uait faoi céard ba cheart dom a rá," a deir an Rúnaí Stáit Rogers.
treoracha guidelines
" (Agus is deas a fheiceáil go bhfuil leagan Gaeilge de na treoracha sin ar leathanach dlúth a thugann le chéile níos mó téarmaí nua teicniúla Gaeilge ná leathanach i bhfoclóir téarmaíochta.
treoir guideline
" Níl an tasc chomh simplí le treoir a thabhairt do chomhlacht a ghréasán a oscailt.
mórán treorach much guidance
" Cibé duine a cheapfar sa phost dúshlánach sin, ná bíodh sé/sí ag súil le mórán treorach ón Rialtas.
treoracha guidelines
" Tá réimse leathan seirbhísí ann don phobal, mar shampla, foirmeacha stáit i nGaeilge ar líne, treoracha chun an Fáinne a cheannach, eolas faoin Acht Teanga agus an bealach a bhaineann sé leatsa, agus is féidir tuarascálacha agus taighde na Comhdhála a íoslódáil freisin.
treoir guidance, instructions
" Cionn is gur saighdiúirí in arm a bhí iontu níor cheistigh siad ariamh an treoir a thug an cheannasaíocht dóibh.
treoracha guidelines
" Tá réimse leathan seirbhísí ann don phobal, mar shampla, foirmeacha stáit i nGaeilge ar líne, treoracha chun an Fáinne a cheannach, eolas faoin Acht Teanga agus an bealach a bhaineann sé leatsa, agus is féidir tuarascálacha agus taighde na Comhdhála a íoslódáil freisin.
treoir guidance
" An grianghrafadóirí níos fearr anois muid? Go bunúsach, ní hea! Tá an teicneolaíocht ann le cuidiú linn agus le féidearthachtaí a chur ar fáil dúinn, ach is é breithiúnas na súile oilte le treoir agus le taithí, agus beagán den ádh lena chois, a chruthaíonn grianghraf maith.
Treoir Seveso 11 the Seveso II Directive
" Ach níos suntasaí ná sin, mhaígh sé gur cheart diúltú dó mar gur sháraigh sé Treoir Seveso 11 maidir le haistriú substaintí contúirteacha siocair go raibh suíomh an chríochfoirt róghar do thithe.
treoir cheart, ghairmiúil proper professional guidance
" Cheadódh íocaíocht de shaghas éigin laghdú ar uaireanta oibre, b’fhéidir, ach réiteach eile níos simplí agus níos saoire do CLG ná laghdú ar na seisiúin a chaitear i mbun na traenála agus treoir cheart, ghairmiúil a thabhairt do lucht bainistíochta ina thaobh sin.
treoir guidance
" An grianghrafadóirí níos fearr anois muid? Go bunúsach, ní hea! Tá an teicneolaíocht ann le cuidiú linn agus le féidearthachtaí a chur ar fáil dúinn, ach is é breithiúnas na súile oilte le treoir agus le taithí, agus beagán den ádh lena chois, a chruthaíonn grianghraf maith.
treoir guideline
" In alt a scríobh Rachel Zoll, agus a foilsíodh go forleathan i nuachtáin Mheiriceá ag deireadh na míosa seo caite, luaigh sí oifigeach de chuid na Vatacáine, nach raibh sásta go n-ainmneofaí é, a dúirt go mbeadh treoir ag teacht go luath ó Chomhairle Oideachas Caitliceach na Vatacáine ag dearbhú nár cheart go ndéanfaí homaighnéasaigh a oirniú as seo amach.
má chuirtear an treoir i bhfeidhm if the guideline is enforced
" Is dócha go mbeidh an scéal amhlaidh don eaglais i dtíortha eile má chuirtear an treoir i bhfeidhm, mar nach féidir léi riail amháin a bheith aici sna Stáit Aontaithe gan í a leagan síos mar threoir i ngach áit eile.
treoracha directions
" Caithfidh gach imreoir an tréimhse sin a fhulaingt nuair atá sé ag teacht go deireadh a ré imeartha agus nuair a thuigeann sé nach bhfuil an corp ábalta na treoracha a chuireann an inchinn chuige a leanacht níos mó agus go bhfuil lads óga níos sciobtha agus níos lúfaire ná iad.
treoir guidance
" Níorbh ionann iad agus ealaíontóirí eile a linne, a d’fhéach i dtreo na Róimhe agus na seanmháistirí chun treoir a fháil.
treoracha instructions
" Rud eile ná go gcaithfear freisin taicticí agus pleananna agus treoracha bainisteoirí a cheistiú agus a scrúdú nuair is léir go bhfuil nasc le tabhairt faoi deara idir modhanna imeartha foirne agus imreoirí agus minicíocht na gcártaí buí agus dearga agus ciceanna saora ina gcoinne le linn cluichí.
éifeacht na treorach the effectiveness of the directive
" Ach anuraidh, tar éis don Choimisinéir Teanga iniúchadh a dhéanamh ar éifeacht na treorach, bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh athrú poirt tagtha ar an Roinn Airgeadais.
threoracha ceapacháin appointment guidelines
" Thiocfadh leat a rá gur chuir an stát an dubh ar an gheal orthu! Agus ós rud é go raibh na marcanna breise bunaithe ar threoracha, an bhféadfadh gur tugadh droim láimhe do threoracha ceapacháin eile? Níor mhiste é seo a shoiléiriú ar mhaithe le dea-chleachtas, ionracas agus eitic! Acht na dTeangacha ======= Ach tá ceisteanna eile fós le freagairt.
atá in ainm is treoir mhorálta a thabhairt dúinn who are supposed to give us moral guidance
" Bhí taithí againn mar phobal ar an gclaonadh a bhí ag na polaiteoirí a bhí ag reáchtáil na tíre gan an fhírinne iomlán a insint i gcónaí agus anois bhí an rud céanna ar bun acu siúd atá in ainm is treoir mhorálta a thabhairt dúinn.
cuidiú, oiliúint agus treoir help, training and guidance
" Tá sé ríthábhachtach gan neamhaird a thabhairt ar na cinn a bheas mí-éifeachtach ach cuidiú, oiliúint agus treoir a chur ar fáil dóibh agus teacht i dtír ar a ndíograis maidir leis an teanga.
20 billiún treoir twenty billion instructions
" Ciallaíonn sé seo go bhfuil siad iontach tapa agus is féidir leis an gcéad cheann atá ar an margadh (an BFG Ageia PhysX) déileáil le 20 billiún treoir gach soicind.
ag tabhairt treoracha giving directions
" Gach seachtain i rith an tsamhraidh agus mé i nGleann Cholm Cille, bím ag tabhairt treoracha chuig tuamaí ursanacha agus ar uile do chuairteoirí.
treoir guidance
" Ní raibh aon taithí acu ar an scéal sa tuaisceart agus ghlac siad treoir ó chuid de na státseirbhísigh – agus níor luadh rud ar bith leo faoi chúrsaí Gaeilge.
treoir guidance
" Ní raibh aon taithí acu ar an scéal sa tuaisceart agus ghlac siad treoir ó chuid de na státseirbhísigh – agus níor luadh rud ar bith leo faoi chúrsaí Gaeilge.
treoracha agus srianta áirithe certain guidelines and curbs
" Is cinnte go bhfuil an earnáil turasóireachta iontach tábhachtach do gheilleagar na hAstráile, ach measaim gur cheart dóibh treoracha agus srianta áirithe a leagan síos do na ceantair seo nó beidh siad uilig millte, agus nuair a bheidh an damáiste déanta, beidh sé ródhéanach.
treoir guide
" Bhíos ag féachaint ar chláracha teilifíse do leanaí le déanaí nuair a craoladh clár a chuir iontas agus alltacht orm – treoir ab ea an clár do pháistí a raibh tuismitheoirí acu i bpríosún.
ag lorg treoracha, looking for directions,
" Shíl mé go raibh an tiománaí ag lorg treoracha, agus shiúlas i dtreo an chairr.
Mar threoir don lucht féachana agus éisteachta, as a guide to the viewers and listeners,
" Mar threoir don lucht féachana agus éisteachta, tugtar eolas i leabhrán maidir le príomhimeachtaí an scannáin agus na míreanna ceoil a bhaineann leo.
treoir ar leith special guidance
" Is léiritheoir den scoth é a bhfuil an-chur amach aige ar an gceol traidisiúnta (is ball den ghrúpa Lúnasa é) agus thug sé tacaíocht agus treoir ar leith don bhanna.
Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach, 1992. EU Habitats Directive 1992.
" Tá 381 LCS in Éirinn agus bunaíodh iad faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach, 1992.
treoir instruction
" Ba é an treoir a tugadh dom ná an liathróid a chiceáil chun “touch” – sin é, thar an taobhlíne - aon uair a mbeirinn greim uirthi.
an treoir the direction
" Ba í an treoir a tugadh dom ná go mbeadh orm fanacht leis - nár chóir dom é a scaoileadh as mo radharc fiú.
tacaíocht agus treoir support and guidance
" Tá ról lárnach ag na hinstitiúidí stáit sa bhainistíocht agus sa phleanáil teanga mar is tríothusan a chuirtear tacaíocht agus treoir ar fáil do na heagraíochtaí agus coistí pobail chun gur féidir leo gníomhaíochtaí dearfacha a thionscain.
faoin treoir seo de chuid an Aontais Eorpaigh about this EU directive
" eu/consumer faoin treoir seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE).
treoir theicniúil technical guidance
" Céim amháin chun tosaigh is ea treoir theicniúil a fháil maidir le conas péint a chur ar bhalla.
treoracha cuimsitheacha comprehensive instructions
" Ní theastaíonn uaim dul chun fadálachta san alt seo ag míniú an chaoi ar féidir an tseirbhís a shocrú duit féin ar do ríomhaire – tá treoracha cuimsitheacha curtha ar fáil ar abair.
Treoir Guidance, guidelines
" Tá 381 LfSC in Éirinn agus rangaíodh iad faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach (1994).
gan treoir without guidance
" Dar le Huxley, agus uaisle eile na Breataine a bhunaigh CFD, ní bheadh stáit nua, neamhspleácha na hAfraice in ann an fiadhúlra a chaomhnú gan treoir an fhir ghil.
comhairleoir treorach pósta marriage advice counsellor
" Is minic a thugtar séasúr an athmhuintearais ar thréimhse na Nollag agus dá bharr sin, ba mhaith liom go dtabharfaí seisiún le comhairleoir treorach pósta do Pheter Robinson agus do Mhartin McGuinness.
togra treorach a pilot scheme
" D’fhógair Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, i mí Lúnasa anuraidh go gcuirfear tús le togra treorach, ar a dtugtar an Pacific Islands Guest Worker Scheme (PIGWS).
treoir direction
" Agus léiríonn na difríochtaí idir an scannán seo agus Pierrot le Fou, sainscannán Godard, an bhearna dholíonta atá idir angst dhéagóirí reibiliúnacha sna seascaidí agus an sórt inphléascadh gan fócas, gan treoir a tharlaíonn do charachtair Naranjo i náideanna na linne seo.
treorach guiding
" ’ Agus é mar phrionsabal treorach na hEagraíochta Domhanda Trádála, tá an tsamhail seo á dhomhandú anois.
treorach of guidance
" Is léiriú é seo den easpa léirstine is treorach a bhaineann leis an ghné ríthábhachtach seo dár dtionscal turasóireachta.
treoracha instructions
" Ach cuirtear neart comhairle orm i gcónaí agus tugtar treoracha faoin mbealach is fearr leis an táirge a réiteach don oigheann nó don fhriochtán, faoin am is faoin méid teasa is gá a thabhairt dó agus cad iad na glasraí nó cén fíon a fheilfeas leis.
treoir direction
"treoir leagtha síos ag an CLG maidir le caighdeán agus sábháilteacht, ach tá na mílte imreoirí a chaitheann clogad nach mbeidh feiliúnach ceart, is dócha, de réir na dtreoirlínte nua.
treorach guiding
" Is mór an áis sa chás iad na nótaí canúna agus eagarthóireachta (lgh 47-57, 356) atá curtha ar fáil aici, gan trácht ar an rannóg treorach chun úsaid an leabhair féin (lch 71), agus is saothar ealaíne iontu féin iad in amanna a cuid aistriúchan Béarla, cf lgh 229, 231: ‘The Man who had Three Sisters’).
treoir direction
" Ag na sosanna, tá an treoir a thugann m’athair, mo thraenálaí, an-tábhachtach.
treoir direction
" Conradh na nOibrithe Imirce ============= Is é atá sa Chonradh seo ná creatlach leathan a thugann treoir do stáit chun cearta imirceach a urramú le linn do bheartais imirce a bheith á bhforbairt is á gcur i bhfeidhm.
treoir direction
" - Áireamh ar riachtanais dhifriúla foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais - Polasaí náisiúnta ó thaobh an tumoideachais de - Scéim ‘Erasmus’ na Gaeltachta a bhunú agus Cúrsa Gaeltachta an BA (Oideachas) a leathnú - Clár oibre d’fhorbairt na hollscolaíochta lán-Ghaeilge - Ábhar scoile eile “Saíocht agus Litríocht na Gaeilge” a sholáthar - Curaclam comhtháite a chur i bhfeidhm -5 Tacaíocht, treoir agus maoiniú cuí a chur ar fáil do na heagrais dheonacha agus phobail a mbeidh ról criticiúil acu i gcur i bhfeidhm pleananna teanga insna ceantair Ghaeltachta.
treoir direction, instruction
" ”* Ní mó ná sásta a bhí Art Ó Maolfabhail ón Choimisiún Logainmneacha faoin treoir seo agus scríobh sé chuig údaráis phoist na Breataine ag lorg soiléiriú faoi.
thabharfas treoir shall give guidance
" Agus in Éirinn, céard atá i ndán dúinn? Cá bhfuil an té a thabharfas treoir dúinn? Ní haon Stéphane Hessel mé ná baol air ach tá rudaí ann a chuireann le báiní mé.
threoracha guidelines
" Ba faoin Lucht Oibre a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
treoir guide
" Cuma agus Dearadh ========= Tá cuma gheal, taitneamhach ar an treoir ghramadaí seo.
threoracha guidelines
" Ba faoin Lucht Oibre sa gcás sin a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
chur i dtreoir getting (it) of the ground
" Chaith Reid blianta fada ag stocaireacht leis an taispeántas seo a chur i dtreoir agus bhí rún aige ón gcéad lá riamh go n-inseofaí scéal iomlán na nÉireannach ann.
treoracha guidelines
" Go dtí le gairid, bhí faitíos ar an rialtas gníomhú go polaitiúil in aghaidh mianta coiméadacha na nEaspag, a mba nós leo treoracha a leagan síos don rialtas ó Mhaigh Nuad mar a dhéanadh Ayatollah Khomeini san Iaráin, th’éis don tír sin fáil réidh leis an Shah.
thug treoir duit guided you
" **SMM: Céard is mó a spreag thú is a thug treoir duit anuas trí na blianta?** SÓC: Ag éisteacht le mo mháthair ag cur síos ar Cholm Ó Gaora.
treoir a iarraidh ask directions
" Inár mBéal gan Smid ======== Ar an údar céanna, ní raibh fonn orainn treoir a iarraidh ar an gcorrfhear a shiúil tharainn sa dorchadas.
ag lorg treorach looking guidance
" Chuir Rúnaí Príobháideach an Taoisigh meamram faoi rún chuig a chomhleacaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ag lorg treorach faoi cad é ba cheart a dhéanamh faoin litir.
threoir idé-eolaíochta an ideological guide
" Tá fealsúnacht nua náisiúnta de dhíth orainn, a d´fhéadfadh a bheith mar threoir idé-eolaíochta don Éire Nua, a chaithfear a thógáil sa bhfolús atá fágtha tar éis cliseadh an Méféineachais, a tháinig chun cinn le linn réimeas Ahern/Harney/Mc Creevey.
treoir guidance
" Sheas mé ag fanacht le treoir.
treoir guidance
" D'aithin an ghluaiseacht fhrithchumannach Charta 77, dream a raibh Havel ar dhuine dá bhunaitheoirí, an treoir don easaontacht a thug íobairt agus éilimh Palach.
treoir guildance
"treoir le fáil sa suíomh idirlín housesofthefuture.
ar threoir on the direction
" Beidh an obair seo ar siúl ar threoir ón Roinn agus le comhairle ó shaineolaithe Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta féin.
ag eascairt as treoracha arising from directives
" In ainneoin dhaingniú na rialacha a bhaineann le beathú na muc le blianta beaga anuas (ag eascairt as treoracha an Aontais Eorpaigh), is nós le go leor Spáinneach lasmuigh de mhórcheantair uirbeacha na tíre banbh nó dhó a ramhrú i gcónaí.
gan treoir ar uairibh rudderless at times
" Bhíodar leamh, leochaileach, gan treoir ar uairibh, ar nós gasúr nár fhoghlaim nó a rinne dearmad ar bhunscileanna an chluiche.
threoracha guides
" San iris, gach ráithe, faightear ailt ar threoracha chun réimse mór rudaí a thógáil, a athrú nó a scláradh.
a dtreoracha ar fáil do chách their guidelines available to everyone
" Cé go gcosnaíonn an iris *Make* $35 ina aghaidh na bliana cuireann rannpháirtithe ann a dtreoracha ar fáil do chách.
an lucht treorach the leaders
" Seal Gairid Eile ====== Is eagal liom go gcaithfidh roinnt de mhuintir na Gaeltachta, an lucht treorach, an chuid eile a mhisniú óir tá siad faoi ionsaí, d’ainneoin taca na craoltóireachta, RnaG go háirithe agus TG4 chomh maith, d’ainneoin chuile shórt.
treoracha soiléire don choiste clear guidance to the jury
" Cliseadh an Chúisimh ========= Thug an breitheamh, Dean Mildren, treoracha soiléire don choiste i dtaca le hinchreidteacht – nó easpa inchreidteachta - an phríomhfhinné, Mc Laughlin.
mar threoir as a guide
" Nuair a d’fhoilsigh an Rannóg Litriú na Gaeilge: Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil i 1947, dúradh sa réamhrá: ‘Is mar threoir don chaighdeán litrithe atá ceaptha le húsáid i ngnóthaí oifigiúla a hullmhaíodh an chéad eagrán den lámhleabhar seo, a foilsíodh Mí Iúil, 1945, ach socraíodh ar é a chur ar fáil don phobal le súil go gcabhródh sé chun litriú na Gaeilge i gcoitinne a chaighdeánú’ (CO 1947, vi).
Treoir directive
" D’eisigh an tAontas Eorpach Treoir i 2004 mar gheall ar chead cónaithe i gcomhair íospartaigh na gáinneála.
treoracha a leagan síos do to lay down guidelines for
" Theastódh an cás a dhéanamh go gonta san aighneacht agus impí ar Airí Cultúir na hEorpa, treoracha a leagan síos do Rialtas na hÉireann faoi chaomhnú na Gaeilge sa gcuid sin den Eoraip ina bhfuil sí fós á labhairt.
treoir guidance
" Nochtadh tuairim go raibh imreoirí spóirt ina n-eiseamláirí don óige agus don phobal i gcoitinne agus dúradh go raibh teipthe ar eagraíochtaí móra agus ar chinnirí éagsúla na tíre, idir chléir agus thuath, lucht polaitíochta, gnó agus siamsaíochta (an dream a luaitear an focal ‘*celebrity*’ lena stádas sa phobal go háirithe), treoir, sampla agus cinnireacht cheart a thabhairt do mhuintir na tíre.
lean na treoracha seo follow these guidelines
" Má tá tú buartha faoi dhroch-charr a cheannach nó faoi bhotún a dhéanamh agus tú ag ceannach cairr, lean na treoracha seo.
ndearnadh leasú ar an treoir the directive had been amended
" Cuireadh deireadh leis an chás sin ar an 23 Eanáir i mbliana mar gur dúradh go ndearnadh leasú ar an treoir.
Baint As na Treorach emasculating the directive
" Baint As na Treorach ========= Ag eascairt as sin, rinne mé iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise le haghaidh taifid a bhain le hathrú na treorach.
leasú na treorach amending the directive
" Ach nuair a cuireadh ceisteanna faoin ábhar chuig an Roinn Sláinte, admhaíodh gurb as an tír seo a tháinig an moladh chun an fhoclaíocht a athrú agus gur chuir siad cáipéis a bhain le leasú na treorach faoi bhráid mheitheal de chuid an Aontais Eorpaigh ar an 28 Feabhra 2012.
Is annamh a thugtar aon threoir seldom is any guidance given
" Is annamh a thugtar aon threoir don lucht féachana.
bíonn iachall orthu treoir a thógáil they’re forced to take a lead
" (Chonaic mé le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta Seanadóir ón bhfreasúra ag iarraidh córam agus é ag siúl amach é féin, tar éis dhó córam a iarraidh!) Ach ’sé an fhadhb is mó leis an Seanad ná go bhfuil an iomarca de na Seanadóirí faoi cheangal ag na páirtithe, agus in áit a n-intinn féin a dhéanamh suas faoi reachtaíocht nó leasú ar reachtaíocht, bíonn iachall orthu treoir a thógáil ón bpáirtí.
treoir cheannaitheora lena gcuid léirmheasanna a buyer's guide with their reviews
" An rud is maith liom le CNET ná go mbíonn treoir cheannaitheora lena gcuid léirmheasanna a ligeann duit do chinneadh féin a dhéanamh.
mhéadú de réir treoir increase according to the directions
" Anuas ar sin, tá ar TG4 a phlean straitéiseach a athscríobh agus caithfear pobal féachana na Gaeilge a mhéadú de réir treoir ón Rialtas agus ó Údarás Craolacháin na hÉireann.
treoir agus cabhair guidance and assistance
" Fuair siad treoir agus cabhair ó Thadhg Mac Dhonnagáin (a bhfuil ról cameo aige sa scannán freisin) a bhí ina ‘dhoctúir scripte’ dóibh.
treoir a thabhairt to give direction
" Sé bliana ó thit an tóin as an ngeilleagar domhanda, bíonn na gutháin de shíor ag bualadh in oifig bheag i mBaile Blainséir agus fágtar faoi naonúr treoir a thabhairt maidir leis na roghanna atá ar fáil do dhaoine atá báite i bhfiacha.
dtugann comhairleoirí treoir counsellors give advice
" Tá 53 oifig ag an tseirbhís ina dtugann comhairleoirí treoir do dhaoine maidir le buiséadú agus conas dul i ngleic lena bhfiacha pearsanta.
amhrasach faoi na treoracha doubtful about the directions
" “Cad é atá iontu?” an ceist a chuala mé go minic fúthu i nDún na nGall, agus bhí mé amhrasach faoi na treoracha orthu nuair a léigh mé an píosa seo i Travel Ireland: ‘*Donegal’s featured discovery points include the pugnacious coastline stretching from Dunfanaghy down to Killybegs, and passing by the Aran Islands and the Slieve League Cliffs.
níl aon treoir ag tíocht ón there’s no direction coming from
" Má tá cúram na bportach ar Jimmy Deenihan, tá cúram na Gaeltachta ar a Roinn chomh maith, ach níl aon treoir ag tíocht ón Eoraip faoin gcuid sin d’oidhreacht ársa na hEorpa a chaomhnú is a chosaint, faraor.