Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
triúr spéirbhan na hÉireann the three beautiful women of Ireland
" Bhíodh daoine ag éirí óna sé ar maidin ach bhíodh triúr spéirbhan na hÉireann á gcaitheamh amach as gach ospedaje faoi 7.
in ainneoin gur íobair sé putóga triúr moltóirí despite the fact that he sacrificed the guts of three judges
" Dar leis fosta, in ainneoin gur íobair sé putóga triúr moltóirí ar altóir Thaighdín na Tóna Tanaí, go mbeidh an tOireachtas seo chomh haithiseach adhnáireach le ceann na bliana seo caite.
mo thriúr nia my three nephews
" AÓF: Nuair nach mbíonn tú ag plé leis an gceol cad a dhéanann tú mar chaitheamh aimsire? DNíS: Caithim a lán ama le mo thriúr nia agus is maith liom a bheith ag déanamh taighde ar an idirlíon agus ag léamh.
triúr laochra three heroes
" Sa bhliain 1878 chuir triúr laochra as Fánaid deireadh lena chuid tíoránachta nuair a dhúnmharaigh siad é.
triúr ball sinsearach three senior members
" An mhí seo caite, cuireadh triúr ball sinsearach - Uachtarán an pháirtí Martin Smyth, an leas-Uachtarán Jeffrey Donaldson agus an feisire David Burnside - ar fionraí as ucht a n-ionsaithe leanúnacha ar pholasaithe an cheannaire David Trimble.
triúr breithiúna three judges
" Bhí triúr breithiúna ar an bhinse: Elaine Donnelly, an cathaoirleach, chomh maith le Mrs S McNulty agus Ms DF Wood.
triúr iarrthóirí three candidates
" Sheas triúr iarrthóirí an bhliain sin.
an triúr diúlach the three fellows
" Cén fáth, mar sin, nár fógraíodh post an Phríomhfheidhmeannaigh go dtí lár mhí Eanáir tráth ar sceith an *Irish Times *go raibh rún ag an triúr diúlach aerlíne dá gcuid féin a bhunú a d'fhéadfadh a bheith in iomaíocht le hAer Lingus? Fiú sa chás sin, ba ar an chúlbhinseoir Jim Glennon, seachas ar an Aire Cullen, a thit sé ceisteanna a ardú faoi choinbhleacht leasa.
an triúr gaiscíoch the three heroes
" Éamó, Léamó agus Réamó atá ar an triúr gaiscíoch agus ag tús an leabhair tá siad ina suí sa chistin ag ól cupán tae.
triúr breithiúna three judges
" Is éard a bhí ann go bunúsach triúr breithiúna ag léamh an bhreithiúnais i mBahasa, teanga nach bhfuil ach ag corrdhuine san Astráil.
Thriúr na Colóime the Colombia Three
" Tóg, mar shampla, an clúdach a rinneadh ar philleadh Thriúr na Colóime ar Éirinn.
triúr fear oilte, éirimiúil agus spéisiúil, three educated, intelligent and interesting men,
" Chaith mé cúpla oíche in Chipata, in aice le teorainn na Maláive, agus b'ansin a chas mé le triúr fear oilte, éirimiúil agus spéisiúil, Marcus, Michael agus Morgan.
triúr girseach three girls
" “Bhí cúigear páistí sa teaghlach: triúr girseach agus beirt mhac.
triúr oifigeach three officers
" Is eagraíocht an-bheag í – níl ach triúr oifigeach fostaithe ag Colmcille agus príomhfheidhmeannach.
ba sheanóirí an triúr acu, the three of them were elderly,
" Ar ndóigh, ba sheanóirí an triúr acu, agus is dócha gur chuimhin leo féin an coinscríobh, nár cuireadh deireadh leis i Meiriceá go dtí 1973.
triúr fear gnó áitiúil three local businessmen
" Tar éis feachtais in aghaidh an tionscadail seo, díoladh an stiúideo i mí Iúil 2006 le triúr fear gnó áitiúil – Steve Macfarlane, Gary Millar agus Tom Lang – a raibh baint acu leis an áit agus, buíochas le Dia, tá sé fós ag feidhmiú mar láthair cheoil.
Samhlaigh an triúr acu imagine the three of them
" Samhlaigh an triúr acu ag imirt le Corcaigh i gCraobh na hÉireann! D’fhéadfadh sé sin tarlú mar ní heol dúinn ón gclár an bhfuil sé i ndán dóibh go cinnte gaisce a dhéanamh le peil na hAstráile, ach de réir mar a imíonn an t-am is beag an seans go bhfillfidh siad ar Chorcaigh agus ar an iomáint.
á n-aithris ag triúr aisteoirí ó Chonamara, recited by three actors from Conamara,
" Tá an fhilíocht ar fad ar dhlúthdhiosca, á n-aithris ag triúr aisteoirí ó Chonamara, Peadar Ó Treasaigh, Darach Ó Tuairisg agus Áine Ní Dhroighneáin, agus tá ceol agus fuaimrian ó John Ryan curtha leis.
triúr ina n-aonar three on their own
" Bhí drochthoradh ar an fhaisean seo le déanaí: fuair cúigear bás ar Choire an t-Sneachda i bPàirc Nàiseanta a’ Mhonaidh Ruaidh in Albain an geimhreadh seo, i mí na Nollag agus mí Eanáir, triúr ina n-aonar agus beirt le chéile.
ag díriú a mhéire ar thriúr pointing at three people
" “They’re the Everton scouts,” arsa Steve McKenna liom, ag díriú a mhéire ar thriúr i measc an tslua.
triúr múinteoirí fir three male teachers
" “Cén áit a ndeachaigh vótaí na múinteoirí sna Gaelscoileanna, más ea? Bhuel ar an chuntas is déanaí ní raibh ach triúr múinteoirí fir sa tír nár cheannaigh Joe Soap cúpla pionta dóibh ag am inteacht.
an triúr comhoibrithe the three collaborators
" *Aniar: Voices and Verse from the Edge of the World* atá mar theideal ar an saothar seo, agus is cinnte gur éirigh leis an triúr comhoibrithe a bhí bainteach leis atmaisféar ar leith a chruthú ann – tá rian den “Saol Eile” le braith go láidir uaidh.
i gcás idir páiste amháin as triúr the the case of between every child in three
" Ba é an chonclúid ar thángthas uirthi ag deireadh na tuarascála ná gur tharla a leithéid i gcás idir páiste amháin as triúr agus páiste amháin as deichniúr ón líon iomlán páistí Bundúchasacha a bhí sa tír idir 1910 agus 1970.
ó thriúr oifigeach cearta daonna from three human rights officials
" I lár mhí Eanáir, tugadh le fios go bhfuair Rialtas na Nua-Shéalainne litir roimh an Nollaig ó thriúr oifigeach cearta daonna de chuid na Náisiún Aontaithe, inar iarradh go ndéanfaí iniúchadh ar na himeachtaí ar fad.
faoi Thriúr Ghiobráltar, about the Gibraltar Three,
" Bhí iontas orm, mar sin, nuair a dúirt sé liom: “Tá muid ag déanamh cláir faoi Thriúr Ghiobráltar, 20 bliain tar éis a mbás agus bhí d’ainm luaite anseo mar cara de chuid Sheáin Savage”.
Bhí triúr póilíní ar a dtriail three policemen were on trial
" Bhí triúr póilíní ar a dtriail as fear neamharmtha a mharú agus iad i ngnáthéadach taobh amuigh de chlub i lár na hoíche.
triúr fostaithe three employees
" Níl ach triúr fostaithe ag gabháil d'obair an stáisiúin ar bhonn lánaimseartha gairmiúil.
gabhadh triúr three were arrested
" Go gairid tar éis na n- ionsaithe gabhadh triúr ball den eagraíocht seo, Muklas bin Nurhasyim, a dheartháir, Amrozi, agus Imam Samudra.
siombalachas an triúir éagsúil the symbolism of the differing three
" Bhí siombalachas an triúir éagsúil sin ag caint go neamhbhalbh ar an téad céanna agus creidim go ndéanfaidh an chomhghuaillíocht úr maitheas don phroiséas polaitiochta san fhadtéarma.
triúr as gach deichniúr three in every ten
" Ach ní thugann ach triúr as gach deichniúr scoláire faoin pháipéar onórach agus iarrthóirí fireanna is ea 30% acu sin.
triúr three
" **Duaiseanna** Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire ó Fios Feasa, mar atá, CD ROM atá an-tráthúil um Nollaig: Amhrán is Fiche don Nollaig Ar Amhrán is Fiche don Nollaig, tá amhráin traidisiúnta na Nollag as Gaeilge, á rá ag triúr amhránaithe aitheanta ó Ghaeltachtaí éagsúla: Méabh Ní Bheaglaoich, Síle Denvir agus Mairéad Ní Mhaonaigh.
a dtriúr all three
" A mhalairt de theanga is ea an Ghaeilge, mar a bhfuil an tsintéis – fréamh an bhriathair, gas na haimsire agus an phearsa, iad a dtriúr in éineacht – agus an briathar chun tosaigh san abairt (briathar +ainmní+cuspóir móide fonathanna dobhriathartha ama/áite/modha) Bíonn meas ag daoine atá fréamhaithe ina gcultúr féin ar an éagsúlacht a bhaineann le daoine as cultúir eile a mbeidh siad ag comhoibriú leo.
roghnaíodh an triúr páistí the three children were chosen
" Tá sé fíor! Rud eile atá fíor i ndáiríre ná gur roghnaíodh an triúr páistí a bhuail Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin le linn do Ó Bama a bheith ag cur crainn ann, chun ár mórtas as éagsúlacht mhuintir na hÉireann a léiriú.
arsa an triúr d’aonghuth we said as one
" “C’est pas possible!” arsa an triúr d’aonghuth.
dhiúltaigh triúr three refused
" Tháinig an chéad reacht slán, ach dhiúltaigh triúr den chúigear cead a thabhairt don Dháil Acht na hEorpa Aontaithe a dhaingniú gan reifreann.
Thug an triúr eile droim láimhe the other three objected
" Cime agus Caomhnóir is ea an Rialtas =============== Thug an triúr eile droim láimhe do Finlay agus Griffin.
Bhí sceitimíní ar an dtriúr againn we were all three excited
" Bhí sceitimíní ar an dtriúr againn agus bhí an ceart againn: bhí neart rudaí le feiceáil ann a bhí an-spéisiúil agus an-spraoiúil.
Ciontaíodh triúr ball three members were convicted
" Ciontaíodh triúr ball den bhanna feimineach punc Rúiseach, Pussy Riot, an mhí seo chaite as a bheith páirteach i ngníomh ‘amhasóireachta’ i bpríomh-ardeaglais Mhoscó.
a tharraing aird an domhain ar an triúr which drew world attention to the three
" Níorbh é a n-éacht ar an raon rásaí a tharraing aird an domhain ar an triúr, ámh, ach a n-iompar misniúil conspóideach le linn an tsearmanais nuair a bronnadh na boinn orthu.
Daoradh an chéad triúr a cuireadh ar a dtriail chun báis the first three were condemned to death at their trial
" Daoradh an chéad triúr a cuireadh ar a dtriail chun báis agus ar chomhairle ó shagart áitiúil, phléadáil an cúigear eile ciontach as an choir leis an chrochadóir a sheachaint.
crochadh an triúr the trio were hung
" ) Fód a mBáis ====== Ba i nGaillimh (san áit ina bhfuil an Ardeaglais faoi láthair) a crochadh an triúr.
An Triúr Saoithe the three wise men
" An Triúr Saoithe— a sciobann a bhfuil d’ór is de thúis is de mhiorra againn sa tír seo abhaile go dtí Aingeal an Bháis sa Ghearmáin —nó an Triúracht mar is fearr aithne orthu.
Ar thriúr de na húdair luaitear three of the authors mentioned are
" Ar thriúr de na húdair luaitear Oliver Friggieri, Francis Ebejer agus Immanuel Mifsud.
mharaigh siad triúr they killed three
" Gaeil in Aghaidh Ghael =========== Bhí na póilíní sa tóir ar dhrong an Cheallaigh ar feadh dhá bhliain mar gur mharaigh siad triúr dá gcomrádaithe, Gaeil gach mac máthar acu.
maraíodh triúr eile na droinge three others of the gang were killed
" Gabhadh an Ceallach tar éis léigear ar theach tábhairne in Glenrowan, baile beag ina dhúiche, ach maraíodh triúr eile na droinge sa léigear, deartháir an Cheallaigh ina measc.
is capaill folaíochta iad an triúr príomhaisteoir the three main actors are purebreds
" Thairis sin is capaill folaíochta iad an triúr príomhaisteoir.
triúr breithimh three judges
" Is féidir poll mór a aithint i lár an bhreithiúnais mór-le-rá, Fleming v Ireland, AG and DPP a scríobh triúr breithimh de chuid na hArd-Chúirte insa choimhlint dleathach idir Mrs Fleming agus Oireachtas na hÉireann.
mórán thar thriúr many more than three
" Is cosúil nach raibh mórán thar thriúr den lucht cantail ag cur díobh in am ar bith ach gurb é an dóigh a raibh ainmneacha éagsúla á dtarraingt chucu féin le dul ina bhun.
shuigh an triúr gardaí anuas air the three guards sat on him
" Dar le finnéithe go raibh Mubenga ag lorg cabhrach ó na paisinéirí eile ar an eitilt de chuid British Airways agus ag liú nach raibh sé in ann análú nuair a shuigh an triúr gardaí anuas air.
ina éadan, seachas triúr against it apart from three
" Vótáil gach aontachtach ina éadan, seachas triúr - Basil McCrea, John McCallister agus Michael Copeland.
gan níos mó ná triúr less than three
" Tá rialacha agus laincisí áirithe ag baint le foireann a chur le chéile: uasmhéad áirithe airgid le caitheamh ar na imreoirí, gan níos mó ná triúr ó aon chumann amháin agus ar ndóigh líon áirithe tosaithe, cosantóirí agus imreoirí lár na páirce a bheith roghnaithe ar an bpainéal de 15 imreoir, as ar féidir an fhoireann a roghnú.
rud a chiallaíonn triúr in ionad beirte something which means three instead of two
" An bhean a thug briseadh mo chuid airgid dom ag scipéad bialainne inné, ba léir dom go bhfuil sí ag iompar, rud a chiallaíonn triúr in ionad beirte faoi cheann bliana.
thriúr ball den three members of the
" Chuir Squinter, colúnaí leis an Andersonstown News ceist, cad chuige a raibh na haontachtaithe seo ag gearán faoin mhórshiúl phoblachtach nuair a bhí siad ag áitiú go mbrúfaí The Pride of Ardoyne fríd Ard Eoin, buíon cheoil a thugann ómós do thriúr ball den UVF, Billy McClure, Sam Rockett agus fear a luaíodh le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, Billy Hanna? Agus tacaíocht na bunaíochta aontachtaí acu agus spreagadh ó cheannairí pobail nach féidir leo páirt a ghlacadh i ndíospóireacht shibhialta, mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor.
Cailleadh triúr acu the three of them died
" Cailleadh triúr acu an oíche sin.
fé stiúir triúir cumasach directed by three capable people
" B’é The Tallest Man in the World tionscnamh 2013, dráma a bhí fé stiúir triúir cumasach sa Triskel Arts Centre.
ag foireann triúir by a group of three
" Tar éis obair sé mhí ag foireann triúir nó ceathrar níor athraigh siad ach ord dhá fhocal ar cheann de na cláir ar an leathanach baile.
triúr pearsantachtaí suimiúla of three interesting personalities
" I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.
hanamacha triúir three souls
" Chuireas ann paidir le hanamacha triúir Neligan: mo chéile comhraic, Maurice an máinlia, ar shlí na fírinne anois; an ‘David F’ fá mo chosa thíos - pé ar leis é - agus, beart a tháinig aniar aduaidh orm féin, paidir le hanam David Neligan, Príomh-Oifigeach Faisnéise, Fórsaí an tSaorstáit, Trá Lí, 1923.
triúr ball three members
" Ba mhaith liom triúr ball de Chumann Lúthchleas Gael (CLG) a chur in aithne daoibh an mhí seo.
an triúr trio
" Bhí an triúr ag déanamh bolscaireachta do scannán nua, *The Monuments Men*, atá dírithe ar bhuíon ón Dara Cogaidh Domhanda a bhí freagrach as saothar ealaíne, a ghoid na Naitsithe, a aimsiú agus a shaoradh, nuair a dúirt Clooney, go mbeadh sé cui agus cóir (agus iad ag caint faoi ealaín chreachta) dá dtabharfadh Iarsmalann na Breataine an saothar sin ar ais do phobal na Gréige.
ar dhuine de thriúr one of three
" Tá Gladstone ar dhuine de thriúr Sasanach mór le rá a rugadh i 1809.
le triúr a fhostú go buan to employ three fulltime
" Is leor sin le triúr a fhostú go buan (idir iriseoirí, eagarthóir, fo-eagarthóir, dearthóirí srl.
triúr trio
" Is iad Jamie Smith (cairdin), Tom Callister (fidil) agus Adam Rhodes (bouzouki) an triúr i mBarrule, agus tagann an t-ainm as an chnoc Baarool Jiass (Barúl Deas), áit a raibh Mannanan beg y Leir (Manannán mac Lir) ina chónaí, de réir na finscéalaíochta .
Casadh beirt nó triúr linn we met two or three
" Casadh beirt nó triúr linn ar Shliabh a Liag, an cnoc is airde sa cheantar, ach diomaite díofa sin, is linn féin a bhí muid.
triúr three
" Bhí triúr eagarthóirí géarchúiseacha ardoilte againn go dtí seo, mar atá Éamonn Ó Dónaill, Caoimhe Ní Laighin agus an Dr Seosamh Mac Muirí.
amharcann an triúr acu all three look
" Tá cuma aonarach scartha orthu agus, ainneoin go bhfuil blas den bhoithéimeachas ag baint leis an radharc, amharcann an triúr acu rud beag dúdóite.
thriúir of three
" Bhí Ciara Nic Gabhann ag meabhrú ar obair thriúir díobh sin.