Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íospartaigh na dtrioblóidí victims of the troubles
" I mbliana thug sí caint ag cruinniú a d'eagraigh VAST, is é sin grúpa íospartaigh na dtrioblóidí.
shagart le trioblóidí a troubled priest
" Ina dhiúscairt, d'admhaigh Daily gur fhéach sé ar Shanley mar "shagart le trioblóidí" a raibh cabhair de dhíth air.
ag cothú trioblóide causing trouble
" Cad é a bhí mar phríomhscéal acu sin??? Inseoidh mé daoibh: May Mac Ránais ag cothú trioblóide idir Íosa Mhic Ghiolla Mháire agus An Seanadóir Navid Doris ar mhaithe lena leabhar úr a dhíol; scéal a bhí chomh mórchúiseach gur dhíbir sé Géarchéim na hIaráice isteach in aice leis na leathanaigh spóirt.
trioblóid trouble
" Ní raibh mórán déanta agam go raibh mé i dtrioblóid - ní raibh mé ábalta an phiocóid oighir a bhaint as an oighear.
na Trioblóidí the Troubles
" Cé go raibh na Trioblóidí ag dul ar aghaidh sa Tuaisceart ag an am, níor chuir siad isteach ná amach orainn.
dá shíorfháil i dtrioblóid i gcás ar bith always getting him into trouble anyway
" Bhí cuid crúb Éamoinn dá shíorfháil i dtrioblóid i gcás ar bith, agus an sparán… B'éigean do dhuine inteacht aire a thabhairt dó, agus ós rud é gur mé féin a bhí ar an láthair, agus ós rud é gur mé féin a bheadh ag feidhmiú mar eagarthóir sealadach… mé féin a thug aire dó.
laetha luatha na dTrioblóidí the early days of the Troubles
" Ach go bé snípéirí de chuid an IRA (mharaigh siad triúr agus maraíodh ball amháin dá gcuid) thabharfaí an drochbhail chéanna ar an cheantar is a tugadh ar Bombay Street agus ar shráideanna eile a dódh go talamh le linn laetha luatha na dTrioblóidí.
de dhlúth agus d'inneach sna Trioblóidí an integral part of the Troubles
" Bhí an choiriúlacht de dhlúth agus d'inneach sna Trioblóidí ariamh anall.
is fiú an tairbhe an trioblóid it's worth making the effort
" Ach más ea, is fiú an tairbhe an trioblóid mar gur beag radharc in Éirinn atá inchurtha leis an cheann atá le fáil ó mhullach an tsléibhe seo.
gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid that it would be worth the trouble
" Ní foláir mar sin go mbeadh socrú maith cánach ann lena chinntiú gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
nach ndéarfadh gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid that it wasn't worth the trouble
" Ar ndóigh, tharraing an cás cúirte seo tuilleadh airde ar a iníon ach is beag duine nach ndéarfadh gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
lucht cothaithe na trioblóide those who cause the trouble
" Ní thuigim cén polasaí atá á léiriú ag CLG i leith eachtraí foréigin den saghas seo le cinntiú nach dtarlóidh siad arís agus má tharlaíonn go mbeidh praghas ard le híoc ag lucht cothaithe na trioblóide.
nach fiú an tairbhe an trioblóid that it's not worth the effort
" Is ionann an cás do gheilleagar na tíre! An fiú mar sin leanstan leis an chur i gcéill agus a bheith ag síorthógáil ar mhaithe le beatha a chur sa gheilleagar? Táthar ann a deir nach fiú an tairbhe an trioblóid.
i ndráma fuilteach na dTrioblóidí in the bloody Troubles play
" Dar ndóigh, i gCalm seo na nDoldrama ina bhfuil tuaisceart na hÉireann suite, níor léim polaiteoirí ar an ardán a bhí fágtha ag an IRA i ndráma fuilteach na dTrioblóidí.
an trioblóid is deireanaí the latest trouble
" Tá sé ina raic ansin ó 2000 agus tharla an trioblóid is deireanaí in ainneoin fórsa réigiúnda as tíortha eile, a bhformhór as an Astráil agus an Nua-Shéalainn, a bheith ansin le tamall de bhlianta le rudaí a choinneáil faoi smacht.
trioblóid trouble
" ” “Tiocfaidh tú abhaile láithreach má bhíonn aon trioblóid ann?” “Tiocfaidh.
níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid. it wasn't worth the effort;
" Níorbh fhiú dul ag máirseáil; níorbh fhiú scríobh chun na nuachtán; níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
trioblóid trouble
" Bíonn a fhios againn i gcónaí roimh ré má tá trioblóid ar na bacáin.
ag déanamh fortúin as trioblóidí an cheantair sin making a fortune for the troubles of that area
" Tá an *fecker* sin Roddy Doyle ag déanamh fortúin as trioblóidí an cheantair sin agus tá an chuid eile againn ag íoc go daor as, *loike ya know*.
faoi thrioblóidí an Taoisigh about the troubles of the Taoiseach
" Aon duine nár chuala fós faoi thrioblóidí an Taoisigh le tamall anuas, is i bhfad ón raidió, ó nuachtáin agus ón teilifís a chaitheann sé a shaol.
mar thrioblóid ar an stocmhalartán, such as trouble on the stockmarket,
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
a chothaigh trioblóid which stirred trouble
" Agus comhráite ar siúl le déanaí chun conradh a chur le chéile a fheidhmeodh in ionad an Bhunreachta Eorpaigh nár éirigh leis, ba í an Pholainn an t-aon tír amháin a chothaigh trioblóid nuair a mhaígh PiS go gcuirfeadh an Pholainn in aghaidh an chonartha mar nach raibh siad sásta le gné amháin de.
trioblóidí airgeadais financial troubles
" Agus níor fhág mé an nuachtán nuair a bhí trioblóidí airgeadais acu ceithre bliana ó shin in ainneoin go rachadh sé go mór chun sochair dom ó thaobh airgid de dá bhfágfainn mar go raibh tairiscintí fiala faighte agam ó nuachtáin eile.
na Trioblóidí the Troubles
" D'ainneoin na ndeacrachtaí ar fad a bhí againn – an Gorta Mór, na Trioblóidí agus mar sin de – tá ár gcultúr fós againn anseo agus tá clár imeachtaí socraithe le ceiliúradh a dhéanamh ar stádas seo Learphoill i mbliana.
de chastacht na dtrioblóidí of the complexity of the troubles
" Taobh istigh de sheachtain, fuair muid léargas ar an pholaitíocht úr agus macalla de chastacht na dtrioblóidí a réab an chuid seo d’Éirinn ar feadh 40 bliain.
is fiú an tairbhe an trioblóid. it's worth the trouble.
" Caithfidh mé a admháil go bhfuil sé casta go leor gairdín fíorúil a chruthú leis an mbogearra seo, ach is fiú an tairbhe an trioblóid.
Mar bhuarthóir agus mar thógálaí trioblóide an annoyance and as a trouble maker
" Mar bhuarthóir agus mar thógálaí trioblóide agus raice a raibh sé de rún agam an pobal a chur trína chéile ní ba mhoille i mo shaol, bhí sé de dhualgas orm tosú amach i gceart.
níor theastaigh uaim trioblóid a chur ar mhúinteoirí bochta Protastúnacha, I didn't want to trouble poor Protestant teachers
" Anois, níor theastaigh uaim trioblóid a chur ar mhúinteoirí bochta Protastúnacha, agus mar sin, chinn mé ar na Bráithre Críostaí mar íospartaigh.
oidhreacht na dtrioblóidí legacy of the troubles
" Ach fós, tá oidhreacht na dtrioblóidí ag cur bac ar dhul chun cinn.
gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid that the reward would be worth the effort
" Thuig mé ag an bpointe sin go mbeadh siúl an lae maslach go maith, ach thuig mé leis gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid mar go raibh an taobh sin tíre go hálainn agus cheana féin, bhí an radharc dochreidte.
dTrioblóidí troubles
" Nárbh é an bratach trídhathach ba chúis le chéad racáin mhóra na dTrioblóidí i Sráid Duibhise i 1964? Uair amháin, b’éigean dom cor bealaigh a ghlacadh i gceantar na Seanchille agus ag dul thart coirnéal áirithe, baineadh geit asam nuair a chonaic mé an bratach ba mhó UVF dá bhfaca mé riamh díreach os mo chomhair.
Dála na dTrioblóidí as for the troubles
" Dála na dTrioblóidí, níor shíl muid go mairfeadh siad, ach a mhalairt a tharla.
Trioblóidí Troubles
" Bhí an eagla ar iriseoirí ó thuaidh go mbeadh an saol i bhfad níos leadránaí nuair a tháinig deireadh leis na Trioblóidí agus nuair a rinneadh céilí leapa den DUP agus Sinn Féin.
gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid that it’s worth the trouble
" Nuair a smaoiním ar an dochar a dhéanann na pokies ar dhaoine leochaileacha, áfach, feictear dom gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
arbh fhiú an tairbhe an trioblóid was it worth the trouble
" Canóin an Fhrainc-Phólannaigh áirithe seo curtha sa phota - n’fheadar, an uair seo, arbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
réamh-Thrioblóide prior to the Troubles
" I measc na gCaitliceach, meabhróidh siad go bhfuil siad ar ais chuig na seanlaethanta réamh-Thrioblóide nuair a fuair tú teach bunaithe ar an chreideamh a bhí agat - Protastúnach.
ag tabhairt trioblóide giving trouble
" Ach duine ar bith, speisialta nó gan a bheith, a bhí ag tabhairt trioblóide, cuireadh síos go rang Ray iad (gáire), ach bhain mé an-sult as sin.
Chun trioblóid a sheachaint to avoid trouble
" Chun trioblóid a sheachaint, ní raibh poiblíocht roimh ré.
Trioblóidí na nua-haoise the modern Troubles
" Pé rud a tharla do Phoblachtaigh laistigh de chórais éirice na Breataine ar an ‘tír mór’, bhí tionchar an-láidir aige ar aigne an phobail Náisiúnaigh lasmuigh de sin, gné a nascann Trioblóidí na nua-haoise le seantraidisiúin na bhFíníní agus na glúine a tháinig rompu agus ina ndiaidh.
más mian leo na Trioblóidí a thuiscint i gceart if the intend to properly understand the Troubles
" Beidh staraithe agus mic léinn ag brath ar an leabhar údarásach seo go ceann i bhfad más mian leo na Trioblóidí a thuiscint i gceart.
nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid it wasn't worth the trouble
" Chuir státseirbhísigh comhairle air nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid siocair nach raibh bunadh na Gaeilge ag éisteacht leis na cláracha Gaeilge a bhí ann cheana féin.
an fiú an tairbhe an trioblóid it’s worth the trouble
" Mar sin de, nílim cinnte an fiú an tairbhe an trioblóid.