Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
trioblóideach troublesome
" Deir sí go mbíonn roinnt den dream a dhéanann obair dheonach leis an stáisiún mar chaitheamh aimsire trioblóideach, áfach.
shagart le trioblóidí a troubled priest
" Ina dhiúscairt, d'admhaigh Daily gur fhéach sé ar Shanley mar "shagart le trioblóidí" a raibh cabhair de dhíth air.
na Trioblóidí the Troubles
" Cé go raibh na Trioblóidí ag dul ar aghaidh sa Tuaisceart ag an am, níor chuir siad isteach ná amach orainn.
de dhlúth agus d'inneach sna Trioblóidí an integral part of the Troubles
" Bhí an choiriúlacht de dhlúth agus d'inneach sna Trioblóidí ariamh anall.
ag déanamh fortúin as trioblóidí an cheantair sin making a fortune for the troubles of that area
" Tá an *fecker* sin Roddy Doyle ag déanamh fortúin as trioblóidí an cheantair sin agus tá an chuid eile againn ag íoc go daor as, *loike ya know*.
faoi thrioblóidí an Taoisigh about the troubles of the Taoiseach
" Aon duine nár chuala fós faoi thrioblóidí an Taoisigh le tamall anuas, is i bhfad ón raidió, ó nuachtáin agus ón teilifís a chaitheann sé a shaol.
trioblóidí airgeadais financial troubles
" Agus níor fhág mé an nuachtán nuair a bhí trioblóidí airgeadais acu ceithre bliana ó shin in ainneoin go rachadh sé go mór chun sochair dom ó thaobh airgid de dá bhfágfainn mar go raibh tairiscintí fiala faighte agam ó nuachtáin eile.
na Trioblóidí the Troubles
" D'ainneoin na ndeacrachtaí ar fad a bhí againn – an Gorta Mór, na Trioblóidí agus mar sin de – tá ár gcultúr fós againn anseo agus tá clár imeachtaí socraithe le ceiliúradh a dhéanamh ar stádas seo Learphoill i mbliana.
Trioblóidí Troubles
" Bhí an eagla ar iriseoirí ó thuaidh go mbeadh an saol i bhfad níos leadránaí nuair a tháinig deireadh leis na Trioblóidí agus nuair a rinneadh céilí leapa den DUP agus Sinn Féin.
Trioblóidí na nua-haoise the modern Troubles
" Pé rud a tharla do Phoblachtaigh laistigh de chórais éirice na Breataine ar an ‘tír mór’, bhí tionchar an-láidir aige ar aigne an phobail Náisiúnaigh lasmuigh de sin, gné a nascann Trioblóidí na nua-haoise le seantraidisiúin na bhFíníní agus na glúine a tháinig rompu agus ina ndiaidh.
más mian leo na Trioblóidí a thuiscint i gceart if the intend to properly understand the Troubles
" Beidh staraithe agus mic léinn ag brath ar an leabhar údarásach seo go ceann i bhfad más mian leo na Trioblóidí a thuiscint i gceart.