Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tsochaí society
" Sa lá atá inniu ann tá daoine dubha le feiceáil i go leor réimsí den tsochaí Mheiriceánach a raibh cosc orthu a bheith páirteach iontu roimhe seo.
tsochaí society
" Ní bhaintear úsáid as an phionós báis chun cosaint a chur ar fáil do dhaoine dubha nó do ghrúpaí mionlaigh eile sa tsochaí agus níor baineadh riamh as ar an chúis seo (níor cuireadh aon fhianaise ar fáil go dtí seo go gcosnaíonn sé an tsochaí ar chor ar bith).
sa tsochaí in society
" Leis na hathraithe uilig sa tsochaí is gá do Ghlór na nGael athrú dá réir.
tsochaí society
" Ar an ábhar sin, díreoidh mé m'aird ar nithe eile atá mar thoradh ar ionsaithe an 11 Meán Fómhair, nithe a léiríonn cuid acu an taobh síorghránna den tsochaí Mheiriceánach, agus nithe eile a mbeidh iarmhairtí acu go forleathan.
tsochaí society
" Ról dearfach ======= Tugann obair dheonach deis don duine aonair ról dearfach cabhrach a imirt sa tsochaí.
tsochaí bhéasach polite society
" Tharraingeodh siad aird, ar an chéad dul síos, ar an dóigh a mbíonn formhór na daoine sa tsochaí bhéasach an-cháiréiseach agus iad ag plé, cuir i gcás, Afra-Mheiriceánaigh nó Giúdaigh Mheiriceánacha, ach go mbíonn ealaíontóirí gríosaitheacha, scríbhneoirí na conspóidíochta agus lucht an ghrinn gháirsiúil den bharúil gur féidir tabhairt faoi Chaitlicigh.
an tsochaí chomhaimseartha contemporary society
" Feicfidh siad muid ag obair ar chúrsaí nua, ar mhodhanna nua múinte, amuigh ag labhairt le mic léinn poitéinsiúla, ag breathnú ar an gcaoi is fearr ar féidir leis an ollscoil freastal ar an tsochaí chomhaimseartha.
na sochaí Meiriceánaí an tsochaí Mheiriceánach
" Ach éiríonn leis na grúpaí seo a dteanga, a mblas cainte agus a dtraidisiúin - a dtéann a bhformhór i gcoinne ghnáthluachanna na sochaí Meiriceánaí - a choimeád agus a bhféiniúlacht a dhearbhú, in ainneoin *suburbia*, glúin i ndiaidh glúine.
an tsochaí the society
" Ach is é an fhírinne ná nach bhfuil a bhformhór sásta a aithint go bhfuil ceangal idir an tsochaí a d'eascair as na polasaithe a vótáil an Dáil ar a son agus fadhb mhí-úsáid alcóil na tíre.
sa tsochaí Ollannach in Dutch society
" De bharr go rabhamar thar lear chailleamar an histéire mhór a tharla sa tsochaí Ollannach tar éis na heachtra.
an tsochaí chaoinfhulangach Ollannach the tolerant Dutch society
" Ó bhí an toghchán ann, is minic mé ag cur ceiste orm féin an bhfuil deireadh tobann tagtha leis an tsochaí chaoinfhulangach Ollannach a raibh an oiread sin measa agam air.
sa tsochaí in society
" Féachtar ar Celtic go minic mar cheann de phríomhchrainn taca an chultúir Éireannaigh-Chaitlicigh in Albain ach chomh maith leis sin chabhraigh an club le Caitlicigh a bheith níos rannpháirtí agus níos gníomhaí sa tsochaí.
sa tsochaí in society
" Ba dhaoine tábhachtacha sa tsochaí iad cuid cliant an ionaid: imreoirí sacair ó chlubanna Torino, Juventus, Verona, Chievo agus Venezia, polaiteoirí, iriseoirí agus daoine mór le rá eile.
tsochaí bhríomhar ilchultúrtha lively multi-cultural society
" In amanna bíonn cumha orm i ndiaidh Londain, nuair a smaoiním ar mo chairde ansin agus ar an tsochaí bhríomhar ilchultúrtha atá ann.
sa tsochaí in society
" Is féidir an argóint a chur chun cinn chomh maith go gcabhraíonn na pobail scoir seo, in ainneoin go bhféachann siad le stíl mhaireachtála thaitneamhach a chur ar fáil, le heaschoiteannú a dhéanamh ar na seandaoine sa tsochaí.
an tsochaí society
" Múnlaíonn an tsochaí thart timpeall orainn ár bhfuinneamh cruthaitheach, éiríonn muid cotúil agus cosantach maidir le muid féin a chur in iúl go pearsanta agus go macánta.
gnéithe eile den tsochaí other aspects of the society
" Scrúdaítear an nasc idir cultúr na ngunnaí agus gnéithe eile den tsochaí, mar an t-impiriúlachas agus an ciníochas, agus easpa córais mhaith leasa shóisialaigh.
achan ghné den tsochaí every aspect of society
" " Nuair a tháinig Aled go dtí na Sé Chontae, ba é an chéad rud a thug sé faoi deara, ní nach ionadh, ná an scoilt pholaitiúil a ritheann fríd achan ghné den tsochaí anseo.
sa tsochaí Ghaelach in Gaelic society
" Níl a fhios againn go fóill cé hé an gníomhaí ach ós é "Bullaí Mhártain" teideal an scéil, agus ó tá eolas againn ar chóras traidisiúnta na hainmníochta sa tsochaí Ghaelach, glacaimid leis - agus an ceart againn - gurb é Bullaí an gníomhaí agus gurb é Mártan an t-athair.
sa tsochaí in society
" Nuair a buaileadh cic ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla níor thóg sé i bhfad ar an Taoiseach a rá go poiblí go gcaithfeadh an páirtí filleadh ar chuid dá sheanluachanna agus aire a thabhairt do na dreamanna ba bhoichte agus ba laige sa tsochaí.
den tsochaí of society
" Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail "frith-Chomhaontú" agus "frith-Aontacht" curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí? Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.
an tsochaí chomhaimseartha contemporary society
" B'fhéidir gur léiriú beag í an cheist ar an mbearna mhór atá ann idir an tsochaí chomhaimseartha in Éirinn agus préamhacha traidisiúnta na sochaí sin - mar, sa tsochaí ina bhfuil muid ag maireachtáil anois, tá focail ar nós *"obese" *chuile phioc chomh riachtanach is a bhíodh leithéidí "sleán" nó "duileasc" san am a chuaigh thart.
sa tsochaí in society
" Ba rialtas é seo a raibh an sotal caillte aige agus rialtas as seo amach a chuirfeadh an-bhéim ar chabhrú leo siúd ba laige sa tsochaí - b'in an teachtaireacht ba mhian leis an Uasal Ahern a thabhairt.
sa tsochaí ó thuaidh in the northern society
" " B'ansin a thuig m'athair an áit a bhí ceaptha dó sa tsochaí ó thuaidh.
deighilte ón tsochaí removed from society
" Le linn dó bheith ag obair i Muinseo, deir Bowler go ndeachaigh “taobh caimileonach daoine” i gcion air, “an tslí a n-éiríonn leo iad féin a chur in oiriúint do na spásanna ina maireann siad, is cuma cé chomh beag agus deighilte ón tsochaí is atá siad”.
don tsochaí i gcoitinne to society in general
" Lena chois sin, de bhrí go léiríonn taighde go bhfuil seans níos lú ann go mbrisfidh ciontóir a bhfuil caidreamh láidir aige lena theaghlach an dlí arís, tá siad siúd atá i gcoinne mholadh an rialtais ag maíomh go ndéanfaidh sé dochar mór do na príosúnaigh, dá dteaghlaigh, agus don tsochaí i gcoitinne má bhogtar na cimí agus mura féidir le daoine cuairt a thabhairt orthu chomh minic céanna.
sa tsochaí in society
" Ní chuirfidh an treoir áirithe seo mórán le híomhá na caoinfhulainthe san eagraíocht dhomhanda agus cuirfear na sagairt ar homaighnéasaigh iad agus atá ag feidhmiú san eaglais cheana féin go mór faoi bhrú agus beidh orthu dul i bhfolach ar dhóigh níos doimhne sa tsochaí.
faoin tsochaí about the society
" Beirt Slóivéanach óga a bhí i mbun an chomhlachta, agus bhí siad lánsásta labhairt faoi stair na tíre agus faoin tsochaí, chomh maith le labhairt faoin gcaidreamh idir na tíortha thart timpeall ar an tSlóivéin.
an tsochaí society
" Sin ráite, thuig gach ball ar an choiste, áfach, nach raibh an *status quo* sásúil, go raibh sé de dhualgas ar an stát na hathruithe a bhí tagtha ar an tsochaí a aithint agus gníomhú le cearta gach uile shaoránaigh, idir aosta agus óg, a chosaint.
sa tsochaí ó dheas in southern society
" Léirigh racán an tSathairn éasclínte sa tsochaí ó dheas.
nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach when the middle class was thriving in Dutch society
" Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.
tá athruithe tagtha ar an tsochaí. society has changed.
" Bhí an córas oiliúna atá ann oiriúnach go maith am amháin ach anois tá athruithe tagtha ar an tsochaí.
mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí. as activities that are normal amonst people in general in society.
" Tá trí cheist curtha sa tuarascáil: Cé chomh tábhachtach is atá míbhuntáiste sóisialta maidir le rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt in Éirinn? Céard iad na toscaí atá taobh thiar den easpa rannpháirtíochta? Céard iad na himpleachtaí a bhaineann leis ó thaobh polasaithe spóirt? Aithníonn an Stát ina chuid polasaithe gur cóir go mbeadh gach saoránach in ann bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a nglactar leo mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí.
don tsochaí Éireannach i gcoitinne. for Irish society in general.
" Is léir do dhuine ar bith gur tuarascáil an-tábhachtach í seo ón ITES agus go bhfuil dúshlán ann don rialtas agus don tsochaí Éireannach i gcoitinne.
chun an tsochaí Éireannach a shainiú to define Irish society
" Ach ní leithscéal é sin; caithfear dul i mbun gnímh chun an tsochaí Éireannach a shainiú as an nua.
ar ghnéithe éagsúla den tsochaí on various aspects of society
" Tá dlúthcheangal idir an Stát agus Caitliceachas go fóill, cé nach bhfuil an smacht céanna ag an Eaglais Chaitliceach ar ghnéithe éagsúla den tsochaí is a bhíodh aimsir an Ard-Easpaig McQuaid.
ón tsochaí. from society.
" ” Ghéill Izabela don bhrú seo ón tsochaí.
sa tsochaí. in society.
" Tuigim go maith go bhfuil cumhacht agam sa tsochaí.
nach bhfuil tuiscint cheart aige ar an tsochaí Éireannach; who doesn't have a proper understanding of Irish society
" Cuireann sé soir mé go minic nuair a bhíonn daoine ag rá fúmsa gur *Yank *mé nach bhfuil tuiscint cheart aige ar an tsochaí Éireannach; gur duine ón taobh amuigh mé atá ag déanamh tráchtaireachta ar a bhfuil ag titim amach sa tír.
an t-uafás faoin tsochaí Éireannach. an awful lot about Irish society
" Go pearsanta, shíl mé go raibh “Work Experience” i bhfad níb fhearr ná “Joy in the Hood” – shíl mé gur léirigh an chéad cheann a luadh an t-uafás faoin tsochaí Éireannach.
san iliomad réimsí den tsochaí abhus. in so many areas of society over here.
" Is léir dom freisin, áfach, go ndéantar idirdhealú fós ar dhaoine aeracha san iliomad réimsí den tsochaí abhus.
ar an tsochaí ghalánta on the posh society
" Mothaíonn tú go bhfuil Ní Dhuibhne sásta súil shlítheánta a chaitheamh ar an tsochaí ghalánta ach níl sí sásta an chos cháidheach a chur ar sceadamán agus anáil a bhaint as lena sála míne Stiletto – a bhuíochas sin, b’fhéidir, ar an cheangal a chuireann scéal Tolstoy uirthi.
cothaíonn fórsa armtha póilíneachta faitíos sa tsochaí i leith na bpóilíní. an armed police force creates fear in society towards the police
" Deir siad go gcothaíonn fórsa armtha póilíneachta faitíos sa tsochaí i leith na bpóilíní.
don tsochaí for society
" ** **Eamon Ryan** (Leatosaí ar dheis): Fear éirimiúil a bhfuil fís aige don tsochaí agus do chúrsaí cumarsáide ach go háirithe.
an tsochaí. society.
" Níl an locht ar an teicneolaíocht, ach ar an tsochaí.
tsochaí society
" Cé go bhfuil bród orthu as a gceantar féin agus fonn orthu é a chosaint ar gach olc ón taobh amuigh – póilíní agus lucht nuachtáin agus teilifíse, mar shampla – tá fuath acu freisin don tsochaí nach bhfuil sásta cothrom na Féinne a roinnt leo.
tsochaí society
" Bíonn an tsochaí ina chluiche nialasach: má bhuann duine amháin, cailleann duine eile.
tsochaí society
" Tuigeadh go forleathan go raibh seans láidir ann go gcaillfeadh Dati a haireacht ag tús 2009 (4) ach samhlaigh an tionchar a bheadh ag cinneadh Sarkozy dá socródh sé iarraidh uirthi an rialtas a fhágáil le linn di a bheith ar saoire máithreachais! Croí an scéil Nach é sin croí na ceiste, i ndeireadh báire, do na mná ar fad a thug páiste ar an saol in 2008? Conas roghnú idir an saol pearsanta agus an saol gairmiúil? Tá a fhios agam gur ceart an cheist chéanna a chur ar na fir inár measc ach níl an tsochaí ag an bpointe sin fós, a dheartháir! In alt dar teideal Pas mères et pas amères a foilsíodh sa pháipéar nuachta Libération ar an 19.
sa tsochaí in the future
" Cuireann an rialtas náisiúnta an-bhéim ar shaoránacht mar chuid dá fheachtas inimircigh a choimeád sa tír agus lánpháirtíocht a thabhairt dóibh sa tsochaí.
an tsochaí iar-nua-aoiseach post modern society
"an tsochaí iar-nua-aoiseach fuadrach seo ag cur tús le nósanna, le níl a fhios c’fhad, don chuid eile den domhan.
tsochaí society
" Ní bhíodh na nósanna a bhaineann leis an tsochaí ag cur srianach air a thuilleadh ansin.
tsochaí society
" Síltear leis an dearcadh sin, más féidir an geilleagar a tiomáint go dtí go dtarlóidh fás agus borradh faoin ngeilleagar go dtarraingeoidh sé sin an tsochaí agus an pobal aníos leis chomh maith.
tsochaí society
" An Chríonnacht ======= Ní thiocfadh le duine fásta obair an lae a dhéanamh nó páirt a ghlacadh sa tsochaí murach an cumas atá ann scagadh a dhéanamh ar an lear mór eachtraí agus seachrán atá ina thimpeall.
tsochaí society
" Tá an tsochaí athraithe as a riocht ó shin, ar ndóigh, ach an féidir go gcruthóidh géarchéim gheilleagair an 21ú haois caoinfhulaingt níos buaine?
tsochaí society
" Ach tagann ciall le haois, ní hamháin don duine aonar ach ar bhonn níos leithne don tsochaí chomh maith.
tsochaí society
" Tá Haru gafa idir dhá thine Bhealtaine – an grá aonghnéis atá fuascailteach di, ach gur sárú sóisialta é an grá céanna, fiú sa lá atá inniu ann, sa tsochaí thraidisiúnta ina mairid.
tsochaí society
" Má éiríonn le Dilma Rousseff an scoilt sin sa tsochaí a leigheas, ní beag a bheas déanta aici.
tsochaí society
" Dar leis go bhfuil na luachanna ar a bhfuil an tsochaí sa Fhrainc bunaithe faoi bhagairt.
tsochaí society
" 
“Mhothaigh mé go raibh siad ag leanstan polasaithe lár-an-bhealaigh liobrálacha nach raibh aon bhaint acu le riachtanais na ndaoine ag an leibhéal is ísle sa tsochaí seo.
tsochaí reatha current society
" Is dóigh liom go mbeadh sé oiriúnach dá mbeadh bratach náisiúnta againn a thabharfadh aitheantas cuí don éagsúlacht a bhaineann leis an tsochaí reatha, seachas pointe na honóra a thabhairt don tír a bhí ina coilíneacht abhus corradh is céad bliain ó shin.
tsochaí society
" “Ar an drochuair, bhí an Eoraip ag bogadh i dtreo na heite deise agus bhí mise ag dul sa treo eile, mar sin, ní thiocfadh liom an díospóireacht a thionscnamh ar -, mar shampla, cad é ba cheart don Eoraip a bheith a dhéanamh le fórsa a chruthú a bhéarfadh dúshlán fhorlámhas chultúr chósta thiar Mheiriceá?”
 Beith an Duine a Fhorbairt ============ Agus é ag caint i mBéal Feirste an mhí seo caite, labhair Michael D ar thábhacht na n-ealaíon don tsochaí.
tsochaí nua-aimseartha iarchoilíneach modern postcolonial society
" Mar a dúirt Foucault uair amháin agus é ag tagairt do chúrsaí cumhachta sa tsochaí nua-aimseartha iarchoilíneach seo: Chaque société a son régime de vérité, sa ‘politique générale’ de la vérité: c’est-à-dire, les types de discours qu’elle accueille et fait fonctionner comme vrais (Tá a réimeas féin den fhírinne ag gach sochaí ar leith, a cuid ‘polaitíochta ginearálta’ den fhírinne – is é sin, na cineálacha allagar a nglactar leo agus a chuirtear i bhfeidhm mar fhírinne…)
an tsochaí á scoilteadh society disintegrating
" Tráth a bhfuil an daonlathas faoi bhrú, an tsochaí á scoilteadh, agus an cultúr a mhúnlú as a riocht ag fórsaí an domhandaithe, ní mór cuimhneamh gur mór an tionchar a imríonn foinse an airgid ar an ábhar a chraoltar nó a chuirtear i gcló.
tsochaí chomhaimseartha contemporary society
" Seo agaibh an paradacsa, más ea: chreid Bohr i gcreideamh nár chreid sé féin ann! Creideamh Idé-Eolaíoch ========== Baineann an fealsamh Slavoj Žižek earraíocht chliste as an scéal seo d’fhonn an tslí pharadacsúil ina bhfeidhmíonn idé-eolaíochtaí sa tsochaí chomhaimseartha a léiriú.
agus an tsochaí ar di iad and the society to which they belong
" Nuair a chuir údarás na Síne cosc láithreach ar a fhiseán agus bhain den Idirlíon é, dúirt Ai Weiwei go raibh sé ina cheart ag daoine iad féin a chur in iúl dá chéile agus go raibh an ceart seo ceangailte go dlúth le cruthaíocht, sonas agus le saol daoine agus an tsochaí ar di iad.
sa tsochaí aisteach uirbeach iar-nua-aoiseach seo in this strange urban postmodern society
" Is frithnimh chumhachtach é an gáire, fiú an gáire gáifeach ar strus, ar bhreoiteacht chorpartha agus intinne agus ar an teannas a bhraithimid ar bhonn laethúil i réimse na hoibre agus sa tsochaí aisteach uirbeach iar-nua-aoiseach seo a bhfuilimid go léir ag streachailt léi i gcónaí.
tsochaí caipitil nua-aoiseach new age capitalist society
" Áiteamh le Déanamh agus Pobal le Treorú =========== Tá an tsochaí caipitil nua-aoiseach fíorchasta, áfach, agus tá go leor féidearthachtaí ag baint leis.
fadhbanna móra sa tsochaí acu massive problems in their society
" Tuigeann an ghlúin óg go bhfuil fadhbanna móra sa tsochaí acu agus ba mhaith leo go ndéanfadh an rialtas níos mó chun na saoránaigh a chosaint - aon rud is féidir, mar a dúirt Obama tar éis na hionsuithe i Newtown.
Sa tsochaí chomhaimseartha in contemporary society
" Sa tsochaí chomhaimseartha, go háirithe i réimse na haigneolaíochta, tá claonadh ann na ceisteanna a bhaineann leis na coincheapa a dtugtar an mhaith agus an t-olc orthu a sheachaint, go háirithe más ceisteanna freagrachta atá faoi chaibidil.
an tsochaí dar díobh muid ciontach the society to which we belong is guilty
" Ní hamháin go n-ardaíonn siad ceisteanna inár n-aigne nach raibh súil againn leo ach is beag nach mbraithimid ciontach as na coireanna a chuirtear os ár gcomhair ar an scáileán – amhail is go bhfuil an tsochaí dar díobh muid ciontach as na gníomhartha seo agus go bhfuil freagracht áirithe orainne, an lucht faire, dá réir.
faoin tsochaí nua-aimseartha about modern society
" Níl a fhios an éireoidh leis an gcairt nó an gcaithfí i leathaobh é, ach is cinnte gur ardaigh sé ceist spéisiúil faoi chultúr agus faoin tsochaí nua-aimseartha ina bhfuil Québec.
chun an tsochaí nua seo a dhearadh to design this new society
" Caithfear muinín a chur i lucht athbheochan na teangan chun an tsochaí nua seo a dhearadh as an gcloich.
an tsochaí iarchumannach seo this post-communist society
" In ionad fanaiceacht agus maorlathais an ama atá thart, an fhadhb is mó atá ag an tsochaí iarchumannach seo ná go bhfuil cuma an éadóchais agus easpa treorach le sonrú uirthi.
An tsochaí a chuirtear inár láthair anseo the society presented here
" An tsochaí a chuirtear inár láthair anseo, is sochaí í nach bhfuil tuiscint cheart do bhrí na saoirse agus leanann na modhanna saoil dá réir i bhfeidhm aici go fóill.
sa tsochaí Éireannach in Irish society
" Leabhar thar a bheith suimiúil is ea é a thaitneoidh go mór le daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, sa tsochaí Éireannach agus sa tsochtheangeolaíocht, dar le Caoimhe Ní Laighin.