Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tuairime opinion
" Chuaigh Blair agus Bush glan i gcoinne na tuairime a bhí ag na Náisiúin Aontaithe gur cheart fanacht níos faide agus nár cheart ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic de bharr na tubaiste a d'fhéadfadh tarlú.
a mhalairt tuairime the opposite opinion
" Ar ndóigh, bhí a mhalairt tuairime ag dlíodóirí eile.
tháinig mé ar a mhalairt tuairime I changed my mind
" Tar éis uair an chloig a chaitheamh le Natasha ina hoifig ar Shráid an Chaisleáin, in aice le Teampall Chríost i mBaile Átha Cliath, áfach, tháinig mé ar a mhalairt tuairime.
malairt tuairime change of opinion
" ” D’admhaigh sé go poiblí go raibh malairt tuairime aige maidir leis an gcogadh san Iaráic, cuir i gcás.
cruthúnas na tuairime sin proof of that opinion
" Agus tá cruthúnas na tuairime sin le feiceáil ar fud chathair Bhaile Átha Cliath.
chun sinn a chur ar mhalairt tuairime to change our minds
" D’fhéachamar chun cinn an mhí seo caite agus chuireamar ar an taifead é go gceapaimid go mbuafaidh Ciarraí Craobh na hÉireann sa pheil agus go mbuafaidh Cill Chainnigh craobh na hiomána, agus níor tharla tada ó shin (bua Aontroma agus iad ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh san áireamh) chun sinn a chur ar mhalairt tuairime! Murab ionann agus cluichí na nGael, áfach, is deacair a rá cén chaoi a n-éireoidh le foirne agus le lucht spóirt na hÉireann i gcoitinne in 2008.
ar mhalairt tuairime of a different opinion
" Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge (nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.
De réir na tuairime seo according to this theory
" De réir na tuairime seo, d’fheicfeadh na Poblachtaigh gur duine é Obama a bhféadfaí comh-oibriú leis ar cheist na hinimirce agus gheobhadh Obama an tacaíocht dhépháirteach i dTithe Chomhdháil na Stát Aontaithe a bhí ag teastáil chun córas inimirce na Stát a athchóiriú go cuimsitheach, córas a bhfuil tagartha ag Obama dó mar chóras briste.
ag cailleadh leimhe na tuairime sin missing the irony of that opinion
" Ag caint ar na trí chontae sin, dúirt staraí aontachtach amháin, Gordon Lucy "nárbh fhéidir daoine a rialú in éadan a dtola," ag cailleadh leimhe na tuairime sin i dtaca le saol daoine taobh istigh de na Sé Chontae! Ach luaigh Lucy Michael Elliott, aontachtach as tuaisceart Mhuineacháin a bhí ina bhall den Chomhdháil Éireannach deireanach i 1917, fear a mhaígh gurbh fhéidir stát naoi gcontae fanacht i seilbh na nAontachtach agus, dá mbeadh cothrom na Féinne ag gach duine san Ulaidh aontachtach seo, gur mó an seans go mairfeadh agus go mbláthfadh sé.
ar malairt tuairime leo hold an opposing view
" Ach d'fhéadfadh comhrialtas den chineál seo a bheith thar a bheith contúirteach, dar liom, sa mhéid is go mbeadh móramh ollmhór (150 suíochán, b’fhéidir) acu agus go mbeadh an baol ann go ndéanfaí neamart de chearta éinne a bheadh ar malairt tuairime leo mar thoradh.
ag gabháil i dtreo na tuairime coming around to the opinion
" Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.
ar mhalairt tuairime with a different opinion
" ” Tháinig Iarsmalann an Stáit ar mhalairt tuairime maidir le ceist na húinéireachta, áfach.
i gcoinne na tuairime nochtaithe thuas in opposition to the opinion given above
" Táim cinnte go mbeadh go leor le rá ag daoine i gcoinne na tuairime nochtaithe thuas.
tuairime opinion
" Léiríonn Bearnaí Ó Doibhlin thíos cuid den teasaíocht cainte agus tuairime a ghin an téamh domhanda i bpolaitíocht na hAstráile ar na mallaibh.